POPULARITY
Paul Finn & an Dr Verena Platzgummer. Tá Ollscoil na Gaillimhe ag cuardú teaghlaigh Ghaeltachta a bhfuil roinnt teangachaí ar a dtoil acu, chomh maith le Gaeilge agus Béarla.
Deir an tIar-aire Ghaeltachta Éamon Ó Cuív go bhfuil sé an-tábhachtach go n-aithneofar nach ‘obair cúpla bliain atá i gceist' le pleanáil teanga agus gur cóir a aithint gur obair fad téarmach atá ann.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Ainmníodh an Fhionlainn mar an tír is sona ar domhan den ochtú bliain as a chéile sa Tuarascáil Dhomhanda ar Shonas, agus thug muintir na háite agus saineolaithe creidiúint dá lochanna móra agus dá córas leasa shóisialaigh láidir mar chúiseanna leis an dea-ghiúmar. Ainmníodh Éire sa 15ú háit, ag bogadh suas ón 17ú háit in 2023. Tá an Afganastáin, atá buailte ag tubaiste dhaonnúil ó tháinig an Talaban ar ais i gcumhacht in 2020, ina tír is míshona ar domhan arís eile. D'fhan na tíortha Nordacha go léir i measc na ndeich dtír is sona, leis an Danmhairg, an Íoslainn agus an tSualainn ag teacht i ndiaidh na Fionlainne, a mhéadaigh beagán ar a buntáiste ar an Danmhairg sa dara háit. Chuaigh Cósta Ríce agus Meicsiceo isteach sa deich dtír is fearr den chéad uair, ag teacht sa séú háit agus sa deichiú háit. Idir an dá linn, thit na Stáit Aontaithe go dtí an 24ú háit, áit amháin taobh thiar den Riocht Aontaithe. Is é seo an scór is ísle a fuair na Stáit Aontaithe ó foilsíodh an tuarascáil den chéad uair in 2012, nuair a bhí siad san 11ú háit, an seasamh ab airde riamh dóibh. "Tá méadú 53% tagtha ar an líon daoine atá ag ithe béilí ina n-aonar sna Stáit Aontaithe le fiche bliain anuas," a dúirt údair na tuarascála, ag tabhairt le fios go bhfuil béilí a roinnt le daoine eile "nasctha go láidir le folláine".Tá an chéad taispeántas riamh sa Ghaeilge a reáchtáladh in Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann (PRONI) oscailte. Insíonn an taispeántas Mná na hAthbheochana scéal na mban a chuir athbheochan ar úsáid na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Bhí ról lárnach acu i mbunú na chéad Ghaeltachta uirbí agus na chéad scoile lán-Ghaeilge sna 1960idí déanacha agus sna 1970idí luatha. Bhí mná óga ó Choláiste Feirste i mBéal Feirste thiar i measc na ndaoine a chuir an taispeántas le chéile. Dúirt Aoibhín McConnell, scoláire seacht mbliana déag d'aois ó Choláiste Feirste, go raibh sé “spreagúil” foghlaim faoi na mná a thug athbheochan ar an Ghaeilge."Tá labhairt na Gaeilge thar a bheith tábhachtach domsa agus do mo phobal," a dúirt sí. "Bhí mo mhamó ar dhuine de na daoine a bhunaigh an dara scoil lán-Ghaeilge agus an chéad cheann neamhdhominiceanach. "Is séadchomhartha iontach é dár n-oidhreacht agus don ról a imrímid laistigh de Bhéal Feirste mar phobal roinnte sa lá atá inniu ann." Dúirt sí go raibh sé tábhachtach ról na mban i stair na Gaeilge a cheiliúradh. "Tá cónaí orainn i sochaí atá go fóill an-phatrarcach, ach sílim go mbíonn ról na mban á mheas faoina luach go minic," a dúirt sí. "Bhí an ról is riachtanaí agus is tábhachtaí ag na mná in athbheochan na Gaeilge. Leanann siad orthu do mo spreagadh gach uile lá i ngach gníomh a dhéanaim féin mar Ghael óg."* Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain*GLUAISsonas - happinesstubaiste dhaonnúil - humanitarian disasterathbheochan - revivalneamhdhominiceanach - non-dominican
An t-iar Oifigeach Pleanála Teanga le Tobar Dhuibhne ag labhairt faoin bpróiséis do phleananna teanga nua do cheantair Ghaeltachta.
Teastaíonn ó Aire na Gaeltachta gníomhú láithreach agus an t-athbhreithniú atá á dhéanamh ar phleananna teanga i gceantair Ghaeltachta
Beidh pobail Ghaeltachta i measc an 16 pobal in Éirinn agus Albain a mbeidh deis acu an gearrscannán Shanshula a fheiceáil anocht.
Dé hAoine d'fhógair Comhairle Contae na Gaillimhe agus Údarás na Gaeltachta go mbeadh plean ‘Lár Bailte ar dTús' le forbairt ar an gCeathrú Rua. Ach céard a chiallaíonn sé seo do bhaile Ghaeltachta na Ceathrún Rua?
Tá sí ag moladh go cheart an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a athbhunú sa gcéad Rialtas eile chun dul i ngleic leis na dúshláin ar leith atá roimh phobail tuaithe agus Ghaeltachta.
Bhí lá ann agus bhfad ó shoin é nuair a bhí an baol ann go ndúnfaí bunscoil an Ghleanna i nGaeltacht Uibh Ráthaigh. Ní nach ionadh bhíodar go móralach a glacadh le na n-aitheantas mar scoil Ghaeltachta i dTráilí an tseachtain seo.
Nuair a smaoiníonn muid ar Ghaeltacht, is minic a thagann íomhá chugainn d'áit iargúlta, cois farraige, ar imeall na tíre. Ach le 100 bliana anuas, rinneadh iarrachtaí déanta le nua-Ghaeltachtaí a bhunú sna cathracha agus ar imeall na bailte móra. Amharcann Ursula Ní Shionainn siar ar roinnt de na hiarrachtaí seo. Cad chuige gur éirigh le ceann nó dhó ach gur theip ar an chuid is mó acu? See omnystudio.com/listener for privacy information.
Is oilithreacht bhliaintúil é na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht do chuid mhór scoláirí. Trí seachtaine sáite sa Ghaeilge agus, in amanna, i ngrá! Cuirtear síos ar na coláistí samhraidh seo mar "rite of passage" do dhéagóirí, ach le roinnt blianta beaga anuas, bhí siad i mbaol de bharr easpa mná tí. Labhraíonn Ciaran Dunbar le Deirdre Uí Ghallchóir, bean an tí nua atá ag cuir lóistín ar fáil do 13 chailíní i Rann na Feirste. Foclóir: • Dúil mhór - big interest • Ullmhúcháin - preparations • Cloí leis na rialacha – abide by the rules • Freagacht – responsibility • Ar an imeall – on the outskirts • Scartha – separated • Scaifte – group • Béim - emphasis • Tionchar – impact • Ag brath ar – depending on • Ag éirí as – retiring • Scéim phíolótach - pilot scheme • Solúbthacht – flexibility • Buntáiste - advantage • Riachtanach - necessary • Aghaidheanna - faces See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá Plean Turasóireachta úr dá ullmhú ag Fáilte Éireann d'Iarthar Dhún na nGall, áit a mbeidh comhoibriú dá chothú idir na ceantair Ghaeltachta agus earnáil na turasóireachta.
