POPULARITY
Tá Dún na nGall agus Ard Mhacha fríd anois go dtí Cluiche Ceannais Peile Uladh i ndiaidh na cluichí leathcheannais ag an deireadh seachtaine.
Tá deireadh seachtaine mór peile romhainn an deireadh seachtaine seo agus cluichí leathcheannais Uladh ar siúl.
Tá sé fógraithe anois go hoifigiúil ag Coiste Ceannais na gComórtais de Chomhairle Uladh go mbeidh an cluiche peile idir Aontroim agus Ard Mhacha ar an dara lá déag de mhí Aibreán i gCraobh Uladh a imirt ar Pháirc Uí Chorragáin.
Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 3ú lá de mí an Mhárta, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1965 tháinig Cairdinéal Conway abhaile le fáiltiú achrannach a thosaigh I mBaile Átha Cliath agus chríochnaigh sé in Ard Mhacha. I 2004 thug Mary McAleese agus Bertie Ahern ómós chuig Cormac McAnallen a fuair bás go tobann ag aois 24. I 2002 chonaic daoine pór den fhia-chat Albanach I mBéal Átha Gabhann. Tháinig sé amach gur chonaic a lán daoine an cat. Rinne siad fiosrúchán air agus dúirt siad go raibh sé fia-chat a d'fhorbair chuig cat tí. I 2016 tar éis an toghchán bhí daoine nua I gceannas ar an chontae. Bhí Jackie Cahill, Mattie McGrath, Seamus Healy, Alan Kelly agus Michael Lowry sa Dáil don chontae. Sin 99 Red Balloons ó Nena – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 1984. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1965, chan Eric Clapton don uair dheireanach leis The Yardbirds. D'fhág sé an ghrúpa chun dul le grúpa eile darbh ainm Bluesbreakers. Thug Clapton moladh chuig an ghrúpa chun Jimmy Page a fháil, ach dhiúltaigh Jimmy Page leo. I 1999 d'aontaigh le Oasis chun airgead a thabhairt chuig Tony McCarroll – iar-drumadóir den bhanna ceoil. D'íoc siad 550,000 punt tar éis a thug sé cás chuig an bhanna ceoil le milliún nár íoc siad I rith a am leis an bhanna ceoil. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh aisteoir Jessica Biel I Meiriceá ar an lá seo I 1982 agus rugadh amhránaí Ronan Keating I mBaile Átha Cliath ar an lá seo I 1977 agus seo chuid de a amhrán. Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.
Tháinig an scéal brónach chugainn aréir faoi bhás an Monsignor Réamonn Ó Muireadhaigh as Deisceart Ard Mhacha.
Tuigtear dúinn gur éirigh le CLG Aontroma ina gcás in éadan Chomhairle Uladh, lena gcluiche baile amach anseo i gCraobh Uladh in éadan Ard Mhacha a imirt sa bhaile ar pháirc Uí Chorragáin.
Beidh lá mór i mBealach Féich Dé Domhnaigh agus Ard Mhacha ag imirt in éadan Dhún na nGall don chluiche sraithe.
Beirt bhall de Chomhairle an Raidió, Bláithín Mhic Canna as an Mhullach Bán ansin in Ard Mhacha agus Iarfhlaith Ó Domhnaill as Inbhear anseo i nDún na nGall.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Rinne Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, ráiteas neamhghnáth maidir le "togáil" Gaza, nuair a bhuail sé le Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, le labhairt faoi chúrsaí síochána le Hamas. Dúirt Trump go dtógfadh Meiriceá smacht ar Gaza agus go gcabhrófaí leis an limistéar le fostaíocht agus tithíocht a chruthú. Mhínigh sé freisin gur chóir do na Palaistínigh imeacht go tíortha eile, amhail an Éigipt agus an Iordáin, rud a diúltaíodh go láidir sna tíortha seo. Ba mhaith le Trump go mbeadh Gaza ina "Riviera an Mheán-Oirthir," ach dhiúltaigh na Palaistínigh agus oifigigh Hamas go léir an plean go géar. Dúirt an Tánaiste go bhfuil réiteach dhá stáit riachtanach do mhuintir na Palaistíne agus Iosrael, agus d'aithin sé a imní faoi mholadh Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, Gaza a "thógail". Ba é Eanáir na bliana seo, an mhí seo caite, an mhí Eanáir is teo riamh ar an domhan, a deir eolaithe, rud a chuireann ceisteanna faoi luas an athraithe aeráide. Ceapadh go mbeadh Eanáir 2025 níos fuaire ná Eanáir 2024 mar gheall ar El Niño, ach bhris an mhí seo caite taifead Eanáir 2024. Tá téamh na cruinne ag tarlú mar gheall ar astaíochtaí gásanna ó ghníomhaíochtaí daonna, ach níl eolaithe cinnte céard a rinne an mhí seo caite chomh te. Leanann sé seo sraith de thaifid teochta níos airde ó lár 2023. "Táimid ag briseadh taifid toisc go bhfuil níos mó gásanna ceaptha teasa san atmaisféar," a dúirt Gavin Schmidt, stiúrthóir Institiúid Goddard de chuid NASA. "Táimid ag iarraidh tuiscint a fháil ar na cúiseanna beaga atá ann." Faoi láthair, tá an chuid is mó taighdeoirí fós ag súil go mbeidh 2025 beagán níos fuaire ná 2023 agus 2024.Tá Túr Grenfell i Londain, a scriosadh i dtine chraosach sa bhliain 2017, le bheith briste anuas. Maraíodh 72 duine sa tine, a scaip go gasta tríd an fhoirgneamh mar gheall ar chumhdach so-lasta. Tháinig fiosrúchán chun críche an mhí Mheán Fómhair seo caite, agus dúradh gur tháinig an tragóid as laigí ón rialtas. Dúirt an Leas-Phríomh-Aire Angela Rayner le hoidhreachtaí agus le teaghlaigh na n-iarrthóirí go bhfuil an cinneadh déanta ag an rialtas an foirgneamh a leagan chun talaimh. Beidh freagraí measctha ag an chinneadh seo. Tá roinnt daoine sa phobal sásta go mbeadh sé á bhaint síos. Ach tá daoine eile ag iarraidh go mairfeadh Túr Grenfell mar chuimhne ar an tragóid.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISráiteas neamhghnách - extraordinary statementriachtanach - necessaryluas an athraithe aeráide - the speed of climate changeastaíochtaí gásanna - gas emissionstine chraosach - conflagrationcumhdach so-lasta - flammable cladding
Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 3ú lá de mí an Mhárta, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1965 tháinig Cairdinéal Conway abhaile le fáiltiú achrannach a thosaigh I mBaile Átha Cliath agus chríochnaigh sé in Ard Mhacha. I 2004 thug Mary McAleese agus Bertie Ahern ómós chuig Cormac McAnallen a fuair bás go tobann ag aois 24. I 1984 tharla robáil armtha ag an Bank of Ireland san Tulach. Bhí na Gardaí ag labhairt le seisear sa bhaile. I 2004 mharaíodh an tAthair John Hannon in An Chéinia. Rugadh é I Nemarket on Fergus. Sin 99 Red Balloons ó Nena – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 1984. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1965, chan Eric Clapton don uair dheireanach leis The Yardbirds. D'fhág sé an ghrúpa chun dul le grúpa eile darbh ainm Bluesbreakers. Thug Clapton moladh chuig an ghrúpa chun Jimmy Page a fháil, ach dhiúltaigh Jimmy Page leo. I 1999 d'aontaigh le Oasis chun airgead a thabhairt chuig Tony McCarroll – iar-drumadóir den bhanna ceoil. D'íoc siad 550,000 punt tar éis a thug sé cás chuig an bhanna ceoil le milliún nár íoc siad I rith a am leis an bhanna ceoil. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh aisteoir Jessica Biel I Meiriceá ar an lá seo I 1982 agus rugadh amhránaí Ronan Keating I mBaile Átha Cliath ar an lá seo I 1977 agus seo chuid de a amhrán. Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí na Samhna. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Tá muintir na hÉireann fós ag fanacht ar thorthaí an olltoghcháin a reáchtáladh Dé hAoine, inné. De réir na bpobalbhreitheanna, bhí an rás gob ar ghob idir na príomhpháirtithe polaitiúla, Sinn Féin, Fianna Fáil, agus Fine Gael. Tá súil ghéar ag an phobal agus ag lucht anailíse ar an chéad chomhaireamh, a chuirfear ar fáil i rith an deireadh seachtaine beag seo. Tá an córas aistrithe inmhalartaithe á úsáid mar is gnách, agus mar gheall air sin b'fhéidir go dtógfaidh sé roinnt uaireanta, nó fiú laethanta, na suíocháin dheireanacha a líonadh i gceantair thoghcháin níos casta. Bhí na ceisteanna móra amhail tithíocht agus an córas sláinte fós i gcroílár na díospóireachta polaitiúla agus beidh ar an rialtas nua na ceisteanna seo a réiteach. Tar éis an toghcháin cuirfear tús le cainteanna maidir le comhrialtas a fhoirmiú. Tá sos comhraic a aontaíodh idir Iosrael agus Hezbollah tar éis a bheith faofa le cabhair na Stát Aontaithe agus na Fraince. Tá sé seo mar bhua do thaidhleoireacht sa réigiún, a bhfuil cogadh ann le bliain. Dúirt arm na Liobáine go bhfuil sé réidh chun dul go deisceart na tíre chun an sos comhraic a chothabháil. D'iarr siad ar dhaoine gan filleadh ar dheisceart na tíre go dtí go mbeidh sé sábháilte. Fágfaidh arm Iosrael an Liobáin agus tuigtear freisin go bhfuil Hezbollah toilteanach gan dul níos gaire do theorainn Iosrael ná abhainn na Litani. D'fháiltigh an Tánaiste Micheál Martin an sos comhraic a aontaíodh idir Iosrael agus Hezbollah agus dúirt sé gur cheart a mhacasamhail a dhéanamh anois i gcás stráice Gaza. Fuarthas taisí daonna i gContae Mhuineacháin mar chuid de chuardach ar chorp duine atá ar iarraidh ó na Trioblóidí sa Tuaisceart. Tógadh na taisí as uaigh i reilig idir Baile na Lorgan agus Cluain Tiobrad. Deir an coimisiún atá ag fiosrú daoine a d'imigh gan tásc ná tuairisc le linn na dTrioblóidí go bhfuair siad fianaise ar ghníomhaíochtaí amhrasacha sa reilig sna 1970idí. Tagann an dáta leis an am a chuaigh Joe Lynskey ar iarraidh. Bhí sé ina bhall den IRA agus níl aon tásc ar a shlí ó bhí 1972 ann. Tá Lynskey ar dhuine de 16 duine atá fós faoi fhiosrúchán faoi fhuadach agus adhlacadh rúnda le linn na dTrioblóidí. Is éard atá i gceist ná go bhfuil an tIRA freagrach as seo. Beidh sé roinnt laethanta sula mbeidh aon eolas breise ar fáil faoi na taisí faighte i gContae Mhuineacháin. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS gob ar ghob - neck and neck pobalbhreitheanna - polls faofa - approved taidhleoireacht - diplomacy taisí daonna - human remains fuadach - kidnapping
Tá lá mór ar siúl in Ard Mhacha in Aonach Mhacha agus an caife ansin oscailte go hoifigiúil ansin inniu.
Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 7ú lá de mí na Samhna, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1975 dúisigh Éire suas go dtí an nuacht de lámhach marfach den bhall den UDR a raibh 59 bliain a d'aois in Ard Mhacha nuair a bhí na dTrioblóidí ar siúil. I 1991 tháinig Joss Lynam abhaile tar éis crith talún – fuair timpeall 1,500 duine bás. Ní raibh sé ábalta na Himiléithe a dreapadh. Bhí díomá air ach dúirt sé go raibh faoiseamh air go raibh sé sábháilte. I 1990 tháinig Michael Lowry amach ar thóir cruinniú le comhairle Tiobraid Árann Thuaidh in Aonach Urmhumhan chun teachtaireacht a sheoladh chuig an Aire Chumarsáid chun an comhartha frithchaiteoir do Buiríos Ó Luigheach. Thug sé ilchainéil teilifís chuig Dúrlas agus an tír máguaird. I 2005 fuair Ros Cré ardú meanman nuair a tháinig an nuacht amach go bhfuair siad an dara háit sa All Ireland Pride of Place Awards. Bhí an toscaireacht Ros Cré faoi cheannaireacht Comhairleoir Fine Gael, Denis Ryan. Sin ABBA le Gimmy Gimmy Gimmy – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 1978. Ag lean ar aghaidh le nuacht ceoil ón lá seo – I 1963 sheinm The beatles don chéad uair in Éirinn ag pictiúrlann Adelphi I mBaile Átha Cliath. I 2016 fuair amhránaí Leonard Cohen bás ag aois 82. Na hamhráin is cáiliúla a bhí aige ná Suzanne agus Hallelujah. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla inniu ná Rio Ferdinand a d'imir peil do Shasana – rugadh é I Maidrid sa Spáinn I 1978. Agus rugadh Lorde ar an lá seo I 1996 I Nua Shéalainn agus seo chuid de a amhráin. Beidh mé ar ais libh amárach le eagrán nua de Ar An Lá Seo.
Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 7ú lá de mí na Samhna, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1975 dúisigh Éire suas go dtí an nuacht de lámhach marfach den bhall den UDR a raibh 59 bliain a d'aois in Ard Mhacha nuair a bhí na dTrioblóidí ar siúil. I 1991 tháinig Joss Lynam abhaile tar éis crith talún – fuair timpeall 1,500 duine bás. Ní raibh sé ábalta na Himiléithe a dreapadh. Bhí díomá air ach dúirt sé go raibh faoiseamh air go raibh sé sábháilte. I 1979 bhí conspóid ann nuair a diúltaíodh an cead pleanála d'fhorbairt ar an Trá Bán is fiú 2 milliúin punt. Bhí an pobal feargach de bharr nach mbeidh aon phost nua le fáil sa chontae. I 1991 bhí tacaíocht ó thuismitheoirí ó Inis do bhunscoil comhoideachas I suirbhé. Ag an am bhí ach dhá bhunscoil comhoideachas sa bhaile. Sin ABBA le Gimmy Gimmy Gimmy – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 1978. Ag lean ar aghaidh le nuacht ceoil ón lá seo – I 1963 sheinm The beatles don chéad uair in Éirinn ag pictiúrlann Adelphi I mBaile Átha Cliath. I 2016 fuair amhránaí Leonard Cohen bás ag aois 82. Na hamhráin is cáiliúla a bhí aige ná Suzanne agus Hallelujah. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla inniu ná Rio Ferdinand a d'imir peil do Shasana – rugadh é I Maidrid sa Spáinn I 1978. Agus rugadh Lorde ar an lá seo I 1996 I Nua Shéalainn agus seo chuid de a amhráin. Beidh mé ar ais libh amárach le eagrán nua de Ar An Lá Seo.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Bhí an chéad díospóireacht uachtaránachta agus b'fhéidir an t-aon díospóireacht amháin idir an Leas-Uachtarán Daonlathach Kamala Harris agus an t-iarrthóir Poblachtánach Donald Trump ar siúl tráthnóna Dé Máirt. Bhí Trump faoi bhrú le hionsaithe géara ar ghinmhilleadh, a oiriúnacht don oifig, agus a thrioblóidí dlíthiúla. Chuir Harris i leith Trump nach raibh sé ionraic agus ag pointe amháin, d'éiligh sí go bhfágann daoine cruinnithe feachtais Trump go luath "mar gheall ar thuirse agus leadrán". D'fhreagair Trump le "Tá na sluaite is mó agus is iontaí sa stair againn." Ba léir go raibh Kamala Harris ag iarraidh cur as do Trump agus d'éirigh léi agus bhí an chuma air go raibh frustrachas agus fearg air. Oíche mhaith a bhí ann do Kamala Harris agus tá díospóireacht eile iarrtha aici roimh an toghchán. Chuir Apple deireadh lena chath dlíthiúil i gcoinne rialú an Choimisiúin Eorpaigh, a shainigh gur íoc an comhlacht €13 billiún níos lú i gcáin ná mar ba cheart in Éirinn. Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i bhfabhar an Choimisiúin, ag athrú an bhreithiúnais roimhe sin ón Chúirt Íochtair. Tar éis rialú bunaidh an Choimisiúin, bhí ar Apple €13.1bn i gcánacha neamhíoctha móide €1.2bn in ús a íoc isteach i gcuntas neamhspleách tríú páirtí. Dhiúltaigh Apple agus Éire do thorthaí an choimisiúin agus dúirt siad nach bhfuair an comhlacht cóir speisialta ó Stát na hÉireann. Caithfidh an rialtas cinneadh a dhéanamh anois ar an bhealach is fearr leis an airgead seo a úsáid. Tá lúthchleasaithe Fhoireann na hÉireann a ghlac páirt i gCluichí Parailimpeacha Pháras 2024 tagtha ar ais go hAerfort Bhaile Átha Cliath. Ghlac 35 lúthchleasaí páirt i naoi spórt agus bhuaigh siad sé bhonn: bonn óir amháin, trí bhonn airgid, agus dhá bhonn cré-umha. Chuir baill den lucht leanúna fáilte mhór abhaile roimh fhoireann na lúthchleasaithe. Bhí gliondar agus barróg ar na hiomaitheoirí agus iad ag teacht go hAerfort Bhaile Átha Cliath tráthnóna Dé Luain. Dúirt an rothaí Katie George Dunlevy, a bhí ag caitheamh trí bhonn, go raibh sí “tuirseach ach ar bís” faoina héachtaí. Bhí Róisín Ní Riain, snámhaí, “an-sásta lena feidhmíocht” fosta. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS díospóireacht uachtaránachta - presidential debate ginmhilleadh - abortion cath dlíthiúil - legal battle cánacha neamhíoctha - unpaid taxes ús - interest (financial) feidhmíocht - performance
An chonspóid faoi cheiliúradh an PSNI ar bhua Ard Mhacha i gCraobh Peile na hÉireann
Cur síos ar fhoireann Ard Mhacha ag pilleadh ar Ard Mhacha inné le Corn Sam Maguire.
