POPULARITY
Cén tionchar a bheas ag an reachtaíocht nua faoi Gháidhlig na hAlban ar an teanga mar theanga phobail?
Tá Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola ar thuras san am i láthair agus iad ar cuairt ar Oileán Í agus Oileán Muile amach ó chósta na hAlban.
Tá an Taoiseach Simon Harris agus an Tánaiste Mícheál Martin i measc na gceannairí atá ag freastal ar chruinniú mullaigh de Chomhairle na Breataine agus na hÉireann i nDún Éideann na hAlban inniu.
Ar an gclár seo bhí Rónán Ó Dochartaigh linn ó Oideas Gael i nGleann Cholm Cille le labhairt linn faoina gcuid oibre ar an tsraith úr acmhainní digiteacha "HEART" www.eduheart.eu dírithe ar oideachasóirí ar spéis seo cúrsaí oidhreachta a thabhairt isteach ina gcuid teagaisc, mar chuid de thionscadal ilchultúrtha comhpháirtíochta a raibh Oideas Gael ar cheann de 5 chomhpháirtí Eorpacha ann. Chomh maith leis sin, chualamar ó Chiarán Dunbar faoin gcúrsa Ghaeilge na hAlban ar an Oileán Sgitheanach mí Lúnasa, faoina thuras chuig an gComhdháil ar an gCarraig mí Mheán Fómhair agus faoin alt a scríobh sé faoina eispéaras san Irish Independent.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Niall Ó Siadhail. In Éirinn, thángthas ar thorthaí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach an deireadh seachtaine seo caite. Choinnigh na páirtithe móra Fianna Fáil agus Fine Gael a líon vótaí agus d'éirigh go maith le roinnt mhaith iarrthóirí neamhspleácha ach theip ar Shinn Féin a líon vótaí a mhéadú. Teip mhór a bhí ann do pháirtí a raibh tacaíocht mhór acu cúpla bliain ó shin. Bhí toghchán iontach ag páirtithe i bhfad amach ar an eite dheas sa Ghearmáin agus sa Fhrainc, agus d'fhógair Uachtarán an Fraince Emmanuel Macron toghchán tobann parlaiminte ina thír féin. Sna tíortha Nordacha, áfach, d'éirigh go maith leis na páirtithe ar an eite chlé ach, ar an mhórgóir, is iad an grúpa den eite dheas EPP a bhfuil an líon is mó suíochán acu i bParlaimint na hEorpa. Bhí Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta na hEorpa ar siúl sa Róimh an tseachtain seo caite, agus ba é an comórtas ba rathúla riamh ag foireann Éireann agus ceithre bhonn á dtabhairt abhaile acu. D'éirigh le Ciara Mageean, ar as Port an Pheire i gContae an Dúin í, aisling a fhíorú nuair a ghlac sí an bonn óir sa rás 1500m, agus thug Rhasidat Adeleke ó Thamhlacht i mBaile Átha Cliath léiriú intinne do na Cluichí Oilimpeacha níos moille i mbliana nuair a bhain sise an bonn airgid sa rás 400m. Bhí Adeleke agus Sharlene Mawdsley páirteach sa dá bhonn eile a fuair Éire: bonn airgid i rás sealaíochta 400m na mban agus bonn óir i sa rás sealaíochta 400m measctha. Roimhe seo, ba í Sonia O'Sullivan an lúthchleasaí amháin a bhuaigh bonn óir ag an chomórtas seo. Cuireadh tús le craobhchomórtas na hEorpa eile inné agus foireann sacair na hAlban ag imirt in aghaidh na n-óstach, foireann na Gearmáine in München. Ar an drochuair, chaill na hAlbanaigh 5-1. Tá cruinniú mullaigh síochána ar siúl san Eilvéis faoi láthair, agus ceannairí na dtíortha G7 ag freastal ar chainteanna in ionad saoire ar bharr sléibhe gar do Lucerne. D'aontaigh siad pacáiste cabhrach $50m a thabhairt don Úcráin agus fógraíodh comhaontú slándála déthaobhach idir an Úcráin agus na Stáit Aontaithe go ceann deich mbliana. Tá níos mó ná 100 ceannairí i láthair an deireadh seachtaine seo, an Taoiseach Simon Harris ina measc, ach níl aon ionadaí ann ón Rúis ná ón tSín. D'eisigh Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, liosta éileamh maidir le coinníollacha chun deireadh a chur leis an chogadh, ach dhiúltaigh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy na héilimh go neamhbhalbh, agus dúirt Seansailéir na Gearmáine, Olof Scholz, nach raibh siad dáiríre. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS toghchán tobann parlaiminte - snap parliament election ar an mhórgóir - overall rás sealaíochta - relay race léiriú intinne - a statement of intent cruinniú mullaigh síochána - peace summit comhaontú slándála déthaobhach - bilateral security agreement
Gaeilge na hAlban: fás, meath agus fadhbanna ollmhóra ag an teanga. Tá sí ag láidriú i nGlaschú agus i nDún Éideann ach imeacht léi mar theanga phobail dar leis an Iriseoir leis an Belfast Telegraph, Ciarán Dunbar.
Fógraíodh inné go bhfuil John Swinney ainmnithe ina cheannaire nua ar Pháirtí Náisiúnta na hAlban.
I mí an Mheithimh 2019 bhagair Rialtas na hAlban go gcuirfeadh siad an dlí ar aon iascaire seachas iascairí na Breataine a bheadh ag iascach i bhfoisceacht dhá mhíle dhéag do Rocall. Tá cás Rocall ardaithe arís tar éis don chlár ‘Iniúchadh TG4 – Anfa Mara' a craoladh ar an stáisiún aréir.
Is féidir dul siar anois ar bhóithrín na staire i mbailiúchán speisialta de litreacha lámhscríofa ó imircigh Éireannacha thar tréimhse 400 bliain, bailiúchán atá ar fáil ar líne in áis dar teideal Imirce, trí mhíorúilt na teicneolaíochta úire agus tríd scil agus díograis na mbailitheoirí. Agus tá siad ag lorg tuilleadh litreacha – go háirithe, litreacha as Gaeilge! Tá an tOllamh Breandán Mac Suibhne linn leis an scéal a mhíniú. Fosta, is iarscoláire Ghaelscoil Éadain Mhóir i nDoire í an stiúrthóir agus scríbhneoir óg, Róise Nic an Bheatha, a bhfuil a gearrscannán úr Le Chéile/Ri Chèile, i nGaeilge agus Gaeilge na hAlban, ag gnóthú spotaí i bhféilte scannán ó Toronto go hOileán Acla. Labhraíonn sí linn ó Albain, áit a bhfuil sí lonnaithe anois.A journey back in time, via a fascinating collection of handwritten letters from Irish immigrants over a period of 400 years, can now be enjoyed in an online resource named Imirce, made possible by the miracles of modern technology married with the skill and hard work of the collectors. And they are looking for more letters – especially letters in Irish! Professor Breandán Mac Suibhne joins us to explain the story. Róise Nic an Bheatha, who attended Gaelscoil Éadain Mhóir in Derry, has written and directed a new short film, in Irish and Scottish Gaelic, which is garnering spots in film festivals from Toronto to Achill Island. She speaks to us from Scotland, where she is now based.
Ar an gclár seo bhí Emma de Paor agus Lena Krochmann linn ó Ériú Leipzig, grúpa mac léinn a oibríonn ar mhionteangacha sa Ghearmáin, linn le labhairt- trí mheascán de Ghaeilge agus Ghaidhlig (Gaeilge na hAlban!) - faoina ngrúpa agus na himeachtaí a bhíonn ar siúl acu. Chomh maith leis sin bhí Ruth Ó Laoide Kelly linn ón mBruiséil le labhairt linn faoi imeachtaí atá ar siúl ag Craobh na Bruiséile de Chonradh na Gaeilge do Lá le Bríde.