Aréir sa Dáil lorg an TD Éamon Ó Cuív go dtabharfaí faoi staidéar a bhreathnódh ar an tionchar atá ag teifigh ar úsáid na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Rinneadh ionsaí ar Phríomhaire na Slóvaice Dé Céadaoin agus é taobh amuigh de chultúrlann i mbaile beag darb ainm Haldlova, i ndiaidh cruinniú a bhí aige. Tuairiscíodh gur lámhachadh ceithre huaire é agus gabhadh an té a rinne an t-ionsaí lámhaigh air ar láthair na coire. Gortaíodh go dona Príomh-Aire Fico agus dúradh go raibh sé ag streachailt leis an bhás, ach tar éis cúig uair faoi obráid, go raibh drochbhail sheasmhach air. Sa tSlóvaic agus san Aontas Eorpach, is pearsa conspóideach é Fico, mar gheall ar a éilimh chun deireadh a chur le cúnamh míleata don Úcráin agus stop a chur leis na smachtbhannaí eacnamaíochta ar an Rúis. Tá taighde nua foilsithe ag Údarás na Gaeltachta, ina léirítear go bhfuil an líon teaghlach sa Ghaeltacht ag méadú níos gasta ná an líon tithe, agus is mó tithe atá folamh i gceantair Ghaeltachta ná mar atá go náisiúnta. Ón bhliain 2016, tharla méadú 6% ar an líon teaghlach sa Ghaeltacht, agus níor tharla ach méadú 5% ar líon na dtithe. Bhí an taighde bunaithe ar Dhaonáireamh 2022 agus b'é an Dr Séin Ó Muineacháin a rinne é. Fuair an taighdeoir amach gurb iad na contaetha Gaeltachta na contaetha ina bhfuil an líon is mó tithe saoire in Éirinn, go háirithe i gContae Chiarraí agus i gContae Dhún na nGall. Dúirt Údarás na Gaeltachta go mbeadh tábhacht leis an taighde seo agus tithíocht na Gaeltachta á forbairt acu, agus go bhfuil breis tithíochta de dhíth ar na ceantair Ghaeltachta. Oíche Dé hAoine seo caite, bhí radharc draíochtúil ann nuair a bhí na Saighneáin nó na Gealáin Thuaidh le feiceáil ar fud an domhain, agus an Eoraip san áireamh. Bhí Na Saighneáin dathúla le feiceáil mar gheall ar an stoirm gheomaighnéadach ba mhó a bhuail an domhan leis na cianta agus cuireadh amach rabhadh annamh grianstoirme, toisc go raibh baol dochair ann ar an eangach leictreachais, bonneagar, agus satailítí. Tá seans ann gur thig linn Na Saighneáin a fheiceáil arís i mbliana agus an ghrian ag barr a gníomhaíochta timthrialla i láthair na tréimhse seo. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS ionsaí lámhaigh - shooting attack láthair na coire - the crime scene taighde - research de dhíth - needed stoirm gheomaighnéadach - geomagnetic storm eangach leictreachais - electricity grid
A thuairm faoin taighde atá déanta ar an bpatrún tithíochta atá sna ceantair Ghaeltachta.
An taighde a rinne an Dr. Séin Ó Muineacháin faoin bpátrún tithíochta atá le feiceáil sna ceantair Ghaeltachta.
Labhair an Dr. Seán Ó Muineacháin faoin scrúdú atá déanta aige ar an bpatrún tithíochta atá sna ceantair Ghaeltachta d'Údarás na Gaeltachta.
Céard atá I ndán do sheisiúr na turasóireachta sna ceantair Ghaeltachta I mbliana.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tá sé fógartha ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil sé chun éirí as a phost mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhine Gael, agus é ag rá gurb é an t-am a chaith sé ina Thaoiseach “an tréimhse is sásúla de mo shaol”. Ba é Varadkar an Taoiseach ab óige riamh nuair a bhuaigh sé toghchán ceannaireachta Fhine Gael in 2017, agus faoi láthair tá sé i gceannas ar an gcomhrialtas i mBaile Átha Cliath, in éineacht leis na páirtithe Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas. Ag labhairt dó ón fhoirgneamh rialtais i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin, dúirt an tUasal Varadkar go raibh “Éire á stiúradh aige ón dífhostaíocht go dtí an lánfhostaíocht, ó easnamh buiséid go barrachas buiséid, ó dhéine go rathúnas”. Dúirt sé go raibh sé “bródúil as go bhfuil an tír ina háit níos cothroime agus níos nua-aimseartha maidir le cearta leanaí, an phobail LADT, comhionannas do mhná agus a neamhspleáchas coirp”. Dúirt Varadkar gur bhain a chinneadh le cúrsaí poilitiúla, ach ní dúirt sé níos mó faoin chúis lena chinneadh. Tá an chuma air go mbeidh Simon Harris ina chomharba ar Varadkar, an t-aon iarrthóir ainmnithe don ról ag am an taifeadta. Beidh feabhsú ar an gheilleagar sa Ríocht Aontaithe i mbliana, a dúirt Rishi Sunak ar an BBC i ndiaidh nuacht gur thit an boilsciú go dtí an leibhéal is ísle le beagnach dhá bhliain go leith. "Tá muid timpeall coirneáil i ndiaidh imní na mblianta atá caite,” a dúirt sé. Thit an boilsciú go 3.4% an mhí seo caite mar agus moill tagtha ar ardú ar phraghsanna bia. Ach d'ainneoin arduithe praghais ag moilliú ar an iomlán, lean praghsanna tithíochta agus breosla ag ardú go gasta ar fad. Faoi agallamh ag an BBC, dúirt an Príomh-aire go bhfuil feabhsú ag teacht ar chursaí. D'admhaigh an tUasal Sunak go raibh droch-chuma go fóill ar an scéal do dhaoine, ach d'áitigh sé go raibh rathúlacht eacnamaíoch na Ríochta Aontaithe ag athrú i ndiaidh damáiste a bheith déanta uirthi le blianta beaga anuas ag paindéim Covid agus de dheasca borradh fuinnimh agus praghsanna bia mar gheall ar an chogadh san Úcráin. Agus é á bhrú ar chostais árachais soghluaiste, leathanbhanda agus gluaisteáin ag ardú, d'admhaigh an tUasal Sunak go raibh "dúshláin" go fóill ann, ach d'áitigh go raibh an Ríocht Aontaithe "in áit i bhfad níos fearr ná mar a bhí muid nuair a tháinig mé isteach mar Phríomh-aire. Is é an jab atá agam ná a chinntiú go bhfuil muid ag cuidiú, agus sin a dhéanann ár gciorruithe cánach,” a dúirt sé. Tá €200,000 á thairiscint ag Coimisiún na Meán chun athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge. Beidh naoi mí ag an dream a mbronnfar an conradh orthu chun an t-athbhreithniú a chur i gcrích agus moltaí a dhéanamh a chuirfeadh “feabhas” ar na meáin Ghaeilge, idir chraolta agus scríofa. Díreoidh an t-athbhreithniú ar na meáin Ghaeilge chraolta agus scríofa, ar líne agus as líne, agus ar an soláthar don Ghaeilge sna meáin Bhéarla. Seo an chéad uair a ndéanfar athbhreithniú cuimsitheach dá leithéid. Déanfar athbhreithniú ar na róil atá ag TG4 agus RTÉ “mar choimisinéirí agus soláthróirí ábhair Ghaeilge”, agus ar shaothar Raidió na Gaeltachta, a “ról náisiúnta” agus “a ról i gceantair Ghaeltachta” agus “ar an teacht atá aige ar ioncam tráchtála.” Deirtear go mbeidh béim ar na dualgais reachtúla atá ann i dtaobh soláthar ábhar i nGaeilge chomh maith agus féachfar ar na “deiseanna comhpháirtíochta” idir na meáin éagsúla. I measc na réimsí eile a ndéanfar scagadh orthu, beidh an ról ba chóir a bheith ag na meáin i gcúrsaí oideachais agus an soláthar Gaeilge do dhaoine óga. Cuirfear an t-athbhreithniú i gcrích i dtrí chéim thar thréimhse naoi mí. Sa chéad chéim déanfar anailís ar an ábhar atá ar fáil i nGaeilge sna meáin. Ansin reáchtálfar pobalbhreith sa Ghaeltacht agus lasmuigh di chun tuairimí an phobail a bhailiú “faoi éifeachtacht agus ábharthacht na meán Gaeilge”. Deirtear go mbainfear leas as torthaí na bpobalbhreithe agus as an anailís a dhéanfar orthu le polasaithe nua a cheapadh. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS dífhostaíocht - unemployment comhionannas - equality an boilsciú - inflation rathúlacht - prosperity athbhreithniú - review soláthróirí - providers