Sí Lia Ní Arta captaein fhoireann mionúir peile na nDéise,agus thugadar an chraobh leo tráthnona de Sathairn i gcoinne Ard Mhacha.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá fichead de mhí Iúil. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. D'fhógair Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Joe Biden nach mbeidh sé ag seasamh i gcoinne Donald Trump i dToghchán Uachtaránachta Mheiriceá i mí na Samhna. Tháinig an fógra tar éis seachtainí tuairimíochta faoina shláinte agus éileamh méadaitheach air óna pháirtí féin éirí as. Tá a bheannacht tugtha aige anois don Leas-Uachtarán Kamala Harris chun dul san iomaíocht don Teach Bán. Is é Joe Biden an chéad uachtarán Meiriceánach a d'éirigh as a fheachtas don dara téarma ó rinne Lyndon B. Johnson an cinneadh céanna in 1968. Tá Donald Trump fágtha anois mar an t-iarrthóir is sine riamh i dtoghchán uachtaránachta Mheiriceá. Tá na mionpháirteanna de ghléasanna pléascacha aimsithe ag na Gardaí sa Chúlóg i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Seo an fhorbairt is déanaí ó gabhadh níos mó ná tríocha duine an tseachtain seo caite, tar éis achrann a tharla cóngarach do lóistín a bhí le réiteach d'iarrthóirí tearmainn. Cuireadh JCB trí thine agus gortaíodh fear slándála le linn an achrainn. Dúirt an Taoiseach Simon Harris nach raibh cead ag éinne damáiste mar seo a dhéanamh ná ionsaí a dhéanamh ar na póilíní ná ar na seirbhísí éigeandála. Tá an rialtas ag iarraidh seanmhonarcha phéinte a chur in oiriúint le go mbeidh 500 iarrthóir tearmainn ábalta stopadh ann. Tá a gcúigiú craobh uile-Éireann tuillte ag iománaithe an Chláir tar éis dóibh an cluiche ceannais a bhuachan in aghaidh Chorcaí. Cluiche lán aicsin, spleodair agus scile a bhí ann, agus ba cheart go mbeadh an dá chontae bródúil as a gcuid imreoirí. Ní raibh mórán idir an dá fhoireann ar feadh an chuid is mó den chluiche, ach fuair an Clár an lámh in uachtar ar deireadh, a bhuíochas le taispeántas draíochtúil óna gcaptaen Tony Kelly. Cé go raibh na foirne ar comhscór tar éis 70 nóiméad, scóráil an Ceallach trí phointe in am breise chun an bua a chinntiú. Beidh súile ar Pháirc an Chrócaigh arís an deireadh seachtaine seo agus cluiche ceannais na peile ar siúl. Beidh seaimpíní Chonnacht Gaillimh ag imirt in aghaidh Ard Mhacha den dara huair i mbliana - agus níor bhuaigh ceachtar foireann Corn Mhig Uidhir ó thús na Mílaoise. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS seachtainí tuairimíochta - weeks of speculation éileamh méadaitheach - growing demand gléasanna pléascacha - explosive devices iarrthóirí tearmainn - asylum seekers seanmhonarcha phéinte - former paint factory taispeántas draíochtúil - magical performance
Bhí Finbar Burns agus Charlie Vernon ag caint le Carthach faoin gcluiche ceannais , agus mar atá Ard Mhacha roimh an chluiche ollmhór.
Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Cearta Teanga le Conradh na Gaeilge, ag caint linn faoin gcinneadh atá tógtha ag Comhairle Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon iarratas eile ar chomharthaíocht dhátheangach a chur ar athló ag cruinniú den chomhairle ar an Luan, 22 Iúil.
Rás Chiarrai rithe i mbliana agus Ard Mhacha taréis an ceann is fearr a fháil orthu de Sathairn sa chluiche leath cheannais.
Bhí Dara Ó Cinnéide ag caint le Cian agus iad ag plé an chluiche idir Ciarraí agus Ard Mhacha ag an deireadh seachtaine.
Boige le boige go mbraithfir do dhuine, mar a ghearann sé chughat gearraigh se chuige" An mbeidh cluiche cosantach á imirt aige Ard Mhacha de Domhnaigh seo chughainn,agus má bhíonn an mbeimíd chomh chomh cosantach leo?
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá is fiche de Mhí an Mheithimh. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Thug an deireadh seachtaine seo caite roinnt cluichí spreagúla dúinn sa pheil Ghaelach, bhain Doire bua drámatúil amach in aghaidh Mhaigh Eo tar éis ciceanna pionóis. Seo na socruithe do na cluichí ceathrú ceannais an deireadh seachtaine seo: Ciarraí in éadan Dhoire, Ard Mhacha in éadan Ros Comáin, Dún na nGall in éadan Lú agus Baile Átha Cliath in éadan Gaillimhe. Chríochnaigh Ciarraí céim na ngrúpaí le buanna suntasacha in aghaidh Mhuineacháin, na Mí, agus Lú. Beidh Lú ag imirt in aghaidh Dhún na nGall sa chéad chluiche ceathrú ceannais na hÉireann dóibh riamh. Tháinig siad go dtí an pointe seo tar éis bua le cúilín amháin in aghaidh Chorcaí Dé Domhnaigh. Chomh maith leis sin, beidh Ard Mhacha agus Ros Comáin ag dul san iomaíocht, dhá fhoireann a bhfuil stair chogaidh láidir acu ó na 1970idí agus na 1980idí. Bhuaigh Ros Comáin a gcéad cluiche riamh in aghaidh Thír Eoghain Dé Sathairn seo caite. Beidh Gaillimh ag iarraidh an chéad bhua craoibhe a fháil ar Bhaile Átha Cliath ó bhí 1934 ann chun a séasúr a leathnú. Tá foireann Bhaile Átha Cliath ag dul go maith, tar éis an ceathrú ceannais a bhaint amach agus an ceathrú teideal déag as a chéile i gCúige Laighean a bhuachan. Tá Mícheál Ó Muircheartaigh, an tráchtaire iomráiteach ar chluichí Gaelacha, tar éis bás a fháil ag aois 93. Rugadh é i nDún Síon, Co. Chiarraí, sa bhliain 1930 agus d'oibrigh sé mar mhúinteoir ar dtús. Thosaigh sé ag obair do RTÉ in 1949 nuair a rinne sé tráchtaireacht as Gaeilge ar Chorn an Bhóthair Iarainn. Lean sé ar aghaidh ag múineadh go dtí lár na 1980idí nuair a d'éirigh sé ina chraoltóir lán-aimseartha le RTÉ. Ghlac sé áit Mhíchíl Uí Éithir mar phríomh-thráchtaire ar RTÉ Raidió 1 in 1985. Bhí a chluiche ceannais deiridh aige in 2010 nuair a rinne sé tráchtaireacht ar bhua Chorcaí ar an Dún. D'éirigh sé as craoltóireacht i mí Dheireadh Fómhair na bliana sin. Dúirt an Taoiseach gur "fear uasal ó bhonn go baithis" a bhí ann agus luaigh sé a ghuth uathúil agus a ghrá don spórt. Luaigh an Tánaiste Micheál Martin a fhiosreacht agus a ghuth álainn a chuir beocht fiú sna cluichí ba shuaracha. Fuair Mícheál Ó Muircheartaigh bás san Ospidéal Mater, Baile Átha Cliath i measc a theaghlaigh. Scaoil breitheamh sna Stáit Aontaithe Julian Assange saor mar gheall ar mhargadh pléadála a chuir deireadh le blianta fada de dhráma dlí. Bhí Assange á lorg ag na Stáit Aontaithe as rúin mhíleata a nochtadh trí WikiLeaks. Phléadáil Assange ciontach as comhaontú chun eolas cosanta náisiúnta a fháil agus a scaipeadh. Dúirt an breitheamh i gcúirt sna hOileáin Mairianacha Thuaidh, "Beidh tú in ann siúl amach mar fhear saor." Scaoileadh Assange ó phríosún ardshlándála sa Bhreatain Dé Luain. Ghearr an breitheamh pionós cúig bliana agus dhá mhí príosúin air, le creidmheas don am a chaith sé sa Bhreatain. D'fhág Assange an chúirt in SUV bán agus d'fhág sé Saipan ar scairdeitleán go Canberra, An Astráil. Dúirt WikiLeaks ar an ardán X "nár cheart go mbeadh an margadh pléadála riamh tar éis tarlú." Dúirt Príomhaire na hAstráile, Anthony Albanese, gur "forbairt fháilteach" a bhí sa mhargadh pléadála, tar éis don rialtas a rá go raibh cás Assange "tarraingthe ar feadh i bhfad rófhada." * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS ciceanna pionóis - penalty kicks san iomaíocht - in competition tráchtaire - commentator craoltóireacht - broadcasting margadh pléadála - plea deal príosún ardshlándála - high security prison
