Podcasts about luimneach

  • 19PODCASTS
  • 130EPISODES
  • 12mAVG DURATION
  • 1EPISODE EVERY OTHER WEEK
  • Mar 31, 2025LATEST

POPULARITY

20172018201920202021202220232024


Best podcasts about luimneach

Latest podcast episodes about luimneach

Clare FM - Podcasts
Ar An Lá Seo - 15-04-2025

Clare FM - Podcasts

Play Episode Listen Later Mar 31, 2025 2:20


Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 15ú lá de mí Aibreán, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1972 dúradh go mbeadh leabhair luachmhar ó Bhaile Átha Cliath chun a bheith I gceant I Londain I gceann seachtain. I 1983 cuireadh cheist ar Fhianna Fáil ó Pharlaimint na hEorpa conas ar chaith siad 40,000 punt den airgid EEC ag tosach an bhliain. I 1983 bhí cuir chun cinn mór ann don iarracht chun Inbhear na Sionainne a chuir ar aghaidh. I 2005 dúirt Comhairle Contae an Chláir ní raibh aon bhonn cirt I gcóir na plean a bhí ag Luimneach chun an teorainn a mhéadú chuig oirdheisceart an chontae. Sin David Bowie le Let's Dance – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 1983. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1989 shroich an ghrúpa The Bangles uimhir a haon sna cairteacha sa Bhreatain lena amhrán Eternal Flame agus d'fhan siad ann ar feadh ceithre sheachtain. Chomh maith leis sin bhí sé uimhir a haon san Astráil agus Meiriceá. I 2010 tháinig sé amach nach raibh daoine sásta nuair a chuaigh siad chun Whitney Houston a fheiceáil I gceolchoirm. Dúirt Whitney go raibh sí ag canadh do shlua deacair. Bhí sí san ospidéal roimh an cheolchoirm ar feadh tamall le riníteas. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh aisteoir Seth Rogan I gCeanada I 1982 agus rugadh aisteoir Emma Watson sa Fhrainc ar an lá seo I 1990 agus seo chuid de na rudaí a rinne sí. Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo. Welcome back to another edition of Ar An Lá Seo on the 15th of April, with me Lauren Ní Loingsigh 1972: a valueable collection of books from dublin was to be auctioned in london in the next week. 1983: fianna fail was facing a european parliament inquiry on how it spent £40,000 of EEC money earlier this year. 1983: efforts to promote the shannon estuary and its vast potential recieved a major boost through a report launched this week. 2005: Clare county council said there was no justification for contentious plans by limerick city to extend its boundary into south east clare. That was David Bowie with Let's Dance – the biggest song on this day in 1983. Onto music news on this day In 1989 American all girl group The Bangles started a four-week run at No.1 on the UK singles chart with 'Eternal Flame.' Also a No.1 in Australia (the biggest selling single of 1989) and the United States. 2010 After receiving some bad reviews and even enduring some boos during her performance, Whitney Houston brushed off criticism of her first show in the UK in over eleven years by insisting she was playing to a 'tough crowd'. She had recently been hospitalized with chronic rhinopharyngitis, which is a swelling of the membranes in the nose and throat. And finally celebrity birthdays on this day – actor Seth Rogan was born in Canada in 1982 and actress Emma Watson was born in France in 1990 and this is some of the stuff she has done. I'll be back with you tomorrow with another edition of Ar An Lá Seo.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Caoimhín Ó Flannúra

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Mar 25, 2025 13:19


Bhí an bitheolaí mara i láthair ag an Skipper Expso i gColáiste na hOllscoile i Luimneach.

bh caoimh gcol luimneach
Learn Irish & other languages with daily podcasts
20250310_IRISH__capaill_ar_strae_fos_ina_fhadhb_mhor_i_luimneach

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Mar 10, 2025 13:05


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2aeamuzk Contact: irishlingos@gmail.com Stray horses remain a major problem in Limerick. Capaill ar strae fós ina fhadhb mhór i Luimneach. By Tomás Ó Mainnín Limerick County Council and City Council have spent over €500,000 over the past 6 years trying to combat stray horses. Le Tomás Ó Mainnín Tá os cionn €500,000 caite ag Comhairle Contae agus Comhairle Cathrach Luimnigh le 6 bliana anuas ag iarraidh dul i ngleic le capaill atá ar strae. Stray horses have been an ongoing problem in certain parts of the county for years, and the problem was recently raised in the Dáil. Is fadbh leanúnach í, capaill ar strae in áiteanna áirithe sa chontae le blianta, agus ardaíodh an fhadhb sa Dáil le deanaí. It was said that certain parts of Limerick felt like they were still in the Victorian era with horses and their manure visible all over the place. Dúradh go raibh áiteanna áirithe i Luimneach ar nós go raibh siad fós sa ré Victeoiriach le capaill agus a gcuid aoiligh le feiceáil ar fud na h-áite. It is a common sight in certain areas of Limerick city and county to see horses out on the roads and in public parks. Is radharc comónta i gceantair áirithe i gcathair agus i gcontae Luimnigh, capaill a fheiceáil amuigh ar na bóithre agus i bpáirceanna poiblí. Efforts have been made over the years to bring some control to the practice so that the horses do not cause a nuisance to the public. Tá iarrachtaí déanta le blianta smacht éigin a chur ar an gcleachtas chun nach mbeadh na capaill ag cur as don bpobal. The local authority has the power to seize horses if they are found stray or unattended on public land. Tá an chumacht ag an h-udaráis áitiúla na capaill thógaint má bhíonn siad ar strae nó gan éinne i bhfeighil orthu ar thalamh poiblí. This is saving Limerick county and city council thousands of euros every year. Tá sé seo ag cosaint na mílte euro ar an gcomhairle contae agu cathrach i Luimneach gach aon bhliain. According to figures obtained by RTÉ/TG4 News, local councils have taken possession of 605 horses at a cost of almost €643,000 in Limerick since 2019. De réir figuirí atá faighte ag Nuacht RTÉ/TG4 thóg na comhairlí áitiúla seilbh ar 605 capall ar chostas do nach mór €643,000 i Luimneach ó 2019. The horses are either taken to a horse shelter or euthanized. Tugtar na capaill do ionad dídine do chapaill nó cuirtear den saol iad. The problem and the cost were recently raised in the Dáil. Ardaíodh an fhadhb agus an costas sa Dáil le deanaí. Sinn Féin MP for Limerick city Maurice Quinlivan said that there were young people who had no control or respect for their horses. Dúirt an Teachta Dála do chuid Shinn Féin ó chathair Luimnigh Maurice Quinlivan go raibh daoine óga ann nach raibh aon smacht ná meas acu ar a gcuid capall. He said that there were certain areas of the city where there were still views, he said, that were as if the place was still hundreds of years behind today's life. Dúirt sé go raibh ceantair áirithe sa chathair ina raibh radharcanna fós ann, a dúirt sé, a bhí ar nós go raibh an áit fós na céadta blian laistiar do shaol an lae inniu. Minister of State for Agriculture Michael Healy Rae said that the disrespect shown to animals in some places was unacceptable. Dúirt an tAire stáit sa Roinn Talmhaíochta Michael Healy Rae nach raibh aon ghlacadh leis an ndroch mheas atá á léiriú d'ainmhithe in áiteanna. He said that the legislation was currently being reviewed and that it would be strengthened to give the authorities more powers to tackle the problem if necessary. Dúirt sé go raibh athbhreithniú á dhéanamh ar an reachtaíocht fé láthair agus go ndéanfar é a neartú chun breis cumhachtaí a thabhairt do na h-údaráis chun dul i ngleic leis an bhfadhb má bhíonn gá leis sin. So far, already this year, the local authority in Limerick has taken possession of another 15 horses.

Nuacht Mhall
15 Feabhra 2025 (Luimneach)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Feb 15, 2025 6:03


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an cúigiú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Sibéal Dempsey.Bhí Elon Musk le feiceáil go poiblí ag an Teach Bán an tseachtain seo, ina cháil mar cheannaire na roinne nua, Roinn Éifeachtacht an Rialtais. Dúirt sé go raibh oifigigh sa Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta, ar a dtugtar USAID, i mbun calaoise trí ghlacadh le síntí láimhe. D'áitigh sé freisin go raibh a fhoireann trédhearcach maidir le hoifigigh éagsúla a bhaint de ranna rialtais. Ní faisnéis phoiblí é tuarastal Musk féin, chomh maith le fostaithe na roinne a bhainistíonn sé. Tháinig Musk go dtí an Teach Bán in éineacht lena mhac, X, chomh maith leis an Uachtarán Donald Trump, a shínigh ordú feidhmiúcháin an tseachtain seo á cheangal ar ghníomhaireachtaí comhoibriú le roinn Musk.Tá moltaí á mbreithniú chun rialú an chórais tithíochta in Éirinn a athrú. Go háirithe, d'fhéadfadh an margadh cíosa athrú ón gcóras reatha “crios brú cíosa” go córas nua “cíos tagartha”. Faoin gcóras nua, chinnfí méaduithe cíosa trí thithe áitiúla den cháilíocht chéanna a bhreithniú. D'áitigh an Taoiseach go bhfuil gá le timpeallacht polasaí níos seasmhaí chun infheistíocht phríobháideach a spreagadh. Fuarthas amach i dtuarascáil ón gCoimisiún Tithíochta, a foilsíodh anuraidh, go raibh roinnt saincheisteanna ann maidir leis an gcóras reatha lena n-áirítear neamhchomhlíonadh, agus an difríocht idir cíosanna tionóntaí reatha agus tionóntaí nua. Tá imní ann, áfach, go bhféadfadh cíosanna níos airde a bheith ag tionóntaí reatha mar thoradh ar an gcóras nua.Dhiúltaigh an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe dearbhú idirnáisiúnta ar AI a shíniú ag cruinniú mullaigh i bPáras an tseachtain seo. Geallann an ráiteas, atá sínithe ag go leor tíortha, lena n-áirítear an Fhrainc agus an tSín, cur chuige “oscailte”, “uilechuimsitheach”, agus “eiticiúil” chun an teicneolaíocht a fhorbairt. Dúirt rialtas na Ríochta Aontaithe nár síníodh é mar gheall ar imní faoi shlándáil náisiúnta agus rialachas domhanda. Dúirt LeasUachtarán na Stát Aontaithe, JD Vance, leis an gcruinniú mullaigh gur cheart tosaíocht a thabhairt do “bheartais AI ar son an fháis” thar shábháilteacht. Tagann sé seo tar éis na nuachta an tseachtain seo caite go bhfuil múnla AI cruthaithe ag comhlacht Síneach, DeepSeek, a tháirgeann aschur ar chostais níos ísle ná ChatGPT, a tháinig ó na Stáit Aontaithe.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISRoinn Éifeachtacht an Rialtais - Department of Government Efficiencysíntí láimhe - kickbackscrios brú cíosa - rent pressure zoneneamhchomhlíonadh - non-compliancecruinniú mullaigh - summit meetingaschur - output

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20250128_IRISH__245,000_aitreabh_ar_fud_na_tire_gan_cumhacht_leictreach_i_gconai

