POPULARITY
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ywocqez Contact: irishlingos@gmail.com Interest rates lowered again by the European Central Bank. Rátaí úis íslithe arís ag an mBanc Ceannais Eorpach. The European Central Bank has lowered interest rates again, for the second time this year and the seventh time in a year. Tá rátaí úis íslithe arís ag an mBanc Ceannais Eorpach, an dara huair i mbliana agus an seachtú huair le bliain. This is another reduction of 0.25%, which means that the main interest rate is now 2.25%. Ísliú eile de 0.25 faoin gcéad atá i gceist agus fágann sin gur 2.25 faoin gcéad atá sa phríomhráta úis anois. There is good news for the approximately 180,000 homeowners in this country who have a tracker mortgage as the reduction will take effect almost immediately on the amount they are repaying. Dea-scéala atá ann do thart ar 180,000 úinéir tí sa tír seo a bhfuil morgáiste rianúcháin acu mar go rachaidh an t-ísliú i bhfeidhm nach mór láithreach ar an méid atá siad a íoc ar ais. Homeowners with a variable interest rate will save €13 per month for every €100,000 they borrow. Úinéirí tí a bhfuil ráta úis inathraithe acu, sábhálfaidh siadsan €13 sa mhí as gach €100,000 atá ar iasacht acu. For example, in the case of a mortgage of €500,000, there will be a reduction of €65 per month or €780 per year in the amount they have to repay. I gcás morgáiste de €500,000, mar shampla, beidh ísliú de €65 sa mhí nó €780 sa bhliain sa mhéid atá le híoc ar ais acu. People with a fixed interest rate, however, will not have any change in the amount they have to pay back. Daoine a bhfuil ráta úis seasta acu, áfach, ní bheidh aon athrú ar an méid atá le híoc ar ais acusan. It is understood that the European Central Bank previously wanted to lower the key interest rate to 2% by the end of 2025, as long as the inflation rate fell at the same time. Tuigtear gur theastaigh ón mBanc Ceannais Eorpach roimhe seo an príomhráta úis a ísliú go dtí 2 faoin gcéad faoi dheireadh 2025, a fhad is a thitfeadh ráta an bhoilscithe ag an am céanna. A cog in the wheel, however, is the economic policies of United States President Donald Trump since he came to power at the beginning of the year, particularly the tariffs he has imposed on goods from other countries. Eang sa roth, ámh, is ea polasaithe eacnamaíochta Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ó tháinig sé i gcumhacht i dtús na bliana, go háirithe na taraifí atá sé a ghearradh ar earraí ó thíortha eile. In light of this new twist in the story, it is thought that the European Union's financial policymakers will be more cautious in the future, for fear that what they are trying to achieve will be cut down to a mere stump. I bhfianaise an choir nua sin sa scéal, ceaptar go mbeidh lucht polasaí airgeadais an Aontais Eorpaigh níos dúnárasaí feasta ar fhaitíos go gciorrófaí a bhfuil siad ag iarraidh a thabhairt i gcrann gan é ach ina bhuinneán. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/25ut5yg9 Contact: irishlingos@gmail.com China to impose 125% tariffs on American goods. An tSín le taraifí de 125 faoin gcéad a ghearradh ar earraí ó Mheiriceá. China is to impose tariffs of 125% on goods from the United States from tomorrow instead of the 84% previously announced. Tá an tSín le taraifí de 125 faoin gcéad a ghearradh ar earraí ó na Stáit Aontaithe ó amárach seachas an 84 faoin gcéad a fógraíodh cheana. The Chinese have raised the tariffs after US President Donald Trump raised tariffs on goods from China to up to 145%. Tá na taraifí ardaithe ag na Sínigh tar éis d'Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump taraifí ar earraí ón tSín a ardú go dtí suas le 145 faoin gcéad . While Trump is lashing out at everyone, his focus is particularly on China at the moment. Cé gur ag diúracadh an cháich sa tor atá Trump is sa tSín go háirithe atá a gha i láthair na huaire. In this regard, and in accordance with the well-established art of war, China is seeking to ally itself with those other countries that Trump is imposing tariffs on, including member states of the European Union. Ina dhíol sin, agus de réir ealaín sheanbhunaithe an chogaidh, tá an tSín ag féachaint le comhghuaillíocht a dhéanamh leis na tíortha eile sin a bhfuil Trump ag taraifthromaíocht orthu, lena n-áirítear ballstáit an Aontais Eorpaigh. Chinese President Xi Jinping met with Spanish Prime Minister Pedro Sánchez in Beijing today to discuss the major transformation of the global economic order. Bhí cruinniú ag Uachtarán na Síne Xi Jinping le Príomh-Aire na Spáinne Pedro Sánchez i mBéising inniu leis an gclaochló mór ar eagar eacnamaíochta an domhain a chíoradh. Xi reportedly called on the Spaniard, and by extension the rest of the European Union, to join hands with China and stand firm against Trump's "unilateral bullying." Tuairiscítear gur iarr Xi ar fhear na Spáinne, agus dá réir sin ar an gcuid eile den Aontas Eorpach, dul i gcomhar leis an tSín agus an fód a sheasamh in aghaidh "mhaistíneacht aontaobhach" Trump. At a press conference after the meeting, Sánchez said that the international trade conflict should not be allowed to affect relations between the European Union and China. Ag preasócáid i ndiaidh an chruinnithe, dúirt Sánchez nár cheart ligean don choimhlint trádála idirnáisiúnta cur isteach ar an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an tSín. He indeed suggested that the Union intended to expand that relationship and sell much more goods to China in the future. Thug sé le tuiscint go deimhin go raibh faoin Aontas cur leis an gcaidreamh sin agus i bhfad níos mó earraí a dhíol leis an tSín san am le teacht. Without stopping China and the European Union, Trump's 'I ask for a reason' doesn't seem to be slowing down and he announced last night that he would impose tariffs and sanctions on Mexico if that country did not provide flood water from the Rio Grande to the state of Texas. Gan an tSín agus an tAontas Eorpach a bhac, is cosúil nach bhfuil 'Iarraim cúis' Trump ag maolú pioc agus d'fhogair sé go taghdach aréir go ngearrfadh sé taraifí agus smachtbhannaí ar Mheicsiceo mura gcuirfeadh an tír sin tuiileadh uisce ón Rio Grande ar fáil do stát Texas. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Trácht ar an gcruinniú éigeandála d'Airí Trádála an Aontais Eorpaigh inné áit ar shocraigh siad táillí dha gcuid fhein a bhaint amach ar luach na billiúin euro d'earraí Meiriceánacha on 15ú la den mhí.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2bcz49bu Contact: irishlingos@gmail.com Ukraine: American peace proposal being discussed by European leaders. An Úcráin: moladh síochána Mheiriceá á phlé ag ceannairí Eorpacha. Taoiseach Micheál Martin is attending a summit in Brussels today, where European Union leaders are discussing the war in Ukraine and other major international issues. Tá an Taoiseach Micheál Martin ag freastal ar chruinniú mullaigh sa Bhruiséil inniu, áit a bhfuil an cogadh san Úcráin agus mórcheisteanna idirnáisiúnta eile á gcíoradh ag ceannairí an Aontais Eorpaigh. The meeting will discuss, in particular, the ceasefire and peace agreement proposed by the United States Government. Faoi chaibidil sa chruinnú go háirithe, tá an sos cogaidh agus an comhaontú síochána atá Rialtas na Stát Aontaithe a mholadh. Ukrainian President Volodymyr Zelensky's views on what US President Donald Trump is proposing will be heard when he participates in the meeting via video link later. Tabharfar cluas éisteachta do thuairimí Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky i dtaobh a bhfuil á mholadh ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump nuair a ghlacfas sé páirt sa chruinniú ar nasc físe ar ball. Talks on the details of the peace deal will take place in Saudi Arabia next weekend and Zelensky is ready to present what he knows about the agenda to the other leaders. Beidh comhráite faoi mhionsonraí na síochána ar siúl san Araib Shádach a an deireadh seachtaine seo chugainn agus tá Zelensky lena bhfuil ar eolas aige faoin gclár oibre a chur os comhair na gceannairí eile. Donald Trump told Zelensky yesterday that the United States government wants to take over Ukraine's nuclear power plants and operate them as part of a peace agreement. Dúirt Donald Trump le Zelensky inné gur mian le Rialtas na Stát Aontaithe seilbh a ghabháil ar stáisiúin núicléacha na hÚcráine agus iad a riar feasta mar chuid de chomhaontú síochána. At today's meeting in Brussels, it is understood that the leaders will give their blessing to a plan to significantly increase the military and economic support that the European Union already provides to Ukraine. Sa chruinniú sa Bhruiséil inniu, tuigtear go dtabharfaidh na ceannairí a mbeannacht do phlean cur go mór leis an tacaíocht mhíleata agus eacnamaíochta a thugann an tAontas Eorpach don Úcráin cheana féin. They will also discuss the Israeli massacre in Gaza, the crisis in Syria and international trade issues in light of President Trump's policies. Pléifidh siad freisin an t-ollmharú atá Iosrael a dhéanamh in Gaza, an ghéarchéim sa tSiria agus cúrsaí trádála idirnáisiúnta i bhfianaise pholasaithe an Uachtaráin Trump. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/27sf68xc Contact: irishlingos@gmail.com 2024 to be the hottest year ever recorded. 2024 le bheith ar an mbliain is teo a taifeadadh riamh. Climate experts say they are almost certain that 2024 will be the hottest year on record. Deir saineolaithe aeráide go bhfuil siad nach mór cinnte de go mbeidh 2024 ar an mbliain is teo a taifeadadh riamh. According to the monitoring agency of the European Union, Corpernicus, the global temperature this year will be 1.55 degrees Celsius higher than the average temperature between the years 1850-1900, just before the burning of fossil fuels on an industrial basis. Dar le gníomhaireacht monatóireachta an Aontais Eorpaigh, Corpernicus, beidh teocht na cruinne i mbliana 1.55 céim Celsius níos airde ná an mheánteocht a bhí ann idir na blianta 1850-1900, díreach sular tosaíodh ag dó breoslaí iontaise ar bhonn tionsclaíoch. This is the first year for the temperature to be more than 1.5 degrees above the average temperature of those years. Seo an chéad bhliain don teocht a bheith níos mó ná 1.5 céim os cionn mheánteocht na mblianta úd. According to the climate agreement signed in Paris in 2016, the countries of the world are obliged to keep the temperature increase below 2 degrees and to make a strong effort to keep it at 1.5 degrees. De réir an chomhaontú aeráide a síníodh i bPáras in 2016, tá iallach ar thíortha an domhain an t-ardú teochta a choinneáil faoi bhun 2 chéim agus dianiarracht a dhéanamh é a choinneáil ag 1.5 céim. The issue will be discussed at the United Nations international conference on climate change that will begin in Azerbaijan next Monday. Criathrófar an cheist ag comhdháil idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe ar athrú aeráide a gcuirfear tús leis san Asarbaiseáin Dé Luain seo chugainn. The rate of warming in Ireland is on a par with the rest of the world, say experts in this country. Tá an ráta téimh in Éirinn ar aon bhonn leis an gcuid eile den domhan, a deir saineolaithe na tíre seo. Climate change is the worst cause of the weather which is the worst cause of some of the major human disasters that are happening more often in these worlds, for example, the devastation caused by the floods that were in the east of Spain last week. Is é an t-athrú aeráide is cionsiocair leis an anaimsir arb í is siocair le roinnt de na tubaistí móra daonna atá ag tarlú níos minice ar na saolta seo, cuir i gcás, an lomscrios a rinne na maidmeanna tuile a bhí in oirthear na Spáinne an tseachtain seo caite. As the water in the Mediterranean is getting warmer all the time, more water is evaporating, more clouds are being created and rainfall in that region is now heavier than ever as a result, according to the experts. Agus uisce na Meánmhara ag éirí níos teo an t-am ar fad, tá níos mó uisce á ghalú, tá níos mó scamall á gcruthú agus tá tuairteanna báistí sa réigiún sin níos troime anois ná mar a bhí riamh dá bharr sin, de réir na saineolaithe. The anomalous El Niño weather pattern is also involved. Tá baint ag an bpatrún aimhrialta aimsire El Niño leis an scéal freisin. Although El Niño is a natural phenomenon that automatically causes rising temperatures, heavy rains and drought, some experts believe that continued global warming is making it more severe. Cé gur feiniméan nádúrtha é El Niño a chothaíonn as féin ardú teochta, fearthainn throm agus triomach, creideann saineolaithe áirithe go bhfuil téamh leanúnach na cruinne ag cur lena fhíochmhaire. RTÉ News and Current Affairs 13 July 2024: Sermeq Kujalleq Glacier in Greenland pushed back 40 kilometers by global warming since 1850 Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ 13 Iúil 2024: Oighearshruth Sermeq Kujalleq sa Ghraonlainn brúite siar 40 ciliméadar ag téamh na cruinne ó 1850
Plé le Felim Ó Maolmhána maidir le toghchán na hUachtaránachta sna Stáit Aontaithe, Brian Stanley ag seasamh mar iarrthóir neamhspleach san olltoghchán anseo agus toradh olltoghcháin sa tSeoirsia agus todhchaí na tíre sin ó thaobh an Aontais Eorpaigh agus an gaol leis an Rúis. Craoladh: 011124
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26jk2wy4 Contact: irishlingos@gmail.com Israel's attack on Lebanon: 50 children, 94 women among the dead. Ionsaí Iosrael ar an Liobáin: 50 leanbh, 94 bean i measc na marbh. The Israeli military forces carried out more bombing attacks on centers in the south of Lebanon during the night after they killed almost over 500 people in a major attack they carried out on that country yesterday. Rinne fórsaí míleata Iosrael tuilleadh ionsaithe buamála ar ionaid i ndeisceart na Liobáine i gcaitheamh na hoíche tar éis dóibh beagnach os cionn 500 duine a mharú i mórionsaí a rinneadar ar an tír sin inné. According to the Lebanese Government, 558 people were killed and 1,835 injured when Israeli military jets fired missiles at places in southern and eastern Lebanon yesterday. De réir Rialtas na Liobáine, maraíodh 558 duine agus leonadh 1,835 duine eile nuair a scaoil scairdeitleáin mhíleata Iosreal diúracáin le háiteanna i ndeisceart agus in oirthear na Liobáine inné. 50 children and 94 women were among the dead, it was said. Bhí 50 leanbh agus 94 bean i measc na marbh, a dúradh. Thousands of families have fled – and are still fleeing – from the villages that are being unleashed by the violent Israelis. Tá na mílte teaghlach teite – agus ag teitheadh fós – ó na sráidbhailte a bhfuil fíoch forneartmhar na nIosraelach á ligean amach orthu. The Israelis confirmed that they had fired missiles from the air and from the ground at dozens of locations in Lebanon during the night and that they were aimed at Hezbollah bases. Dhearbhaigh na hIosraelaigh gur scaoil siad na frasa diuracán ón aer agus ón talamh leis na dosaein ionad sa Liobáin i gcaitheamh na hoíche agus gur ar bhunáiteanna le Hezbollah a bhíodar dírithe. The Israelis also said that their bombs hit about 1,300 locations in Lebanon yesterday and claimed that many members of Hezbollah were killed. Dúirt na hIosraelaigh freisin gur bhuail a gcuid buamaí thart ar 1,300 ionad sa Liobáin inné agus mhaígh gur maraíodh mórán comhaltaí de Hezbollah dá mbarr. According to the head of foreign affairs of the European Union, Josep Borrell, "almost a war" is now underway in Lebanon and said that civilians are paying dearly for it. Dar le ceannasaí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh, Josep Borrell, gur "cogadh nach mór" atá ar bun sa Liobáin anois agus dúirt go bhfuil sibhialtaigh ag íoc go daor as. He called for every diplomatic effort to be made with a view to preventing total war. D'iarr sé gach iarracht taidheoireachta a dhéanamh le dúil cogadh iomlán a chosc. France has requested an emergency meeting of the United Nations Security Council to discuss the crisis. Tá cruinnú éigeandála de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe iarrtha ag an bhFrainc leis an ngéarchéim a phlé. A spokesman for the American Government said that "the United States does not support the escalation of hostilities across the border between Israel and Hezbollah". Dúirt urlabhraí ó Rialtas Mheiriceá "nach dtacaíonn na Stáit Aonaithe le géarú na cogaíochta trasna na teorann idir Iosrael agus Hezbollah". RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Bhí an chéad díospóireacht uachtaránachta agus b'fhéidir an t-aon díospóireacht amháin idir an Leas-Uachtarán Daonlathach Kamala Harris agus an t-iarrthóir Poblachtánach Donald Trump ar siúl tráthnóna Dé Máirt. Bhí Trump faoi bhrú le hionsaithe géara ar ghinmhilleadh, a oiriúnacht don oifig, agus a thrioblóidí dlíthiúla. Chuir Harris i leith Trump nach raibh sé ionraic agus ag pointe amháin, d'éiligh sí go bhfágann daoine cruinnithe feachtais Trump go luath "mar gheall ar thuirse agus leadrán". D'fhreagair Trump le "Tá na sluaite is mó agus is iontaí sa stair againn." Ba léir go raibh Kamala Harris ag iarraidh cur as do Trump agus d'éirigh léi agus bhí an chuma air go raibh frustrachas agus fearg air. Oíche mhaith a bhí ann do Kamala Harris agus tá díospóireacht eile iarrtha aici roimh an toghchán. Chuir Apple deireadh lena chath dlíthiúil i gcoinne rialú an Choimisiúin Eorpaigh, a shainigh gur íoc an comhlacht €13 billiún níos lú i gcáin ná mar ba cheart in Éirinn. Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i bhfabhar an Choimisiúin, ag athrú an bhreithiúnais roimhe sin ón Chúirt Íochtair. Tar éis rialú bunaidh an Choimisiúin, bhí ar Apple €13.1bn i gcánacha neamhíoctha móide €1.2bn in ús a íoc isteach i gcuntas neamhspleách tríú páirtí. Dhiúltaigh Apple agus Éire do thorthaí an choimisiúin agus dúirt siad nach bhfuair an comhlacht cóir speisialta ó Stát na hÉireann. Caithfidh an rialtas cinneadh a dhéanamh anois ar an bhealach is fearr leis an airgead seo a úsáid. Tá lúthchleasaithe Fhoireann na hÉireann a ghlac páirt i gCluichí Parailimpeacha Pháras 2024 tagtha ar ais go hAerfort Bhaile Átha Cliath. Ghlac 35 lúthchleasaí páirt i naoi spórt agus bhuaigh siad sé bhonn: bonn óir amháin, trí bhonn airgid, agus dhá bhonn cré-umha. Chuir baill den lucht leanúna fáilte mhór abhaile roimh fhoireann na lúthchleasaithe. Bhí gliondar agus barróg ar na hiomaitheoirí agus iad ag teacht go hAerfort Bhaile Átha Cliath tráthnóna Dé Luain. Dúirt an rothaí Katie George Dunlevy, a bhí ag caitheamh trí bhonn, go raibh sí “tuirseach ach ar bís” faoina héachtaí. Bhí Róisín Ní Riain, snámhaí, “an-sásta lena feidhmíocht” fosta. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS díospóireacht uachtaránachta - presidential debate ginmhilleadh - abortion cath dlíthiúil - legal battle cánacha neamhíoctha - unpaid taxes ús - interest (financial) feidhmíocht - performance
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/288y968s Contact: irishlingos@gmail.com Taoiseach seeking advice on trade with Israel. Taoiseach ag lorg comhairle faoi thrádáil le hIosrael. Taoiseach Simon Harris is asking Attorney General Rossa Fanning to clarify whether Ireland is allowed to review trade agreements with Israel on its own, or whether this country must comply with the European Union's general policy on matters trade. Tá an Taoiseach Simon Harris ag iarraidh ar an Ard-Aighne Rossa Fanning a shoiléiriú an bhfuil sé de chead ag Éirinn athbhreithniú a dhéanamh aisti féin ar chomhaontuithe trádála le hIosrael, nó an gcaithfidh an tír seo cloí le comhpholasaí ginearálta an Aontais Eorpaigh i dtaobh cúrsaí trádála. The question was raised after the Tánaiste Micheál Martin announced yesterday that Ireland would not buy any military equipment from Israel or vice versa in view of the ruling of the International Court of Justice about the persecution of the Palestinians by the Israelis. Tógadh an cheist tar éis don Tánaiste Micheál Martin a fhógairt inné nach gceannódh Éire aon trealamh míleata ó Iosrael ná a mhalairt feasta i bhfianaise rialú na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta faoin ngéarleanúint atá na hIosraelaigh a dhéanamh ar Phalaistínigh. Last month, that court ruled that Israel's occupation of the Palestinian territories is against international law. An mhí seo caite, rialaigh an chúirt sin go bhfuil an greim atá ag Iosrael ar na críocha Palaistíneacha in aghaidh an dlí idirnáisiúnta. It was also ruled that Israeli settlements in those places are against the law. Rialaíodh freisin go bhfuil lonnaíochtaí Iosraelacha sna háiteanna sin in aghaidh an dlí. It is the European Union as a whole that makes decisions about trade matters on behalf of all the member states, but the Taoiseach wants to know if Ireland is allowed to make a decision on its own in this case. Is é an tAontas Eorpach trí chéile a dhéanann cinntí faoi chúrsaí trádála thar ceann na mballstát ar fad, ach teastaíonn ón Taoiseach a fháil amach an bhfuil cead ag Éirinn cinneadh a dhéanamh aisti féin sa chás seo. The Taoiseach said he hoped to receive a response from the Attorney General within a few days. Dúirt an Taoiseach go raibh súil aige freagra a fháil ón Ard- Aighne faoi cheann cúpla lá. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Tá sé na imní go gcuirfear le slándáil ar theorainneacha taobh istigh de limistéir Schengen an Aontais Eorpaigh mar thoradh ar an ionsaí sceimhlitheoireachta i Solingen ag an deireadh seachtaine inar maraíodh triúr agus gortaíodh ochtar.
Inniu, beidh parlaimint na hEorpa ag vótáil ar Ursula von der Leyen a thoghadh mar Uachtarán ar Choimisiún na hEorpa.
Teastaíonn plé leathan agus oscailte ar chomhaontú imirce an Aontais Eorpaigh sa Dáil an tseachtain seo a deir Sinn Féin.
Reáchtálfar vóta inniu i dTionól Thuaisceart Éireann faoi chur i bhfeidhm riail nua do chuid an Aontais Eorpaigh sa Tuaisceart agus Nina Carberry ag lorg ainmniúcháin mar iarrthóir do Fhine Gael sa toghchán Eorpach.
Thug Maidhc Ó Curraoin ón gcoiste Cúig C a bharúil faoin scéal go bhfuil an Coimisiún Eorpach chun Éire a thabhairt ós comhair Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
D'fhógair an Coimisiún Eorpach inné go bhfuil siad chun Éire a chur faoi bhráid Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh toisc go bhfuil ag teip ar an tír seo an Treoir a tugadh di portaigh a chosaint agus stop a chur le baint mhóna.
Fógraíodh inné gur ghlac Parlaimint na hEorpa agus Comhairle na hEorpa le treoir le dul i ngleic le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean baile ar fud an Aontais Eorpaigh.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Bhí an bhliain seo caite ar an bhliain ba theo ar an taifead, a deir seirbhís athraithe aeráide an Aontais Eorpaigh. Nochtaigh figiúirí nua go raibh an teas domhanda gar do 1.5°C os cionn an leibhéil a bhí ann sa saol réamhthionsclaíoch de dheasca athrú aeráide. Deir lucht eolaíochta Sheirbhís Athraithe Aeráide Copernicus gur dócha go sárófar an 1.5 Celsius sa bhliain 2024. Bhí an bhliain 2023 1.48C ní ba theo ná an meán fadtéarmach agus bhí an mheánteocht in 2023 0.17C ní b'airde ná mar a bhí in 2016, an bhliain ba mheasa ó thaobh an teasa dhomhanda roimhe seo. Tá figiúr na bliana seo caite cóngarach don sprioc a comhaontaíodh i bPáras in 2015 – go gcaithfí an teas domhanda a choimeád faoi bhun 1.5 Celsius. Deir lucht na heolaíochta go gcaithfidh tíortha imeacht ó bhreoslaí iontaise láithreach bonn má táthar chun an tubaiste a sheachaint. Má fhanann cúrsaí mar atá, deir na Náisiúin Aontaithe gur téamh 3 céim Celsius atá i ndán dúinn agus gur “tubaiste aeráide” an toradh a bheadh air sin.Tá cainteoirí laethúla Gaeilge ina mionlach i mbeagnach 90% de na ceantair Ghaeltachta. Léiríonn anailís atá déanta ag Tuairisc ar fhigiúirí an daonáirimh nua, nach bhfuil cainteoirí laethúla Gaeilge ina dtromlach ach in 20 den bhreis is 150 toghroinn Ghaeltachta sa stát. De réir na hanailíse, níl oiread is toghroinn amháin sa Ghaeltacht ina labhraíonn níos mó ná dhá thrian den phobal an Ghaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais. Is é atá i gceist le cainteoirí laethúla Gaeilge san anailís seo ná daoine atá trí bliana d'aois nó os a chionn a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais, an tslat tomhais is cruinne ar staid na teanga i measc an phobail. Idir Daonáireamh 2016-2022, tháinig laghdú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge in 82 de na toghranna sin, beagán os cionn a leath. Tháinig ardú ar líon na gcainteoirí laethúla idir 2016-2022 i 32 toghroinn Ghaeltachta agus mar a chéile a bhí an céatadán cainteoirí laethúla sa 39 toghroinn eile. De réir Dhaonáireamh 2016, bhí trí thoghroinn in iardheisceart Chonamara – Garmna (Tír an Fhia agus Leitir Mealláin), Leitir Móir, agus Loch na Scainmhe (Carna agus Cill Chiaráin) – ina raibh breis is dhá thrian den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Ba iad na trí cheantar ba láidre sa stát ó thaobh céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge de ach fágann an laghdú ar líon na gcainteoirí sna trí cheantar ó shin nach bhfuil aon