Tá Fergal ag cur síos ar na cluichí móra a bhéas ar siúil an deireadh seachtaine seo. Clár v Dún na nGall, Tír Eoghain v Corcaigh, Cabhán v Ros Comáin, Doire v Íar Mhí, Ard Mhacha v Gaillimh, Muineachán v An Mhí agus BÁC v Maigh Eo. Ag labhairt fosta ar athraithe ar rialacha peile atá molta ag an ghrúpa oibre atá faoi chúram Jim Gavin.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de Mí na Bealtaine. Is mise BarraMac Giolla Aoláin.Rinne Iosrael buamáil ar chathair Rafah i nGaza, áit atá dubhle daoine ag ceann thiar theas na Stráice. In ainneoin agóidíidirnáisiúnta, sheol Iosrael tancanna isteach in Rafah inné agus ghlac said smacht ar an trasbhealach teorann is mó. Is é seo an príomhbhealach chun cúnamh a fháil isteach i Stráice Gaza. Dúirt an Teach Bán go raibh siad in aghaidh ionradh ar Rafah. Tuairiscítear gur choinnigh na Meiriceánaigh siar lasta mór buamaí a bhí siad le seoladh chuig Iosrael an tseachtain seo caite mar gheall air seo. Bhí imní ar na Náisiúin Aontaithe faoi agus dúradh go raibh Iosrael ag "tachtadh" príomh-artairí cúnaimh Gaza. De réir tuairiscí leanann idirbheartaíocht síochána ar aghaidh san Éigipt idir Iosrael agus Hamas ach níl aon dul chun cinn déanta go dtí seo.Tá Éire tar éis dul ar aghaidh go dtí cluiche ceannais na hEoraifíse den chéad uair ó bhí 2018 ann. D'éirigh le “Bambie Thug” sa bhabhta leathcheannais Dé Máirt, leis an amhrán “Doomsday Blue” in Malmö na Sualainne. Dúirt máthair Bambie Thug Laura le Morning Ireland de chuid RTÉ “nach feidir léi fanacht” go bhfeicfidh sí an t-amhránaí as Corcaigh ag seinm sa chluiche ceannais. Bhí díomá ar lucht leanúna na hEoraifíse mar níor bhain an Astráil áit amach sa chomórtas i mbliana. Bhí ar na heagraithe leithscéal a ghabháil tar éis do dhuine de thaibheoirí Dé Máirt siombail a bhí ar son na Palaistíne a thaispeáint, agus rinneadh agóid mhór nuair a bhí an t-amhránaí as Iosrael ag seinm Déardaoin. Tá go leor daoine ag moladh gur chóir baghcat a dhéanamh ar an chluiche ceannais anocht, mar gheall ar rannpháirtíocht Iosrael, agus an cogadh fós ar siúl in Gaza.Beidh dhá chluiche ceannais cúige sa pheil ar siúl an deireadh seachtaine beag seo. Ceaptar go mbeadh an bua ag Baile Átha Cliath ar Lú go héasca i gcluiche ceannais Laighean, ach, maidir le cluiche ceannais Uladh i gCluain Eois Dé Domhnaigh, tá tá sé deacair buaiteoir a phiocadh amach idir Ard Mhacha agus Dún na nGall. Tá JimMcGuinness ar ais mar bhainisteoir Dhún na nGall agus támuinín ard ann. Tá sé ag cur orthu a chreidiúint gur féidirleo rudaí a dhéanamh nárbh fhéidir leo a dhéanamh anuraidh. Ar an taobh eile tá Kieran McGeeney ag lorg achéad bhua i gcraobh Uladh as deich n-iarracht. Ba cheart gur comórtas spreagúil a bheadh ann. Bhuaigh Ciarraí agus Gaillimh na cluichí ceannais eile i gCúige Mumhan agus i gCúige Chonnacht an tseachtain seo caite. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS trasbhealach teorann - border crossing lasta buamaí - a cargo of bombs tachtadh - suffocating, smothering lucht leanúna na hEoraifíse - Eurovision followers/fans taibheoirí - performers spreagúil - exciting
Ag cur síos ar an Cluiche Ceannais a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo idir Dhún na nGall agus Ard Mhacha.
Clár siamsaíochta, ceoil agus comhrá a chur i láthair inniu as Ard Mhacha Theas, i mbaile Chrois Mhic Lionnáin áit ar chas muid le go leor de phobal na Gaelscoile ansin agus bunadh na háite fosta.
Clár siamsaíochta, ceoil agus comhrá a chur i láthair inniu as Ard Mhacha Theas, i mbaile Chrois Mhic Lionnáin áit ar chas muid le go leor de phobal na Gaelscoile ansin agus bunadh na háite fosta.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Tá an t-iarThaoiseach agus iarcheannaire Fhine Gael John Bruton tar éis bás a fháil i ndiaidh tinneas fada. Thug a chlann le fíos i ráiteas gur bhásaigh sé go suaimhneach in Ospidéal Príobháideach an Mater i mBaile Átha Cliath. Toghadh chun na Dála den chead uair é in 1969 agus bhí sé ina Thaoiseach idir 1994 agus 1997 mar cheannaire ar chomhrialtas ilpháirtí, ar a tugadh 'Comhrialtas Bogha Ceatha', in éineacht le Páirtí an Lucht Oibre agus Daonlathas Clé. Bhí sé lárnach i mbunú an phróisis síochána sa Tuaisceart. I ráiteas dúirt an Taoiseach reatha Leo Varadkar gur méala mór é bás John Bruton dó féin go pearsanta. Tá comhbhrón déanta ag daoine éagsúla ar fud na tíre agus thar lear.D'fhógair Pálás Buckingham go bhfuil ailse ar Rí Séarlas. Thug said le fios cúpla seachtain ó shin go raibh fadhb phróstatach ag an Rí ach nach raibh sí tromchúiseach. I ndiaidh scrúdaithe, áfach, fuarthas go bhfuil ailse air, ach níor fógraíodh go fóill cén cineál. Dúirt Príomhaire na Ríochta Aontaithe Rishi Sunak go raibh brón air faoi agus gur “thángthas uirthi go luath”. I ráiteas inné, dúirt Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUiginn go bhfuil “an-bhrón agus buairt” air faoi dhiagnóis leighis an Rí a chloisteáil. Tá Séarlas chun sos a ghlacadh óna chuid oibre agus cóir leighis á cur air agus tuariscíodh go raibh a mhac Harry fillte ó Mheiriceá chun am a chaitheamh leis.Rinne stoirm mharfach damáiste ollmhór in California agus ar chósta thiar Mheiriceá. Is é seo an dara córas aimsire taobh istigh de sheachtain, a tharla mar gheall ar fhéiniméan ar a dtugtar an “Pineapple Express”. Is abhainn atmaisféarach é an Pineapple Express, frasaíocht a bheirtear tríd an aer ó lár an Aigéin Chiúin. Maraíodh ar a laghad triúr ag crainn ag titim, tuilte agus sciorradh láibe. De bharr na fearthainne ba mheasa a chonacthas riamh sa stát, d'fhógair an gobharnóir staid éigeandála in ocht gcontae. Tá beagnach 40 milliún duine ag maireachtáil le foláireamh tuilte. Thairg Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden cuidiú ón rialtas feidearálach. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS Comhrialtas Bogha Ceatha - Rainbow Coalition Daonlathas Clé - Democratic Left ailse - cancer cóir leighis - treatment frasaíocht - precipitation foláireamh tuilte - flood warning
Tá tús curtha le hathbhreithniú breithiúnach in aghaidh Chomhaire baile Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon théis dhóibh diúltú glacadh le iarratas le ainm sráid I gCnoc Chois Coille I bPort an Dúnáin a bheith dhá theangach.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí na Nollag. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Tá a mbuíochas léirithe ag teaghlach Emily Hand leo siúd a thacaigh leo an cailín Éireannach-Iosraelach atá naoi mbliana d'aois a fháil ar ais ó fhuadach Hamas. Tá sé ráite ag an Taoiseach, Leo Varadkar, gur freagraíodh paidreacha an náisiúin nuair a fógraíodh go raibh Emily Hand saor ó bhraighdeanas in Gaza. Cuireadh síneadh leis an sos cogaidh idir Iosrael agus Hamas agus scaoileadh níos mó giall idir phríosúnaigh in Gaza agus Phalaistínigh i ngéibheann in Iosrael. Tugann an sos cogaidh deis cúnamh daonnúil a bhfuil géarghá leis a cheadú isteach i stráice Gaza. Tá sé fógartha go bhfuil an t-amhránaí agus cumadóir amhrán Shane MacGowan tar éis bháis. Scríobh na Pogues ar na meáin shóisialta, "Fuair Shane bás suaimhneach ag 3am ar maidin lena bhean chéile Victoria agus a theaghlach taobh leis." Chaith sé roinnt míonna in Ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath i mbliana ach scaoileadh amach é seachtain ó shin agus d'fhill abhaile chun am a chaitheamh lena chairde agus lena theaghlach. Bhí clú agus cáil air as an ról sa bhanna ceoil na Pogues agus an singil iomráiteach a bhí acu, Fairytale of New York. Dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn gur “Cheangail a chuid focal na hÉireannaigh ar fud na cruinne lena gcultúr agus lena stair, ag cuimsiú an oiread sin mothúcháin dhaonna ar na bealaí is fileata.” Tá sé ráite ag Coimisinéir na nGardaí go bhfuil an tAonad Ord Poiblí le 200 taser a fháil, agus go bhfuil sé ag iarraidh go gcuirfí dhá ghunna uisce ar fáil go buan. Dúirt an Coimisinéir Drew Harris leis an Choiste Oireachtais um Dhlí agus Cirt go bhfuil gardaí ag imscaradh dhá ghunna uisce, atá ar iasacht ón PSNI, i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Beidh ceamaraí coirp ar fáil sa phríomhchathair go luath in 2024, bliain níos luaithe ná mar a bhí beartaithe ar dtús, agus tá gach garda tosaigh chun sprae piobair níos láidre a fháil. D'athraigh an rialtas an dlí an tseachtain seo caite chun úsáid a bhaint as ceamairí coirp tar éis an fhoréigin i mBaile Átha Cliath. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
Tharla tragóid uafásach ar na Madain, Ard Mhacha inár fágadh triúr páiste gan athair agus máthair. Comhrá le Ellen a bhfuil aithne mhaith aici ar an teaghlach faoin tragóid agus na páistí.