Thousands of primary school children from all over Ireland will take part in the RDS Foundation's flagship Science and Technology programme, ESB Science Blast, in Dublin this week. Running from 4th to 7th March, over 500 projects will investigate the science behind a simple question, with strong themes emerging this year around climate change, biodiversity and the impact of fast fashion on the planet. Taking place at RDS Simmonscourt over four days, ESB Science Blast includes a lá speisialta do Ghaelscoileanna agus do scoileanna Ghaeltachta on 7ú Márta. Following the Dublin dates, ESB Science Blast will also take place in Limerick from 21st - 23rd May and in Belfast on 4th June 2024, with a closing date of 15th March for Limerick and 15th April for the Belfast event. Last month RDS research revealed overwhelming support from primary school teachers for ESB Science Blast, with over 98% who participated in 2023 saying it 'increased student's confidence and knowledge in STEM', while 96% felt that taking part 'enhanced the science and maths curriculum in the classroom.' Niamh De Loughry, Deputy Chief Executive of the RDS Foundation, warmly welcomed the research findings. "It's wonderful to see this endorsement for our key Science and Technology Programme from those most closely involved in it - primary school teachers across the country. In developing ESB Science Blast we wanted an event that would be informative, inclusive and, above all, a really fun and engaging learning experience and these results show that it's delivering where it matters most - in the classroom. "I'm delighted that we'll welcome an even split of repeat attenders and 'first timer' primary schools to the RDS this week, with over a quarter of all Gaelscoileanna taking part in the dedicated day for Irish speaking schools on Thursday." Paddy Hayes, Chief Executive of ESB, added: "Every year ESB Science Blast brings STEM learning to schools in communities across Ireland and ESB is proud to work with the RDS on this unique initiative. Through the programme, children of all backgrounds and abilities are developing life skills that will help them to become innovative and creative problem solvers, as well as active, informed and engaged citizens. I look forward to seeing the energy, the excitement, and the celebration of curiosity at ESB Science Blast 2024." Olive Walsh, Principal of Glasnevin Primary School, said: "This will be my sixth time taking part in ESB Science Blast and every year it brings a fantastic level of fun and excitement into the classroom. Because the whole class is involved it encourages real teamwork and collaboration and the children take huge pride in their research and in showcasing their findings. But, above all, it really makes them see how relevant science is to their everyday lives." One of the largest science education programmes of its kind, ESB Science Blast is a free and hands-on way to engage young learners with STEM, specifically designed for primary school and funded by the RDS Foundation through its Science and Technology Programme. It involves the whole class investigating the science behind a simple question and then showcasing their work at one of three annual events in Dublin, Limerick and Belfast. For more information, visit www.esbscienceblast.com.
Deir Dónall Ó Cnáimhsí go gcuirtear daoine amach as lóistín fadtéarmach i gceantair Ghaeltachta toisc go mbíonn úinéirí tí ag iarraidh a dtithe a fhógairt ar shuíomhanna ar nós AirBnB.
Tá deis ag Údarás na Gaeltachta iarratas a dhéanamh air Údarás Rialála Comhlachtaí Tithíochta aiseantacht a bhunú le tosaí ag tógáil tithe I gceantar Ghaeltachta.
Léirisú a reáchtáil taobh amuigh do Theach Laighean ag am dinnéir inniu le aird a dhíriú ar cheist na tithíochta I gceantair Ghaeltachta sa tír seo.
Céard atá i ndán do Naíonraí I gceantair Ghaeltachta.
Tá Roinn na Gaeltachta ag breathnú ar ghrúpa Oibre a bhunú le ceist na tithíochta sna ceantair Ghaeltachta a phlé.
Ainneoin geallúint ón Aire Tithíochta Darragh O'Brien dhá bhliain ó shin go bhfoilseofaí treoirlínte do phleanáil i gceantair Ghaeltachta níl amharc fós orthu agus tá imní ann faoina himpleachtaí muna mbeidh siad ar fáil le linn plé don Bhille Pleanála sa Dáil.
Breis fostaithe ins na ceantair Ghaeltachta go léir ó dheas i ndeireadh na bliana seo caite i gcompraid le 2022.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Bhí an bhliain seo caite ar an bhliain ba theo ar an taifead, a deir seirbhís athraithe aeráide an Aontais Eorpaigh. Nochtaigh figiúirí nua go raibh an teas domhanda gar do 1.5°C os cionn an leibhéil a bhí ann sa saol réamhthionsclaíoch de dheasca athrú aeráide. Deir lucht eolaíochta Sheirbhís Athraithe Aeráide Copernicus gur dócha go sárófar an 1.5 Celsius sa bhliain 2024. Bhí an bhliain 2023 1.48C ní ba theo ná an meán fadtéarmach agus bhí an mheánteocht in 2023 0.17C ní b'airde ná mar a bhí in 2016, an bhliain ba mheasa ó thaobh an teasa dhomhanda roimhe seo. Tá figiúr na bliana seo caite cóngarach don sprioc a comhaontaíodh i bPáras in 2015 – go gcaithfí an teas domhanda a choimeád faoi bhun 1.5 Celsius. Deir lucht na heolaíochta go gcaithfidh tíortha imeacht ó bhreoslaí iontaise láithreach bonn má táthar chun an tubaiste a sheachaint. Má fhanann cúrsaí mar atá, deir na Náisiúin Aontaithe gur téamh 3 céim Celsius atá i ndán dúinn agus gur “tubaiste aeráide” an toradh a bheadh air sin.Tá cainteoirí laethúla Gaeilge ina mionlach i mbeagnach 90% de na ceantair Ghaeltachta. Léiríonn anailís atá déanta ag Tuairisc ar fhigiúirí an daonáirimh nua, nach bhfuil cainteoirí laethúla Gaeilge ina dtromlach ach in 20 den bhreis is 150 toghroinn Ghaeltachta sa stát. De réir na hanailíse, níl oiread is toghroinn amháin sa Ghaeltacht ina labhraíonn níos mó ná dhá thrian den phobal an Ghaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais. Is é atá i gceist le cainteoirí laethúla Gaeilge san anailís seo ná daoine atá trí bliana d'aois nó os a chionn a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais, an tslat tomhais is cruinne ar staid na teanga i measc an phobail. Idir Daonáireamh 2016-2022, tháinig laghdú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge in 82 de na toghranna sin, beagán os cionn a leath. Tháinig ardú ar líon na gcainteoirí laethúla idir 2016-2022 i 32 toghroinn Ghaeltachta agus mar a chéile a bhí an céatadán cainteoirí laethúla sa 39 toghroinn eile. De réir Dhaonáireamh 2016, bhí trí thoghroinn in iardheisceart Chonamara – Garmna (Tír an Fhia agus Leitir Mealláin), Leitir Móir, agus Loch na Scainmhe (Carna agus Cill Chiaráin) – ina raibh breis is dhá thrian den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Ba iad na trí cheantar ba láidre sa stát ó thaobh céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge de ach fágann an laghdú ar líon na gcainteoirí sna trí cheantar ó shin nach bhfuil aon toghroinn sa tír ina bhfuil beirt as gach triúr inti ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.Sa Ríocht Aontaithe, tá iar-cheannasaí Oifig an Phoist Paula Vennells ag tabhairt a CBE ar ais láithreach tar éis di dul i ngleic le brú méadaithe faoi scannal Horizon IT. Ionchúisíodh níos mó ná 700 fo-mháistrí poist bunaithe ar shonraí ó bhogearraí lochtacha Horizon idir 1999 agus 2015. Chuaigh roinnt daoine chun príosúin mar gheall ar chuntasaíocht bhréagach agus gadaíocht, agus bhí go leor scriosta ó thaobh airgid de. Shínigh níos mó ná milliún duine achainí ag iarraidh go ndéanfaí an CBE a bhaint de Ms Vennells i ndiaidh chlár teilifíse ITV a tháinig amach ag tús na míosa. I ráiteas, dúirt Ms Vennells, a bhí ina príomhfheidhmeannach ar Oifig an Phoist idir 2012 agus 2019, gur "éist sí" leis na fo-mháistrí poist agus le daoine eile ag iarraidh uirthi a CBE a thabhairt ar ais. “Tá fíor-bhrón orm as an léirscrios a rinneadh do na fo-mháistrí poist agus dá dteaghlaigh, a raibh a saol stróicthe as a chéile de bharr iad a bheith cúisithe go mícheart agus iad a ionchúiseamh go mícheart mar thoradh ar chóras Horizon.” * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS réamhthionsclaíoch - pre-industrial i ndán dúinn - in store for us toghroinn - electoral division céatadán - percentage fo-mháistrí poist - sub-postmasters stróicthe as a chéile - ripped apart
Tá ardú tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa tír ó Dhaonáireamh na bliana 2016 ach laghdú i gceantair Ghaeltachta ar an líon cainteoirí laethúla.