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Jan 28, 2025 15:02


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/25z5qam6 Contact: irishlingos@gmail.com 245,000 homes across the country remain without electrical power. 245,000 áitreabh ar fud na tíre gan cumhacht leictreach i gcónaí. Around 180,000 properties in the State are still without electrical power following Storm Éowyn which caused extensive damage across the country last Friday. Tá thart ar 180,000 áitreabh sa Stát fós gan cumhacht leictreach i ndiaidh Stoirm Éowyn a rinne díobháil mhór ar fud na tíre Dé hAoine seo caite. Cavan, Monaghan, Westmeath, Longford, Roscommon, Clare, Galway, Silesia and Donegal are the areas that continue to suffer the most, according to the Electricity Supply Board. An Cabhán, Muineachán, an Iarmhí, an Longfort, Ros Comáin, an Clár, Gaillimh, Silgeach agus Dún na nGall, sin iad na ceantair is mó atá thíos leis i gcónaí, dar le Bord Soláthair an Leictreachais. The company estimates that power will be restored in many of these areas by next Friday, but they say that other areas will remain without it for some time to come. Measann an comhlacht go mbeidh an chumacht ar ais i gcuid mhór de na háiteanna sin faoin Aoine seo chugainn ach deir siad go mbeidh áiteanna eile fágtha dá huireasa go ceann tamaill eile. It is estimated that 65,000 homes in the North are still without electrical power. Meastar go bhfuil 65,000 áitreabh sa Tuaisceart fós gan cumhacht leictreach. The fact that the Electricity Supply Board has asked electricity companies abroad to come to their aid is a testament to the great work that still needs to be done. Léiriú ann féin ar an obair mhór atá le déanamh fós is ea gur iarr Bord Soláthair an Leictreachais ar chomhlachtaí leictreachais thar lear teacht i gcabhair orthu. Teams from Austria and Finland have arrived in Ireland today to assist technicians in restoring power. Tá meithleacha ón Ostair agus ón bhFionlainn tagtha go hÉirinn inniu le cuidiú le teicneoirí abhus an chumhacht a thabhairt ar ais. More teams will be arriving from France and the Netherlands in the next few days. Beidh tuilleadh meithleacha ag teacht ón bhFrainc agus ón Ísiltír as seo go ceann cúpla lá. In addition to electrical power, approximately 74,000 households are still without water supply. Chomh maith le cumhacht leictreach, tá thart ar 74,000 áitreabh gan soláthar uisce i gcónaí. To make matters worse, Irish Water says that another 70,000 properties could soon lose their water supply. Mar bharr ar an donas, deir Uisce Éireann go m'fhéidir go gcaillfeadh 70,000 áitreabh eile fós a soláthar uisce siúd go gairid. These are homes, the company says, that receive water from reservoirs that are gradually drying up because they have not had electrical power since last Friday. Áitribh iad sin, a deir an comhlacht, a fhaigheann uisce ó thaiscumair atá ag dísciú de réir a chéile mar nach bhfuil cumhacht leictreach acu ón Aoine seo caite. The Government has established emergency hubs in sixteen counties across the State to provide relief to people whose needs are not being met following the storm. Tá moil éigeandála bunaithe ag an Rialtas i sé chontae dhéag ar fud an Stáit le fóirithint a chur ar fáil do dhaoine nach bhfuil riar a riachtanais acu tar éis na stoirme. Hot meals, broadband services and laundry facilities are being provided in the various centres. Leithéidí béilí te, seirbhísí leathanbhanda agus áiseanna níocháin atá á gcur ar fáil sna hionaid éagsúla. Cavan, Monaghan, Westmeath, Meath, Longford, Leitrim, Roscommon, Cork, Limerick, Galway, Sligo, Donegal, Laois, Offaly, Wicklow and Wexford are the counties in which the emergency hubs are based. An Cabhán, Muineachán, an Iarmhí, an Mhí, an Longfort, Liatroim, Ros Comáin, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh, Sligeach, Dún na nGall, Laois, Uíbh Fhailí, Cill Mhantáin agus Loch Garman, sin iad na contaetha a bhfuil na moil éigeandála bunaithe iontu.

Nuacht Mhall
25 Eanáir 2025 (Luimneach)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jan 25, 2025 5:00


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Aoife Ní Bhraoin. Taifeadadh an ghaoth ba láidre riamh in Éirinn le linn Stoirm Éowyn inné. Ag Ceann Mhása i gConamara taifeadadh meánluas de 135km/h agus séideán amháin de 183km/h go luath maidin Dé hAoine. Bhí rabhadh dearg gaoithe i bhfeidhm ar fud an oileáin go dtí meán lae, agus moladh go láidir do dhaoine fanacht sa bhaile agus gan dul amach le linn na stoirme. Ar cheann de na stoirmeacha ba mheasa a bhuail Éire ó tharla Oíche na Gaoithe Móire sa bhliain 1839, d'fhág Stoirm Éowyn na mílte gan leictreachas, go háirithe ar an gcósta thiar. Scriosadh an "Air Dome" de chuid Chumann Lúthchleas Gael Chonnacht agus rinneadh a lán damáiste eile timpeall na tíre.  Toghadh Micheál Martin ina Thaoiseach faoi dheireadh Déardaoin tar éis cúpla lá d'argóintí agus an Dáil ina cíor thuathail. Tharla na fadhbanna nuair a fógraíodh go gcuirfí an Dáil ar fionraí go ceann coicíse agus nuair a tugadh am cainte an Fhreasúra do ghrúpa Teachtaí Dála atá ag tacú leis an Rialtas. Bhí ar an Ceann Comhairle nua, Verona Murphy, imeachtaí a chur ar fionraí roinnt uaireanta ach ar deireadh toghadh Micheál Martin ina Thaoiseach. Cáineadh an chomh-aireacht nua a ceapadh freisin, ós rud é nach bhfuil ach triúr ban ann as cúig Aire dhéag, agus gur as Baile Átha Cliath nó Cúige Laighin tromlach mór díobh, gan ach duine amháin, Dara Calleary as Cúige Chonnacht agus duine ar bith as Cúige Uladh. I Stáit Aontaithe Mheiriceá, rinneadh Donald Trump a insealbhú ina Uachtarán Dé Luain. Ba é an chéad uair a tharla an searmanas oirnithe taobh istigh ó bhí 1985 ann, mar gheall ar dhrochaimsir, de réir Trump féin. D'fhógair sé "tús ré órga" don tír ina óráid agus shínigh sé sraith orduithe feidhmiúcháin láithreach. I measc na n-orduithe bhí bearta chun Meiriceá a thógáil amach as an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, chun saoránacht uathoibríoch a bhaint de leanaí a bheirtear i Meiriceá, chun na logainmneacha Murascaill Mheicsiceo agus Denali a athrú go Murascaill Mheiriceá agus Sliabh McKinley agus chun pardún a thabhairt dóibh siúd a bhí páirteach san ionsaí ar Chnoc an Chaipeatóil ar an 6 Eanáir 2021. Cuireadh i gcoinne na horduithe seo, agus breitheamh feidearálach amháin ag rá nach dtagann siad le Bunreacht Mheiriceá. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS meánluas - average speed séideán - gust cíor thuathail - chaos cuir ar fionraí - suspend searmanas oirnithe - inauguration ceremony orduithe feidhmiúcháin - executive orders

donald trump pr aire bh baile denali miche ean gaeilge uachtar conradh cliath meirice londain inniu teachta d luimneach gconamara d haoine cuireadh rialtas chumann l d luain nuacht mhall
Clare FM - Podcasts
Ar An Lá Seo - 05-02-2025

Clare FM - Podcasts

Play Episode Listen Later Jan 13, 2025 2:01


Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 5ú lá de mí Feabhra, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1994 bhí imreoir iománaíochta Johnny Flaherty ag íoc nach mór 5,000 punt do dhamáiste de bharr gur rinne sé ionsaí ar imreoir eile I rith cluiche seacht mbliana roimhe. I 2011 bhí gaoth de 120 km timpeall an tír. Chaill daoine leictreachas, chuir sé isteach leis an chóras iompar poiblí agus bhí an damáiste déanta. I nGaillimh bhí tuillte ann agus bhí a lán damáiste déanta chuig páirc haca. I 1994 bhí báisteach an trom sa chontae. Dhún an líne iarnróid ó Inis chuig Luimneach in aice le Newmarket. Dhearbhaigh Iarnróid Éireann nach raibh a líne sábháilte. Tharla an rud céanna sa chontae sna 1980oidí. I 2011 tháinig Micheál Martin chuig Inis. Chuaigh sé ann chun labhairt faoin róphlódú san ospidéal in Inis. Sin Scream and Shout ó Will.I.Am agus Britney Spears – an t-amhrán is mó ó 2013. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 2006 chan The Rolling Stones 3 amhrán I rith an Half Time Super Bowl. Tar éis an t-imeacht dúirt siad nach raibh siad sásta gur chas siad síos maidhc Mick Jagger I rith an t-amhrán Start Me Up. I 2016 tháinig sé amach go raibh speiceas nua de tarantúla dubh ann a raibh ina chónaí I gCalifornia agus fuair sé a ainm ó Johnny Cash. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh imreoir saccar Cristiano Ronaldo sa Phortaingéil I 1985 agus rugadh amhránaí Bobby Brown I Meiriceá ar an lá seo I 1969 agus seo chuid de a amhrán. Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20250106_IRISH__na_milte_gan_uisce,_gan_aibhleis_de_bharr_an_tseaca_mhoir

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Jan 6, 2025 10:37


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/29vurjl3 Contact: irishlingos@gmail.com Thousands without water, without electricity due to the severe frost. Na mílte gan uisce, gan aibhléis de bharr an tseaca mhóir. Thousands of people are without electrical power and water supply in various parts of the country due to the severe frost. Tá na mílte daoine gan cumhacht leictreach agus soláthar uisce in áiteanna éagsúla sa tír mar gheall ar an sioc mór. The Electricity Supply Board says that around 40,000 customers are currently without electricity and the company estimates that some of those people will not have power restored for the next few days. Deir Bord Soláthair an Leictreachais gur thart ar 40,000 custaiméir atá gan leictreachas faoi láthair agus measann an comhlacht nach mbeidh an chumhacht ar ais ag roinnt de na daoine sin go ceann cúpla lá eile. Irish Water says around 40,000 customers are without water supply but the company is hopeful that it will be restored to most of them by lunchtime. Deir Uisce Éireann go bhfuil thart ar 40,000 custaiméir gan soláthar uisce ach tá an comhlacht dóchasach go mbeidh sé ar ais ag an gcuid is mó acu faoi am lóin. However, water levels in some reservoirs are currently low, which is causing difficulties for technicians trying to restore supply, Irish Water says. Tá leibhéal an uisce i roinnt taiscumar íseal i láthair na huaire, áfach, agus tá sin ag cothú deacrachtaí do na teicneoirí atá ag féachaint leis an soláthar a thabhairt ar ais, a deir Uisce Éireann. Education Minister Norma Foley says most schools in the country are open but some are closed for safety reasons. Deir an tAire Oideachais Norma Foley go bhfuil an chuid is mó de scoileanna na tíre oscailte ach go bhfuil roinnt acu dúnta ar chúinsí sábháilteachta. Areas in the south of the country are most affected, such as Kerry, Cork, Limerick, Tipperary, Waterford, Carlow and Kilkenny. Áiteanna i ndeisceart na tíre is mó atá thíos leis, mar atá, Ciarraí, Corcaigh, Luimneach, Tiobraid Árann, Port Láirge, Ceatharlach agus Cill Chainnigh. In addition to the frost, snow and sleet are affecting people and various services. Chomh maith leis an sioc, tá sneachta agus flichsneachta ag dul i gcion ar dhaoine agus ar sheirbhísí éagsúla. The Health Service Executive says that a number of outpatient appointments have been postponed in Limerick, Ennis and Nenagh due to icy roads in those areas. Deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil roinnt coinní othar seachtrach curtha ar athlá i Luimneach, in Inis agus san Aonach de bharr na bóithre sna háiteanna sin a bheith faoi reothalach. Rain, snow, hail and sleet are again promised today and meteorologists say temperatures could drop as low as five degrees below freezing. Tá báisteach, sneachta, clocha sneachta agus flichshneachta geallta arís inniu agus deir na meitéareolaithe go bhféadfadh an teocht titim chomh híseal le cúig chéim faoi bhun an reophointe. Met Éireann has extended the yellow weather warning they had issued by twelve hours. Tá síneadh dhá uair an chloig déag curtha ag Met Éireann leis an bhfógra buí aimsire a bhí eisithe acu. The announcement was due to end at noon this Thursday but that has now been changed to midnight Thursday. Bhí deireadh le teacht leis an bhfógra ag meán lae Déardaoin beag seo ach tá sin athraithe anois go meán oíche Déardaoin. RTÉ News and Current Affairs Carrickpatrick, Co Tipperary Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Carraig Phádraig, Co Thiobraid Árann

Clare FM - Podcasts
Ar An Lá Seo - 10-01-2025

Clare FM - Podcasts

Play Episode Listen Later Dec 20, 2024 1:57


Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 10ú lá de mí Eanair, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1987 tháinig an airm Iosraelach amach agus dúirt siad gur mharaigh siad saighdiúir Éireannach Dermot McLoughlin. Mharaíodh 21 saighdiúir Éireannach ar an misean sin. I 1997 chuaigh Frank Sinatra chuig an ospidéal in LA nuair a bhí taom croí aige. Tháinig sé amach as an ospidéal dhá lá roimhe do rud eile agus bhí sé san ospidéal I mí na Samhna an bhliain roimhe do niúmóine. I 1981 tofa Walton Empey mar Easpag den Eaglais na hÉireann de Luimneach agus Cill Dalua. I 1997 bhí ospidéal sa chontae ag fáil réidh do stailc do na haltraí. Bhí an stailc ann de bharr chúrsaí pá. Dúirt ceannairí an ceardchumann go mbeadh a lán cur isteach ar obair agus clinic na n-othar seachtrach. Sin The Spice Girls le 2 Become 1, an t-amhrán is mó ar an lá seo i 1997. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1984 bhí Cyndi Lauper an chéad amhránaí baineann ó Bobbie Gentry I 1967, a raibh ainmnithe do cúig Grammy Awards. I 2003 bhí Maurice Gibb ó na Bee Gees ag streachailt leis an mbás tar éis taom croí a bheith aige tar éis obráid a fháil. Chuaigh sé chuig an ospidéal láithreach bonn tar éis a thit sé ina dteach I Florida. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh George Forman I Meiriceá I 1949 agus rugadh amhránaí Rod Stewart sa Bhreatain ar an lá seo I 1945 agus seo chuid de a amhrán. Beidh mé ar ais libh an tseachtain seo chugainn le heagrán nua de ar an lá seo.