Ar an gclár seo beidh Ellen Corbett ag labhairt linn faoin bPop Up Gàidhealtachd (popup Gaeilge na hAlban) a bhí aici ag Oireachtas na Samhna ag an deireadh seachtaine! Chomh maith leis sin bhí Brian Ó Broin linn le labhairt faoi laoch na nGael, Dineen Grow a cailleadh le gairid, an éacht a rinne sí thar na blianta do phobal na Gaeilge sna Stáit Aontaithe agus go leor eile.
GA: San eipeasóid seo, labhraíonn Stiofán Ó Briain le Nathaniel Harrington - file, scríbhneoir, agus taighdeoir a chríochnaigh dochtúireacht sa litríocht chomparáideach in Ollscoil Toronto anuraidh. Pléann siad suim Nathaniel sna teangacha Ceilteacha, a spéiseanna taighde, agus a chuid scríbhneoireachta cruthaithí, idir fhilíocht agus phrós. Is eipeasóid dhátheangach é seo i nGaeilge na hÉireann agus i nGaeilge na hAlban. GÀ: Anns an eapasod seo, tha Stiofán Ó Briain a' bruidhinn ri Nathaniel Harrington - bàrd, sgrìobhadair, agus neach-rannsachaidh a chuir crìoch ri ollamhachd ann an litreachas coimeasach aig Oilthigh Thoronto an-uiridh. Tha iad a' dèanamh còmhradh mu dheidhinn ùidh Nathaneil sna cànanan Ceilteach, a chuid rannsachaidh, agus an sgrìobhadh cruthachail a th' aige, a' bhàrdachd agus an rosg araon. 'S e eapasod dà-chànanach a th' anns an eapasod seo ann an Gàidhlig na h-Èireann agus ann an Gàidhlig na h-Alba. EN: In this episode, Stiofán Ó Briain speaks with Nathaniel Harrington - poet, writer and researcher who completed his PhD in comparative literature in the University of Toronto last year. They discuss Nathaniel's interest in the Celtic languages, his research interests, and his creative writing, both poetry and prose. This is a bilingual episode in Irish and in Scottish Gaelic. Óstach | Neach-aoigheachd | Host: Stiofán Ó Briain Aoi | Aoigh | Guest: Nathaniel Harrington Teanga | Cànan | Language: Gaeilge na hÉireann agus Gàidhlig na hAlba Naisc | Ceanglaichean | Links: Suíomh | Làrach-lín Nathaniel Aotrom-laigheachan - Nathaniel Harrington Proceedings of the Association of Celtic Students: Vols VIII & IX Sna Fir - Micheál Ó Conghaile Táin Bó Cuailgne - Darach Ó Scolaí Sraith na Teamhrach (Conaire Mór, Tuatha Dé Danann, Éadaoin) - Diarmuid Johnson An Tromdhámh, Mé Suibhne - Feargal Ó Béarra An Dosan - Norma Nic Leòid Cailèideascop - Daibhidh Eyre Air Cuan Dubh Drilseach - Tim Armstrong Tinte na Farraige Duibhe (Tim Armstrong) - Eoin P. Ó Murchú Dysgu Byw - Sarah Reynolds Melog - Mihangel Morgan Hen Ieithoedd Diflanedig - Mihangel Morgan Madame Lazare - Tadhg Mac Dhonnagáin Makaronik - Dave Duggan Filíocht | Bàrdachd Shomhairle MacGill-Eain GA: Ba mhór againn dá bhféadfá do chuid aiseolais a roinnt linn ar do thaithí ar an gCumann, ar Chomhdháil Mhic Léinn na Ceiltise, ar an mBlag agus ar an bPodchraoladh tríd an bhfoirm aiseolais seo: bit.ly/3VHaCFp GÀ: Bhitheamaid nur comain nam b' urrainn dhuibh bhur beachdan a leigeil thugainn mu dheidhinn a' Chomainn, a' Cho-labhairt, am Blog agus am Pod-chraoladh le bhith a' lìonadh an fhoirm seo: bit.ly/3VHaCFp EN: We would be grateful if you could share your feedback with us on your experience of the Association, the Celtic Students Conference, the Blog and/or the Podcast by clicking the following link: bit.ly/3VHaCFp Ceol | Ceòl | Music: “Kesh Jig, Leitrim Fancy”, Sláinte, CC BY-SA 3.0 US (https://creativecommons.org/licenses/by-sa/3.0/us/), freemusicarchive.org. --- Send in a voice message: https://podcasters.spotify.com/pod/show/celticstudents/message