toghroinn sa tír ina bhfuil beirt as gach triúr inti ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.Sa Ríocht Aontaithe, tá iar-cheannasaí Oifig an Phoist Paula Vennells ag tabhairt a CBE ar ais láithreach tar éis di dul i ngleic le brú méadaithe faoi scannal Horizon IT. Ionchúisíodh níos mó ná 700 fo-mháistrí poist bunaithe ar shonraí ó bhogearraí lochtacha Horizon idir 1999 agus 2015. Chuaigh roinnt daoine chun príosúin mar gheall ar chuntasaíocht bhréagach agus gadaíocht, agus bhí go leor scriosta ó thaobh airgid de. Shínigh níos mó ná milliún duine achainí ag iarraidh go ndéanfaí an CBE a bhaint de Ms Vennells i ndiaidh chlár teilifíse ITV a tháinig amach ag tús na míosa. I ráiteas, dúirt Ms Vennells, a bhí ina príomhfheidhmeannach ar Oifig an Phoist idir 2012 agus 2019, gur "éist sí" leis na fo-mháistrí poist agus le daoine eile ag iarraidh uirthi a CBE a thabhairt ar ais. “Tá fíor-bhrón orm as an léirscrios a rinneadh do na fo-mháistrí poist agus dá dteaghlaigh, a raibh a saol stróicthe as a chéile de bharr iad a bheith cúisithe go mícheart agus iad a ionchúiseamh go mícheart mar thoradh ar chóras Horizon.” * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS réamhthionsclaíoch - pre-industrial i ndán dúinn - in store for us toghroinn - electoral division céatadán - percentage fo-mháistrí poist - sub-postmasters stróicthe as a chéile - ripped apart
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yvk3uw3q Contact: irishlingos@gmail.com Taoiseach on a two-day visit to the Western Balkans. Taoiseach ar cuairt dhá lá chuig Iarthar na mBalcán. Taoiseach Leo Varadkar is in Kosovo today for talks about that country's application for membership in the European Union. Tá an Taoiseach Leo Varadkar sa Chosaiv inniu le haghaidh comhráite faoin iarratas atá déanta ag an tír sin ar bhallraíocht san Aontas Eorpach. The Taoiseach is discussing the issue with Kosovo's political leaders in the capital Pristina as part of a two-day visit to three countries in the Western Balkans. Tá an Taoiseach ag plé na ceiste le ceannairí polaitiúla na Cosaive sa phríomhchathair Pristine mar chuid de chuairt dhá lá atá sé a thabhairt ar thrí thír in Iarthar na mBalcán. Tomorrow, the Taoiseach will go to Podgairítse, the capital of Montenegro, and after that to Skopje, the capital of North Macedonia, where he will have conversations with politicians in those two countries about their application for membership in the European Union. Amárach, rachaidh an Taoiseach go dtí Podgairítse, príomhchathair Mhontainéagró, agus ina dhiaidh sin go dtí Scóipé, príomhchathair na Macadóine Thuaidh, mar a mbeidh comhráite aige le polaiteoirí sa dá thír sin faoin iarratas atá déanta acu féin ar bhallraíocht san Aontas Eorpach. Matters of peace and security in the region will also be discussed in the joint talks, especially in light of the war in Ukraine. Beidh cúrsaí síochána agus slándála sa réigiún faoi chaibidil sna comhchainteanna freisin, go háirithe i bhfianaise an chogaidh san Úcráin. This afternoon, the Taoiseach will visit the thirteen members of the Defense Forces who are stationed in Pristina as part of an international peacekeeping mission in Kosovo led by the North Atlantic Treaty Organization. Tráthnóna inniu, rachaidh an Taoiseach ar cuairt chuig na trí chomhalta dhéag d'Óglaigh na hÉireann atá ar fiannas i bPristine mar chuid de mhisean idirnáisiúnta síochánaíochta sa Chosaiv a bhfuil Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh ina cheann. Leo Varadkar will also speak to members of the Garda Síochána who are on duty in Kosovo as part of the European Union's 'rule of law' mission. Labhróidh Leo Varadkar freisin le comhaltaí den Gharda Síochána atá ar fiannas sa Chosaiv mar chuid de mhisean 'riail an dlí' an Aontais Eorpaigh. The Irish Government is in favor of granting membership of the European Union to Kosovo, Montenegro and North Macedonia, and the Taoiseach will be advising the politicians of those countries on the best way to speed up the process. Tá Rialtas na hÉireann i bhfabhar ballraíocht san Aontas Eorpach a lamháil don Chosaiv, do Mhontainéagró agus don Mhacadóin Thuaidh, agus beidh an Taoiseach ag cur comhairle ar pholaiteoirí na dtíortha sin faoin dóigh is fearr le dlús a chur leis an bpróiseas. He will be recommending them, above all, to amend and improve their governance policies. Beidh sé ag moladh dóibh, thar aon ní eile, a gcuid polasaithe rialachais a leasú agus a fheabhsú. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yw6md5tm Contact: irishlingos@gmail.com New immigration laws to be implemented in the European Union in 2024. Dlíthe nua inimirce le cur i bhfeidhm san Aontas Eorpach in 2024. The member states of the European Union have reached an agreement on new immigration laws. Tá ballstáit an Aontais Eorpaigh tagtha ar chomhaontú maidir le dlíthe nua inimirce. In the wee hours of the morning, after a long wait, executives from the member states and the European Parliament made the deal. I dtráthanna beaga na maidine, tar éis dóibh suiochán fada a dhéanamh, a rinne feidhmeannaigh ó na ballstáit agus ó Pharlaimint na hEorpa an margadh. According to the new laws, the various tasks related to bringing immigrants into the European Union will be shared more evenly between all the member states. De réir na ndlíthe nua, roinnfear níos cothroime feasta idir na ballstáit uile na cúraimí éagsula a bhaineann le hinmircigh a thabhairt isteach san Aontas Eorpach. The new laws relate first of all to the care that will be given to immigrants on their arrival; secondly with residence permit applications; and thirdly which member states will have those duties from case to case. Baineann na dlíthe nua ar an gcéad dul síos leis an aire a thabharfar d'inimircigh ar theacht dóibh; ar an dara dul síos le hiarratais ar chead cónaithe; agus ar an tríú dul síos le cé na ballstáit a mbeidh na curaimí sin orthu ó chás go cás. One of the proposed aims is to limit the number of immigrants who will be admitted to the European Union. Teorainn a chur leis an líon inimirceach a ligfear isteach san Aontas Eorpach is ea ceann d'aidhmeanna a bhfuil beartaithe. In fact, people in need of international asylum will be screened in more detail from other migrants who are not in such great need and from migrants who are believed to endanger the security of the Union. Go deimhin, scagfar níos mine feasta daoine a bhfuil tearmann idirnáisiunta de dhíth orthu ó imircigh eile nach bhfuil i ngátar chomh mór sin agus ó imircigh a chreidtear a d'fheadfadh slándáil an Aontais a chur i gcontúirt. That provision has been criticized by migrant rights groups, however, who say that many refugees will be stranded and left on the empty beach along the borders of the European Union as a result. Tá an fhoráil sin cáinte ag grúpaí cearta imirceach, ámh, a deir go mbeidh go leor teifeach sáinnithe agus fágtha ar an trá fholamh taobh le teorainneacha an Aontais Eorpaigh dá bhíthin. About 255,000 immigrants have come to the Union so far this year; that's a big drop from 2015, when it topped a million. Thart ar 255,000 inimirceach atá tagtha chun an Aontais go dtí seo i mbliana; sin laghdú mór ó 2015, tráth a tháinig barr ar mhilliún. They arrive in small boats from Africa, and they first visit Malta and Italy. Is i mbáid bheaga ón Afraic a thagann a mbunáite, agus is ar Mhálta agus ar an Iodáil a thugann siad aghaidh ar an gcéad dul síos. Although it was tried to divide the various tasks between all the member states before, no good was done because countries in Eastern Europe were not willing to accept people who had landed in the Mediterranean countries. Cé gur féachadh leis na cúraimí éagsúla a roinnt idir na ballstáit ar fad roimhe seo, ní dhearnadh aon mhaith mar nach raibh tíortha in Oirthear na hEorpa sásta glacadh le daoine a bhí tagtha i dtír i dtíortha na Meánmhara. However, according to the new system, if immigrants are rejected before they must be compensated. De réir an chórais nua, áfach, má dhiúltaítear roimh inimircigh caithfear a chúiteamh. Member States that are not on the edge of the European Union will now have the option of accepting immigrants from other member states or putting money into a special fund. Ballstáit nach bhfuil ar imeall an Aontais Eorpaigh, beidh rogha acu feasta glacadh le hinimircigh ó bhallstáit eile nó airgead a ch...