Tipp FM Radio
Ar An Lá Seo 17-12-24

Tipp FM Radio

Play Episode Listen Later Dec 20, 2024 2:12


Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 17ú lá de mí na Nollaig, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1978 phléasc trí bhuama I Londain, le dhá cheann I gcarrchlós YMCA ach níor ghortaíodh aon duine. Pléasc an tríú bhuama taobh amuigh de Linn Snámha. Ghortaíodh fear ina 70oidí agus chuaigh sé chuig an ospidéal. I 1993 chuaigh Adam Clayton agus Naomi Campbell ag siopadóireacht timpeall Bhaile Átha Cliath. Nuair a bhí siad ann cheannaigh siad fáinne gealltanais agus fáinne cluaise diamant. I 2009 bhí an chéad chuid den mhótarbhealaigh ón Aonach Urmhumhan chuig Luimneach chun oscailt. Dhiúltaigh cúpla comhairleoir áitiúil ag an am. I 2020 shínigh Comhairle Contae Tiobraid Árann conradh is fiú 1.97 milliúin euro chun deich dteach a thógáil i Muileann na mUamhan. Sin Take That le Babe – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 1993. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1983 bhí Culture Club, Duran Duran agus The Police ar chlár teilifís sa Bhreatain darbh ainm Saturday Superstore. I 2004 d'aontaigh le Lisa Marie Presley, iníon Elvis Presley, chun 85% de a eastát a dhíol chuigh Robert Sillerman. Dhíol sí é do 100 milliúin dollar. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh Pope Frances san Airgintín I 1936 agus rugadh aisteoir Sarah Paulson I Meiriceá I 1974 agus seo chuid de na rudaí a rinne sí. Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.

RTÉ - Barrscéalta
Charlie Ní Sheibhleáin duine d'imreoirí na nDúnaibh.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Dec 13, 2024 5:32


Tabharfaidh foireann ban na nDúnaibh aghaidh ar Naomh Pól Mhungarait as Luimneach i gCluiche Ceannais Sóisir na hÉireann i bPeil Shinsir na mBan ar an Domhnach.

mban duine luimneach
Tipp FM Radio
Ar An Lá Seo 12-12-24

Tipp FM Radio

Play Episode Listen Later Dec 11, 2024 2:02


Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 12ú lá de mí na Nollaig, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1976 áitigh ar triúr ghrúpa gnó i mBaile Átha Cliath chun an stailc bhus a stopadh. Chaill siad a mílte gach lá ag an am sin. Chuir an stailc isteach ar bus timpeall Baile Átha Cliath, Port Láirge agus Luimneach. I 1985 Bhí timpiste eitleán a bhí 250 saighdiúirMeiriceánach air. Bhí siad ag dul abhaile ar feadh an Nollaig. Pléasc an t-eitleán díreach tar éis a d'éirigh sé in airde. Maraíodh gach duine a bhí ar an t-eitleán. I 1998 fuair cumann gailf Aonach Urmhumhan 700,000 punt d' athfhorbairt agus leathnú. Dúradh go mbeidh sé go hiontach don turasóireacht agus feabhsú don bhaile agus na háiseanna spóirt. I 2016 ghoideadh cú is fiú níos mó ná milliún euro. Clares Rock darbh ainm den mhadra agus bhí sé traenáilte ó Graham Holland. Sin Feargal Sharkey le A Good Heart – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 1985. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1970 sheinm an bhanna cheoil The Doors a cheolchoirm deireanach le Jim Morrison nuair a sheinm siad ag The Warehouse i New Orleans. I 2007 fuair Ike Turner bás ag aois 76 ag a dteach i gCalifornia. Bhí sé an fear chéile de Tina Turner. Bhí sé giotáraí agus pianódóir den scoth. Rinne sé an chéad amhrán rac is roll i 1951. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh amhránaí Daniel O'Donnell i nDún na Gall i 1961 agus rugadh amhránaí Dionne Warwick i Meiriceá i 1940 agus seo chuid de a amrán. Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.

Nuacht Mhall
23 Samhain 2024 (Luimneach)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Nov 23, 2024 5:30


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Sibéal Dempsey. Tá eagla ann go leathnófar an cogadh in oirthear na hEorpa tar éis do na Stáit Aontaithe agus don Ríocht Aontaithe cead a thabhairt don Úcráin diúracáin dá gcuid a theilgean ar an Rúis. Mar fhreagra, lainseáil na Rúisigh diúracán balaistíoch trialach nua – ar a dtugtar “Oreshnik” nó “an crann coill” -  agus bualadh saoráid mhíleata sa chathair Dnipro Déardaoin. Tá sé ráite ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin nach féidir an diúracán balaistíoch nua seo a stopadh, ach tá na hÚcránaigh ag obair ar bhealaí nua chun iad féin a chosaint ó aerionsaithe. I mBaile Átha Cliath, fuair giúiré san Ard-Chúirt go ndearna Conor McGregor ionsaí gnéasach ar Nikita Hand sé bliana ó shin agus bronnadh damáistí ceathrú milliúin euro ar Hand. Le linn na trialach, chualathas gur tharla an t-ionsaí tar éis cóisir Nollag agus gur tháinig neamhord strus iarthrámach, nó PTSD, ar Hand, nach raibh in ann filleadh ar an obair agus nár mhothaigh sábháilte ina ceantar dúchais, Droimneach. Shéan McGregor na líomhaintí ar fad, agus thacaigh cara dá chuid leis, ach dúirt dochtúir a scrúdaigh an bhean an lá dár gcionn sa Rotunda go raibh sé ar cheann de na cásanna ba mheasa a bhí feicthe aige.  Tuairiscíodh Dé hAoine go bhfuil an t-aisteoir mór le rá Cillian Murphy agus a bhean, an t-ealaíontóir Yvonne McGuinness, tar éis phictiúrlann a cheannach i nDaingean Uí Chúis. Osclaíodh The Phoenix sa bhaile Gaeltachta sa bhliain 1919 ach bhí ar na húinéirí roimhe seo é a dhúnadh trí bliana ó shin mar gheall ar éifeachtaí na paindéime, costais arda agus an líon beag custaiméirí. Dúirt Murphy go mbíodh sé féin, agus a athair roimhe, ag freastal ar an bpictiúrlann blianta fada ó shin agus iad ar saoire sa cheantar. Dúirt na húinéirí freisin go gcuirfí an Ghaeilge san áireamh agus iad ag pleanáil chlár na pictiúrlainne. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS diúracán balaistíoch - ballistic missile crann coill - hazel tree saoráid mhíleata - military facility ionsaí gnéasach - sexual assault neamhord strus iarthrámach - post-traumatic stress disorder líomhaintí - allegations

Clare FM - Podcasts
Ar An Lá Seo - 12-12-2024

Clare FM - Podcasts

Play Episode Listen Later Nov 14, 2024 2:05


Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 12ú lá de mí na Nollaig, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1976 áitigh ar triúr ghrúpa gnó i mBaile Átha Cliath chun an stailc bhus a stopadh. Chaill siad a mílte gach lá ag an am sin. Chuir an stailc isteach ar bus timpeall Baile Átha Cliath, Port Láirge agus Luimneach. I 1985 Bhí timpiste eitleán a bhí 250 saighdiúirMeiriceánach air. Bhí siad ag dul abhaile ar feadh an Nollaig. Pléasc an t-eitleán díreach tar éis a d'éirigh sé in airde. Maraíodh gach duine a bhí ar an t-eitleán. I 1976 Roghnaigh Comhairle Turasóir an Chláir a chéad bain Chris O'Neill ó Lios Dúin Bhearna. Tháinig sí isteach in ionad Tom Mannion. I 1995 bhí dumpáil mhídhleathach dramhaíola ag tarlú sa chontae. Mhaígh na daoine a raibh ina chónaí i Clonoughter go raibh dramhaíl tí i bpáirc ó leoraí ó Flannery Contract Waste. Dhiúltaigh Paul Flannery na líomhaintí. Sin Feargal Sharkey le A Good Heart – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 1985. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1970 sheinm an bhanna cheoil The Doors a cheolchoirm deireanach le Jim Morrison nuair a sheinm siad ag The Warehouse i New Orleans. I 2007 fuair Ike Turner bás ag aois 76 ag a dteach i gCalifornia. Bhí sé an fear chéile de Tina Turner. Bhí sé giotáraí agus pianódóir den scoth. Rinne sé an chéad amhrán rac is roll i 1951. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh amhránaí Daniel O'Donnell i nDún na Gall i 1961 agus rugadh amhránaí Dionne Warwick i Meiriceá i 1940 agus seo chuid de a amrán. Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Micheál Ó Céilleachair; Soláthróir bainne.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Nov 13, 2024 11:42


An bhfuil soláthróirí bainne sásta leis an margadh idir Ghrúpa Chiarrai agus Comharchumann Chiarrai. Bhí cruinniú ag coiste comhairleach na bhfeirmeoirí i Luimneach aréir agus bhí Micheál i láthair.

bh miche ghr luimneach
Clare FM - Podcasts
Ar An Lá Seo - 20-11-2024

Clare FM - Podcasts

Play Episode Listen Later Nov 11, 2024 2:08


Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 20ú lá de mí na Samhna, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1986 labhair Ronald Reagan ar an teilifís faoin scannal a bhí ann maidir le h-airm a dhíol siad. Bhí a lán conspóid ann faoi sin – de bharr gur dhíol siad airm chuig Iran. I 2008 bhaineadh cor coise as na húdaráis Francaigh don chás den dúnmharú Sophie Toscan du Plantier I 1996. Ní bhfuair siad aon fhianaise nua. Bhí frustrachas ar na póilíní ón Fhrainc mar ní raibh na nGardaí ag comhroinnt na gcomhad a bhí acu. I 1974 cháil Bridget O'Reilly ó Inis don bhean an tí den bhliain. Bhuaigh sí dearbhán de 25 punt. Bhí an ceannas I mBaile Átha Cliath agus bhí cúig iomaitheoir ann. Fuair an buaiteoir dearbhán do 100 punt ag an deireadh. I 1986 nach mór bháig ceithre fhear ó Parteen nuair a d'iompaigh a bhád nuair a bhí siad ag féachaint do Chiarán O'Sullivan. Tharrtháil iad timpeall an tSionainn ón mbriogáid dóiteáin ó Luimneach. Sin Berlin le Take My Breath away – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 1986. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1984 fuair Michael Jackson réalt ar an Hollywood Walk of Fame os comhair amharclann Mann's Chinese I Los Angeles. Bhí Michael Jackson an 1,793 duine a fuair réalt ag an am. I 2004 gearradh fíneáil 40,000 punt ar Liam Gallagher tar éis a bhí sé I dtroid in óstán sa Ghearmáin. Gabhadh Liam Gallagher chomh maith le Alan White agus triúir fhear eile ón bhanna ceol. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo, rugadh Robert F Kennedy ar an lá seo I 1925 agus rugadh amhránaí Michael Clifford san Astráil I 1995 agus seo chuid de a amhrán. Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.