Agallamh curtha i mBéarla ar dhuine le post mar chuntóir teanga i scoil Ghaeltachta.
Tá an Roinn Oideachais ag diúltú Aonad Speisialta do ghasúir le riachtanais speisialta a bhunú i scoil bheag Ghaeltachta i gContae na Gaillimhe.
Gaelscoil Ui Riordain daichead bliain ar a bhfód i mbliana agus 730 dalta cláraithe sa scoil. Tá scoil bheag Ghaeltachta sa Ghleann in Uíbh Ráthach lárnach i saol an phobail agus 24 leanbh cláraithe sa scoil.
Tá gá coiste tithíochta a bhunadh i gceantair Ghaeltachta le plean úr a chur le chéile le stoc tithíochta sa Chondae a mhéadú agus le brú a chur ar an Rialtas suíomhanna a aimsiú le tithe a thógáilt orthu, a dúirt an Ceantálaí áitiúil Eamonn Mac Giolla Bhríde.
Conán Glas, Aedín Ní Thiarnaigh agus Eóin Flaherty a bhog go hoileáin Ghaeltachta le déanaí. Robbie Irwin ar chúrsaí LADTA+ sa spórt. Damien Ó Dónaill ar Comórtas Peile an Gaeltachta 2023. Conán Glas, Aedín Ní Thiarnaigh and Eóin Flaherty who recently relocated to Gaeltacht Islands. Robbie Irwin on the issues facing the LGBT+ community in sport. Damien Ó Dónaill on Comórtas Peile an Gaeltachta, the Gaeltacht Football tournament.
Cé go gcuireann cathaoirleach Mheitheal Ghaeltachta Conradh na Gaeilge, Mairéad Ní Fhátharta fáilte roimh pholasaí na nOileán a foilsíodh an tseachtain seo, deir sí go bhfuil an polasaí céanna fíor bhocht ó thaobh na Gaeilge de.
Tháinig lucht turasóireachta i nGaillimh le chéile in ionad Wildlands i Maigh Cuilinn an tseachtain seo caite áit ar phlé siad na deiseanna atá sa gContae le forbairt a dhéanamh ar an tionscail.
Glacann Mícheál Ó Duibhir, Oifigeach Forbartha an Gheilleagair Dhigiteach le hÚdarás na Gaeltachta an micreafón fiontraíochta chun insint do Eunan Mac Cuinneagáin, Bainisteoir Réigiúnach WestBIC faoi na deiseanna atá ann gnó a thosnú i gceann de na 27 moil digiteach atá lonnaithe ins na ceantair Gaeltachta. Labhraíonn Mícheál faoin tallann, cothromaíocht oibre-saoil agus deiseanna chun fostaíocht a chrúthú i ngnólachtaí nuathionscanta agus i ngnólachtaí atá bunaithe cheana féin.Fáigh eolas ar an bhealach atá Údarás na Gaeltachta ag tabhairt deiseanna do dhaoine filleadh ar an Ghaeltacht, trí leas a bhaint as na tacaíochtaí atá ar fáil sna ceantair Ghaeltachta do ghnólachtaí, d'fhiontraithe, do chian-oibrithe agus do bhaill den diaspóra.Fágann Mícheál an príomhtheachtaireacht “Ná bíodh eagla ar bith ort cuidiú a lorg, mar tá go leor cuidiú amuigh ansin” don lucht éisteachta, agus ‘sé an chéad chéim ná éisteacht leis an bpodchraoladh seo!Is féidir teagmháil a dhéanamh le Mícheál ag m.oduibhir@udaras.ie. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Tá cúrsa nua nach cúrsa foghlaim na Gaeilge é á chur ar fáil do dhéagóirí ag Coláistí Chorca Dhuibhne. Is do leanaí ó cheantair Ghaeltachta amháin a labhraíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga aige baile an cúrsa Aistear na nGael.
Cead aige teaghlaigh Ghaeltachta suas le seisear déag a choimeád ina dtithe air chúrsaí gaolainne i mbliana. Roinn na Gaeltacht tagtha air mhalairt aigne ó 2014 nuair a d'íslíodar líon na ndaltaí dtí 12.
Dúradh leis an gcomhairleoir Contae Daithí Ó Cualáin nach bhfuil aon spás ann chun aonaid bhreise Gardaí a lonnú i stáisiúin na nGardaí ar an gCeathrú Rua agus go bhfuil sé sin ag cruthú deacrachtaí ó thaobh ceanncheathrú Ghaeltachta a dhéanamh den áit. Labhair sé le Cóilín Ó Neachtain.
Bhí cruinniú i gCathair Saidhbhín inné idir Oifigigh na bPleananna Teanga go léir i gContae Chiarraí, sna limistéir Ghaeltachta agus lasmuigh den Ghaeltacht.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2etuzdkq Contact: irishlingos@gmail.com 151 additional jobs created in ÚnaG companies during the year. 151 post breise cruthaithe i gcomhlachtaí ÚnaG le bliain. Údarás na Gaeltachta has published its 2022 year-end statement. Tá ráiteas deireadh bliana 2022 foilsithe ag Údarás na Gaeltachta. 151 jobs was the net increase in the number of jobs in Gaeltacht areas last year in comparison with 2021, but there was a decrease in the number of jobs in the Authority's client companies in Galway and Cork. 151 post an glan-mhéadú a bhí ar an líon post i gceantair Ghaeltachta anuraidh i gcompráid le 2021 ach bhí laghdú ar líon na bpost i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i nGaillimh agus i gCorcaigh. 8,235 people were employed in the Authority's client companies at the end of 2022, an increase on the 8,084 people employed in them in 2021. 8,235 duine a bhí fostaithe i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana 2022, méadú ar an 8,084 duine a bhí fostaithe iontu in 2021. Although 945 new jobs were created in 2022 in Gaeltacht areas, there was a net increase of 151 jobs at the end of the year when the jobs that were allowed to go were taken into account. Cé gur cruthaíodh 945 post nua in 2022 i gceantair Ghaeltachta, ba 151 post de ghlanmhéadú a bhí i gceist ag deireadh na bliana nuair a bhí na poist a ligeadh chun siúil glactha san áireamh. 2,426 people were employed at the end of the year in the Authority's client companies in Donegal, an increase of 57 people compared to the end of 2021. 