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yrnpa2dt Contact: irishlingos@gmail.com Ukraine, Gaza to be discussed by the leaders of the European Union. An Úcráin, Gaza le plé ag ceannairí an Aontais Eorpaigh. Taoiseach Leo Varadkar will participate in a summit meeting of the leaders of the European Union in Brussels today and tomorrow where financial support for Ukraine and the crisis in Gaza will be among the major issues that will be discussed there. Beidh an Taoiseach Leo Varadkar rannpháirteach i gcruinniú mullaigh de cheannairí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil inniu agus amárach a mbeidh tacaíocht airgeadais don Úcráin agus an ghéarchéim in Gaza i measc na mórcheisteanna a bheas faoi chaibidil ann. The leaders intended to allocate €50 billion in financial aid to Ukraine in order to keep essential services and the economy of that country going for the next four years. Bhí sé i gceist ag na ceannairí cabhair airgeadais €50 billiún a lamháil don Úcráin le rún seirbhísí riachtanacha agus geilleagar na tíre sin a choinneáil ag imeacht as seo go ceann ceithre bliana. It was also to be confirmed that the negotiations on the introduction of Ukraine into the European Union would begin soon. Bhíothas lena dhearbhú freisin go gcuirfí tús gan mhoill leis an idirbheartaíocht faoin Úcráin a thabhairt isteach san Aontas Eorpach. Hungarian Prime Minister Viktor Orban has indicated, however, that he will veto those two resolutions of the other leaders. Tá sé tugtha le fios ag Príomh-Aire na hUngáire Viktor Orban, áfach, go gcuirfidh sé cros in aghaidh dhá rún sin na gceannairí eile. Viktor Orban doesn't often pull a team and other European Union leaders view him as a loner. Ní tharraingíonn Viktor Orban le foireann go minic agus breathnaíonn ceannairí eile an Aontais Eorpaigh air mar sheargánach. In fact, the European Commission is withholding €30 billion in funding going to Hungary because of the 'sovereign' policies of that country's government, if any. Go deimhin, tá an Coimisiún Eorpach ag coinneáil siar maoiniú €30 billiún atá ag dul don Ungáir mar gheall ar na polasaithe 'tiarnúla' atá ag rialtas na tíre sin, má tá. Even so, as part of the political back and forth before the summit, the European Commission last night approved €10 billion of those €30 billion to be made available to Hungary immediately. Ina dhiaidh sin féin, mar chuid den anonn is anall polaitiúil roimh an gcruinniú mullaigh, cheadaigh an Coimisiún Eorpach aréir €10 mbilliún de na €30 biilliún sin a chur ar fáil don Ungáir láithreach. Viktor Orban has been accused by some of the other leaders, however, of blackmailing him. Tá sé curtha i leith Viktor Orban ag cuid de na ceannairí eile, ámh, gur dúmhál atá ar bun aige. In relation to Gaza, the Taoiseach and several other leaders will ask for a ceasefire to be implemented there for the sake of humanity. I dtaca le Gaza, iarrfaidh an Taoiseach agus roinnt ceannairí eile sos comhraic a chur i bhfeidhm ann de ghrá na daonnúlachta. It is unlikely that this request will be successful, however, since the most powerful member states voted against the same resolution in the United Nations General Assembly last night. Ní dóichí go mbeidh aon rath ar an iarratas sin, áfach, ó vótáil na ballstáit is cumhachtaí in aghaidh an rúin chéanna i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe arú aréir. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yn62ls2f Contact: irishlingos@gmail.com A deal made at the COP28 climate conference. Margadh déanta ag comhdháil aeráide COP28. At the COP28 conference in Dubai, a deal has finally been made on fossil fuels in a bid to alleviate the global climate crisis. Ag comhdháil COP28 in Dubai, tá margadh déanta faoi bhreoslaí iontaise ar deireadh le dúil an ghéarchéim aeráide dhomhanda a mhaolú. It is not yet clear, however, what the wording of the agreement actually means. Níl sé soiléir fós, áfach, cad is brí go baileach le foclaíocht an chomhaontaithe. According to the content of the agreement, it seems that the 200 countries that have accepted have the intention to gradually reduce the amount of fossil fuels they burn, that is, or to give up burning fossil fuels gradually, that again or something in between. De réir a bhfuil sa chomhaontú, dealraíonn sé go bhfuil rún ag an 200 tír a ghlac leis an méid breoslaí iontaise a dhónn siad a laghdú de réir a chéile, é sin nó éirí as as breoslaí iontaise a dhó de réir a chéile, é sin arís nó rud éigin idir eatarthu. Nor is it certain what exactly is meant by 'gradually'. Níltear cinnte ach an oiread cad is brí go baileach le 'de réir a chéile'. However, the Irish delegate, Environment Minister Éamon Ryan, said that he himself believes that 'gradual reduction' is the same as 'gradual withdrawal'. Ar a shon sin, dúirt toscaire na hÉireann, an tAire Comhshaoil Éamon Ryan, go gcreideann sé féin gurb ionann 'laghdú de réir a chéile' agus 'éirí as de réir a chéile'. In spite of the ambiguity or ambiguity, it is a new situation to have made such a commitment by the countries of the world. In ainneoin na débhríochta nó na trébhríochta, is cor nua atá ann gealltanas mar é a bheith tugtha ag tíortha an domhain. Éamon Ryan indeed said that it is a historic situation since this is the first time in thirty years that the heart of the question has been addressed according to what science has proven. Dúirt Éamon Ryan go deimhin gur cor stairiúil é ós é seo an chéad uair le tríocha bliain gur tugadh aghaidh ar chroí na ceiste de réir a bhfuil cruthaithe ag an eolaíocht. According to the COP28 journalist, Sultan Al Jaber, the agreement "lays the foundation for the big change" that is needed. Dar le huarachtán COP28, Sultan Al Jaber, go gcuireann an comhaontú "bonn faoin athrú mór" a theastaíonn. What is needed, and urgently needed according to the experts, is that the temperature of the world will not be more than 1.5 degrees Celsius higher than it was before the Industrial Revolution in the eighteenth century. Is é a theastaíonn, agus a theastaíonn go géar de réir na saineolaithe, nach mbeidh teocht an domhain níos mó ná 1.5 céim Celsius níos airde ná mar a bhí sé roimh an Réabhlóid Thionsclaíoch san ochtú haois déag. The agreement has been welcomed by various delegates. Is fáilte áirithe atá curtha roimh an gcomhaontú ag toscairí éagsúla. According to the delegation of the European Union - of which Éamon Ryan is one - the agreement may be the beginning, the beginning of the end that must be put to the burning of fossil fuels. Dar le toscaireacht an Aontais Eorpaigh – a bhfuil Éamon Ryan ar dhuine acu – go mb'fhéidir gur tús atá sa chomhaontú, tús an deiridh a chaithfear a chur le breoslaí iontaise a dhó. The delegate of the United States of America, John Kerry, said that everyone involved in the conference should be happy with the deal that was made, although, in his opinion, it is not without fault. Dúirt toscaire Stáit Aontaithe Mheiriceá John Kerry gur cheart do gach duine a bhí páirteach sa chomhdháil a bheith sásta leis an margadh a rinneadh, cé nach bhfuil sé gan locht, dar leis. The alliance of small islands, islands that are at risk of drowning due to climate change, has a great voice on the issue, those who do not have the strongest voice at the confere...
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ytg5bpya Contact: irishlingos@gmail.com Half of the waste water below the standards of the European Union. Leath den bhfuíolluisce faoi bhun chaighdeáin an Aontais Eorpaigh. Irish Water has been criticized by the Environmental Protection Agency (EPA) for the standards of waste water being pumped into the State's water systems. Tá Uisce Éireann cáinte ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA)faoi chaighdeáin an fhuíolluice atá á scoileadh isteach i gcórais uisce an Stáit. In the annual report for 2022 on the coral on urban wastewater, the EPA says that over half of the wastewater is below the environmental protection standards of the European Union. Sa tuarascáíl bhliantúil do 2022 ar an gcóiréail ar fhuíolluice uirbeach, deir an EPA go bhfuil os cionn a leath den fhuíolluisce faoi bhun chaighdeáin chosanta chomhshaoil an Aontais Eorpaigh. In addition, the report states that 3 olympic swimming pools of untreated sewage are being released into water systems every day, thanks to water treatment plants. Ina theannta sin, deir an tuarascáil go bhfuil díol 3 línn snámha oilimpeach de shéarachas abh gan chóireáil á scaoileadh isteach i gcórais uise gach lá, de cheal ionaid cóireála uisce. Although 6 villages have been connected to water treatment systems in the past year, 26 towns and villages are still without their own treatment system. Cé gur ceanglaíodh 6 shráidbhaile de chórais cóireála uisce le bliain anuas, tá 26 bhaile agus shráidbhaile fós gan a gcóras cóireála féin. 54,000 people live in these places, the majority of them in coastal towns. 54,000 duine atá ag cónaí sna háiteanna seo, agus a bhfórmór mór acu ina mbailte cois cósta. The last of these towns will not have a treatment system until the end of 2028. Ní bheidh córas cóireála ag an gceann deireanach de na bailte seo go dtí deireadh 2028. The EPA says the sewage is a threat to the environment and public health and recommends that this work be completed as soon as possible. Deir an EPA gur bagairt do chomhshaol agus don tsláinte phoiblí é an séarachas abh agus molann sé an obair seo a chur i gcrích a luaithe is féidir. The report said that 55% of urban waste water is coming from the 15 areas that have failed EU standards, and that new infrastructure is needed for this. Dúirt an tuarascáil go bhfuil 55 faoin gcéad den fhuíolluisce uirbeach ag teachtf ó na 15 cheantar ar theip orthu sna caighdeáin AE, agus go bhfuil infrastruchtúr nua ag teastáil chuige seo. For the areas that have infrastructure that does not meet the EU standards, the EPA says that significant and continuous investment will be required for the next 20 years to bring the now deficient system above the standard. Maidir leis na ceantair a bhfuil infrastruchtúr acu nach bhfuil an baint chaighdeáin an AE amach, deir an EPA go mbeidh infheistíocht shunastach agus leanúnach ag teastáil go ceann 20 bliain leis an córais atá anois easnamhach a thabhairt os cionn an chaighdeáin. Irish Water should have a long-term plan for this work, but there is no plan to come before the pollution of some of the worst affected bodies of water. Ba cheart go mbeadh plean fadtéarmach ag Uisce Éireann don obair seo, ach níl aon phlean ann le teacht roimh an truailliú ag roinnt de na dobharlaigh is measa atá buailte. Author of concern, said the Director of the Environmental Protection Agency, Dr. Údar imní, a dúirt Stiúrthóir na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil, an Dr. Tom Ryan, that less than half of the waste water is reaching EU standards, thirty years after the State was supposed to do so. Tom Ryan, go bhfuil níós lú ná leath den bhfuíolluisce ag baint chaighdeáin an AE amach, tríocha bliaina tar éis don Stát bheith ceaptha sin a dhéanamh.