RTÉ - Adhmhaidin
Mary Cahillane, Urlabhraí ar son an ghrúpa Feachtas Ospidéal Mhéan Iarthair

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Sep 23, 2024 7:59


An fiosrúchán neamhspleách a déanadh faoi bhás Aoife Johnston in Ospidéal na hOllscoile i Luimneach i 2022 foilsithe.

luimneach feachtas ospid
Nuacht Mhall
21 Meán Fómhair 2024 (Luimneach)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Sep 21, 2024 6:28


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey. Tharla an dara hiarracht ar Donald Trump a fheallmharú tráthnóna Dé Domhnaigh ar a chúrsa gailf in West Palm Beach. Bhí an t-amhrastach ag fanacht i dtoir an chúrsa gailf sula bhfaca Gníomhairí na Seirbhíse Rúnda é. Tá an t-amhrastach cúisithe as coireanna gunna cónaidhme agus d'fhéadfadh go mbeadh cúiseamh breise i gceist. Tá sé ina thacadóir glórach don Úcráin, tar éis dó a bheith faoi agallamh ag an BBC roimhe seo ar an ábhar agus ag rá go poiblí go raibh sé ag iarraidh saighdiúirí Afganastánacha a earcú chun bogadh go dtí an Úcráin. Tá leabhar ar an ábhar foilsithe aige ar Amazon freisin. Labhair Trump go poiblí an lá tar éis na hiarrachta feallmharaithe, ag moladh na Seirbhíse Rúnda as sár-jab a dhéanamh agus ag cur an mhilleáin faoin dá iarracht feallmharaithe ar “reitric” ó na Daonlathaigh a thug “baol don daonlathas”, dar le Trump. Bhí dhá bhabhta pléascanna sa Liobáin an tseachtain seo a bhain úsáid as gléasanna leictreonacha. Phléasc na mílte glaoirí agus siúlscéalaithe de chuid Hezbollah, maraíodh tríocha dó duine agus gortaíodh na mílte. Ní dhearna Iosrael trácht go sonrach ar na hionsaithe ach thug sé faoi deara níos luaithe an tseachtain seo go raibh sé ag dul isteach i “gcéim nua sa chogadh”, mar a bhog a chuid trúpaí ó thuaidh go dtí an teorainn idir Iosrael agus an Liobáin. Níl sé soiléir cé chomh díreach agus a phléasc na gléasanna, le roinnt ag éileamh go raibh insíothlú déanta ag Iosrael ar an gcóras déantúsaíochta chun pléascáin a phlandáil laistigh de na gléasanna sular shroich siad Hezbollah. Gheall Hezbollah, as a chuid féin, freagra a thabhairt. Cháin grúpa príomhoidí atá ag obair i mBaile Átha Cliath tuarascáil ón OECD a choimisiúnaigh an Roinn Oideachais chun feidhmíocht na hÉireann maidir le dul i ngleic le míbhuntáiste i scoileanna a mheas. Fuarthas amach sa tuarascáil go bhfuil difríochtaí fós i dtorthaí idir scoileanna DEIS agus scoileanna eile agus daltaí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. Rud amháin a cháin na príomhoidí, áfach, ná go raibh an tuarascáil ag brath go príomha ar fhéintuairisciú na Roinne Oideachais, go raibh na moltaí gan samhlaíocht agus doiléir, agus nár tugadh cuairt ach ar shé scoil le linn tréimhse seachtaine sa bhliain fiche trí. Tá an grúpa ag iarraidh leibhéal nua tacaíochtaí deis a chur i bhfeidhm ag an roinn chun freastal ar riachtanais a gcuid scoileanna. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS feallmharú - assassination amhrastach - suspect coireanna gunna cónaidhme - federal gun crimes glaoirí agus siúlscéalaithe - pagers and walkie-talkies príomhoidí - head teachers/principals míbhuntáiste - disadvantage

RTÉ - Adhmhaidin
An tOllamh Gerry Mac Ruairc - Ollamh le hOideachas, Ollscoil na Gaillimhe.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Aug 1, 2024 5:00


Tá Ollscoil na Gaillimhe ag fáil faoi réir le cúrsa bunmhúinteoireachta iarchéime a chur ar fáil, an chéad chúrsa sa mbunmhúinteoireacht taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath agus Luimneach.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Bus;An t-ath. Tomás Ó Luanaigh

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Jul 30, 2024 9:15


Méadú 25% ar líon na n-othar atá baint buntáiste as an mbus a thugann paisinéirí ó Chiarrai go Corcaigh,agus Luimneach do chóir leighis.

luimneach corcaigh
Nuacht Mhall
20 Iúil 2024 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jul 20, 2024 7:08


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí Iúil. Is mise Oisín Mac Conamhna. Theip ar uasdátú bogearraí frith-víris de chuid an chomhlachta Crowdstrike Dé hAoine, rud a chuir isteach go hollmhór ar sheirbhísí sláinte, taistil, airgeadais, agus miondíola ar fud an domhain. Ní raibh le feiceáil ar ríomhairí ar a bhfuil bogearraí Crowdstrike acht “scáileán gorm an bháis” ar maidin. Bhí ar dhochtúirí agus altraí ar fud an domhain leanúint ar aghaidh gan taca ríomhaireachta, agus bhí an uimhir éigeandála 911 díchumasaithe i gcuid de Stáit Aontaithe Mheiriceá. Cuireadh na mílte eitiltí ar ceal, bhí ar shiopaí glacadh le hairgead tirim amháin, agus cuireadh isteach go mór ar oibríocht margaidh idirnáisiúnta. Agus é seo á scríobh, níl sé soiléir cé chomh fada agus a leanfaidh an briseadh seirbhísí. Dúirt an príomhoifigeach feidhmiúcháin le Crowdstrike, George Kurtz, go raibh an-bhrón ar an gcomhlacht faoin tubaiste. Ar an Aoine freisin, rinne an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta breithiúnas comhairleach go bhfuil forghabháil Iosrael ar chríocha Palaistíneacha neamhdhleathach. D'ordaigh an chúirt go gcuirfí deireadh leis an fhorghabháil chomh tapaidh agus is féidir, agus go ndéanfaí lán-chúiteamh as. Dúirt an Chúirt go bhfuil prionsabail bhunúsacha den dlí idirnáisiúnta sáraithe ag Iosrael sna críocha forgafa, agus leithcheal córasach déanta ag Iosrael ar na Palaistínigh ann. Rinne caoga tíortha idirghabháil sa chás, Éire ina measc, ar son na Palaistíne. Dúirt urlabhraí le Benjamin Netanyahu, príomhaire Iosrael, nach raibh ann acht “breithiúnas bréag”. Mhol Hussein Al Sheikh, ard-rúnaí Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne, an breithiúnas mar “bhua stairiúil ar son chearta mhuintir na Palaistíne”. Beidh cluiche ceannais iománaíochta na hÉireann á imirt amárach, idir an Clár agus Corcaigh, in athdhéanamh ar an dá chluiche chlasaiceacha in 2013. Tar éis stop a chur le Luimneach sa chluiche leath-cheannais, beidh Corcaigh ag lorg a gcéad chraobh is tríocha; agus beidh an Clár ag iarraidh a gcúigiú craobh a bhaint amach. Beidh Páirc an Chrócaigh lán go raftaí, agus Éireannaigh ar fud an domhain ag féachaint air, agus den chéad uair, beidh an cluiche á chraoladh beo ag an BBC. Go n-éirí an t-ádh leis an dá fhoireann. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS bogearraí frith-víris - anti-virus software scáileán gorm an bháis - the blue screen of death forghabháil - occupation leithcheal córasach - systematic discrimination breithiúnas bréag - decision of lies lán go raftaí - full to the rafters

RTÉ - An Saol ó Dheas
Michael Moynihan;Corcaigh agus an Clár le chéile i gcluiche ceannais iomána na h-Éireann

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Jul 8, 2024 11:04


Bhuaidh iománaithe Chorcaí ar Luimneach inné i gcluiche leath cheannais na h-Éireann. Muintir Chorcaí súil leis an gcluiche ceannais i gcoinne Chontae an Chláir i gceann coicíse ní nach ionadh.

lech chl agus na na michael moynihan luimneach chontae corcaigh
Nuacht Mhall
6 Iúil 2024 (Luimneach)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jul 6, 2024 6:11


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí Iúil. Is mise Sibéal Dempsey.Rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe níos luaithe an tseachtain seo go bhfuil méid áirithe díolúine ag uachtaráin ó ionchúiseamh coiriúil. Rinneadh roinnt líomhaintí i gcoinne Trump lena n-áirítear gur scaip sé éilimh bhréagacha ar chalaois toghcháin, gur chuir sé brú ar oifigigh cheartais imscrúduithe bréige a oscailt ar chalaois toghcháin agus gur chuir sé brú ar Mike Pence, a LeasUachtarán, chun bac a chur ar dheimhniú bua Biden ag an gComhdháil. Tá éifeacht ag an rialú go gcuirfí moill ar an triail, go dtí Meán Fómhair ar a laghad, rud a chiallaíonn go bhfuil seans ann nach dtarlóidh sé roimh vótáil do thoghchán na huachtaránachta. Ag an am céanna, tá cáineadh géar déanta ar Biden fós as a fheidhmíocht sa díospóireacht an tseachtain seo caite, fiú i measc chomhaltaí a pháirtí féin. Chuir Biden an milleán ar an méid taistil a rinne sé sa tréimhse roimh an imeacht.Creidtear gurb é fionnachtain nua ealaíne uaimhe ar oileán Sulawesi i ndeisceart na hIndinéise an radharc is sine ar domhan a léirítear san ealaín. Creidtear go bhfuil an phéintéireacht ar a laghad caoga míle bliain d'aois agus léiríonn sé muc allta in aice le trí fhíor atá cosúil le daoine. Mar gheall ar an suíomh a bheith ag taobh aghaidh aille, creidtear gur thug na daoine cuairt go sonrach air chun péinteáil. Tagann an fhionnachtain salach ar an toimhde a bhí ann le fada, gurbh í an Eoraip áit bhreithe na healaíne uaimhe.Lean an t-aighneas idir Aer Lingus agus a fhoireann mar go bhfuil ceithre chéad seasca a hocht eitilt curtha ar ceal ó thosaigh an fhoireann ag obair de réir rialach an tseachtain seo caite. Tá tús curtha anois ag an gCúirt Oibreachais leis an gceathrú hiarracht chun idirbheartaíocht a bhunú idir Aer Lingus agus an ceardchumann a dhéanann ionadaíocht ar son na bpíolótaí. Toisc nach bhfuil moltaí na Cúirte Oibreachais ceangailteach, vótálfaidh na píolótaí ar mholadh na Cúirte deireadh a chur leis an aighneas. Tá arduithe pá fiche faoin gcéad á lorg ag píolótaí chun boilsciú blianta beaga anuas a chúiteamh leo. Ar an taobh eile de, deir Aer Lingus nach féidir leo arduithe pá níos mó ná dó dhéag faoin gcéad a thabhairt gan roinnt gealltanas breise ó na píolótaí. San iomlán, meastar go raibh tionchar ag na stailceanna go dtí seo ar sheachtó cúig míle paisinéir. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS díolúine - immunity ionchúiseamh coiriúil - criminal prosecution fionnachtain - discovery ealaín uaimhe - cave art idirbheartaíocht - negotiation ionadaíocht - representation

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20240622_IRISH_tus_curtha_le_cas_inmheanach_maidir_le_saighdiuir_singil

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Jun 22, 2024 12:11


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words html> lang="en"> /> Unavailable Unavailable Contact: irishlingos@gmail.com An internal case has been initiated regarding a single soldier. Tús curtha le cás inmheánach maidir le saighdiúir singil. The Defense Forces of Ireland have begun an internal case regarding a soldier who pleaded guilty to brutally assaulting a woman who was left unconscious and speechless as a result. Tá tús curtha ag Óglaigh na hÉireann le cás inmheánach maidir le saighdiúir a phléadáil ciontach in ionsaí brúidiúil a dhéanamh ar bhean a fágadh gan aithne gan urlabhra dá bharr. In a court in Limerick yesterday, Single Soldier Cathal Crotty, aged 22, was given a three-year suspended prison sentence for the attack. I gcúirt i Luimneach inné, gearradh trí bliana príosúin ar fionraí ar an Saighdiúir Singil Cathal Crotty, 22 bliain d'aois, faoin ionsaí. In a statement, the Defense Forces declared that the internal case could not be started or that the civil case in court was over. I ráiteas, dhearbhaigh Óglaigh na hÉireann nár féadadh tús a chur leis an gcás inmheánach nó go raibh an cás sibhialta sa chúirt thart. The statement said that the soldier's Commanding Officer now had "various options" according to the Defense Forces Regulations. Dúradh sa ráiteas go raibh "roghanna éagsúla" anois ag Oifigeach Ceannais an tsaighdiúra de réir Rialacháin Óglaigh na hÉireann. The statement praised the woman who was attacked by Cathal Crotty – Natasha O'Brien, aged 24 – for her courage and prayed for her. Moladh sa ráiteas an bhean ar ionsaigh Cathal Crotty í – Natasha O'Brien, 24 bliain d'aois – as a mhisniúla a bhí sí agus guíodh biseach uirthi. Natasha O'Brien said yesterday, however, that it was neither right nor fair to impose a suspended prison term on the soldier. Dúirt Natasha O'Brien inné, ámh, nach raibh sé ceart ná cóir téarma príosúin ar fionraí a ghearradh ar an saighdiúir. The court was told that Cathal Crotty, from Ardnacroise in Co Clare, attacked Natasha O'Brien on O'Connell Street in Limerick on 29 May 2022. Dúradh sa chúirt gur ionsaigh Cathal Crotty, as Ard na Croise i gCo an Chláir, Natasha O'Brien ar Shráid Uí Chonaill i Luimneach ar an 29 Bealtaine 2022. Cathal Crotty had spent the evening drinking and when he started shouting insults at people in the street Natasha O'Brien asked him to stop. Bhí an tráthóna caite ag Cathal Crotty ag ól agus nuair a chuaigh sé ag caitheamh maslaí le daoine ar an tsráid in ard a ghutha d'iarr Natasha O'Brien air éirí as. It was then that he attacked her and hit her at least six times. Ba ansin a d'ionsaigh sé í agus bhuail í sé huaire ar a laghad. When the Gardaí first arrested him he told them it was the woman who started the altercation but when he was shown video from security cameras which showed otherwise he pleaded guilty to the attack. Nuair a ghabh na Gardaí é ar an gcéad dul síos dúirt sé leo gurbh í an bhean a thosaigh an t-achrann ach nuair a taispeánadh físeán ó cheamaraí slándála dó a léirigh a mhalairt phléadáil sé ciontach san ionsaí. It was also said that the soldier was complaining about the attack on the social media Snapchat. Dúradh freisin go raibh an saighdiúir ag maíomh as an ionsaí ar an meán sóisialta Snapchat. The Director of Public Prosecutions has four weeks to appeal against the leniency of the sentence but no announcement has yet been made. Tá ceithre seachtaine ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí le achomharc a dhéanamh in aghaidh bhoige na pianbhreithe ach níl aon fhógra déanta faoi sin fós. Justice Minister Helen McEntee praised Natasha O'Brien for speaking openly and bravely about the vicious attack on her. Mhol an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee Natasha O'Brien as labhairt go hoscailte agus go cróga faoin ionsaí fíochmhar a rinneadh uirthi. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Seachtain
Molly Martens released - cérbh í an bhean seo a fuarthas ciontach as dúnorgain a fear chéile Jason?