Beidh imeachtaí ar siúl amárach chun comóradh a dhéanamh ar 100 bliain ó saolaíodh an Cairdinéal Tomás Ó Fiach. Rugadh an Cairdinéal Tomás Ó Fiach cothrom an lae amáraigh 100 bliain ó shin, i gCoilleach Eanach I ndeisceart Ard Mhacha agus fuair sé bás sa bhliain 1990.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ylg6rm2t Contact: irishlingos@gmail.com People in the south tackling the storm track. Daoine sa deisceart ag dul i ngleic le lorg na stoirme. People in east Cork and west Waterford are today dealing with the aftermath of the storm that hit the region yesterday and left many towns and villages under water. Tá daoine in oirthear Chorcaí agus in iarthar Phort Láirge ag dul i ngleic inniu le lorg na stoirme a bhuail an réigiún inné agus a d'fhág neart bailte agus sráidbhailte faoi uisce. Although Met Éireann had issued an orange warning yesterday and promised heavy rain, people did not expect the intensity of it. Cé go raibh fógra flannbhuí eisithe ag Met Éireann inné agus báisteach throm geallta acu, ní raibh aon choinne ag daoine leis an tréine a bhí inti. It is estimated, in fact, that a month's rain fell in the course of a day. Meastar, go deimhin, gur thit báisteach míosa in imeacht lae. Cork County Council has revealed that over 100 homes and businesses in the east of the county were flooded. Tá sé tugtha le fios ag Comhairle Contae Chorcaí gur thuil uisce isteach i mbarr ar 100 teach agus gnóthas in oirthear an chontae. The worst affected areas are Glenmaighir/Bailerosin, Minster Na Corran, White Gate, Clon, Ballyna Martra and Killay. Is iad na háiteanna is measa a buaileadh Gleann Maighir/Baile Roisín, Mainistir na Corann, an Geata Bán, Cluain, Baile na Martra agus Cill Ia. The Abbey Community Hospital was badly damaged and there is talk of evacuating patients from the place as a result. Rinneadh an- damáiste d'Ospidéal Pobail Mhainistir na Corann agus tá caint ar othair a aslonnú ón áit dá dheasca. There was also flooding in Linn Dubh and the Common Road area of Cork city. Bhí tuilte freisin sa Linn Dubh agus i gceantar Bhóthar an Choimín i gcathair Chorcaí. Tánaiste Micheál Martin and Minister Simon Coveney, who are both from Cork, said support would be provided to people in the region under the Government's Humanitarian Aid Scheme. Dúirt an Tánaiste Micheál Martin agus an tAire Simon Coveney, arb as Corcaigh iad beirt, go gcuirfí tacaíocht ar fáil do dhaoine sa réigiún faoi Scéim Chúnaimh Dhaonnachta an Rialtais. Met Éireann has issued a yellow warning regarding the rain that is expected in Co Kerry today. Tá fógra buí eisithe ag Met Éireann maidir leis an mbáisteach atá geallta i gCo Chiarraí inniu. It is estimated that there will be cold weather in parts of the county and people are being asked to be very careful when they are driving. Meastar go mbeidh fuarlaigh in áiteanna sa chontae agus táthar ag achainí ar dhaoine a bheith an-chúramach nuair atá siad ag tiomáint. The yellow notice will apply between 6 o'clock this evening and 6 o'clock tomorrow evening. Beidh feidhm leis an bhfógra buí idir 6 a chlog tráthnóna inniu agus 6 a chlog tráthnóna amárach. A yellow notice has also been issued in the north regarding the rain that is promised in Armagh, Derry, Dun, Fermanagh and Tyrone. Tá fógra buí eisithe ó thuaidh chomh maith maidir leis an mbáisteach atá geallta in Ard Mhacha, i nDoire, sa Dún, i bhFear Manach agus i dTír Eoghain. The situation is more serious in parts of Scotland, however. Is tromchúisí a bheas an scéal in áiteanna in Albain, áfach. The meteorologists have predicted high wind and "exceptional" rain and believe that life could be at risk as a result, especially in Aberdeenshire and Angus in the east of Scotland. Tá gaoth mhór agus báisteach "eisceachtúil" tuartha ag na meitéareolaithe thall agus dar leo go bhféadfadh beatha a bheiith i mbaol dá bharr, go háirithe i Siorrachd Obar Dheathain agus in Aonghas in oirthear na hAlban. People in those places are being advised to stay at home. Táthar ag comhairliú do dhaoine sna háiteanna sin fanacht sa bhaile. RTÉ News and Current Affairs Corinth Abbey under water (Pic: Damien Rytel)
Imeachtaí na Samhna i gceantar an Dúin agus Ard Mhacha
Tá sraith imeachtaí agus ócáidí beartaithe acu ag toiseacht ar an mhí seo chugainn le breith 100 bliain ó shin An Cairdinéil Tomás Séamus Ó Fiach a cheiliúradh.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Tá rialtas na hÉireann ag smaoineamh ar luasteorainn ar bhóithre a ísliu chun an líon daoine a mharaítear i dtionóiscí bóthair a laghdú. Tá 128 duine i ndiaidh bás a fháil i dtimpistí bóthair sa stát ó thús na bliana, 24 níos mó san achar céanna anuraidh. Tá an tAire Stáit sa Roinn Iompair Jack Chambers ag déanamh imscrúdú ar na teorainneacha luais faoi láthair agus tuigtear go n-ísleofar an teorainn luais ar bhóithre náisiúnta. Dúirt príomhfheidhmeannach an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre go bhfuil "eipidéim luais" ar siúl i bPoblacht na hÉireann, agus gur chóir do gach duine a bheith ag tiomáint ní ba mhoille. Rinneadh scrúdú iarbháis ar chorpa cailín óig, ocht mbliana d'aois, a bádh agus í ag snámh amach ón trá i mBaile Mhontáin i gContae Chorcaí. Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála tar éis don chailín dul i gcontúirt san uisce agus chuaigh siad i mbun a cuardaigh. Tuigtear go raibh an cailín beag ina cónaí agus ag freastal ar scoil sa cheantar, Scoil Náisiúnta Theampall Bríde i mBun an Tábhairne. Dúirt Easpag Chorcaí go bhfuil pobal na scoile agus an pharóiste áitiuíl “croíbhriste” ar son an teaghlaigh. Tharla an tragóid le linn tréimhse ina raibh an aimsir an-te ar fad, agus teochtanna go hard sna fichidí in áiteanna áirithe. Is cosúil go bhfuil an teocht ag ísliú amach anseo. Tá an Tánaiste Micheál Martin in Iosrael agus bhuail sé le Príomh-aire Benjamin Netanyahu in Iarúsailéim. Dúirt sé i ndiaidh an chruinnithe nach bhfuil aon chosúlacht air go mbeidh aon athrú ar an treo atá faoin choimhlint idir na hIosraelaigh agus na Palaistínigh. Dúirt Micheál Martin gur thug sé le fios go raibh Éire i gcoinne na lonnaíochtaí mídhleachacha atá á dtógáil ag na hIosraelaigh ar thalamh na bPalaistíneach. Tá an Tánaiste ar cuairt oifigiúil ar an cheantar agus beidh sé sa Bhruach Thiar, áit a mbeidh cruinniú aige le hUachtarán Údarás na Palaistíne Mahmoud Abbas agus beidh sé ag taisteal go dtí an Iordáin. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS luasteorainn - speed limit príomhfheidhmeannach - chief executive scrúdú iarbháis - autopsy seirbhísí éigeandála - emergency services lonnaíochtaí mídhleachacha - illegal settlements an Bruach Thiar - the West Bank
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí Iúil. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Bhí meadú ar an fhoréigean i ndiaidh ionradh Arm Iosrael ar bhaile Jenin ar an Bhruach Thiar. Dúirt an Taoiseach sa Dáil go raibh an-imní ar an rialtas faoin ionradh seo. Tá dháréag Palaistíneach maraithe ag na hIosraelaigh in Jenin go dtí seo agus i bhfad níos mó gortaithe. Tá imní ann go mbeidh éirí amach go forleathan ag na Palaistínigh agus níos mó básanna. In Iosrael sa chathair Tel Aviv thiomáin fear Palaistíneach díreach isteach i slua daoine ar an tsráid. Dúirt arm Iosrael go bhfuil an oibríocht in Jenin thart anois agus gur maraíodh saighdiúir amháin. Dúirt an láithreoir Ryan Tubridy agus a ghníomhaire Noel Kelly go bhfuil sé sásta cuidiú a thabhairt do choiste an Oireachtais ar na Meáin Chumarsáide an tseachtain seo chugainn. Sheol siad litir chuig an choiste ach níl sé soiléir conas a thabharfaidh siad fianaise. Beidh bainistíocht RTÉ ar ais os comhair an Oireachtais an tseachtain seo chugainn i ndiaidh dó teacht chun solais go raibh níos mó “cuntais rúnda” in úsáid acu. Dúirt cathaoirleach an Choiste Niamh Smyth TD go bhfuil “an-díomá” uirthi go raibh an t-eolas a tugadh an tseachtain seo caite ag RTÉ “míchruinn”. Tá seirbhís sláinte náisiúnta na Breataine (an NHS) ag ceiliúradh seachtó cúig bliana ar an fhód an tseachtain seo. Tá meas forleathan ag muintir na Breataine ar an eagraíocht ach ní ceiliúradh iomlán sona a bheidh ann. Tá fadhbanna móra le liostaí feithimh, folúntais foirne, gníomhaíocht thionsclaíoch agus sásamh an phobail ag titim. I rith stair an NHS d'oibrigh na mílte Éireannach in ospidéil ar fud na tíre agus sin an scéal go fóill inniu. Táthar á mhaíomh go bhfuil gá le hathrú agus infheistíocht chun é a dhéanamh oiriúnach don todhchaí. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS foréigean - violence ionradh - incursion gníomhaire - agent fianaise - evidence liostaí feithimh - waiting lists folúntais foirne - staff vacancies gníomhaíocht thionsclaíoch - industrial action
Imreoidh Ciarrai Tír Eoghain i bPáirc a Chrócaigh de Sathairn seo chughainn air 3;45. Beidh Ard Mhacha le Muineacháin air a 6. De Domhnaigh beidh Corcaigh le Doire 1;45, agus casfaidh Ard Mhacha air Mhuineacháin air a 4 a chlog tráthnona de Domhnaigh.