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair 2023. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá eagla ann gur maraíodh na céadta daoine i bpléasc a tharla in Ospidéal Al-Ahli i gCathair Gaza oíche Dé Máirt. Chuir na húdaráis Palaistíneacha in Gaza, atá faoi smacht ag Hamas, an locht ar Iosrael láithreach, ag éileamh gur buille aeir d'aon turas a bhí ann, agus baint leis an ionsaí á séanadh ag Iosrael. Tar éis chuairt an uachtaráin Mheiriceánaigh, Joseph Biden, Dé Céadaoin, d'fhógair Iosrael go ligfí soláthairtí daonnúla isteach go Stráice Gaza - go sonrach bia, uisce, agus leigheas don phobal sibhialtach. Le linn na seachtaine, tháinig Stoirm Babet go hÉirinn agus go dtí an Ríocht Aontaithe. Tráthnóna Dé Céadaoin, dúirt an Garda Síochána nárbh fhéidir le trácht bealach a dhéanamh trí cheantar Mhainistir na Corann, mar gheall ar an drochaimsir leanúnach. D'eisigh Met Éireann fógra buí do gach ceantar in Éirinn. In Albain, thug Buidheann Dìon Àrainneachd na h-Alba rabhadh go raibh léibhéail fearthainne le teacht nach bhfacthas riamh in oirthuaisceart na hAlban, agus “go gcuirfí isteach go mór ar shaol an phobail agus go mbeadh contúirt an tsaoil ann” de bharr na dtuilte. Tá an fómhar buailte linn agus tá sraitheanna úra le feiceáil ar ár scáileáin. Ar Virgin Media na hÉireann, féadtar an tsraith “Grá ar an Trá” a fheiceáil, ina dtugtar a ndúshlán do dhaoine singile an Ghaeilge a fhoghlaim nó feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge, díriú ar an ghrá, agus coróin na lánúine is fearr a bhaint amach. Agus ar an BBC, tá sraith sé chuid darb ainm “Bog Amach” le feiceáil, ina nglacann an láithreoir, Emer Mhic an Fhailí, sé lánúin agus theaghlach chuig áiteanna éagsúla ar fud na hÉireann, agus iad sa tóir ar theach úr. Ar TG4.ie, tá sraith taistil nua de chuid Hector Ó hEochagáin ar fáil, ina dtéann an láithreoir “ó na hOileáin Filipíníneacha go hOileáin Sholaimh”. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS buille aeir d'aon turas - deliberate air strike soláthairtí daonnúla - humanitarian provisions Buidheann Dìon Àrainneachd na h-Alba / Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil na hAlban - Scottish Environment Protection Agency léibhéail fearthainne - rain levels lánúin - (romantic) couple Oileáin Sholaimh - the Solomon Islands
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair 2023. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá eagla ann gur maraíodh na céadta daoine i bpléasc a tharla in Ospidéal Al-Ahli i gCathair Gaza oíche Dé Máirt. Chuir na húdaráis Palaistíneacha in Gaza, atá faoi smacht ag Hamas, an locht ar Iosrael láithreach, ag éileamh gur buille aeir d'aon turas a bhí ann, agus baint leis an ionsaí á séanadh ag Iosrael. Tar éis chuairt an uachtaráin Mheiriceánaigh, Joseph Biden, Dé Céadaoin, d'fhógair Iosrael go ligfí soláthairtí daonnúla isteach go Stráice Gaza - go sonrach bia, uisce, agus leigheas don phobal sibhialtach. Le linn na seachtaine, tháinig Stoirm Babet go hÉirinn agus go dtí an Ríocht Aontaithe. Tráthnóna Dé Céadaoin, dúirt an Garda Síochána nárbh fhéidir le trácht bealach a dhéanamh trí cheantar Mhainistir na Corann, mar gheall ar