Seachtain

Play Episode Listen Later Jun 13, 2024 30:53


Scaoileadh Molly Martens agus Tom Martens saor ón bpríosún sna Stáit Aontaithe le déanaí. Ciontaíodh iad as dúnorgain Jason Corbett, fear as Luimneach. Labhraíonn Ciarán Dunbar leis an iriseoir Áine Ní Bhreisleáin leis an scéal seo a thabhairt chun solais. Láithreoir: Ciarán Dunbar Léiritheoir: Róisín Ní Mhaoláin Foclóir: seirbhísí éigeandála - emergency services na cúisithe - the accused triail - trial príosún - prison atriail - retrial dúnorgain - manslaughter admhaigh - admit féinchosaint - self-defence torann - noise tacht - strangle fianaise - evidence feighlí - caretaker geallta - engaged cumhach - homesick de ghlanmheabhair - off by heart See omnystudio.com/listener for privacy information.

fear released dunbar martens ciar jason corbett tom martens labhra aontaithe luimneach n bhreisle
Learn Irish & other languages with daily podcasts
20240608_IRISH_votai_a_gcaitheamh_ar_fud_na_tire

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Jun 8, 2024


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2475665n Contact: irishlingos@gmail.com Votes are being cast across the country. Vótaí á gcaitheamh ar fud na tíre. People all over the country are voting today in the local and European elections. Tá daoine ar fud na tíre ag caitheamh vóta inniu sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha. In Limerick the community is also electing a mayor. I Luimneach tá an pobal ag roghnú méara freisin. This is the first time in this country that the community will elect its own mayor directly; normally, councilors choose who will be the mayor of a local council. Seo í an chéad uair sa tír seo a thoghfaidh pobal a mhéara féin go díreach; de ghnáth, roghnaíonn comhairleoirí an té a bheas mar mhéara ar chomhairle áitiúil. Voting is reportedly off to a slow start. Tuairiscítear go bhfuil tús mall curtha le vótáil. The polling stations opened at 07:00 and will close at 22:00. Osclaíodh na hionaid vótála ar 07:00 agus dúnfar iad ar 22:00. This is the first time that elections have been held across the country in the last four years. Seo é an chéad uair go raibh toghcháin ar siúl ar fud na tíre le ceithre bliana anuas. Over 3.7 million people are registered to vote in the local elections. Tá breis agus 3.7 milliún duine cláraithe le vóta a chaitheamh sna toghcháin áitiúla. 949 candidates are standing in the local elections, in 166 different constituencies. 949 iarrthóir atá ag seasamh sna toghcháin áitiúla, i 166 toghcheantair dhifiriúla. 3.6 million people are registered to vote in the European elections. Tá 3.6 milliún duine cláraithe le vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha. They will select 14 European MPs in the Midlands-North West, South and Dublin Constituencies. Roghnóidh siad 14 Feisire Eorpach i dToghlach an Láir Tíre-an Iarthuaiscirt, An Deiscirt agus Baile Átha Cliath. The President of Ireland, Michael D. Chaith Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, and his wife, Sabina, voted this morning at the polling station at Phoenix Park. Higgins, agus a bhean chéile, Sabina, vóta ar maidin san ionad vótála ag Páirc an Fhionnuisce. The President of Ireland, Michael D. Chaith Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, vote at the polling station in Phoenix Park this morning The Taoiseach, Simon Harris, cast a vote at the National School of Deilgne Mocherog in County Wicklow. Higgins, vóta san ionad vótála i bPáirc an Fhionnuisce ar maidin Chaith an Taoiseach, Simon Harris, vóta ag Scoil Náisiúnta Deilgne Mocheróg i gContae Chill Mhantáin. The Taoiseach, Simon Harris, casting a vote in Kilmanton "Voting rights give the public a say, so it is vital that people take that opportunity", he said while casting a vote in his own Constituency. An Taoiseach, Simon Harris, ag caitheamh vóta i gCill Mhantáin "Tugann cearta vótála cead cainte don phobal, agus mar sin, tá sé ríthábhachtach go dtapóidh daoine an deis sin", a dúirt sé agus é ag caitheamh vóta ina Dháilcheantar féin. "We are lucky to live in a functioning Democratic state". "Tá an t-ádh linn cónaí a bheith orainn i stát Daonlathach atá ag feidhmiú". Tánaiste Micheál Martin and his family cast their votes in Cork. Chaith an Tánaiste Micheál Martin agus a theaghlach a vótaí i gCorcaigh. The ballot boxes will be opened tomorrow morning and the counting will begin. Osclófar na boscaí ballóide maidin amárach agus cuirfear tús leis an gcomháireamh. The votes in the local elections will be counted first and the counting in the European elections will begin on Sunday. Déanfar comháireamh ar na vótaí sna toghcháin áitiúla ar dtús agus cuirfear tús leis an gcomháireamh sna toghcháin Eorpacha ar an Domhnach. The mayoral election will be contested in Limerick on Monday. Rachfar i ngleic leis an toghchán méarachta i Luimneach dé Luain. There are many candidates standing in all the elections. Tá go leor iarrthóirí ag seasamh sna toghcháin ar fad.

RTÉ - Adhmhaidin
Harry McGee, Iriseoir leis an Irish Times.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later May 16, 2024 5:46


Toghchán do mhéara ar bun i Luimneach agus an deis a bheas ag Contaetha eile córais Rialtais áitiúil atá acu a athrú.

Nuacht Mhall
27 Aibreán 2024 (Luimneach)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Apr 27, 2024 6:10


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an seachtú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Sibéal Dempsey.D'fhógair Micheál D. Ó hUiginn, Uachtarán na hÉireann, an tseachtain seo go raibh cineál stróc éadrom aige i mí Feabhra níos luaithe i mbliana. D'áitigh sé nach raibh tionchar ag an stróc ar a chumas cognaíochta ach go raibh tionchar aige ar a ghluaiseacht ar an taobh clé agus gur ghéaraigh sé na fadhbanna a bhí aige cheana féin le híochtar an droma. Labhair sé in Ollscoil Mhanchain Dé Céadaoin seo caite, áit a raibh sé ar cuairt le linn dó céim oinigh a fháil, agus áit a ndearna sé a chuid staidéar iarchéime. Dúirt sé gur ghlac sé leis an gcéim ní hamháin dó féin ach do gach imirceach agus dóibh siúd a dhéanann staidéar orthu agus a thugann aire dóibh. Dúirt sé freisin go raibh fianaise ann go raibh tionchar seachtrach ag dul i bhfeidhm ar mheon frith-inimirce in Éirinn ach go raibh tacaíocht ollmhór fós ann d'imircigh ina ainneoin sin.Níos luaithe an tseachtain seo shínigh Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden pacáiste cúnaimh nócha cúig billiún dollar don Úcráin, d'Iosrael agus don Téaváin. Dúirt Uachtarán na hÚcráine Vlodomyr Zelenzky go neartaíonn sé “ról Mheiriceá mar chomhartha daonlathais agus mar cheannaire ar an saol saor”. Bhí sé ag éileamh go gcuirfí tuilleadh cabhrach chuig an Úcráin mar go raibh an Rúis ag dul chun cinn de réir a chéile ina hionradh le seachtainí beaga anuas. Chomh maith le cúnamh díreach, cuimsíonn an bille reachtaíocht freisin chun sócmhainní na Rúise atá i seilbh bhainc an Iarthair a choigistiú chomh maith le smachtbhannaí agus foráil chun iallach a chur ar úinéir Síneach TikTok an tseirbhís meáin shóisialta a dhíol. Mura ndíolfar laistigh de naoi mí é, déanfar TikTok a dhúnadh ar fud na Stát Aontaithe mar thoradh ar an reachtaíocht.Tá sé fógartha ag rialtas na hÉireann go bhfuil páirc náisiúnta nua á cruthú i gContae Chiarraí. Beidh an pháirc ar an bpáirc náisiúnta is mó sa tír, ag clúdach seachtó míle acra talún agus farraige le chéile agus tabharfar Páirc Náisiúnta na Mara uirthi. Beidh sé ina chéad Pháirc Náisiúnta Mara in Éirinn freisin. Áireofar sa pháirc suíomhanna timpeall an chontae, lena n-áirítear Cnoc Bréanainn, An Chonair, Trá na hInse agus an suíomh oidhreachta domhanda UNESCO ag Sceilig Mhichíl, chomh maith le roinnt oileán amach ón gcósta. D'fhógair an tAire Noonan, an tAire Stáit don Dúlra agus Oidhreachta an seoladh Dé Luain, Lá Domhanda na Cruinne. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS íochtar an droma - the lower back céim oinigh - honorary degree pacáiste cúnaimh - aid package sócmhainní na Rúise - Russian assets suíomh oidhreachta domhanda - world heritage site Lá Domhanda na Cruinne - Earth Day

tiktok pr russian unesco bh dempsey inni mura gaeilge uachtar conradh beidh labhair chomh aontaithe aibre londain mheirice luimneach d luain nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
Harry McGee, Iriseoir leis an Irish Times.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 3, 2024 3:24


D'fhógair an tAire Simon Coveney go mbeidh sé ag éirí as a chuid cúraimí aireachta an tseachtain seo chugainn & fógrófar iarrthóir Shinn Féin inniu sa bhfeachtas chun méara a thoghadh do Luimneach.

Nuacht Mhall
17 Feabhra 2024 (Luimneach)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Feb 17, 2024 6:03


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Sibéal Dempsey. Dúirt Donald Trump go spreagfadh sé an Rúis ionsaí a dhéanamh ar chomhghuaillithe NATO nár chomhlíon a gcuid oibleagáidí airgeadais. Mar thoradh ar na tuairimí seo bhí roinnt polaiteoirí sinsearacha agus oifigigh ar fud an domhain ag labhairt amach i gcoinne Trump. Dúirt ardrúnaí NATO go bhfuil NATO fós réidh agus in ann gach comhghuaillí a chosaint agus chuir sé ina leith gur bhain Trump an bonn de ról NATO trí bhonn a bhaint as creidiúnacht a dhíspreagadh. D'fhreagair Joe Biden freisin agus é ag rá go raibh tuairimí Trump balbh, náireach agus contúirteach. Ag an am céanna, rinne Biden achainí ar Phoblachtánaigh chun bille a thabharfadh cúnamh eachtrach do thíortha lena n-áirítear Iosrael agus an Téaváin a cheadú. Tháinig Coiste Meán an Oireachtais le chéile an tseachtain seo caite chun scannal leanúnach RTÉ a phlé. Iarradh ar an Ard-Stiúrthóir, Kevin Bakhurst, pacáiste scoir conspóideach an phríomhoifigigh airgeadais a phlé, rud a bhain léi a bheith íoctha ceithre chéad caoga míle euro. Labhair roinnt polaiteoirí, lena n-áirítear Mary Lou McDonald, a dúirt go raibh daoine ag vótáil lena gcosa gan an ceadúnas teilifíse a íoc agus d'iarr arís go gcuirfí deireadh leis go hiomlán. Bhí an ceoldráma bunaithe ar Sheó na mBréagán ina ábhar plé freisin, agus ceisteanna ag eascairt faoin gcaoi ar ceadaíodh an tionscadal, a chaill dhá mhilliún agus dhá chéad míle euro. Tá an grúpa rapcheoil ó Bhéal Feirste Kneecap ag cur an dlí ar Rúnaí Stáit na Ríochta Aontaithe, Kemi Badenoch. Cheadaigh painéal neamhspleách deontas arbh fhiú cúig mhíle dhéag punt do Kneecap. Chuir rialtas na Ríochta Aontaithe bac ar an deontas, áfach, agus dúirt nach raibh siad ag iarraidh airgead poiblí a eisiúint do ghrúpa atá i gcoinne na Ríochta Aontaithe féin. Tá cáineadh déanta faoi Kneecap cheana ar nádúr conspóideach a gcuid amhrán agus físeán. Dúirt siad gur iarracht rialtas na Ríocht Aontaithe iad a chur ina dtost an beart is déanaí seo. Tá an deontas deartha chun ealaíontóirí a chur chun cinn i margaí thar lear. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS comhghuaillí - ally creidiúnacht - credibility Coiste Meán an Oireachtais - Oireachtas Committee on Media pacáiste scoir - severance package deontas - grant cáineadh - condemnation