2, 426 duine a bhí fostaithe ag deireadh na bliana i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i nDún na nGall, méadú 57 duine i gcomparáid le deireadh 2021. The biggest increase in employment last year was in the Gaeltacht of Kerry, where there was a net increase of 83 jobs: that's a 13% increase on the previous year and represents more than half of the total net increase of 151. Ba i nGaeltacht Chiarraí a bhí an méadú ba mhó i gcúrsaí fostaíochta anuraidh, áit a raibh glanmhéadú de 83 post: sin ardú 13 faoin gcéad ar an mbliain roimhe sin agus ar ionann é agus breis is leath den ghlanmhéadú iomlán 151. There was a net increase of 44 jobs on jobs in Mayo Gaeltacht, Twenty one additional jobs in Waterford and fifteen jobs increase on jobs in Meath Gaeltacht. Bhí glanmhéadú de 44 post ar phoist i nGaeltacht Mhaigh Eo , Fiche hAon post breise a bhí i bPort Láirge agus chúig phost déag de mhéadú a bhí ar phoist i nGaeltacht na Mí. But the number of jobs in client companies fell in two counties. Ach thit líon na bpost i gcliantchuideachtaí in dhá chontae. There were 53 fewer jobs in Galway, a decrease of around 1.5% compared to the same period last year and it is also shown that there was a drop for 16 jobs in Cork as well. Bhí 53 post níos lú i nGaillimh, laghdú thart ar 1.5 faoin gcéad i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh agus léirítear freisin go raibh titim do 16 post i gCorcaigh freisin. 430 people were using the 27 digital hubs in the Gaeltacht at the end of 2022, but two counties are still without technology according to the Report, namely Waterford and Meath. 430 duine a bhí ag úsáid na 27 mol dhigiteach sa Ghaeltacht ag deireadh 2022, ach tá dhá chontae fós gan gteic de réir na Tuarascála, siad sin Port Láirge agus An Mhí. 151 additional jobs created in Údarás na Gaeltachta companies during the year 151 post breise cruthaithe i gcomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta le bliain
ag inse faoin phreab Ghaeltachta agus imeachtaí eile i Leitir Ceanainn
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2zernmdy Contact: irishlingos@gmail.com Review of language plans in the Gaeltacht this year. Athbhreithniú ar phleananna teanga sa Ghaeltacht i mbliana. Multimedia Journalist The newly appointed Minister of State for the Gaeltacht Patrick O'Donovan hopes that consultants will be appointed by Easter to conduct an independent review of the implementation of the language plans in the Gaeltacht. Iriseoir Ilmheán Tá súil ag Aire Stáit nuacheaptha na Gaeltachta Patrick O'Donovan go mbeidh comhairleoirí ceaptha faoi Cháisc le hathbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar fheidhmiú na bpleananna teanga sa Ghaeltacht. It is understood that the Department of the Gaeltacht hopes that the body appointed by the end of 2023 will have carried out up to ten reviews. Tuigtear go bhfuil súil ag Roinn na Gaeltachta go mbeidh suas le deich n- athbhreithniú déanta ag an chomhlacht a cheapfar faoi dheireadh 2023. Language planning officers in the Gaeltacht areas have long sought a review - a measure promised in the Department's language planning guidelines. Is fada athbhreithniú á lorg ag oifigigh pleanála teanga sna ceantair Ghaeltachta - beart a ghealltar i dtreoirlínte pleanála teanga na Roinne. "The Department has done a lot of work on that matter", said Minister of State O'Donovan in his first major television interview which was broadcast on 7Lá on TG4 in the evening. "Tá an-chuid oibre déanta ag an Roinn ar an ábhar sin", a dúirt an tAire Stáit O'Donovan ina chéad mhóragallamh teilifíse a craoladh ar 7Lá ar TG4 tráthnóna. In addition, Minister of State O'Donovan indicated that draft planning guidelines for housing in the Gaeltacht would be published before Easter. Ina theannta sin, thug an tAire Stáit O'Donovan le fios go bhfoilseofaí dréacht-treoirlínte pleanála do thithíocht sa Ghaeltacht roimh an Cháisc. The Minister of State would not give any information about the details of those guidelines but said that "a lot of work has been completed (by) the Department of the Gaeltacht and the Department of Housing" regarding them. Ní thabharfadh an tAire Stáit aon eolas faoi shonraí na dtreoirlínte sin ach dúirt sé go bhfuil "an- chuid oibre críochnaithe (ag) Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Tithíochta" ina dtaobh. At Christmas, his predecessor - Jack Chambers - announced that the Údarás na Gaeltachta board election would be brought back. I mbéal na Nollag, d'fhógair a réamhtheachtaí - Jack Chambers - go dtabharfaí ar ais toghchán bhord Údarás na Gaeltachta. Minister of State O'Donovan confirmed on 7Days that the appropriate legislation would be brought before the Dáil "as soon as possible" with the hope of holding the election on the same day as the local authority election and the European election in 2024. Dhearbhaigh an tAire Stáit O'Donovan ar 7Lá go gcuirfí an reachtaíocht chuí os comhair na Dála "chomh luath agus is féidir" agus súil aige an toghchán a reáchtáil ar an lá céanna le toghchán na n-údarás áitiúil agus toghchán na hEorpa in 2024. The Department of the Gaeltacht hopes that the Irish, Gaeltacht and Gaelic Speaking Community of the Oireachtas will have received the headings of the bill regarding the election of the Authority's board this week. Tá súil ag Roinn na Gaeltachta go mbeidh ceannteidil an bhille maidir le toghchán bhord an Údaráis faighte ag Comhchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo. The Minister of State will soon have a series of meetings with the political parties in this regard, he said. Beidh sraith cruinnithe ag an Aire Stáit leis na páirtithe polaitíochta go luath ina thaobh, a dúirt sé. Tomorrow, Thursday, Minister of State O'Donovan will make his first official visit to the Gaeltacht, when he will meet with the Chief Executive of Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síocháin and the Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill in Con...
Reachtáladh seiminéar ar líne aréir faoi phleananna an Bhord Soláthar Leictreachais feirm ghaoithe ar muir a fhorbairt, 10km soir ó dheas ó Cheann Heilbhic i gceantar Ghaeltachta na nDéise.
Sí an t-Aire Oideachais Norma Foley a oscail Scoil a Ghleanna i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh de h-Aoine seo caite. Ócáid stairiúil don scoil bheag Ghaeltachta seo ab ea í,agus iad a dul ó neart go neart.
Breis cabhrach teastáil ó theaghlaigh Ghaeltachta d'fhonn is daltaí na gColáistí Samhraidh a choimeád ar lóistín dar le Páidí Ó Sé.