Dúradh i dtuarascáil a d'eisigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa le deireanas faoi straitéis an Aontais Eorpaigh faoi fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta go bhfuil ‘spriocanna uaillmhianacha' le baint amach idir 2030 agus 2050.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26s9hffw Contact: irishlingos@gmail.com TikTok shuts down "inciting malicious network". "Gréasán gríosaitheach mailíseach" dúnta ag TikTok. Social media platform TikTok has revealed that it has shut down a "malicious network that was spreading poisonous content". Tá sé tugtha le fios ag an meán sóisialta TikTok go bhfuil "gréasán mailíseach a raibh ábhar nimhiúil á scaipeadh air" dúnta acu. The network reportedly had 72 accounts and over 94,000 followers. Bhí 72 cuntas agus os cionn 94,000 leantóir ag an ngréasán, a dúradh. According to TikTok, extremist comments were being posted by the administrators of the web with a desire to foster conflict between people. Dar le TikTok go raibh tuairimí antoisceacha á bpostáil ag riarthóirí an ghréasáin le fonn coimhlint idir dhaoine a chothú. Some of the content posted on the web related to this country, as well as Japan, Russia and Taiwan. Bhain cuid den ábhar a postáladh ar an ngréasan leis an tír seo, chomh maith leis an tSeapáin, an Rúis agus an Téaváin. It appears that the network was operational during the first two quarters of this year. Is cosúil gur i gcaitheamh an chéad dá ráithe den bhliain seo a bhí an gréasán ag feidhmiú. The details of the story have been published in a report that TikTok has submitted to the European Commission as part of the medium's duty under the European Union's Code of Practice on Biography. Tá sonraí an scéil foilsithe i dtuarascáil atá curtha faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh ag TikTok mar chuid den dualgas atá ar an meán faoi Chód Cleachtais an Aontais Eorpaigh maidir le Bréagaisnéis. In addition to TikTok, Google, Microsoft, Facebook and Instagram are involved in that code of practice. Chomh maith le TikTok, tá Google, Microsoft, Facebook agus Instagram bainteach leis an gcód cleachtais sin. Twitter – or X, as it is now called – used to be involved as well but they pulled out after Elon Musk bought the company. Bhíodh Twittter – nó X, mar a thugtar air anois – bainteach leis freisin ach tharraing siad amach as tar éis do Elon Musk an comhlacht a cheannach. Very timely, the European Union revealed yesterday that on X - above any other medium in Europe - biography is posted the most. Tráthúil go maith, thug an tAontas Eorpach le fios arú inné gur ar X – thar aon mheán eile san Eoraip – is mó a phostáiltear bréagaisnéis. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Tá sé ráite ag Ard Stiúrthóir Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa agus an sáineolaí timpeallachta, Josef Aschbacher nach féidir le polaiteoirí de chuid an Aontais Eorpaigh a misneach a chailleadh agus go gcaithfidh siad coinneáil orthu lena gceannaireacht le dhul I ngleic le hathrú aeráide.
Vótáil baill Pharlaimint na hEorpa inné ar son Dlí nua Athchóirithe an Aontais Eorpaigh. Tá imní léirithe ag feirmeoirí faoin reachtaíocht.
An dearcadh polaitiúil ar chonspóid RTÉ agus vótáilfidh baill de Pharlaimint na hEorpa inniu ar Dhlí nua Athchóirithe Nádúir an Aontais Eorpaigh.
Tá Ceannairí an Aontais Eorpaigh tagtha le chéile do chruinniú mullaigh sa Bhruiséil ó mhaidin inné áit a bhfuil Cogadh na hÚcráine, Smachtbhannaí in aghaidh na Rúise agus ceist na n-inimirceach isteach chun na hEorpa ar an gclár oibre.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dfjnyfk Contact: irishlingos@gmail.com Interest rates on loans raised again by the European Central Bank. Rátaí úis ar iasachtaí ardaithe arís ag an mBanc Ceannais Eorpach. The European Central Bank has raised interest rates on loans to their highest level in over 20 years. Tá rátaí úis ar iasachtaí ardaithe go dtí an leibhéal is airde le corradh agus 20 bliain ag an mBanc Ceannais Eorpach. It is a 0.25% increase, the eighth increase in interest rates since last July. Ardú 0.25 faoin gcéad atá i gceist, an t-ochtú hardú ar rátaí úis ón Iúil seo caite. This latest rise takes the prime lending rate to 4% - up from 0% a year ago - and will add hundreds of euros to the annual repayments of track and variable rate mortgage holders. Fágann an t-ardú is déanaí seo gur 4 faoin gcéad atá sa phríomhráta iasachta anois – le hais 0 faoin gcéad bliain ó shin – agus cuirfidh sé na céadta euro le haisíocaíochtaí bliantúla lucht morgáistí rianúcháin agus morgáistí rátaí athraitheacha. Part of the economic strategy of the European Union is the continuous increases in interest rates in order to lower the high rate of inflation in the euro area. Cuid de straitéis eacnamaíochta an Aontais Eorpaigh atá sna harduithe leanúnacha ar rátaí úis le dúil ráta ard an bhoilscithe sa limistéar euro a ísliú. According to the theory, when interest rates are raised the demand for credit decreases; and when the demand for credit decreases the rate of inflation slows. De réir na teoirice, nuair a ardaítear rátaí úis laghdaíonn an t-éileamh ar chreidmheas; agus nuair a laghdaíonn an t- éileamh ar chreidmheas moillíonn ráta an bhoilscithe. They are looking to lower the rate of inflation in the euro zone to 2%, but God bless that is still not within reach. Is ag féachaint le ráta an bhoilscithe sa limistéar euro a ísliú go dtí 2 faoin gcéad atáthar, ach níltear i bhfoisceacht go mbeannaí Dia de sin fós. The rate of inflation in the euro area as a whole last month was 6.1%, 5.4% in Ireland. 6.1 faoin gcéad a bhí i ráta an bhoilscithe sa limistéar euro trí chéile an mhí seo caite, 5.4 faoin gcéad in Éirinn. It is believed, in fact, that it will not be as low as 2% for another three years at the earliest, if at all. Creidtear, go deimhin, nach mbeidh sé chomh híseal le 2 faoin gcéad go ceann trí bliana eile ar a luaithe, má bheidh. This makes it more likely that further increases in interest rates are in store for the euro countries and that the next one may be announced next month. Fágann sin gur dóichí go bhfuil tuilleadh arduithe fós ar rátaí úis i ndán do thíortha an euro agus go mb'fhéidir gur an mhí seo chugainn féin a fhógrófar an chéad cheann eile. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Tá toscaireacht ó oileáin na Gaeltachta ag freastal ar chomhdháil san Eastóin inniu ina seolfar togra nua de chuid an Aontais Eorpaigh chun 30 oileán san aontas a thiontú go dtí an fuinneamh inathnuaite roimh an bhliain 2030.
Dúirt Cumann Feirmeoirí Cnoic agus Natura na hÉireann nach bhfuil dóthain cainte dhá dhéanamh ná eolas á chur ar fáil ag polaiteoirí do dhaoine faoin tuath faoina moltaí atá i nDlí Athchóirithe Nádúir an Aontais Eorpaigh a bhfuil plé a dhéanamh air faoi láthair.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Fuair an Chúirt Choirúil Speisialta Gerard Hutch neamhchiontach i ndúnmharú David Byrne, a lámhachadh in Óstán an Regency i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath seacht mbliana ó shin. Bhí an dúnmharú mar chuid den imreas idir dronga coireachta Hutch agus Kinahan. Dúirt na breithiúna, cé go raibh fianaise sa triail le tuiscint go mb'fhéidir gur thug Gerard Hutch a bheannacht don ionsaí a eagrú, ní raibh a dhóthain fianaise ann le rá go raibh sé féin ann ar an lá go pearsanta. Ciontaíodh beirt fhear eile i gcabhrú le heagraíocht choireachta David Byrne a dhúnmharú. Sin iad Paul Murphy, tiománaí tacsaí, 61 bliain d'aois, agus Jason Bonney, tógálaí, 52 bliain. D'fhag Gerard Hutch an chúirt ina aonar agus níor fhreagair sé ceisteanna na nuachtóirí.D'áitigh iar-sheanadóir na Stát Aontaithe George Mitchell ar cheannairí an Tuiscirt chun gníomhú le “misneach agus gaois” mar a rinne a réamhtheachtaithe 25 bliain ó shin. Bhí Mitchell ag glacadh páirt san imeacht “Aontú 25” in Ollscoil na Banríona ina gceiliúradh comóradh Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tháinig go leor de phríomhúdair an Chomhaontaithe le chéile i mBéal Feirste an tseachtain seo. Roinn iar-Phríomh-Aire Tony Blair, iar-Uachtarán Bill Clinton agus iar-Thaoiseach Bertie Ahern an stáitse le chéile. Bhí teachtaireacht shoiléir acu do na ceannairí sa tuaisceart chun oibriú go dian agus an tionól a athbhunú sna sé chontae.De réir tuairiscí, rinneadh ionsaí ar Ambasadóir an Aontais Eorpaigh go dtí an tSúdáin, an tÉireannach Aidan O'Hara, ina theach cónaithe. Tuigtear go bhfuil an taidhleoir ceart go leor ach dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin gur "sárú mór" ar Choinhinsiún Vín a bhí san ionsai seo. Maraíodh thart ar 200 duine agus gortaíodh 1,800 go dtí seo mar thoradh ar chogaíocht idir Arm na Sudáine agus grúpa paraimíleata. Tá an chuid is mó den troid le feiceáil i bpríomhchathair na tíre Khartoum. Tá an grúpa seo míshásta leis na pleananna don aistriú ó riail mhíleachta go sibhialtacht. Ach faoi láthair tá go leor Súdánach ag lorg síochána agus cobhsaíochta. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS neamhchiontach - not guilty dronga coireachta - criminal gangs iar-sheanadóir - ex-senator misneach agus gaois - courage and wisdom taidhleoir - diplomat cobhsaíocht - stability