an drochaimsir leanúnach. D'eisigh Met Éireann fógra buí do gach ceantar in Éirinn. In Albain, thug Buidheann Dìon Àrainneachd na h-Alba rabhadh go raibh léibhéail fearthainne le teacht nach bhfacthas riamh in oirthuaisceart na hAlban, agus “go gcuirfí isteach go mór ar shaol an phobail agus go mbeadh contúirt an tsaoil ann” de bharr na dtuilte. Tá an fómhar buailte linn agus tá sraitheanna úra le feiceáil ar ár scáileáin. Ar Virgin Media na hÉireann, féadtar an tsraith “Grá ar an Trá” a fheiceáil, ina dtugtar a ndúshlán do dhaoine singile an Ghaeilge a fhoghlaim nó feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge, díriú ar an ghrá, agus coróin na lánúine is fearr a bhaint amach. Agus ar an BBC, tá sraith sé chuid darb ainm “Bog Amach” le feiceáil, ina nglacann an láithreoir, Emer Mhic an Fhailí, sé lánúin agus theaghlach chuig áiteanna éagsúla ar fud na hÉireann, agus iad sa tóir ar theach úr. Ar TG4.ie, tá sraith taistil nua de chuid Hector Ó hEochagáin ar fáil, ina dtéann an láithreoir “ó na hOileáin Filipíníneacha go hOileáin Sholaimh”. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS buille aeir d'aon turas - deliberate air strike soláthairtí daonnúla - humanitarian provisions Buidheann Dìon Àrainneachd na h-Alba / Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil na hAlban - Scottish Environment Protection Agency léibhéail fearthainne - rain levels lánúin - (romantic) couple Oileáin Sholaimh - the Solomon Islands
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ylg6rm2t Contact: irishlingos@gmail.com People in the south tackling the storm track. Daoine sa deisceart ag dul i ngleic le lorg na stoirme. People in east Cork and west Waterford are today dealing with the aftermath of the storm that hit the region yesterday and left many towns and villages under water. Tá daoine in oirthear Chorcaí agus in iarthar Phort Láirge ag dul i ngleic inniu le lorg na stoirme a bhuail an réigiún inné agus a d'fhág neart bailte agus sráidbhailte faoi uisce. Although Met Éireann had issued an orange warning yesterday and promised heavy rain, people did not expect the intensity of it. Cé go raibh fógra flannbhuí eisithe ag Met Éireann inné agus báisteach throm geallta acu, ní raibh aon choinne ag daoine leis an tréine a bhí inti. It is estimated, in fact, that a month's rain fell in the course of a day. Meastar, go deimhin, gur thit báisteach míosa in imeacht lae. Cork County Council has revealed that over 100 homes and businesses in the east of the county were flooded. Tá sé tugtha le fios ag Comhairle Contae Chorcaí gur thuil uisce isteach i mbarr ar 100 teach agus gnóthas in oirthear an chontae. The worst affected areas are Glenmaighir/Bailerosin, Minster Na Corran, White Gate, Clon, Ballyna Martra and Killay. Is iad na háiteanna is measa a buaileadh Gleann Maighir/Baile Roisín, Mainistir na Corann, an Geata Bán, Cluain, Baile na Martra agus Cill Ia. The Abbey Community Hospital was badly damaged and there is talk of evacuating patients from the place as a result. Rinneadh an- damáiste d'Ospidéal Pobail Mhainistir na Corann agus tá caint ar othair a aslonnú ón áit dá dheasca. There was also flooding in Linn Dubh and the Common Road area of Cork city. Bhí tuilte freisin sa Linn Dubh agus i gceantar Bhóthar an Choimín i gcathair Chorcaí. Tánaiste