RTÉ - An Saol ó Dheas
Páidí Ó Sé;CFCD

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Jan 4, 2024 7:16


Cuirfidh Coláistí Chorca Dhuibhne tús le na gcéad chúrsa gaeilge sa Ghaeltacht amáireach. Beidh buion micléinn a teacht an dúthaigh ó Choláiste Muire Gan Smál i Luimneach.

chol beidh ghaeltacht luimneach chorca dhuibhne
Nuacht Mhall
9 Nollaig 2023 (Luimneach)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Dec 9, 2023 6:09


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá de mhí na Nollag. Is mise Sibéal Dempsey. Labhair Boris Johnson ag fiosrúchán Covid na Ríochta Aontaithe Dé Céadaoin. Dúirt sé go raibh brón mór air as an bpian agus as an bhfulaingt a tharla le linn na paindéime. Dúirt sé nach raibh sé cinnte an de thoradh chinntí an rialtais a bhí an líon básanna Covid níos airde ná mar is gá ach go mb'fhéidir gur bhrúigh an rialtas ródhian chun daoine a spreagadh ar ais chuig an oifig tar éis na dianghlasála. Dhiúltaigh sé freisin d'éilimh go raibh fadhb ag baint leis an gcultúr ag Downing Street, agus dúirt go raibh fadhbanna ann ó am go chéile ach nach raibh aon olc ann. Dúirt sé nach féidir leis a mhíniú cén fáth a ndeachaigh roinnt teachtaireachtaí WhatsApp ar iarraidh óna sheanfhón, ach deir sé nár scrios seisean iad. Tháinig gártha magaidh ón lucht agóide agus é ag fágáil an fhiosrúcháin. Tháinig roinnt gnólachtaí meán sóisialta, lena n-áirítear Google, TikTok agus Meta, os comhair an Oireachtais Dé Céadaoin chun ceisteanna a fhreagairt faoina bhfreagairt ar chíréibeacha Bhaile Átha Cliath. Dúirt ionadaí ó TikTok, mar shampla, gur ghníomhaigh sé a phrótacail um bainistiú géarchéime chun scaipeadh na mífhaisnéise a chosc. Mar sin féin theip ar X, ar a dtugadh Twitter roimhe seo agus atá faoi úinéireacht Elon Musk anois, a bheith i láthair. Bhain na ceisteanna le héilimh gur scaipeadh faisnéis bhréagach agus glaonna foréigin go tapa ar an ardán roimh na círéibeacha agus lena linn. Tharla sé seo in ainneoin iarratais ó na Gardaí. Mar fhreagra air sin, mhaígh X nach ndearna na Gardaí teagmháil fhoirmiúil leis go dtí laethanta i ndiaidh na gcíréibeacha agus thairg sé freagra a thabhairt trí litir nó le linn seisiún príobháideach ina ionad sin. D'fhreastail ionadaithe ó bheagnach dhá chéad tír ar COP 28 an tseachtain seo in Dubai. Phléigh siad topaicí a bhaineann leis an timpeallacht, lena n-áirítear an chaoi a bhfuil ag éirí leo i gcomparáid leis na spriocanna a bhí acu roimhe seo, agus pleananna don todhchaí. D'iarr Mary Robinson, iarUachtarán na hÉireann, go gcuirfí deireadh le breoslaí iontaise de réir a chéile, tar éis d'uachtarán COP 28 a rá léi nach raibh aon eolas ar fáil ina ndeirtear go mbainfeadh sé aon phonc a cúig chéim celsius amach. Chomh maith le bheith ina uachtarán ar an gcruinniú mullaigh, tá sé ina phríomhfheidhmeannach ar chuideachta ola stáit Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha freisin. Tá an Líonra um Ghníomhaíocht Aeráide, an comhrialtas is mó ar domhan d'eagraíochtaí neamhrialtasacha aeráide, tar éis aird a tharraingt ar an líon brústocairí breosla iontaise a d'fhreastail ar an gcruinniú mullaigh i mbliana. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS fiosrúchán - inquiry gártha magaidh - jeers bainistiú géarchéime - crisis management faisnéis bhréagach - false information ionadaithe - representatives brústocairí breosla iontaise - fossil fuel lobbyists

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20231209_IRISH_molly_martens_corbett,_tom_martens_le_fanacht_i_bpriosun

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Dec 9, 2023 11:04


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ywvltwb5 Contact: irishlingos@gmail.com Molly Martens Corbett, Tom Martens to remain in prison. Molly Martens Corbett, Tom Martens le fanacht i bpríosún. The prison service in North Carolina in the United States has admitted that a mistake was made when calculating how long Molly Martens Corbett and her father Tom Martens were to spend in prison. Tá sé admhaithe ag an tseirbhís phríosúin in North Carolina sna Stáit Aontaithe go ndearnadh dearmad nuair a bhíothas ag ríomh cén fad a bhí le caitheamh i bpríosún ag Molly Martens Corbett agus ag a hathair Tom Martens. It was revealed yesterday that the two were to be released this week but it was later announced that they would be kept in prison until next June. Tugadh le fios inné go raibh an bheirt le scaoileadh saor an tseachtain seo ach fógraíodh ina dhiaidh sin go gcoinneofaí i bpríosún iad go dtí mí an Mheithimh seo chugainn. Molly Martens Corbett and Tom Martens were convicted in the murder of Jason Corbett, a 39-year-old man from Limerick who was beaten and killed in his home in North Carolina eight years ago. Ciontaíodh Molly Martens Corbett agus Tom Martens i ndúnorgain Jason Corbett, fear 39 bliain d'aois as Luimneach a bascadh agus a maraíodh ina theach in North Carolina ocht mbliana ó shin. Before it was confirmed last night that they were to be kept in prison, the family of Jason Corbett in Limerick indicated that the report about the release of the two had hurt them greatly and said that the authorities in North Carolina had wronged them. Sular deimhníodh aréir go raibh siad le coinneáil i bpríosún, thug teaghlach Jason Corbett i Luimneach le fios gur ghoill an tuairisc faoi shaoradh na beirte go mór orthu agus dúirt go raibh loicthe ag na húdaráis in North Carolina orthu. Molly Martens Corbett was married to Jason Corbett, a business manager whose body was found in the master bedroom of the couple's home in Wallburg, North Carolina in August 2015. Bhí Molly Martens Corbett pósta ar Jason Corbett, bainisteoir gnó a bhfuarthas a chorp sa phríomhsheomra codlata i dteach cónaithe na lánúine in Wallburg, North Carolina i mí Lúnasa 2015. Jason Corbett's two young children – Sarah and Jack – were in the house at the time. Bhí beirt pháistí óga Jason Corbett – Sarah agus Jack – sa teach ag an am. The children's mother died in 2006 and Jason Corbett married Molly Martens in Limerick in 2011 before the family moved to America. Cailleadh máthair na bpáistí in 2006 agus phós Jason Corbett Molly Martens i Luimneach in 2011 sular bhog an teaghlach go Meiriceá. In 2017, Molly Martens Corbett and Tom Martens were convicted of Jason Corbett's murder and sentenced to 20 years and 25 years in prison respectively. In 2017, ciontaíodh Molly Martens Corbett agus Tom Martens i ndúnmharú Jason Corbett agus gearradh príosún 20 bliain agus 25 bliain ar an dís faoi seach. That conviction was overturned in 2020 on the grounds, it was said, that important evidence was withheld from the jury at trial. Cuireadh an ciontú sin ar neamhní in 2020 ar an mbonn, a dúradh, gur coinníodh fianaise thábhachtach ón ngiúiré sa triail. Last October, however, they pleaded guilty to voluntary manslaughter. I mí Dheireadh Fómhair seo caite, áfach, phléadáil siad ciontach i ndúnorgain thoilteanach. RTÉ News and Current Affairs Molly Martens Corbett and Tom Martens Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Molly Martens Corbett agus Tom Martens

Gaeilge Weekly
#25: Cian Mac Coisteala

Gaeilge Weekly

Play Episode Listen Later Oct 25, 2023 38:17


Míle buíochas as teacht ar an seó Cian! Bhí comhrá thar a bheith taitneamhach faoi saol na ollscoile i Luimneach, Nóisin, Hot Press, saol na Ghaeilge agus neart rudaí eile NÓISIN POD: https://open.spotify.com/show/0hKuFETqJuD4ScEDRmQv56?si=70b253a2eb06481d Instagram Nóisin: https://www.instagram.com/noisin_pod/ Instagram Cian: https://www.instagram.com/mac_coisteala/ --- PATREON: ⁠⁠https://patreon.com/LearnIrishOnline Le haghaidh tuilleadh acmhainní eile (físeáin, podchraoltaí, cúrsaí, PDFs...), téigh go ⁠www.learnirishonline.com⁠ - agus chun a bheith i dteagmháil linn, seol ríomhphost chugainn ar liam.learnirishonline@gmail.com Agus chun a bheith i do bhall, téigh go ⁠Patreon.com/LearnIrishOnline⁠ Tagann Gaeilge Weekly amach le dhá eipeasóid gach seachtain ar an gCéadaoin. Ceann amháin i nGaeilge líofa, ceann eile le Gaeilge níos simplí agus níos moille.  — For plenty more resources (videos, podcasts, courses, PDFs), head over to ⁠www.learnririshonline.com⁠ - and to get in contact, email us at liam.learnirishonline@gmail.com And to become a member, check out ⁠Patreon.com/LearnIrishOnline⁠ Gaeilge Weekly comes out every Wednesday with two episodes. One in normal-paced, fluent Irish. The other in simpler, slowed-down Gaeilge.

Nuacht Mhall
30 Meán Fómhair 2023 (Luimneach)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Sep 30, 2023 7:11


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an tríochadú lá de mhi Mheán Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey. Tá Cuallacht Scríbhneoirí Mheiriceá, a dhéanann ionadaíocht do scríbhneoirí teilifíse Hollywood, tar éis comhaontú sealadach a bhaint amach le feidhmeannaigh stiúideo. Tagann an comhaontú i ndiaidh míonna de stailceanna ó aon mhíle dhéag scríbhneoir, lena n-áirítear picéid stiúideonna, mar shampla oifigí Netflix in Los Angeles. D'eisigh Joe Biden ráiteas faoi dheireadh na stailce agus mhol sé cumhacht na cómhargála. Áirítear sa chomhaontú clásail a bhaineann le pá agus sochair chomh maith le gnéithe eile nach bhfuil chomh tipiciúil amhail intleacht shaorga. Agus deireadh leis an stailc, beifear ag súil go bhfillfidh seónna ar scáileáin teilifíse, agus táthar ag súil go bhfillfidh roinnt de na seónna cainte beo Meiriceánacha is mó, lena n-áirítear The Tonight Show, i mí Dheireadh Fómhair. Seans go dtógfaidh sé tamall níos faide ar sheónna eile ar nós drámaí teilifíse agus coiméide filleadh ós rud é go bhfuil aisteoirí sna seónna sin atá fós ar stailc. Rinne ceardchumainn ceangailte eile, lena n-áirítear ceardchumann a dhéanann ionadaíocht ar thaibheoirí agus ar chraoltóirí, tráchtaireacht ar an toradh agus bhí siad dearfach faoi thorthaí a gcuid caibidlíochta féin. Gabhadh an méid drugaí is mó riamh in Éirinn, dar luach céad caoga seacht milliún euro, i gCorcaigh an tseachtain seo. Bhí cúinsí na gabhála an-neamhghnách - chuaigh bád iascaireachta a bhí chun na drugaí a bhailiú i dtalamh ar bhruach gainimh amach ó chósta na hAbhann Duibhe i gContae Loch Garman, agus tarrtháladh beirt fhear ón mbád. Ansin, thuirling héileacaptair arm na hÉireann ar long Panamach i gCuan Chorcaí Dé Máirt. Bhí an bád seo tar éis trioblóid innill a bheith aige agus gortaíodh scipéir an bháid sular bhain sé Corcaigh amach. Tá sé ráite gur cairtéal foréigneach Mheiriceá Theas a sholáthair na drugaí ach tá sé ráite ag údaráis go bhféadfadh go raibh baint ag “roinnt grúpaí éagsúla” in Éirinn leis. Gabhadh seachtar fear as tíortha éagsúla maidir leis an ngabháil. Dúirt urlabhraí ón nGarda Síochána nach raibh na drugaí ar fad i ndán do mhargadh na hÉireann, cé go raibh siad á dtabhairt go hÉirinn ar dtús. Bhris an reathaí ón Aetóip Tigst Assefa curiarracht dhomhanda do mharatón na mban is gasta, ag Maratón Bheirlín an deireadh seachtaine seo caite. Chríochnaigh sí an rása dhá nóiméad ní ba thapa ná an churiarracht a bhí ann roimhe seo, a shocraigh Brigid Kosgei ón gCéinia sa bhliain fiche is a naoi déag. Is é dhá uair an chloig, aon nóiméad déag agus caoga trí soicind an churiarracht nua. Dúirt Assefa gur rith sí maratón den chéad uair anuraidh, agus go raibh ionadh uirthi gur sháraigh sí an churiarracht chomh luath. Ag an deireadh seachtaine freisin bhuaigh an Céiniach Eliud Kipchoge, sealbhóir churiarracht dhomhanda na bhfear, an maratón den chúigiú huair as a chéile. Tá an churiarracht dhomhanda ag Kipchoge le dhá uair an chloig, nóiméad amháin agus naoi soicind ach bhí sé ag súil lena chuid ama a shárú, ag rá ina dhiaidh sin, “Níor chuaigh sé mar a bhíothas ag súil leis ach sin mar atá spórt”. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script le fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS Cuallacht Scríbhneoirí Mheiriceá - Writers' Guild of America cumhacht na cómhargála - the power of collective bargaining bruach gainimh - sandbank cairtéal foréigneach - violent cartel Céineach - Kenyan sealbhóir - holder