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Bíonn níos lú ná 1% den chaint ar fad a dhéantar i nDáil Éireann i nGaeilge, de réir taighde úr. Léirigh an taighde nach raibh ach 11,919 focal labhartha i nGaeilge as an os cionn 1.6 milliún focal a labhraíodh le linn tréimhse seacht seachtaine i mbliana. Mionchaint, beannachtaí agus focail bhuíochais a bhí i gcuid mhaith den chaint i nGaeilge sa Dáil. De réir an taighde, dá gcuirfí i ndiaidh a chéile gach focal Gaeilge a dúradh sa Dáil le linn na tréimhse de 19 lá sa taighde, ní bheadh ann ach thart ar uair agus 25 nóiméad an chloig cainte. Tá drisiúr leathan dearg ón 19ú céad a bhí le feiceáil sa chistin i dteach Phadraig sa scannán The Banshees of Inisherin , i measc na dtroscán a bheidh ar díol ón scannán ag ceant d'earraí dúchasacha atá á reáchtáil ag an chomhlacht ceantála Adam's i mBaile Átha Cliath. €3,000 – €4,000 atá luaite leis an drisiúr dearg ó scannán Martin McDonagh agus é ar cheann de na hearraí is daoire sa cheant ag muintir Adam's a bheidh ar siúl an mhí seo chugainn. Tá dhá phictiúr tírdhreacha ‘le tithe sa stíl shoineanta' a bhí crochta i dteach Choilm ar díol chomh maith. Beidh an ceant ar siúl ar an 12ú Aibrean, agus beidh troscán is feisteas tí, ealaíona, earraí ceardaíochta is criadóireachta ar díol ann chomh maith le hearraí eile a shantaíonn bailitheoirí.Tá tacaíocht ón pharlaimint buaite ag an rialtas Briotanach do chuid dá chomhaontú nua Brexit le 515 vóta in aghaidh 29, in ainneoin éirí amach ó chuid dá fheisirí féin agus frithfhreagairt ó chomhaltaí an DUP. Dúirt Rúnaí Thuaisceart Éireann Chris Heaton-Harris go raibh coscán Stormont “ar cheann de na hathruithe is suntasaí” sa phlean don réigiún – “athrú láidir a thugann cros don Riocht Aontaithe ar ailíniú dinimiciúil le rialacha an Aontais Eorpaigh”. Ach dhiúltaigh na hiar-phríomh-airí Boris Johnson agus Liz Truss tacaíocht a thabhairt don pholasaí, agus dúirt Johnson go gciallódh sé nach raibh “an Ríocht Aontaithe ar fad” in ann “éagsúlú i gceart agus leas a bhaint as an Bhreatimeacht”. Agus dúirt ceannaire an DUP, Sir Jeffrey Donaldson, nach féidir leis gealltanas a thabhairt dá pháirtí “na hinstitiúidí polaitiúla a athbhunú” i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar an socrú. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS mionchaint - small talk beannachtaí - greetings drisiúr - dresser ceant - auction ailíniú dinimiciúil - dynamic alignment frithfhreagairt - backlash
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2q2to548 Contact: irishlingos@gmail.com The Belgian Government has banned TikTok on official phones. Cosc curtha ag Rialtas na Beilge ar TikTok ar fhóin oifigiúla. The prime minister of Belgium has banned civil servants in that country from using TikTok on their work phones. Tá cosc curtha ag Príomh-aire na Beilge ar státseirbhísigh sa tír sin TikTok a úsáid ar a bhfóin oibre. Alexander De Croo announced today that the ban on the Chinese app will apply for the next six months, at least. D'fhógair Alexander De Croo inniu go mbeidh feidhm leis an chosc ar an aip Shíneach go ceann sé mhí, ar a laghad. The Belgian Government decided to implement the ban as a result of an analysis of the risk of espionage by the Chinese authorities on Belgian news systems and agencies. Is de bharr anailíse ar bhaol spíodóireachta ó údaráis na Síne ar chórais agus ar ghníomhaireachtaí fáisnéise na Beilge a chinn Rialtas na Beilge an cosc a chur i bhfeidhm. Other countries in Europe have banned public sector workers from using TikTok on their work phones. Tá cosc curtha ag tíortha eile san Eoraip ar oibrithe san earnáil phoiblí úsáid a bhaint as TikTok ar a ngutháin oibre. They fear that the Beijing authorities will take advantage of the social network to collect sensitive information about its users. Tá faitíos orthu go mbainfidh údaráis Béising leas as an ghréasán sóisialta le h-eolas íogair a bhailiú faoina lucht úsáidte. European Union authorities recently ordered their employees to remove the app from their phones and work computers. Le gairid d'ordaigh forais de chuid an Aontais Eorpaigh dá gcuid fostaithe an t-aip a bhaint dá gcuid fóin agus ríomhairí oibre. "We should not be naive: TikTok is a Chinese business that has an obligation to cooperate with Chinese news services, said Alexander De Croo. "Ní ceart dúinn a bheith saonta: is gnó Síneach é TikTok a bhfuil dualgas air comhoibriú le seirbhísí fáisnéise na Síne, a dúirt Alexander De Croo. "That's the truth of the matter." "Sin í fírinne an scéil." The ban does not apply to the use of TikTok on the personal phones of civil servants, members of parliament or government ministers. Ní bhaineann an cosc le úsáid TikTok ar ghutháin phearsanta na státseirbhíseach, na dteachtaí parlaiminte ná na n-airí rialtais. The TikTok app is owned by the Chinese company ByteDance. Is leis an chomhlacht Síneach ByteDance an t-aip TikTok.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an ceathrú lá de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Ar an seachtú lá is fiche de mhí Feabhra d'fhógair Rishi Sunak “Creatlach Windsor” – leagan nua de phrótacal Thuaisceart Éireann a comhaontaíodh tar éis ceithre mhí d'idirbheartaíocht leis an Aontas Eorpach. Tugann an comhaontú “coscán éigeandála” do rialtas na Ríochta Aontaithe ar dhlíthe nua an Aontais Eorpaigh a chuirfear i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann má chuireann polaiteoirí sa chúige ina gcoinne. Cruthaíonn sé lána glas nua freisin do thrádálaithe, a bhaineann an teorainn le haghaidh earraí tomhaltóra as Muir Éireann, ag laghdú na riachtanas maidir le páipéarachas agus seiceálacha agus dualgais eile. Beidh seiceanna fós ag teastáil le haghaidh earraí sa lána dearg. Glacadh go dearfach leis an margadh go ginearálta cé is moite de lucht an Bhreatimeachta agus baill áirithe den Pháirtí Aontachtach Daonlathach, Ian Paisley ina measc. D'fháiltigh rialtas na hÉireann roimhe mar “chaibidil nua” sa chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. D'fhógair an tAire Oideachais Norma Foley go raibh sí ag cur moill ar na pleananna chun roinnt scrúduithe na hArdteistiméireachta a bhogadh go dtí an cúigiú bliain. Bhí sé i gceist go ndéanfaí an cinneadh bunaidh sa bhliain fiche fiche agus bhí sé i gceist an brú a mhaolú ar scoláirí na hArdteistiméireachta trína gcuid scrúduithe a scaipeadh thar thréimhse dhá bhliain. Tá cur síos déanta ag Aontas Múinteoirí Éireann ar an gcinneadh mar “fhorbairt fháilteach” ar an mbonn nár cuireadh bunús an togra i láthair riamh. Dúirt Ms Foley nár léirigh sé seo nach mbeadh athruithe eile ag dul ar aghaidh mar chuid den athbhreithniú níos leithne ar an Ardteistiméireacht. Áiríodh sna pleananna níos leithne seo, daichead faoin gcéad de na marcanna ag teacht ó mheascán d'obair thionscadail, ó scrúdú cainte agus ó chleachtaí praiticiúla agus bunú “scoileanna líonra” a sheolfadh ábhair nua ar nós drámaíochta, scannánaíochta agus staidéar amharclainne. Tá Raidió na Gaeltachta ag leanúint lena chomóradh caoga bliain le roinnt ceolchoirmeacha a bheith ar siúl ar fud na tíre. Bhí ceann acu ar siúl an tseachtain seo caite in Amharclann Ghaoth Dobhair agus beidh dhá cheann eile ar siúl an mhí seo chugainn i gConamara agus i mBaile Bhúirne. Nuair a seoladh an stáisiún den chéad uair bhailigh sé taifeadtaí de mhuintir na hÉireann, cartlann luachmhar de chuid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh. Inniu craolann sé raon ábhar lena n-áirítear spórt, ceol agus nuacht. Rinne Údarás Craolacháin na hÉireann taighde le déanaí freisin a thug le tuiscint go mbeadh an seans ann go n-éistfeadh tríocha ocht faoin gcéad de dhaoine idir cúig bliana déag agus tríocha a ceathair le stáisiún nua Gaeilge ar an gcoinníoll go gcloisfeadh sé ‘an ceol ceart, go gclúdódh sé ceisteanna atá tábhachtach don spriocghrúpa, agus d'fhéadfadh sé go mbeadh sé saor ó fhógraí.' * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS creatlach - framework earraí tomhaltóra - consumer goods an Ardteistiméireacht - the Leaving Cert obair thionscadail - project work cartlann luachmhar - valuable archive coinníoll - condition
Tugadh omós d'Uarachtán an Choimisiún Eorpaigh Ursula Von der Leyen aréir tráth a bronnadh gradam Ceannaireachta Sunderland uirthi thar ceann an Aontais Eorpaigh mar aitheantas ar an bhfuil déanta gan Aontas don tír seo.
Tháinig rialú ón gCúirt Uachtarach an tseachtain seo caite a d'fhéadfadh cosaint a thabhairt do dhaoine i dtaobh costaisí má chailleann siad cás cúirte a bhaineanns le cead pleanála ar chúiseanna atá bainteach le dlí timpeallachta an Aontais Eorpaigh.