Micheál Martin and Minister Simon Coveney, who are both from Cork, said support would be provided to people in the region under the Government's Humanitarian Aid Scheme. Dúirt an Tánaiste Micheál Martin agus an tAire Simon Coveney, arb as Corcaigh iad beirt, go gcuirfí tacaíocht ar fáil do dhaoine sa réigiún faoi Scéim Chúnaimh Dhaonnachta an Rialtais. Met Éireann has issued a yellow warning regarding the rain that is expected in Co Kerry today. Tá fógra buí eisithe ag Met Éireann maidir leis an mbáisteach atá geallta i gCo Chiarraí inniu. It is estimated that there will be cold weather in parts of the county and people are being asked to be very careful when they are driving. Meastar go mbeidh fuarlaigh in áiteanna sa chontae agus táthar ag achainí ar dhaoine a bheith an-chúramach nuair atá siad ag tiomáint. The yellow notice will apply between 6 o'clock this evening and 6 o'clock tomorrow evening. Beidh feidhm leis an bhfógra buí idir 6 a chlog tráthnóna inniu agus 6 a chlog tráthnóna amárach. A yellow notice has also been issued in the north regarding the rain that is promised in Armagh, Derry, Dun, Fermanagh and Tyrone. Tá fógra buí eisithe ó thuaidh chomh maith maidir leis an mbáisteach atá geallta in Ard Mhacha, i nDoire, sa Dún, i bhFear Manach agus i dTír Eoghain. The situation is more serious in parts of Scotland, however. Is tromchúisí a bheas an scéal in áiteanna in Albain, áfach. The meteorologists have predicted high wind and "exceptional" rain and believe that life could be at risk as a result, especially in Aberdeenshire and Angus in the east of Scotland. Tá gaoth mhór agus báisteach "eisceachtúil" tuartha ag na meitéareolaithe thall agus dar leo go bhféadfadh beatha a bheiith i mbaol dá bharr, go háirithe i Siorrachd Obar Dheathain agus in Aonghas in oirthear na hAlban. People in those places are being advised to stay at home. Táthar ag comhairliú do dhaoine sna háiteanna sin fanacht sa bhaile. RTÉ News and Current Affairs Corinth Abbey under water (Pic: Damien Rytel)
Tar éis bua iontach i gcoinne na hAifrice Theas tá Éire anois ag tabhairt aghaidh ar an Albain agus áiteanna sna babhtaí ceathrú ceannais ar fáil. Bhí Cian ag caint le Jeff Neville ó The Loose Head agus iad ag breathnú chun cinn ag an gcluiche ollmhór seo.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/27b9pvat Contact: irishlingos@gmail.com The Irish celebrating in Paris. Na hÉireannaigh ag ceilúradh i bPáras. Fans of the Irish rugby team are celebrating tonight after Andy Farrell's players got the better of the world champions in Paris. Tá údar ceiliúrtha ag lucht leanúna fhoireann rugbaí na hÉireann anocht i ndiaidh d'imreoirí Andy Farrell an ceann is fearr a fháil ar churaithe an domhain i bPáras. They had 5 points to spare over South Africa in a hard fought game at the Stade de France. Bhí 5 phointe le spáráil acu ar an Afraic Theas i gcluiche crua teann sa Stade de France. The final score in this game in Pool B was 13-8. 