Ag tabhairt eolas dúinn faoi chruinniú phoiblí a bheas ar siúl in Anagaire i roinnt seachtainí maidir le heaspa tithíochta sa Ghaeltachta agus ar tabhairt roinnt moltaí dá gcuid féin leis an fhadhb a réiteach.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá de mhí Iúil. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Bhí seachtain mhíshuaimhneach in Uimhir 10 Sráid Downing i Sasana, nuair a sheol níos mó ná 50 aire parlaiminte litreacha isteach ag rá go raibh siad ag éirí as a bpost. Thosaigh an tuile oíche Dé Máirt leis an Seansailéir Rishi Sunak agus an Rúnaí Sláinte Sajid Javid, tar éis leithscéal á ghabháil ag Boris Johnson faoi phost rialtais a thabhairt do Chris Pincher, fear ar cuireadh líomhaintí mí-iompair ghnéasaigh ina leith. Tráthnóna Déardaoin, d'fhógair Johnson go raibh sé le héirí as a bheith ina Phríomh-Aire leis na focail, “Is ait an mac an saol.” Tá sé ar intinn ag Johnson fanacht sa ról go dtí go roghnófar Príomh-Aire nua. De réir thuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais, ba cheart go dtabharfaí treoirlínte reachtúla nua isteach i mbliana, chun an fhadhb títhíochta agus pleanála sa Ghaeltacht a réitiú. Tá 22 moladh sa tuarascáil, a dhéanfadh níos éasca do Ghaeilgeoirí tithe a cheannach nó a thógáil sna ceantair Ghaeltachta. Thabharfadh na moltaí tús áite do cainteoirí Gaeilge ar thithe sóisialta, tithe a dhíol do dhaoine ina bhfuil sé mar rún acu cur fúthu sa Ghaeltacht agus an Ghaeilge a labhairt achan lá, cuidiú a thabhairt do chainteoirí Gaeilge tithe a cheannach agus a thógáil le bearta speisialta inacmhainneachta, agus tuilleadh sa bhreis. B'é toradh na moltaí “oidhreacht chultúrtha ar leith agus inbhuanaitheacht na bpobal cuí a chosaint”, de réir an choiste. Tá an tuarascáil le cur os comhair Thithe an Oireachtais. Sa Phacastáin, tá meannán ann a bhfuil na cluasa is faide ar fud an domhain air, mar a chreideann a úinéir. Is as Karachi é an meannán Simba agus an síolraitheoir gabhar, Mohammad Hasan Narejo. Ba mhaith le Narejo curiarracht dhomhanda Guinness a fháil don mheannán agus é a chlárú mar “an gabhar is fearr ar domhan ariamh” (G.O.A.T.), cé nach bhfuil catagóir ann don ghabhar na gcluas fada go fóill. Don mheannán bocht, is guais tuisle iad na cluasa fada, agus bhí ar Narejo úim speisialta a chruthú dó. Tá Simba ina réalta ar na meáin soisialta agus na cluasa 54 orlaí aige, agus comórtais áilleachta buaite aige. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS líomhaintí mí-iompair ghnéasaigh - allegations of sexual misconduct inbhuanaitheacht - sustainability meannán - kid (goat) síolraitheoir gabhar - goat breeder guais - hazard úim - harness
Tá treoir eisithe ag an Aonad um Oideachas Gaeltachta sa Roinn Oideachais do Scoileanna i gceantair Ghaeltachta atá ag cur fáilte roimh scoláirí ón Úcráin agus á gclárú sna scoileanna.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yddvuowv Contact: irishlingos@gmail.com "Courage, identity, racial pride" to be celebrated by RTÉ RnaG. "Misneach, féiniúlacht, mórtas cine" le ceiliúradh ag RTÉ RnaG. RTÉ Raidió na Gaeltachta will be in its fiftieth anniversary tomorrow the 2nd of April and a special concert will be held tomorrow evening to commemorate the golden jubilee. Leathchéad bliain ar an bhfód a bheas RTÉ Raidió na Gaeltachta amárach an 2 Aibreán agus reáchtáilfear coirm cheoil speisialta tráthnóna amárach leis an iubhaile órga a chomóradh. The concert will feature the RTÉ Orchestra and well - known traditional musicians - Altan, Iarla Ó Lionáird, Steve Cooney, Muireann Nic Amhlaoibh and Cór Chúil Aodha. Beidh Ceolfhoireann RTÉ agus ceoltóirí traidisiúnta aitheanta páirteach sa cheolchoirm - Altan, Iarla Ó Lionáird, Steve Cooney, Muireann Nic Amhlaoibh agus Cór Chúil Aodha ina measc. The main themes of the event, which will be broadcast live on the station and seen online, are "courage, identity and racial pride", the RnaG press release said. Is iad "misneach, féiniúlacht agus mórtas cine" príomh-théamaí na hócáide a chraolfar beo ar an stáisiún agus a bheas le feiceáil ar líne, a dúradh i bpreasráiteas RnaG. The press release added that "[it] will commemorate the battle fought for a radio service for the people of the Gaeltacht, celebrate the establishment and history of the service since then, and the central role that Raidió na Gaeltachta plays in promoting and in the promotion of language and culture for half a century ... Dúradh sa phreasráiteas leis "[go d]tabharfar chun cuimhne an cath a troideadh chun seirbhís raidió a fháil do mhuintir na Gaeltachta, déanfar ceiliúradh ar bhunú agus ar stair na seirbhíse ó shin, agus ar an ról lárnach atá ag Raidió na Gaeltachta i gcothú agus i gcur chun cinn na teanga agus an chultúir le leathchéad bliain ... . " ." The first programs aired on Raidió na Gaeltachta Easter Sunday, 2 April 1972. Chuaigh na chéad chláir amach ar Raidió na Gaeltachta Domnhach Cásca, 2 Aibreán 1972. The station was established as a result of the Gaeltacht Civil Rights Movement's campaign, which demanded a daily radio service in its own language for the Gaeltacht and Irish language community. Bunaíodh an stáisiún de thoradh feachtais Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, a d'éiligh seirbhís laethúil raidió ina dteanga féin do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. It is said that the new radio service created a connection between the Gaeltacht areas throughout the country and allowed them to get to know each other and understand each other 's dialects. Deirtear gur chruthaigh an tseirbhís raidió nua nasc idir na ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre agus gur cheadaigh sé dóibh aithne a chur ar a chéile agus tuiscint a fháil ar chanúintí a chéile. RTÉ Director General Dee Forbes said in a press release that RnaG "provides an essential local, national and international news service for Irish speakers throughout the country and the world. Dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ Dee Forbes sa phreasráiteas go soláthraíonn RnaG "seirbhís riachtanach nuachta áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta do chainteoirí Gaeilge ar fud na tíre agus ar fud an domhain. They provide a platform for the indigenous arts, indigenous games and our language, and we are indebted to them for their work in preserving and promoting the language. " Tugann siad ardán do na healaíona dúchasacha, do na cluichí dúchasacha agus d'ár dteanga, agus tá muid go mór faoi chomaoin acu as a gcuid oibre leis an teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn." In the same press release, the Leader of RTÉ. Praised Gearóid Mac Donncha " who works there, the people who listen faithfully to the service, everyone who is involved or involved in the life of the Gaeltacht and the Irish language. " Sa phreasráiteas céanna,
Tá ganntanas tithe ag cur isteach ar na Coláistí Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta.
Tá comhaontú tuisceana sínithe idir Údarás na Gaeltachta agus Fáilte Éireann. Is ó thús na bliana seo a bheas tréimhse an chomhaontaithe i bhfeidhm agus mairfidh sé ar feadh chúig bliana agus é i gceist acu comhoibriú le chéile chun cúrsaí turasóireachta a chuir chun cinn sna ceantair Ghaeltachta.
Rinne Oifigigh Pleanála Teanga na hÉireann éileamh ar Aire na Gaeltachta, ar Aire Stáit na Gaeltachta agus ar bhaill Chomhchoiste na Gaeilge go dtabharfaí barántas go mbeadh seirbhísí an Stáit ar fáil i nGaeilge sna ceantair Ghaeltachta.
Labhraíonn Caoimhe Ní Chathail le Máirtín Seoighe agus Donncha Ó Murchú, atá ainmnithe fá choinne Gradam Réalta Óg na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais. Agus feachtas tógtha ag an ghrúpa Todhchaí na Tuaithe go Teach Laighean i mBaile Átha Cliath, labhraíonn Conall Ó Máirtín le Breanndán Ó Beaglaoich, ceoltóir agus ealaíontóir, faoin fheachtas féin agus na fadbhanna tithíochta sna ceantair Ghaeltachta. Pléann Fearghal Mag Uiginn le Cárthach Bán Breathnach, tráchtaire spóirt, tuairisc faoin chaimiléireacht sa dornálaíocht ag na Cluichí Oilimpeacha in Rio. Caoimhe Ní Chathail chats to Máirtín Seoighe and Donncha Ó Murchú who have been nominated for the Oireachtas' Réálta Óg na Bliana award. As the group Todhchaí na Tuaithe take their campaign to Leinster House in Dublin, Conall Ó Máirtín speaks to musician and artist Breanndán Ó Beaglaoich about the campaign and about the problems with housing in Gaeltacht areas. Fearghal Mag Uiginn and sports commentator Cárthach Bán Breathnach discuss the recent report on corruption in boxing at the Rio Olympics.