Gabhfaidh an Taoiseach Micheál Martin chun na Bruiséile inniu le freastal ar chruinniú mullaigh le ceannairí eile an Aontais Eorpaigh.
Tá deireadh na seachtaine buailte linn agus tá Cáinaisnéis na Bliana seo fós á scagadh agus á sciúradh ag lucht na polaitíochta. Go hidirnáisiúnta, tá Airí Comhshaoil an Aontais Eorpaigh ag teacht le chéile inniu.
Tá sé ag dul ó mheabhair ar thionscail na hiascaireachta cén fáth go bhfuil an Rialtas ag diúltú airgead a tharraingt ó chiste breosla an Aontais Eorpaigh.
Tá tíortha an Aontais Eorpaigh buartha faoi chúrsaí fuinnimh agus an t-ardú a thiocfaidh ar na costais sa gheimhreadh, agus táthar ag súil leis seo a athrú ar ár maitheasa.
Tá fáilte curtha ag Rialtas na hÉireann roimh phlean an Aontais Eorpaigh gan a bheith ag braith chomh mór ar ghás ón Eorap, ach tá'n deis ag an tír gan cloí leis an laghdú 15% atá beartaithe, thrí eisceacht a iarraidh.
Beidh an Taoiseach Micheál Martin i Madrid, na Spáinne agus ceannairí bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus na hEagraíochta Chonradh an Atlantaigh Thuaidh – nó NATO – ag cruinniú le chéile ann inniu.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Thosaigh an Ardteist agus an Teastas Sóisearach Dé Céadaoin. Den chéad uair le dhá bhliain beidh na scrúduithe traidisiúnta scríofa ar siúl, tar éis cur isteach na paindéime. Thosaigh an Ardteist le Béarla Páipéar a hAon, críochnóidh sé ar an 28 Meitheamh. Le haghaidh daltaí a gcuireann Covid-19 nó méala isteach orthu beidh deis acu scrúduithe iarchurtha a dhéanamh ag tosú ar an 30 Meitheamh. Cuirfidh sé seo isteach ar an gCoimisiún um Scrúduithe Stáit agus ceartú na scrúduithe, agus mar thoradh air sin ní féidir leo dáta na dtorthaí a fhógairt go fóill. D'fhoilsigh oifigí agus airí teachtaireachtaí tacaíochta do dhaltaí na hArdteiste, á moladh dá neart i rith na paindéime agus chun aire a thabhairt dóibh féin i rith na tréimhse strusmhaire. Vótáil Feisirí de Phairlimint na hEorpa i bhfabhar rún a iarrann ar bhallstáit an Aontais Eorpaigh cead isteach a thabhairt don Úcráín. Tharla an vóta roimh chruinniú na Comhairle Eorpaí a tharlóidh ag deireadh na míosa, ina mbeidh roinnt tíortha, Éire san áireamh, ag brú chun stádas iarrthóra a thabhairt don Úcráin. Tá an Fhrainc agus an Ghearmáin i gcoinne an rúin. Iarrann an rún chomh maith do vótáil tromlach maidir le smachtbhannaí i gcoinne na Rúise agus ardú ar chaiteachas cosanta. Dúirt an Taoiseach Mícheál Martin gur teachtaireacht ‘an-láidir' a bheidh ann do mhuintir na hÚcráine má thabharfar cead isteach don Aontas Eorpach dóibh. Tharla vóta mímhuiníne do Phríomh Aire na Ríocht Aontaithe Boris Johnson Dé Luain. Mhair sé an vóta ach fós rinneadh damáiste mór dá cháil agus dá chumhacht. Vótáil na Tóraithe 211 in aghaidh 148 i bhfábhar an Phríomh Aire, sin 41% de na Feisirí ina choinne. Ní comhartha dearfach é sin do thodhchaí ghairm Johnson i gcomparáid le Theresa May a bhuaigh vóta mímhuiníne in 2018 le 37% ina coinne, ach fós bhí uirthí imeacht ón bpost lastaigh de sé mhí. In 1990 chuaigh Margaret Thatcher roimh vótá mímhuiníne agus fiú gur bhuaigh sí, le torthaí níos fearr ná Johnson arís, d'eirigh sí as níos déanaí sa bliain sular tharla vóta eile nach mairfeadh sí. An phríomhchúis do mhíshástacht le Johnson i measc na bhFeisirí agus an phobail ná briseadh na rialacha Covid-19 nuair a tharla cóisirí in 10 Downing Street i rith na dianghlasála. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS an Ardteist - the Leaving Cert an Teastas Sóisearach - the Junior Cert Feisirí de Phairlimint na hEorpa - MEPs caiteachas cosanta - defence expenditure vóta mímhuiníne - vote of no confidence Feisirí - MPs
Tá sé ráite ag an Taoiseach Micheál Martin go dtacaíonn tíortha an Aontais Eorpaigh go láidir le seasamh na hÉireann ar cheist na Breatimeachta.
Labhraíonn an t-údar Tadhg Mac Dhonnagáin le Dáithí faoin aitheantas speisialta atá faighte aige maidir le Duais an Aontais Eorpaigh. Buaileann Antaine Mac Aoidh isteach ar an Dr Órla Nig Oirc agus í i mbun traenála don tógáil meáchan. Tugann Tessa Fleming cuairt ar bheachlann i gContae na Mí. Author Tadhg Mac Dhonnagáin chats to Dáithí about the special recognition afforded to him as part of the European Union Prize for Literature. Antaine Mac Aoidh calls into a weightlifting training session with Dr Órla Nig Oirc. Tessa Fleming pays a visit to an apiary in Co. Meath ahead of World Bee Day.
Tacaíonn 88% de mhuintir na hÉireann le ballraíocht an Aontais Eorpaigh dar le Pobalbhreith Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn, a foilsíodh maidin inniu agus a rinne an RED C.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá Emmanuel Macron i ndiaidh an lámh in uachtar a fháil ar Marine Le Pen i dToghchán Uachtaránachta na Fraince. Níor bhain Uachtarán reatha na Fraince an dara téarma amach ó rinne Jacques Chirac é fiche bliain ó shin. Chuir ceannairí éagsúla ar fud na hEorpa fáilte roimh bhua Macron, atá go mór i bhfabhar an Aontais Eorpaigh, cé go bhfuair Le Pen, atá i bhfad amach ar an eite dheis, os cionn 40%, de na vótaí, ardú suntusach ón vóta sa bhliain 2017. Ní raibh iarrthóir ón site chlé sa toghchán réitigh. Athrófar ainm Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, nó NUIG, go "Ollscoil na Gaillimhe - University of Galway" i mbliana. Úsáidfear an teideal dátheangach seo, ina bhfuil tús áite ag an Ghaeilge, ar gach doiciméad oifigiúil de chuid na hollscoile. Ní hé seo an chéad athrú ar ainm na hinstitiúide. Bunaíodh an ollscoil mar Queen's University Galway sa bhliain 1845 ach athraíodh an t-ainm go Coláiste na hOllscoile, Gaillimh in 1908 agus tugadh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh uirthi in 1997. Lonnaigh an scríbhneoir Breandán Ó hEithir a úrscéal "Lig Sinn i gCathú" i leagan ficseanaithe den ollscoil. Tá imeacht mór Gaelach ar siúl i Londain an deireadh seachtaine seo. Beartaíodh Gaeltacht Chois Tamaise dhá bhliain ó shin, ach cuireadh ar ceal í mar gheall ar phaindéim Covid-19. I mbliana, tá daoine ag taisteal go Londain le haghaidh deireadh seachtaine tumthach. I measc na n-imeachtaí atá ar siúl tá dianchúrsa Gaeilge, Pop Up Gaeltacht agus Comhdháil na Breataine, teacht le chéile ar líne agus ar an láthair de dhaoine ó gach cearn den oileán, chun plé a dhéanamh ar conas an Ghaeilge a chur chun cinn sa Bhreatain agus cearta teanga a bhaint amach i dTuaisceart Éireann. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS Uachtarán reatha - sitting President toghchán réitigh - run-off election tús áite - priority leagan ficseanaithe - fictionalised version Gaeltacht Chois Tamaise - Thames-side Gaeltacht deireadh seachtaine tumthach - immersive weekend
Jim Lockhart ó Horslips ag caint faoin ghrúpa agus iad 50 bliain ar an fhód, Caoimhe Chats ag labhairt le Ellen Hegarty faoin tuairisc is déanaí de chuid na Náisiún Aontaithe ar athrú aeráide, Dr Róisín Ní Choistealbha, Ollamh Cúnta i Scoil an Dlí agus Rialtais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar chás Graham Dwyer i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus Pádraig Ó Tiarnaigh agus Michaeline Donnelly ó Conradh na Gaeilge faoin dóigh gur féidir le breith, bás nó pósadh a chlárú i nGaeilge nó go dátheangach anois ó thuaidh. Extract from an interview with Jim Lockhart from Horslips as he talks about the group at 50, Ellen Hegarty on the latest United Nations' climate change report, Dr. Róísín Ní Choistealbha from Dublin City University on the judgement given by the Court of Justice of the European Union in the case taken by Graham Dwyer and we hear from Pádraig Ó Tiarnaigh and Michaeline Donnelly as births, deaths and marriages can now be registered in Irish or bilingually.
Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh inné go bhfuil dlíthe an Aontais faoi shonraí phearsanta sáraithe ag na húdaráis in Éirinn.