13-8 an scór deiridh sa gcluiche seo i bPúl B. There may not have been many points on the scoreboard but Ireland won a game that was not easy for them. B'fhéidir nach bhfacthas mórán pointí ar chlár na scór ach bhuaigh Éirinn cluiche nach raibh éasca dóibh. These players have now taken a big step forward and have a good chance of going all the way to the final. Tá céim mhór tógtha anois ag na himreoirí seo agus cosúlacht mhaith orthu go ngabhfaidh siad an bealach ar fad chuig an chluiche ceannais. Only one to score either side, Mack Hansen one of Ireland's heroes on the night. Úd amháin a scóráil ceachtar taobh,Mack Hansen duine de laochra na hÉireann ar an oíche. who laid the ball down behind the Springbok back line. a leag an liathróid anuas laistiar de líne cúil an Springbok. Jack Crowley secured victory for the Irish with a penalty kick but their defenders then had to do their best to keep the Boks out of their back line. Ba é Jack Crowley a chinntigh an bua do na hÉireannaigh le cic píonóis ach bhí ar a gcuid cosantóirí ansin éacht a dhéanamh leis na Boks a choinneáil amach óna líne cúil. But they did so securing an important psychological victory for Ireland, their third victory in a row in this competition and they now aim for another in two weeks' time against Scotland. Ach rinne siad sin ag cinntiú bua tábhachtach siceolaíoch d'Éirinn, a dtriú bua as a chéile sa chomórtas seo agus iad ag dréim anois le ceann eile faoi cheann coicíse in aghaidh na hAlban. It is very likely that the All Blacks will face Ireland in the quarter-final, unless the Italians manage to bring the legs with them and qualify in second place from Pool A. Is mór an seans gurb iad na All Blacks a bheidh in aghaidh na hÉireann sa chluiche ceathrú ceannais, mura n-éiríonn leis na hIodálaigh na cosa a thabhairt leo agus cáiliú sa dara háit as Púl A. Whatever happens, a big threat has come from the Irish team tonight and it is unlikely that they will be too concerned about who they will face in the knockout rounds of this competition which is taking place in France. Pé ní a tharlaíonn ta bagairt mhór tagtha ó fhoireann na hÉireann anocht agus ní dócha go mbeidh aon ró-imní orthu maidir le cé a chasfaidh orthu sna babhtaí díbeartha den chomórtas seo atá ar siúl sa Fhrainc. As for South Africa, their head coach, Jacques Nienaber, says that he still believes that this result does not change anything and that the Springbok will once again own the World Cup this round. Maidir leis an Afraic Theas dhe, deir a bpríomh-chóitseálai,Jacques Nienaber go gcreideann sé i gcónaí nach n-athraíonn an toradh seo faic agus gur leis an Springbok Corn an Domhain arís an babhta seo. He praised the Irish team for their win and although South Africa missed a number of chances, Nienaber said he could not side with excuses because Ireland proved themselves to be the best team on the night. Mhol sé foireann na hÉireann as a mbua agus cé gur chaill an Afraic Theas roinnt seansanna dúirt Nienaber nár fhéad sé a bheith taobh le leithscéalta mar gur chruthaigh Éirinn iad féin mar an fhoireann ab fhearr ar an oíche. It certainly didn't help South Africa that they missed 3-point chances on the night,
Léiríonn na pobalbhreitheanna is deireanaí in Albain nach bhfuil aon dul chun cinn déanta ag an lucht feachtais don neamhspleáchas agus go bhfuil titim leanúnach ar thacaíocht an SNP.
In Albain, tá fothoghchán ar na bacáin chun suíochán an Fheisire Parlaiminte Margaret Ferrier a líonadh.
Bhí Jeff Neville ó The Loose Head linn chun cluichí móra an deireadh seachtaine a phlé san Eoraip chomh maith le cluiche deireanach foireann na mban i gcoinn na hAlban.