Nuacht Mhall
5 Lúnasa 2023 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Aug 5, 2023 4:35


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí Lúnasa. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tá Donald Trump tar éis a bheith cúisithe ar a iarrachtaí an daonlathas a threascairt i ndiaidh thoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe in 2020. Phléadáil sé Déardaoin go raibh sé neamhchiontach maidir le ceithre chúis feileonachta fheidearálacha, a bhí sa díotáil a chum an t-abhcóide speisialta Jack Smith. Is iad na cúiseanna ná comhcheilg chun calaois a dhéanamh ar na Stáit Aontaithe; comhcheilg chun bac a chur ar imeacht oifigiúil; bac a chur, agus iarracht bac a chur, ar imeacht oifigiúil; agus comhcheilg i gcoinne na gceart. D'iarr Smith ar Mheiriceánaigh an díotáil a léamh. Tá craobhacha na hÉireann, san iománaíocht agus sa pheil, thart anois do 2023, agus bhí an dá thoradh stairiúil go leor. San iománaíocht, bhuaigh Luimneach den cheathrú huair i ndiaidh a chéile. Leis an ngaisce sin tá siad i gcomhluadar laochra is mó na hiománaíochta, foireann Chorcaí ar a raibh Christy Ring ó 1941-44 agus foireann Chill Cheannaigh ó 2006-2009. Sa pheil, bhí an bua ag Baile Átha Cliath, agus anois tá naoi mbonn peile uile-Éireann ag triúr den fhoireann, James McCarthy, Stephen Cluxton agus Michael Fitzsimons, níos mó ná aon pheileadóir eile riamh. Tá na cluichí ceannais sa chamógaíocht agus i bpeil na mban fós le himirt. Fós leis an spórt, i gCorn Domhanda na mBan sa pheil, tá babhta na ngrúpaí thart, agus tar éis iarracht cróga i ngrúpa deacair, d'fhill foireann na hÉireann abhaile inné. Bhí na mílte ag fanacht leo ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath. I measc na bhfoirne eile atá ag dul abhaile ag an gcéim seo tá an Bhrasaíl, lena réalta Marta tar éis a cluiche dheireanaigh, ina séú Corn Domhanda, a imirt; agus an Ghearmáin, toradh nach rabhthas ag súil leis. Cé gur bhuaigh siad 6-0 ar Mharacó sa ghrúpa, rachaidh Maracó ar aghaidh ina n-áit mar gheall ar na torthaí eile. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS díotáil - indictment cúis feileonachta - felony charge comhcheilg - conspiracy calaois - fraud gaisce - feat bonn - medal

pr nasa bh baile jack smith leis ois gaeilge phl shr mban james mccarthy conradh cliath mbaile aontaithe marac stephen cluxton londain mheirice inniu luimneach ghearm nuacht mhall
RTÉ - An Saol ó Dheas
MacDara Mac Donncha; Súil siar ar chluiche ceannais iomána na h-Éireann.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Jul 24, 2023 9:30


An ceathrú craobh ceannais iomána as a chéile buaite aige Luimneach inné, agus na cait scólta acu. Imreoirí camógaíochta na nDéise cáilithe do chluiche ceannais sínsir na h-Éireann i gcoinne Chorcaí.

Nuacht Mhall
22 Iúil 2023 (Luimneach)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jul 22, 2023 6:29


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an dara lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Sibéal Dempsey. Tá géarchéim RTÉ ag leanúint ar aghaidh an tseachtain seo. Ghabh an tArdstiúrthóir nua, Kevin Bakhurst, buíochas le daoine a lean ar aghaidh ag íoc a gceadúnas teilifíse. Tháinig a thuairim mar fhreagra ar thitim i ndíolacháin cheadúnais teilifíse le dhá mhí anuas go luach milliún euro. Dar leis, tá na himeachtaí le déanaí maidir le scannal pá RTÉ “tar éis scáth chomh dorcha a chaitheamh ar RTE”. Tá maoiniú an chraoltóra á cheistiú arís mar gheall ar thitim na n-uimhreacha, tar éis don Rialtas diúltú do mholtaí an Choimisinéara ar Thodhchaí na Meán chun bogadh go maoiniú státchiste anuraidh. Idir an dá linn sa Ríocht Aontaithe, tá sé ráite ag ardstiúrthóir an BBC go bhféadfadh an t-imscrúdú inmheánach ar Huw Edwards, leanúint ar aghaidh go dtí an fómhar. Cuireadh i leith Huw Edwards, tríocha cúig mhíle punt a íoc le duine fásta a raibh andúil i ndrugaí air as pictiúir gháirsiúla. Bhí rialtóir cumarsáide na hÉireann, Comreg, ina ábhar d'fheachtas domhanda haiceála. Tá an feachtas nasctha le grúpa atá bunaithe sa Rúis, a bhagair go bhfoilseofaí méideanna suntasacha faisnéise goidte. Ina ról mar rialtóir, bailíonn agus coinníonn Comreg sonraí a bhaineann leis an tionscal teileachumarsáide, lena n-áirítear príomhsholáthraithe seirbhíse idirlín agus soláthraithe fón póca na tíre go léir. Tá sé ráite ag Comreg nach bhfuil faisnéis phearsanta nó rúnda tráchtála ach i gcuid bheag de na comhaid a ndeachaigh an haiceáil i bhfeidhm orthu. Bhí an grúpa i mbaol na sonraí a fhoilsiú mura bhfaigheadh siad íocaíocht faoin gceathrú lá déag de mhí an Mheithimh, rud nach bhfuil íoctha ag an rialtas, de réir a pholasaí. Bhuail Carlos Alcaraz, atá fiche bliain d'aois, an seaimpín reatha Novak Djokovic ag Wimbledon Dé Domhnaigh. Ní raibh aon chailleadh ag Djokovic sa Chúirt Lárnach óna chluiche ceannais sa bhliain fiche trí déag in aghaidh Andy Murray. Dúirt Alcarez, arbh as an Spáinn dó, gurbh é “an tráth is sona dá shaol” é agus ghabh sé buíochas leis an slua agus le rí na Spáinne as a bheith i láthair agus as é a spreagadh chun an bua a fháil. I gcluiche ceannais na mban, ba í Marketa Vondrousova an chéad bhean neamhréimnithe a bhuaigh teideal na mban. Bhí Vondrousova sa dara háit is daichead ar domhan ach chuaigh sí ar aghaidh chun Ons Jabeur a bhualadh. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS ceadúnas teilifíse - television licence andúil - addiction rialtóir cumarsáide - communications regulator príomhsholáthraithe - main providers seaimpín reatha - current champion neamhréimnithe - unseeded

RTÉ - Adhmhaidin
Diarmuid Lyng, Ainilisí agus Iománaí as Loch Garmáin.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 21, 2023 6:58


Dé Domhnaigh lá mór na h-iomána, tráth a dtabharfaidh Luimneach aghaidh ar Chill Chainnigh i gcluíche ceannais sinsear na hÉireann, seo an dara bliain as a chéile ag an dá fhoireann seo casadh ar a chéile sa gcluiche ceannais. Cén chaoi a dtiocfaidh sé?

loch agus diarmuid garm lyng luimneach d domhnaigh
RTÉ - An Saol ó Dheas
Louise Cantillon: Luimneach sa chluiche iomána

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Jul 21, 2023 4:33


Louise a súil go mbeidh an Lá le h-iománaithe Luimní arís i mbliana. Tá gealluint an phósadh idir Louise agus Declan Hannon,captaein Luimní. Tá sé siúd goirthe i mbliana agus níl sé ainmithe ar fhoireann an Domhnaigh.

cantillon luimneach louise cantillon
RTÉ - An Saol ó Dheas
An Saol ó Dheas: Dé hAoine 21 Iúil 2023

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Jul 21, 2023 49:13


Dónal Ó Liatháin; Foirgnimh an Údaráis i gCuige Mumhan.Jeaic Ó Conchúir;Súil chun cínn ar chluiche ceannais peile na h-Éireann. Louise Cantillon;Luimneach sa chluiche iomána. Antóin Ó Suilleabháin;Regatta Bhaile an Sceilig. Darrán Ó Droma;Rás na Rinne. Colm Ó Muircheartaigh;Brothal na h-Iodáile.

ant darr rinne iod saol liath dhea s luimneach d haoine louise cantillon
RTÉ - An Saol ó Dheas
Mac Dara Mac Donncha; Cluichí leathcheannais iomána na h-Éireann.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Jul 10, 2023 9:03


Luimneach agus Cill Chainnigh a bheidh le chéile i gcluiche ceannais iomána na h-Éireann i mbliana.

na na donncha luimneach
RTÉ - An Saol ó Dheas
Mac Dara Mac Donnchadha, Dara Ó Cinnéide; Clg an deireadh seachtaine

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later May 29, 2023 9:12


An bheart déanta aige Luimneach ar Chorcaigh san iomáint inné. Briseadh croí do Chorcaigh agus a bport seinnte sa chraobh i mbliana. Craobh peile na Mumhan buaite aige mná Chorcaí agus Ciarrai cloíte acu.

cinn mumhan luimneach chorcaigh
Nuacht Mhall
29 Aibreán 2023 (Luimneach)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Apr 29, 2023 6:22