Phlé Mark Harte bua Doire agus Ard Mhacha i gcúige Uladh agus An Lú agus Baile Átha Cliath i Laighean le Cárthach.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Fuair an Chúirt Choirúil Speisialta Gerard Hutch neamhchiontach i ndúnmharú David Byrne, a lámhachadh in Óstán an Regency i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath seacht mbliana ó shin. Bhí an dúnmharú mar chuid den imreas idir dronga coireachta Hutch agus Kinahan. Dúirt na breithiúna, cé go raibh fianaise sa triail le tuiscint go mb'fhéidir gur thug Gerard Hutch a bheannacht don ionsaí a eagrú, ní raibh a dhóthain fianaise ann le rá go raibh sé féin ann ar an lá go pearsanta. Ciontaíodh beirt fhear eile i gcabhrú le heagraíocht choireachta David Byrne a dhúnmharú. Sin iad Paul Murphy, tiománaí tacsaí, 61 bliain d'aois, agus Jason Bonney, tógálaí, 52 bliain. D'fhag Gerard Hutch an chúirt ina aonar agus níor fhreagair sé ceisteanna na nuachtóirí.D'áitigh iar-sheanadóir na Stát Aontaithe George Mitchell ar cheannairí an Tuiscirt chun gníomhú le “misneach agus gaois” mar a rinne a réamhtheachtaithe 25 bliain ó shin. Bhí Mitchell ag glacadh páirt san imeacht “Aontú 25” in Ollscoil na Banríona ina gceiliúradh comóradh Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tháinig go leor de phríomhúdair an Chomhaontaithe le chéile i mBéal Feirste an tseachtain seo. Roinn iar-Phríomh-Aire Tony Blair, iar-Uachtarán Bill Clinton agus iar-Thaoiseach Bertie Ahern an stáitse le chéile. Bhí teachtaireacht shoiléir acu do na ceannairí sa tuaisceart chun oibriú go dian agus an tionól a athbhunú sna sé chontae.De réir tuairiscí, rinneadh ionsaí ar Ambasadóir an Aontais Eorpaigh go dtí an tSúdáin, an tÉireannach Aidan O'Hara, ina theach cónaithe. Tuigtear go bhfuil an taidhleoir ceart go leor ach dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin gur "sárú mór" ar Choinhinsiún Vín a bhí san ionsai seo. Maraíodh thart ar 200 duine agus gortaíodh 1,800 go dtí seo mar thoradh ar chogaíocht idir Arm na Sudáine agus grúpa paraimíleata. Tá an chuid is mó den troid le feiceáil i bpríomhchathair na tíre Khartoum. Tá an grúpa seo míshásta leis na pleananna don aistriú ó riail mhíleachta go sibhialtacht. Ach faoi láthair tá go leor Súdánach ag lorg síochána agus cobhsaíochta. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS neamhchiontach - not guilty dronga coireachta - criminal gangs iar-sheanadóir - ex-senator misneach agus gaois - courage and wisdom taidhleoir - diplomat cobhsaíocht - stability
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá deag de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. De réir tuairiscí tá breis agus 20,000 duine maraithe i ndeisceart na Tuirce agus i dtuaisceart na Siria i ndiaidh an chreatha talún Dé Luain, agus is dócha go n-ardóidh na figiúirí sna leathanta amach romhainn. Ó thaobh na Tuirce de, deir na húdaráis go bhfuil 13.5 milliún daoine atá buailte ag an tubaiste. Tá na hoibrithe tarrthála ag déanamh a ndícheall chun an oiread daoine agus is féidir a shábháil. Tá an aimsir fuar, le sneachta ar an talamh agus tá easpa tithe agus foirgneamh te sábháilte ann do na daoine a tháinig slán. Meastar go bhfuil cúrsaí nios measa fós i dtuaisceart na Siria mar gheall ar an chogaíocht ansin. Thug Volodymyr Zelensky cuairt ar an Bhreatain an tseachtain seo. Ba í an chéad chuairt ar an tír ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin bliain ó shin. Bhuail sé le Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Rishi Sunak agus ghlac sé an deis le linn a óráide os comhair pharlaimint na Breataine iarratas a dhéanamh ar eitleáin chogaidh. Duirt sé, “Ní saoirse go sciatháin”. D'fhógair Downing Street Déardaoin nach dtabharfaidís eitleáin chogaidh don Úcráin dá gcuirfeadh sin an Ríocht Aontaithe i mbaol. Ag an am céanna tá fórsaí na Rúise ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh in oirthear na hÚcráine, agus ag teilgean diúracán ar gach oblast sa tír. Tá Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe i Londáin i ndiaidh rialú go bhfuil Prótacal an Tuiscirt “dleathach”. Ghlac Ceannaire an TUV Jim Allister agus Aontachtaithe mór le rá eile an cás chuig an Chúirt, agus iad ag argóint nach bhfuil an prótacal ag teacht le hAcht an Aontais ná le Comhaontú Aoine an Chéasta, cé nach raibh an DUP i bhfabhar an Chomhaontaithe nuair a síníodh é cúig bliana is fiche ó shin. Ní raibh aon ghlacadh ag an Chúirt leis an mhaíomh sin agus go bhfuil an chumhacht ag Rialtas na Breataine an prótacal a chur i bhfeidhm. In ainneoin rialú na Cúirte, dúirt na ceannairí Aontachtacha gur cruthaíodh go raibh an ceart acu. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS crith talún - earthquake cogaíocht - warfare eitleáin chogaidh - warplanes sciatháin - wings Cúirt Uachtarach - Supreme Court maíomh - claim
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí na Samhna. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Bhí an bua ag Lula da Silva sa toghchán uachtaránachta sa Bhrasaíl. Ag an deireadh ní raibh mórán idir Lula, atá ar an eite chlé, agus an duine sa phost faoi láthair, Bolsanaro. Fuair Lula nach mór 51%, agus 49% ag Bolsonaro. Tá imní ar an saol mhór nach mbeidh Bolsanaro sásta glacadh leis an toradh seo agus go ndéanfaidh sé iarracht an post mar uachtarán a choinneáil. D'iarr Lula ar mhuintir na Brasaíle teacht le chéile go síochánta i bhfianaise thoradh an toghcháin. Is beag foréigean le feiceail go fóill ach tá teannas ag méadú in áiteanna sa tír. Chuir Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUiginn teachtaireacht chomhghairdis chuig Lula ar son mhuintir na tíre. Leanann fadbhanna polaitiúla an Tuiscirt ar aghaidh leis an Tionól dunta agus na hairí as a bpost. Bhí go dtí meán oíche Déardaoin seo caite ag na páirtithe polaitíochta ó thuaidh réiteach a aimsiú agus Stormont a bhunú arís. De réir an dlí tá sé de dhualgas ar an Státrúnaí toghchán a eagrú agus vótáil a rith taobh istigh de thrí mhí. Theip ar an Státrúnaí dáta an toghcháin a fhógairt agus buailfidh sé leis an Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney níos deireanaí sa tseachtain. Tá milliún pas Éireannach eisithe go dtí seo i mbliana. Ní dhearnadh ach 634,000 pas anuraidh san iomlán, líon réasúnta íseal i gcomórtas le 935,000 pas in 2019 roimh an phaindéim. I ndiaidh deireadh le srianta Covid bhí méadú suntasach ar an líon daoine ag lorg pas nua, de réir na Ranna Gnóthaí Eachtracha. Tá sé tugtha le fios ag Oifig na bPasanna go bhfuil nios mo foirne tugtha isteach chun freastal ar an éileamh seo. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS an eite chlé - the left wing teannas - tension Státrúnaí - Secretary of State Aire Gnóthaí Eachtracha - Foreign Affairs Minister méadú suntasach - significant increase éileamh - demand
Beidh Gaeil Leitir Ceanainn ag tabhairt aghaidh ar Chraobh Uladh don chéad uair riamh, áit a gcasfaidh siad ar Dhoire Núis, Ard Mhacha, sa Chraobh Shóisir, De Domhnaigh.