Tá an Phríomh-Oifig Staidreamh ag cuartú daoine i gContaetha na Gaillimhe agus Mhaigh Eo agus na ceantair Ghaeltachta ar fad a mbeadh Gaeilge acu le dhul i mbun oibre ar Dhaonáireamh 2022.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yz9ja3nw Culture Night: the life of the Gaeltacht naughty is for you !. Oíche Chultúir: is é do bheatha ag aos dána na Gaeltachta duit!. As part of the national celebration of Culture Night this year, Ealaín na Gaeltachta will be supporting over 30 diverse events throughout the Gaeltacht. Mar chuid den cheiliúradh náisiúnta ar Oíche Chultúir i mbliana beidh Ealaín na Gaeltachta ag tacú le os cionn 30 imeacht ilghnéitheach ar fud na Gaeltachta. Music, dance, film and literature events will take place online and in venues throughout the Gaeltacht. Beidh ócáidí ceoil, damhsa, scannánaíochta agus litríochta ar siúl ar líne agus in ionaid ar fud na Gaeltachta. In the Hermitage in Dingle, Co Kerry, writer - in - residence Colm Mac Gearailt and his friends Eoin P Ó Murchú, Fionn Ó Neill and Mattie Barker will present the oral poetry to the public. Sa Díseart sa Daingean, Co Chiarraí, beidh an scríbhneoir cónaithe Colm Mac Gearailt agus a chairde Eoin P Ó Murchú, Fionn Ó Neill agus Mattie Barker ag cur na filíochta béil i láthair an phobail. The Donegal Women 's Network will be celebrating the creativity of beavers at a sand art exhibition, with artist Maria Coleman making a film as part of the same project. Beidh Gréasán Ban Dhún na nGall ag ceiliúradh chruthaitheacht na mbéithe ag taispeántas ealaíne gainimh, agus beidh scannán á dhéanamh ag an ealaíontóir Maria Coleman mar chuid den togra céanna. In Inis Oírr, a brand new version of the traditional folk song Óró, 'é do bheatha abhaile will be launched by the renowned singer Lasairfhíona Ní Chonaola. In Inis Oírr, beidh leagan úrnua den amhrán tíre traidisiúnta Óró, 'sé do bheatha abhaile á sheoladh ag an amhránaí iomráiteach Lasairfhíona Ní Chonaola. Ruairí Ó Donnabháin, a dancer who is performing for Cléire, is the Gaeltacht ambassador for Culture Night 2021 and is looking forward to tonight: "I look forward to inviting the dancer Siobhán Ní Dhuinnín, the Dancer Resident at the Cultural Center in Baile Bhuirne, come out to work with me on Cléire to strengthen the link between the Gaeltacht areas in Cork. " Is é Ruairí Ó Donnabháin, damhsóir atá ag cur faoi ar Chléire, ambasadóir na Gaeltachta d'Oíche Chultúir 2021 agus tá sé ag tnúth leis an oíche anocht: "Táim ag súil go mór le cuireadh a thabhairt don rinceoir Siobhán Ní Dhuinnín, an Rinceoir Cónaitheach san Ionad Cultúrtha i mBaile Bhuirne, teacht amach chun obair liom ar Chléire chun an nasc idir na ceantair Ghaeltachta i gCorcaigh a láidriú." Micheál Ó Fearraigh, Údarás na Gaeltachta's Arts Development Executive, said that celebrating the cultural richness of the Gaeltacht provides "a vibrant and unique insight nationally and internationally into the uniqueness of the Gaeltacht". Dúirt Micheál Ó Fearraigh, Feidhmeannach Forbartha Ealaíon Údarás na Gaeltachta, go dtugtar "léargas bríomhar agus ar leith go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta ar shainiúlacht na Gaeltachta" trí shaibhreas cultúir na Gaeltachta a cheiliúradh. A special television program entitled Culture Night in the Gaeltacht will take place on TG4 at 8.30 tonight. Beidh clár speisialta teilfíse dar teideal Oíche Chultúir sa Ghaeltacht ar siúl ar TG4 ag 8.30 anocht.!
D'fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers inné go bhfuil 22 halla pobail i gceantair Ghaeltachta na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus na Mí le cúnamh airgid a fháil ó chiste de chuid na Roinne Gaeltachta.
Labhraíonn Micheál Ó Conghaile le Seán faoin méid iontach atá bainte amach ag Cló Iar-Chonnacht, ó bhunaigh sé an teach foilsitheoireachta i 1985. Déanann sé cur síos ar an gcartlann leathan leabhair agus ceol atá foilsithe acu, na rudaí a thug an spreagadh do CIC a thosú agus na slite inár gcur CIC le cúrsaí foilsitheoireachta in Éirinn, go háirithe i gceantair Ghaeltachta. Insíonn sé dúinn faoina shaothar féin chomh maith, ar nós a chnuasach gearrscéalta An Fear A Phléasc agus a húrscéal Sna Fir, agus insíonn sé dúinn faoin méid atá idir lámha aige faoi láthair agus beartaithe aige don tréimhse amach romhainn, tar éis dó éirí as mar stiúrthóir Cló Iar-Chonnacht.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yekb6rvv "The number of Gardaí with Irish in the Gaeltacht is far too low". "Líon Gardaí le Gaeilge sa Ghaeltacht i bhfad ró-íseal". The number of Gardaí on duty in the Gaeltacht who speak Irish is far too low and is a breach of the Garda Síochána Act as a result, said An Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill. Tá líon na nGardaí ar dualgas sa Ghaeltacht a bhfuil Gaeilge acu i bhfad ró- íseal agus tá sárú á dhéanamh ar Acht an Gharda Síochána dá bharr, a dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill. The Commissioner has laid a report on the number of Irish - speaking Gardaí in the Gaeltacht before the Houses of the. Tá tuarascáil faoin líon Gardaí le Gaeilge sa Ghaeltacht curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais ag an gCoimisinéir. In a statement, the Commissioner stated that it had been decided to lay a report before the Dáil and the Seanad as the recommendations of an investigation made in 2011 had not been implemented by An Garda Síochána and "An Coimisinéir Teanga could not take any further action to to persuade the Garda Síochána to do so. " I ráiteas, dúirt an Coimisinéir gur socraíodh ar thuarascáil a leagan faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid de bharr nach bhfuil moltaí imscrúdaithe a rinneadh in 2011 curtha i bhfeidhm ag an nGarda Síochána agus "nárbh fhéidir leis an gCoimisinéir Teanga aon chéim bhreise a ghlacadh chun a chur ina luí ar an nGarda Síochána an méid sin a dhéanamh." The Commissioner of the Garda Síochána has a statutory duty to ensure, as far as possible, that Gardaí who are fluent in Irish are placed on duty in an area where there are Gaeltacht areas. Tá dualgas reachtúil ar Choimisinéir an Gharda Síochána a chinntiuÌ , chomh fada agus is féidir, gur Gardaí ataÌ liÌ ofa sa Ghaeilge a chuirtear ar dualgas i nduÌ iche ina bhfuil limisteÌ ar Gaeltachta. In an investigation completed in December 2011, An Coimisinéir Teanga indicated that the Garda Síochána had complied with its statutory obligations to place the language of Gardaí who are proficient in Irish in the Donegal Gaeltacht. In imscruÌ duÌ a críochnaíodh i mí na Nollag 2011, thug an Coimisinéir Teanga le fios naÌ r chomhliÌ on an Garda SiÌ ochaÌ na a ndualgais reachtuÌ la teanga Gardaí atá cumasach sa Ghaeilge a chur ar dualgas i nGaeltacht Dhún na nGall. The investigation recommended that the Garda Síochána investigate staffing throughout the Gaeltacht to ensure compliance with the statutory obligations imposed on the Garda Síochána in the Garda Síochána Act, 2005 and the Garda Síochána Language Scheme, 2009-2012. . Moladh san imscrúdú sin go bhfiosródh an Garda SiÌ ochaÌ na an soláthar foirne ar fud na Gaeltachta le cinntiú go rabhthas ag comhlíonadh na ndualgas reachtúil atá leagtha ar an nGarda Síochána in Acht an Gharda Síochána, 2005 agus Scéim Teanga an Gharda Síochána, 2009-2012. A monitoring process found that a total of 35 Gardaí are based in Gaeltacht stations. Fuarthas amach mar thoradh ar phróiseas faireacháin gur 35 Garda ar fad atá lonnaithe i stáisiúin Ghaeltachta. This information came from An Garda Síochána. Is ón nGarda Síochána a tháinig an fhaisnéis sin. An Coimisinéir Teanga stated that it is very clear that the recommendations of the investigation have not been implemented by An Garda Síochána. Dúirt an Coimisinéiir Teanga gur ríléir nach bhfuil moltaí an imscrúdaithe curtha i bhfeidhm ag an nGarda Síochána. It would be difficult to argue that a reasonable amount of time has not elapsed since recommendations were made in an investigation in 2011, he said, and it is now up to the Houses of the Oireachtas to take any further steps, if deemed appropriate. Ba dheacair a áitiú nach bhfuil achar réasúnta ama caite ó rinneadh moltaí in imscrúdú in 2011, a dúirt sé, agus is faoi Thithe an Oireachtais a thiteann sé anois aon chéimeanna breise a thógáil, má mheastar gur cuí sin a dhéanamh.