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Sibéal Dempsey. An tseachtain seo caite shocraigh Fox News cás dlí clúmhillte i gcoinne na cuideachta meaisínvótála Dominion. D'aontaigh an comhlacht nuachta seacht gcéad ochtó ocht milliún dollar a íoc, rud a chiallaíonn nach raibh ar fheidhmeannaigh shinsearacha lena n-áirítear Rupert Murdoch fianaise a thabhairt sa chúirt. Cúisíodh oifigigh Fox as an maíomh bréagach go raibh an vóta sa toghchán uachtaránachta rigeáilte i gcoinne Donald Trump, cé gur cheistigh siad féin an maíomh go príobháideach. Tháinig saincheisteanna chun cinn an tseachtain seo nuair a scaoil an t-óstach Tucker Carlson óna phost, duine de na hóstaigh is mó tóir ar Fox News a luadh sa chás. Eisíodh teachtaireachtaí ó Tucker Carlson freisin, ina ndearna an t-óstach cur síos ar chomhghleacaithe agus ar dhaoine eile lena n-áirítear comhairleoir agus aturnae Sidney Powell, ag baint úsáid as teanga gharbh. D'eisigh an rialtas pacáiste beart an tseachtain seo chun dul i ngleic leis an nganntanas tithíochta. I measc na mbeart sin bhí gealltanas ón rialtas tobhaigh forbartha a laghdú trí mhaoiniú poiblí a dhéanamh ar an gcostas a bhaineann le seirbhísí poiblí a nascadh le tithíocht nua. Cé nach bhfuil aon rud go sainráite sa phacáiste do cheannaitheoirí nua, dúirt Leo Varadkar go laghdódh na bearta, trí mhéadú ar an soláthar tithíochta, na praghsanna do cheannaitheoirí nua. Chomh maith leis sin, mhéadaigh an rialtas luach an deontais tithe folmha go caoga míle euro agus síneadh an cháilitheacht ionas gur féidir an deontas a úsáid le haghaidh réadmhaoine a úsáidtear ansin mar réadmhaoine ar cíos. Dúirt Mary Lou McDonald ó Shinn Féin nach raibh aon fhianaise ann go gcabhródh na bearta leis an bhfadhb tithíochta i ndáiríre agus nach raibh iontu ach bronntanas d'fhorbróirí tithíochta, rud a shéan an rialtas. Tá fianaise tugtha ag Ed Sheeran i gcás bradaíola ceoil, a tugadh maidir leis an amhrán ‘Let's Get It On' de chuid Marvin Gaye. Ba iad oidhrí Ed Townsend, a chomhscríobh an t-amhrán le Marvin Gaye, a thug an cás go dtí an chúirt. Thug Ed Sheeran fianaise gur cumadh a amhrán 'Thinking Out Loud' le linn seisiún comhoibríoch scríbhneoireachta lena chomhscríbhneoir Amy Wadge. Bhí ceoleolaí an ghearánaí ag rá go raibh na cordaí “beagnach inmhalartaithe” agus an ceoleolaí a bhí ag gníomhú do Ed Sheeran ag áitiú gur úsáideadh an seicheamh cordaí céanna i roinnt amhrán eile seachas amhrán Sheeran. Ní hé seo an chéad chás a bhain le Ed Sheeran nó Marvin Gaye. Sa bhliain fiche fiche a dó bhuaigh Sheeran cás maidir lena amhrán Shape of You. In fiche cúig déag fuair giúiré amach freisin gur sháraigh an t-amhrán 'Blurred Lines' cóipcheart an amhráin Marvin Gaye ‘Got to Give it Up'. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS dlí clúmhillte - defamation law feidhmeannaigh shinsearacha - senior executives ganntanas tithíochta - scarcity of housing réadmhaoin - property cás bradaíola ceoil - music plagiarism case oidhrí - heirs ceoleolaí - musicologist

Nuacht Mhall
Cothrom an Lae - 11 Márta (Luimneach)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Mar 11, 2023 1:52


Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Cothrom an lae seo sa bhliain ocht déag ocht déag, foilsíodh an leabhar Frankenstein. Is úrscéal gotach agus ficsean eolaíochta é Frankenstein. Ba í an t-údar Mary Shelley, iníon an fheiminigh Mary Wollstonecraft a scríobh é, nuair nach raibh sí ach naoi mbliana déag d'aois. Insíonn sé scéal eolaí a chruthaíonn créatúr mothaitheach i dturgnamh eolaíochta. Nuair a dhiúltaíonn an t-eolaí an créatúr, téann sé ag fánaíocht, ag lorg agus gan teacht ar chompánaigh dó féin. Ó shin, rinneadh scannáin, cláir theilifíse agus drámaí den scéal, agus an leagan is luaithe in naoi déag tríocha a haon. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS gotach - gothic turgnamh eolaíochta – scientific experiment

Nuacht Mhall
4 Márta 2023 (Luimneach)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Mar 4, 2023 6:31


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an ceathrú lá de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Ar an seachtú lá is fiche de mhí Feabhra d'fhógair Rishi Sunak “Creatlach Windsor” – leagan nua de phrótacal Thuaisceart Éireann a comhaontaíodh tar éis ceithre mhí d'idirbheartaíocht leis an Aontas Eorpach. Tugann an comhaontú “coscán éigeandála” do rialtas na Ríochta Aontaithe ar dhlíthe nua an Aontais Eorpaigh a chuirfear i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann má chuireann polaiteoirí sa chúige ina gcoinne. Cruthaíonn sé lána glas nua freisin do thrádálaithe, a bhaineann an teorainn le haghaidh earraí tomhaltóra as Muir Éireann, ag laghdú na riachtanas maidir le páipéarachas agus seiceálacha agus dualgais eile. Beidh seiceanna fós ag teastáil le haghaidh earraí sa lána dearg. Glacadh go dearfach leis an margadh go ginearálta cé is moite de lucht an Bhreatimeachta agus baill áirithe den Pháirtí Aontachtach Daonlathach, Ian Paisley ina measc. D'fháiltigh rialtas na hÉireann roimhe mar “chaibidil nua” sa chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. D'fhógair an tAire Oideachais Norma Foley go raibh sí ag cur moill ar na pleananna chun roinnt scrúduithe na hArdteistiméireachta a bhogadh go dtí an cúigiú bliain. Bhí sé i gceist go ndéanfaí an cinneadh bunaidh sa bhliain fiche fiche agus bhí sé i gceist an brú a mhaolú ar scoláirí na hArdteistiméireachta trína gcuid scrúduithe a scaipeadh thar thréimhse dhá bhliain. Tá cur síos déanta ag Aontas Múinteoirí Éireann ar an gcinneadh mar “fhorbairt fháilteach” ar an mbonn nár cuireadh bunús an togra i láthair riamh. Dúirt Ms Foley nár léirigh sé seo nach mbeadh athruithe eile ag dul ar aghaidh mar chuid den athbhreithniú níos leithne ar an Ardteistiméireacht. Áiríodh sna pleananna níos leithne seo, daichead faoin gcéad de na marcanna ag teacht ó mheascán d'obair thionscadail, ó scrúdú cainte agus ó chleachtaí praiticiúla agus bunú “scoileanna líonra” a sheolfadh ábhair nua ar nós drámaíochta, scannánaíochta agus staidéar amharclainne. Tá Raidió na Gaeltachta ag leanúint lena chomóradh caoga bliain le roinnt ceolchoirmeacha a bheith ar siúl ar fud na tíre. Bhí ceann acu ar siúl an tseachtain seo caite in Amharclann Ghaoth Dobhair agus beidh dhá cheann eile ar siúl an mhí seo chugainn i gConamara agus i mBaile Bhúirne. Nuair a seoladh an stáisiún den chéad uair bhailigh sé taifeadtaí de mhuintir na hÉireann, cartlann luachmhar de chuid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh. Inniu craolann sé raon ábhar lena n-áirítear spórt, ceol agus nuacht. Rinne Údarás Craolacháin na hÉireann taighde le déanaí freisin a thug le tuiscint go mbeadh an seans ann go n-éistfeadh tríocha ocht faoin gcéad de dhaoine idir cúig bliana déag agus tríocha a ceathair le stáisiún nua Gaeilge ar an gcoinníoll go gcloisfeadh sé ‘an ceol ceart, go gclúdódh sé ceisteanna atá tábhachtach don spriocghrúpa, agus d'fhéadfadh sé go mbeadh sé saor ó fhógraí.' * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS creatlach - framework earraí tomhaltóra - consumer goods an Ardteistiméireacht - the Leaving Cert obair thionscadail - project work cartlann luachmhar - valuable archive coinníoll - condition

pr foley bh dempsey muir mh inni rinne gaeilge ian paisley gaeltachta conradh beidh nuair aontaithe londain inniu tugann luimneach gconamara aontas eorpach dtuaisceart aontais eorpaigh nuacht mhall
Nuacht Mhall
Cothrom an Lae - 2 Márta (Luimneach)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Mar 2, 2023 1:47


Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an dara lá de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Cothrom an lae seo sa bhliain ocht déag, tríocha a sé, d'fhógair Texas a neamhspleáchas ó Mheicsiceo go foirmiúil, tar éis cogadh a mhair timpeall sé mhí. Ansin cruthaíodh Poblacht Texas. Deirtear gur tharla an cogadh de bharr roinnt cúinsí, difríochtaí idir muintir Mheicsiceo agus muintir Texas ó thaobh cultúir de san áireamh, chomh maith le dearcaí i leith na sclábhaíochta agus an rialtais. Bhí Poblacht Texas ann ar feadh tréimhse deich mbliana, go dtí gur ionghabh na Stáit Aontaithe an stát agus gur ligeadh isteach san Aontas é. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS neamhspleáchas – independence ionghabh - annex

texas dempsey mh gaeilge lae conradh aontaithe londain luimneach
RTÉ - Adhmhaidin
Caitlín Uí Aodha, Iascaire.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jan 19, 2023 6:47


Reáchtáil an Cumann Táirgeoirí Éisc an Deiscirt agus an Iarthair cruinniú inné i Luimneach chun deis a thabhairt d'iascairí an scéim díchoimisiúnaithe do bháid éisc geal atá á reáchtáil ag an Roinn Mhara a phlé.

caitl aodha luimneach
Nuacht Mhall
24 Nollaig 2022 (Luimneach)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Dec 24, 2022 5:35


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an ceathrú lá is fiche de mhí na Nollag, oíche Nollag. Is mise Sibéal Dempsey. Chaill an Fhrainc i gcoinne na hAirgintíne i gcluiche ceannais chorn an domhain dhá mhíle is fiche a dó a imríodh i gCatar Dé Domhnaigh seo caite. Tháinig deireadh leis an gcluiche le ciceanna pionóis agus fuair an Airgintín ceithre phionós ar dhá phionós na Fraince. Bhí comhscór 3-3 idir an dá fhoireann tar éis am breise. Bhain stair leis an gcluiche mar an chéad chluiche ceannais Chorn an Domhain agus scóráil imreoirí ag an dá fhoireann ar a laghad faoi dhó. Ba iad Kylian Mbappe na Fraince agus Lionel Messi ón Airgintín na himreoirí sin. Rinne an comórtas an stair freisin mar go bhfuarthas an líon is mó cúl riamh, agus Kylian Mbappe ag scóráil an dara cúl is céad seachtó. Bhuaigh an Chróit ar Mharacó Dé Sathairn freisin, chun an tríú háit a bhaint amach. Bhí conspóid ag baint leis an gcomórtas ó thús deireadh, agus is amhlaidh a bhí sé sa chluiche ceannais. Maisíodh Messi le róba dubh, comhartha traidisiúnta Araibise de mheas, ach féachann roinnt daoine air mar rud dímheasúil. Cheap an tUachtarán Michael D Higgins ceannaire Fine Gael Leo Varadkar ina Thaoiseach den dara huair. Beidh Micheál Martin ag éirí as anois mar chuid den chomhaontú comhrialtais idir Fine Gael agus Fianna Fáil sa bhliain fiche fiche. Ina chéad óráid mar Thaoiseach, labhair Varadkar faoin ngéarchéim tithíochta, go háirithe ag tagairt dá ‘phlean Tithíochta do Chách' a d'fhéachfadh le rátaí úinéireachta a ardú. Luaigh sé freisin go mbeadh sé ag dul i ngleic leis an mboilsciú ard agus leis an ngéarchéim costais mhaireachtála. Beidh aonad nua i Roinn an Taoisigh dírithe ar Éire a dhéanamh ar an tír is fearr le bheith ina leanbh. Glacfaidh Micheál Martin ról Varadkar mar leas-phríomh-aire anois. Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, nach ndéanfadh an t-athrú tada chun dul i ngleic leis na fadhbanna práinneacha. Tá painéal tí an séú Eanáir, atá ag fiosrú Donald Trump, tar éis an t-iar-uachtarán a tharchur ar cheithre chúiseamh choiriúla. I measc na gcúiseamh ná bheith páirteach in éirí amach, tionchar nó bac a chur ar imeacht imscrúdaithe oifigiúil, comhcheilg chalaoise a dhéanamh ar na Stáit Aontaithe agus ráitis bhréagacha a dhéanamh go neamhdhleathach go feasach nó go toilteanach don rialtas feidearálach. Is é seo an chéad uair sa stair a ndearna an Chomhdháil iar-uachtarán a tharchur le haghaidh cúisimh. Déanfaidh an tArd-Aighne Merrick Garland a chinneadh féin ar chúisimh mar chuid d'imscrúduithe na Roinne Dlí agus Cirt. D'fhéadfadh tionchar a bheith ag toradh an imscrúdaithe sin freisin ar an bhféadfar Trump rith arís sa toghchán uachtaránachta sa bhliain fiche fiche a ceathair. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS comhscór - equal score, draw comhaontú comhrialtais - coalition agreement rátaí úinéireachta - ownership rates boilsciú ard - high inflation cúiseamh coiriúil - criminal charge comhcheilg chalaoise - fraud conspiracy

RTÉ - Adhmhaidin
An Dr. Liam Ó Dochartaigh, iar-stiúrthóir sa rannóg Oideachais Idirnáisiúnta, Ollscoil Luimnigh

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Nov 15, 2022 4:40


Cailleadh an feachtasóir ailse ceirbheacs Vicky Phelan go moch maidin inné i Luimneach.