Do Seachtain na Leabhar ar BBC Raidió Uladh cluinimid Mícheál Ó Dochartaigh ar leabhar pictiúr úr do pháistí faoin CLG agus Pádraig Ó Tiarnaigh ar Kings for a Day le Niall McCoy, leabhar a dhéanann cur síos ar bhua Ard Mhacha i gCraobh na hÉireann sa bhliain 2002 Agus do Mí Dhomhanda an Mheanapáis tá an An Dr Ilona Duffy le Máire leis na siomptóim a phlé. For Book Week on BBC Radio Ulster we hear Mícheál Ó Dochartaigh on a new children's picture book about the GAA and Pádraig Ó Tiarnaigh on Kings For a Day by Niall McCoy – a new release telling the story of Armagh's All-Ireland Final win in 2002. And for World Menopause Month Dr Ilona Duffy, GP, discusses the myriad of possible symptoms.
Cluineann muid cuimhní cinn ar an bhliain órga nuair a bhain Ard Mhacha Cluiche Ceannais Peile na hÉireann i 2002 ó Phádraig Ó Tiarnaigh, Órla Nic Ruairí agus Tomaí Ó Conghaile. Insíonn Dr Róisín Ní Mhulláin do Dháithí faoi thionscadal úr ar shaol agus ar shaothar an údair Cathal Ó Sándair. Buaileann muid le Póilín Nic Géidigh agus Aedraen Ó Dubhghaill lánúin a casadh le chéile ar líne agus glacann siad páirt i Grá na gCeist. Memories of Armagh's golden year in 2002 from Pádraig Ó Tiarnaigh, Órla Nic Ruairí and Tomaí Ó Conghaile. Dr Róisín Ní Mhulláin talks about a new project to highlight the life and work of author Cathal Ó Sándair. Póilín Nic Géidigh and Aedraen Ó Dubhghaill take part in our love quiz.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí Iuil. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Fuair iar-cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Uladh David Trimble bás i ndiaidh tinneas gairid. Bhí sé 77 bliain d'aos. Bronnadh Duais Nobel na Síochána air i dteannta John Hume, ceannaire an SDLP, in 1998 mar gheall ar an ról tábhachtach a bhí acu sa phróiseas síochána i dTuaisceart Éireann. Murach eisean agus an obair déanta aige ní bheadh Comhaontú Aoine an Chéasta ann agus síocháin ar an oileán seo. Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh “ról lárnach” aige agus “sinn a sheoladh ar chosán na síochána agus an athmhuintearais”. Maireann bean chéile David Trimble agus a cheathrar clainne. Bhí an bua ag Ciarraí i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann i mbliana. Fuair siad an lámh in uachtar i gcoinne Gaillimhe sa chluiche ceannais Dé Domhnaigh. D'imir Gaillimh go maith sa chéad leath agus bhí cluiche iontach ag an tosaí Shane Walsh, a scóráil naoi gcúilín le linn an chluiche. Ghlac Ciarraí smacht ar an chluiche sa dara leath agus le hocht gcúilín san iomlán don Ríocht ag David Clifford, bhí siad ábalta an lá a thabhairt leo. An scór deiridh: Ciarraí 0-20, Gaillimh 0-16. Ar RTÉ, rinne an t-iar-imreoir Chiarraí Pat Spillane a sheal deireanach mar anailísí peile, agus é ag caint go mothúchánach faoina athair, a fuair bás go tobann in 1964 agus nach bhfaca rath a chuid mac agus garmhac i gCraobh na hÉireann. Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuil thart ar 70 cás den víreas bolgaí moncaí go dtí an pointe seo in Éirinn. Bhí an chead chás cinntithe den ghalar i gcontae Mhaigh Eo. Is víreas é a aithníodh den chéad uair i moncaí faoi chuing in 1958. Tá formhór de na cásanna deimhnithe sa phobal homoaighnéasach agus beidh vacsaín ar fáil don ghrúpa seo go luath. D'fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur "éigeandáil dhomhanda" í an ráig, atá ar siúl i níos mó ná 70 tír. Moltar do dhaoine fanacht ar shiúl ó dhaoine eile agus dul i dteagmháil le dochtúir má aimsíonn siad gríos ar an chraiceann. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS an Páirtí Aontachach Uladh - the Ulster Unionist Party cosán na síochána agus an athmuintearais - the path of peace and reconciliation anailísí peile - football pundit mothúchánach - emotional víreas bolgaí moncaí - monkeypox gríos - rash
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/24x2fyzm Contact: irishlingos@gmail.com Tiernan Kelly Armagh 24 week ban. Cosc 24 seachtaine ar Tiernan Kelly Ard Mhacha. Tiernan Kelly has been banned for 24 weeks for an incident that occurred during last Sunday's All - Ireland Quarter Final. Tá cosc 24 seachtaine curtha ar Tiernan Kelly as eachtra a tharla i rith Chluiche Ceathrú Ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh seo caite. The match between Galway and Armagh ended in a draw and went into overtime. Ar comhscór a chríochnaigh an cluiche idir Gaillimh agus Ard Mhacha agus chuaigh go dtí am breise. Tiernan Kelly was not on the Armagh panel for that game, but was involved in the scuffle that occurred on the pitch before the start of extra time. Ní raibh Tiernan Kelly ar phainéal Ard Mhacha don chluiche sin, ach bhí sé páirteach sa scliúchas a tharla ar an bpáirc roimh thus an ama breise. He seemed to touch the face and eyes of Damien Comer of Galway. Ba chosúil go ndearna sé teagmháil le héadan agus súile Damien Comer na Gaillimhe. Both counties have been fined € 10,000 for the slum, and Conor Turbitt and Blaine Hughes of Armagh, and Cathal Sweeny of Galway, have been banned for one match. Tá fíneáil €10,000 curtha ar an dá chontae as an scliúchas, agus tá cosc aon- chluiche curtha ar Conor Turbitt agus Blaine Hughes as Ard Mhacha, agus ar Chathal Sweeny na Gaillimhe. Armagh have confirmed that they will accept the ban on both players, but no confirmation has yet been received from Galway. Tá sé deimhnithe ag Ard Mhacha go nglacfaidh siad leis an gcosc ar an mbeirt imreoirí, ach níl aon deimhniú faighte fós ó Ghaillimh. Three players, Seán Kelly of Galway and Gred McCabe and Aidean Nugent of Armagh, were given a red card during his game, and may also be banned from one - match. Tugadh cárta dearg do thriúr imreoirí i rith a chuiche, Seán Kelly na Gaillimhe agus Gred McCabe agus Aidean Nugent Ard Mhacha, agus is féidir go gcuirfear cosc aon-chluiche orthusan freisin. Kelly's got the card for 'adding to the sleuth', but it's what Galway thinks will appeal. As bheith 'ag cur leis an scliúchas' a fuair Kelly an cárta, ach déanfaidh Gaillimh achomharc ar sin ceaptar, ó taispeánann físeán é ag iarraidh daoine eile la choinneáil amah as an achrann. Armagh lost in the penalty kicks after extra time ended in a draw. Chaill Ard Mhacha sna ciceanna pionóís tar éis don am breise é féin críochnú ar comhscór. Galway will play Derry in the semi - final on 9 July and will be keen to find an early solution to these issues. Ar aghaidh Dhoire a imreoidh Gaillimh sa chluiche leathcheannais an 9 Iúil agus beidh fonn láidir orthu réiteach luath a fháil ar na ceisteanna seo.
Bhí Dara Ó Cinnéide agus Peadar Óg Ó Gríofa ag plé an dá chluich ceathrú ceannais ar an Domhnach idir Gaillimh agus Ard Mhacha ar dtús agus Ciarraí i gcoinne Mhaigh Eo.
Cártaí cinniúnacha bronnta i gcluichí an deireadh seachtaine seo agus tionchar ana mhór acu air an imirt. Tarrac déanta do na cluichí ceathrú ceannais. Ciarraí le Muigheo. Corcaigh le Átha Cliath. An Clár le Doire,agus Ard Mhacha leis an nGaillimh
Ag cur síos ar cluichí foirne na bhfear agus na mBan Dhún na nGall a bhí ar siúl ag deireadh na seachtaine.
Ceithre cluiche mór ag an deireadh seachtaine agus babhta a dó do na cluichí cáilithe ar bun agus bhí Gary Brennan, iar-imreoir an Chláir, linn chun breathnú siar ar na clucihí agus na mórscéalta a phlé.
DhDanfar an leabhar Gael linn I gCúige Uladh; Slis den saol 1953-1970 a fhoilsiú tráthnóna amárach in Aonach Mhacha in Ard Mhacha.
Bhí neart cluichí peile ag an deireadh seachtaine san chéad bhabhta cáilithe don chraobh. Labhair Cian le Fiachra Breathnach agus Brian Darby maidir leis na mórscéalta ar fad.