Bhí cruinniú ar líne, ages na hOifigigh Pleanála Teanga os na limistéir Ghaeltachta éagsúla le Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers Dé hAoine seo caite - céard a tháinig as?
Inniu an naou lá déag do mhí Mheán Fomhair, Is mise Gráinne Ní Bhrosnachain. Bhunaigh an Dochtúr Liz Doherty suíomh idirlín chun ranganna ceoil a mhúineadh ar líne. Thosnaigh sí an suíomh idirlín iteachtrad.com mar ní raibh a lán ábhar ar fáil do mhúinteoirí. Chur sí córas le siollabas i bhfeidhm chun pleanáil a dhéanamh ar ranganna ceoil. Tosníonn Oíche Chultúir ar an 18ú lá do Meán Fomhair i gceantair Ghaeltachta agus ar fud na tíre. Tá ós cionn 80 ócáid Ghaeilge ar siúl ar an suíomh idirlín YouTube agus ar an leathanach Facebook Ealaín na Gaeltachta. I mbun na himeachtaí den sraith ‘Tonn Fuaime' a bheidh ar siúl i gCorcha Dhuibhne, tá dhá mhúrphictiúr le feiscint sa Daingean atá bunaithe ar an bhfarraige agus na Blascaoidí. An raibh beatha ar an bplainéad Véineas fadó? D'aimsigh an réalteolaí Jane Greaves an gás foisfín 30 míle taobh amuigh den atmosphéar Véineas. Cé go bhfuil foisfín in ainmhithe agus seascann ar an domain, ní thuigtear go foill an fáth go bhfuil foisfín i láthair ar Véineas. Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script agus gluais ar fáil i d'aip phodchraolta. GLUAIS bunaigh - found, establish cuir i bhfeidhm - start, put into action múrphictiúr - mural beatha - life foisfín - phosphine seascann - marsh, swamp
Tá achainí ar líne tosaithe le go n-aithneofaí réigiúin ar fud na hEorpa a bhfuil tréithe cultúrtha agus teanga ar leith acu, réigiúin amhail na ceantair Ghaeltachta. Pléann an Feisire Eorpach Seán Kelly é seo leis an bpainéal.
Caint mhór sna meáin le gairid ar chiníochas, agus é curtha in iúl ag daoine óga, i gceantair Ghaeltachta, gur caitheadh go dona leo féin, i gclubanna de chuid Chumann Luthchleas Gael.
Ceol agus amhráin a thaifead Seán Mac Réamoinn sa bhliain 1965 as roinnt d'oileáin Ghaeltachta na hAlbna.
Fiosraíonn an páipéar seo an idirghabháil atá idir filí na gceantar Gaeltachta seo i gCiarraí agus an pobal léitheoireachta. Is gníomh imeallach é an fhilíocht in aon teanga – gan trácht ar mhionteanga a bhfuil dúshláin éagsúla roimpi. I measc an chomhthéacs dúshlánach seo, tá líon suntasach filí ag cumadh na filíochta i ndá cheantar Gaeltachta i gCiarraí. Léiríonn na filí amhras ar leith go bhfuil aon phobal léitheoireachta acu agus deir cuid acu nach mbíonn siad ag cuimhneamh ar an bpobal léitheoireachta ina gcleachtas cruthaitheachta. In ainneoin seo, tá na filí an-ghníomhnach i bhfoilsiú saothar filíochta. Téann an dearcadh seo i gcoinne theoiricí móra na cruthaitheachta a leagann béim ar thábhacht an chomhthéacs agus ar thábhacht na hidirghabhála leis an bpobal léitheoireachta maidir le cruthú chiall an ghníomh chruthaithigh. (Ó Crualaoich 1992, Glăveanu 2016 & Sternberg 2016). Muna bhfuil na filí ag cuimhneamh ar an bpobal léitheoireachta – conas go mbeidh pobal ann dóibh? Cén ról atá ag na filí seo sna pobail Ghaeltachta mar sin? Féachann an páipéar ar cheist an easpa pobail léitheoireachta agus ar an tost indíreach a ghintear as an saothrú pearsanta seo. Mar a d’aithin an file Paddy Bushe ‘Aon ealaíontóir a dhéanann dearúd ar phobal, bíonn sé ag labhairt leis féin’. Chuige sin, díreofar ar thuairimí pearsanta na bhfilí a nochtadh in agallaimh agus déanfar anailís téacslárnach mar thaca don bplé. This paper seeks to tell the story of a group of active, contemporary Irish language poets of the south and west Kerry Gaeltacht areas of Corca Dhuibhne and Uíbh Ráthach. These poets demonstrate a meta-awareness of being a relatively unheard voice, they deem their work to be generally unread and as a result present with a sense of doubt as to whether an audience even exists for their poetry. Despite this, the poets continue to publish material and engage in public readings and performances. Marginalisation forms part of each of the poets’ lives due to several factors, from writing in a minority language, being based physically on the edge of Europe, engaging in poetry, a creative mode that tends to have a limited audience even in majority languages, along with finding refuge in isolation as an important part of the creative process. The paper will highlight a range of thoughts and ideologies pertaining to this sense of indirect silence and lack of audience, drawing on material from interviews with several of the poets. It aims to provide an interpretation of this phenomenon of writing for an audience, whom does not appear to be present, with a particular focus on the poets’ feelings and outlook to this regard. Tá Shane Grant mar mhac léinn PhD le Roinn na Gaeilge i gColáiste Mhuire Gan Smál, Luimneach. Cáilíodh é mar bhunmhúinteoir i 2016 agus bronnadh ‘Comhaltacht Taighde’ air sa bhliain 2017. Baineann a chuid taighde le filí comhaimseartha na Gaeilge i ndá cheantar Gaeltachta i gCiarraí; Corca Dhuibhne agus Uíbh Ráthach faoi stiúir an Dr. Róisín Ní Ghairbhí. Féachann an taighde ar conas a ghintear, a chothaítear agus a chleachtaítear an chruthaitheacht sa Ghaeilge ag díriú ar na ceantair seo mar chás-staidéar. Tá spéis ar leith ag aige i bhfilíocht chomhaimseartha na Gaeilge, sa tsochtheangeolaíocht, i bhfoghlaim an tarna teanga, i bpleanáil teanga agus i bhforbairt pobail Ghaeltachta. Shane Grant is a PhD student with the Irish Department in Mary Immaculate College, Limerick. Shane graduated as a primary school teacher in 2016 following his completion of the Bachelor of Education (B.ED) programme. He was awarded a Departmental Assistantship with the college in 2017 to undertake his postgraduate studies under the supervision of Dr. Róisín Ní Ghairbhí. His research is concerned with the practices and fostering of a group of Irish poets linked to the West Kerry Gaeltacht of Corca Dhuibhne and South Kerry Gaeltacht of Uíbh Ráthach.
Ar an gclár seo labhraíonn Cian Mac Cárthaigh linn sa stiúideó faoin bhféile mhór cheoil Womax ar fhreastail sé uirthi sa Bhreatain Bheag agus labhraím le hAralt Mac Giolla Chainnigh agus é ar thuras le grúpa mór Meiriceánach is Ceanadach timpeall ar na ceantair Ghaeltachta uilig in Éirinn. Cloisimid ó dhaoine eile ar an turas agus roinnt acu ag ceol agus iad i láthair ag cúrsa Gaeilge de chuid Oidis Gael i nGleann Cholm Cille, Dún na nGall.