Casfaidh Dún na nGall ar Ard Mhacha i gCluiche Ceannais Uladh i gCluain Eois De Domhnaigh.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Dúirt Uachtarán na hUcráine Volodymr Zelensky go bhfuil tús curtha ag Arm na Rúise le feachtas fornirt in oirthear na hÚcráine. Sheasfadh muintir na hÚcráine an fód ba chuma cé mhéad saighdiúir a sheolfadh an Rúis chuig an tír, arsa Zelensky. Beidh an troid is troime ag tarlú i gceantair an Donbass, ait atá buailte ar an Chrimé atá faoi smacht na Rúiseach ó 2014. B'fhéidir go mbeidh an lámh in uachtar ag Arm na Rúise sa cheantar mór seo agus iad ag ionsaí ar fhronta 300 míle. Tá fear 22 bliain d'aois cúisithe i Sligeach maidir leis na dúnmharuithe a tharla an tseachtain seo caite. Cúisíodh Yousef Palani i ndúnmharú Aidan Moffitt, 41 bliain d'aois agus Michael Snee, 58 bliain d'aois. Tá cúis eile curtha i leith Yousef Palani maidir le hionsaí tromchúiseach a rinneadh ar Anthony Burke i Sligeach chomh maith. Tá ráiteas eisithe ag Comhairle Síochána agus Imeasctha Mhoslamaigh na hÉireann ag ofráil dlúthpháirtíochta agus ag cáineadh homafóibe go géar. Deir an tOllamh Luke O'Neill, imdhíoneolaí i gColáiste na Tríonóide, go bhfuil na vacsaíní Covid-19 éifeachtach i gcoinne na n-athraitheach nua ar an choróinvíreas. Is é an Oimiocrón XE an t-ainm atá ar na hathraithigh nua. Dar leis an Ollamh O'Neill ní raibh ach cás amháin taifeadta sa Stát ach roinnt cásanna sa Tuaisceart. Dar le torthaí suirbhé a foilsíodh san Irish Times le déanaí, tá nócha a cúig faoin chéad de dhaoine den tuairim go "gcaithfidh muid maireachtáil leis an víreas", ach tá deighilt sa phobal maidir le srianta nua i gcoinne Covid amach anseo. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS feachtas fornirt - campaign of violence fronta - front (in war) ionsaí tromchúiseach - serious assault Comhairle Síochána agus Imeasctha Mhoslamaigh na hÉireann - Irish Muslim Peace and Integration Council imdhíoneolaí - immunologist athraitheach - variant
ag inse faoi Fhéile Píobaireachta William Kennedy a bhéas ar siúl in Ard Mhacha
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yebhfos5 "The Government did not advise the President not to go to service". "Níor mhol an Rialtas don Uachtarán gan dul chuig seirbhís". The Government has confirmed that it did not advise President Michael D Higgins to accept an invitation to attend a special service in Armagh to commemorate the partition of Ireland and the centenary of the founding of the Northern state. Tá sé dearbhaithe ag an Rialtas nár chomhairligh siad don Uachtarán Michael D Higgins cur suas do chuireadh freastal ar sheirbhís speisialta in Ard Mhacha le críochdheighilt na hÉireann agus bunú stát an Tuaiscirt céad bliain ó shin a chomóradh. The Government said they are constitutionally barred from giving such advice to the President. Dúirt an Rialtas bhfuil cosc bunreachtúil orthu comhairle den chineál sin a chur ar an Uachtarán. In a statement yesterday, a spokesman for the president said Michael D Higgins could not attend next month 's service but did not say exactly why. I ráiteas inné, dúirt urlabhraí an Uachtaráin nach bhféadfadh Michael D Higgins freastal ar an tseirbhís a bheas ar siúl an mhí seo chugainn ach ní dúradh go baileach cén fáth. DUP leader Jeffrey Donaldson said the President's decision was a step backwards in terms of reconciliation and called on him to reconsider it. Dúirt ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson gur céim ar gcúl ó thaobh an athmhuintearais de cinneadh an Uachtaráin agus d'iarr sé air a mhachnamh a dhéanamh arís air. The service will be attended by Queen Elizabeth of England, the Catholic primate of Ireland, Archbishop Éamon Martin and the leaders of the other Christian churches. Beidh Banríon Eilís Shasana, príomháidh Caitliceach na hÉireann, an tArdeaspag Éamon Martin agus ceannairí na n-eaglaisí Críostaí eile i láthair ag an tseirbhís.
Ag plé cúrsaí spóirt na deireadh seachtaine, an cluiche idir Dún na nGall agus Ard Mhacha sa tsraith ina measc.
Ag labhairt faoi go bhfuil Foireann Ard Mhacha ag fáil 450 ticéad don chluiche idir Ard Mhacha agus Dún na nGall sa tSraith, ach nach bhfuil Dún na nGall ag fail 50 ticéad. Cuireann sé sios fosta ar mar atá na forbairtí ar an Chonmhaigh.
Fear as Ard Mhacha ag inse faoina chuid oibre mar shaineolaí i sláinte SEIF agus gnéis i Londain
Ag inse faoin imeacht a bhéas ag ionad Duncairn i mBéal Feirste le tacú le oidhreacht Ard Mhacha- ceol , ealaíon agus filíocht
Ag inse faoin amhrán úr a eisíodh do Sheachtain na Gaeilge , a cheol ag Pearse Ó Lorcáin as Ard Mhacha, faoin chuidiú a thug na Choctaw d'Éireannaigh le linn an Ghorta.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yye8t583 Three Irishmen face long prison terms. Téarmaí fada príosúin gearrtha ar thriúr Éireannach. In a court in England, three Irish men and another man were sentenced to long prison terms for the manslaughter of 39 Vietnamese people who died in a refrigerated truck trailer in Essex in October 2019. I gcúirt i Sasana, gearradh téarmaí fada príosúin ar thriúr fear Éireannach agus ar fhear eile faoi dhúnorgain 39 duine de bhunadh Vítneam a bhásaigh i leantóir cuisnithe leoraí in Essex i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2019. Maurice Robinson, 26, of Craigavon, and his foreman Rónán Hughes, 41, of Armagh, pleaded guilty to human trafficking and manslaughter. Phléadáil Maurice Robinson, 26 bliain, as Craigavon, agus a shaoiste Rónán Hughes, 41 bliain, as Ard Mhacha, ciontach i ngáinneáil ar dhaoine agus i ndúnorgain. Robinson was also sentenced to thirteen years and four months in prison for pleading guilty to money laundering. Gearradh téarma príosúin trí bliana déag agus ceithre mhí ar Robinson a phléadáil ciontach chomh maith i sciúradh airgid. Hughes was sentenced to 20 years. Téarma 20 bliain a gearradh ar Hughes. The other two, Éamonn Harrison, 24, of Co Down, and Gheorghe Nica, 43, of Basildon, Essex, were convicted of the same charges. Ciontaíodh an bheirt eile, Éamonn Harrison, 24 bliain, as Co an Dúin, agus Gheorghe Nica, 43 bliain, as Basildon, Essex, sna cúisimh chéanna. Harrison was sentenced to eighteen years in prison and Nica 27 years in charge of the conspiracy gang. Téarma príosúin ocht mbliana déag a gearradh ar Harrison agus 27 bliain ar Nica arbh é ceann feadhna na buíne comhcheilge é. The trailer was taken by Éamon Harrison to the port of Zeebrugge in Belgium before being shipped to England by ferry. Ba é Éamon Harrison a thug an leantóir go calafort Zeebrugge sa Bheilg sular seoladh ar aghaidh go Sasana ar bhád farantóireachta é. 39 Vietnamese people die in lorry trailer The bodies of the 39 people - 31 men and eight women - were found in the lorry at an industrial estate in the town of Grays in Essex east of London. Bhásaigh 39 duine ó Vítneam sa leantóir leoraí Fuarthas coirp an 39 duine - 31 fear agus ochtar ban - sa leoraí in eastát tionsclaíochta i mbaile Grays in Essex soir ó Londain. They had paid up to € 14,590 each to the conspirators. Bhí suas le €14,590 an duine íoctha acu le lucht na comcheilge.
Babhtaí leathcheannais Chraobh Uladh a imirt an deireadh seachtaine seo Dún na nGall in éadan Ard Mhacha amárach agus an Chabhán in éadan An Dún Dé Domhnaigh.
Ag tabhairt a thuairim ar mar a bheas cúrsaí spóirt go hairithe cúrsaí an Chumainn Lúthchleas Gael i gCúige Uladh de bharr Covid19.
Srianta le cur i bhfeidhm i BT60 i gCo. Ard Mhacha ón 5 a chlog tráthnóna inniu de bharr Covid 19.
An t-Ard Easpag Tomás Ó Fiaich ag comhrá le Pádraic Ó Raghallaigh nuair an déanadh Ard-Easpag ar Ard Mhacha de sa bhliain 1977.
An fidléir Brendan McGlinchey ó Cho. Ard Mhacha mar a thaifead Ciarán Mac Mathúna é sa bhliain 1963.
Jerry Hicks amhránaí ó Cho. Ard Mhacha ag ceol do Phroinsias Ó Conluain uair Éigin sna 60adaí. Ceolann sé An tOileán Úr agus Seachrán Chairn tSiail.
Risteárd MacGabhann, Coláiste Mhic Aoidh, Doire, Donncha Ó Bruadair agus Bríd MhicSheáin, Gaeltacht Bhóthar Seoighe, Séamus Céitinn ó Ard Mhacha agus Tomás Ó Donghaile ó Dhoire ag plé cúrsaí Gaeilge sna Sé Chondae. Seán Ó Maolchallán i mbun na gceisteanna.
Seán Ó Baoill ó Cho. Ard Mhacha le léacht a thug sé ar oidhreacht cheoil Chúige Uladh. Seán Óg Ó Baoill ag léiriú le samplaí d'amhráin.
Mórshiúl ar son na Gaeilge i gCathair Ard Mhacha Lúnasa 2011