Beidh Ceannaire nua ar Albain inniu tráth a dtiocfaidh torthaí thoghchán na ceannaireachta do Pháirtí Náisiúnta na hAlban, an SNP, tar éis a dó chlog.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Tháinig Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Rishi Sunak go Béal Feirste chun bualadh le ceannairí na bpáirtithe polaitiúla in Stormont. Dúirt Ceannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh Jeffrey Donaldson go raibh dul chun cinn déanta leis an idirbheartaíocht idir Londain agus an Bhruiséal ach caithfidh níos mó obair a bheith déanta chun teacht ar mhargadh. Ceaptar go mbeidh réiteach idir an dá linn ar chúrsaí trádála, go mbeidh saorghluaiseacht ar earraí ag dul ón Tuaisceart go Poblacht na hÉireann mar a bhí eagraithe tar éis an Bhreatimeachta. Ach ansin bhí bacanna eacnamaíochta ar earraí ag dul ón Ríocht Aontaithe go dtí Tuaisceart Éireann. Braitheann an comhaontú seo ar dhílárú Stormont agus ar theacht ar réiteach chun na hinstitúidí polaitíochta a chur i bhfeidhm arís. D'fógair Nicola Sturgeon go mbeidh sí ag éirí as mar Chéad-Aire na hAlban. Chaith sí os cionn ocht mbliana mar cheannaire ar Pháirtí Náisiúnta na hAlban. Ba í an chéad bhean riamh a sheas mar Chéad-Aire agus a chaith an tréimhse is faide sa ról sin. Dúirt sí gur bhraith sí ina ceann agus ina croí go raibh sé in am eirí as. Fanfaidh sí mar Chéad-Aire go dtí go mbeidh a comharba tofa. Baineadh cor coise as Sturgeon agus an SNP le deanaí nuair a Rialaigh an Chúirt Uachtarach in aghaidh reifreann eile a reachtáil chun neamhspléachas ón Ríocht Aontaithe a bhaint amach. Buaileadh go dona iad leis, nuair a theip ar an bPáirtí Náisiúnta bille trasinscneach a thabhairt isteach, bille a thabharfadh cead do dhaoine trasinsneacha a n-inscne a athrú gan gá le diagnóis shíciatrach. Tá cúpla duine ainmithe mar iarrthóirí san iomaíocht cheannaireachta: John Swinney, Kate Forbes agus Angus Robertson. Cuireadh amach píosa scannánaíochta neamhchoitianta den Titanic a deineadh taifeadadh air sa bhliain 1986. Dhein Institiúid Aigéaneolaíochta Woods Hole taifeadadh ar an Titanic agus í trí chilimeádar faoi dhromchla na mara. Thángadar ar an smionagar cúpla mí roimh ré. Bhí blúiríní den taifeadadh le feiscint ar chláracha faisnéise ach anois tá an físeán go léir,a mhaireann 80 nóimead, le fáil ar Youtube. Beidh daoine ábalta féachaint timpeall an bháid san áit a ndeachaigh sé go tóin poill. Bhuail an Titanic cnoc oighir in Aibreán 1912 san Altantach ar an mbealach go Nua-Eabhrac. Fuair os cionn 1500 daoine bás. Deineadh atheisiúint freisin ar an scannán Titanic a stiúir James Cameron mar tá an scannán 25 bliain ar an bhfód. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS idirbheartaíocht - negotiation saorghluaiseacht - free movement comharba - successor cor coise - setback deineadh/dhein = rinneadh/rinne smionagar - debris blúiríní - snippets
Chas coiste Pháirtí Náisiúnta na hAlban, an SNP, le chéile aréir le dhul i mbun réitigh do thoghchán ceannaireachta an Pháirtí i ndiaidh fhógra Nicola Sturgeon go bhfuil sí ag dul ag éirí as a cuid cúramaí.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2keu5nv7 Contact: irishlingos@gmail.com Nicola Sturgeon resigning as First Minister of Scotland. Nicola Sturgeon ag éirí as a post mar Chéad Aire na hAlban. Nicola Sturgeon has announced that she is stepping down as First Minister of Scotland after eight years. Tá sé fógraithe ag Nicola Sturgeon go bhfuil sí ag éirí as a post mar Chéad Aire na hAlban i ndiaidh ocht mbliana. The First Minister announced this at a press event in Edinburgh this morning when she said it is time for her to stand aside. D'fhógair an Chéad Aire an méid seo ag preas ócáid i nDún Éideann ar maidin nuair a dúirt sí go bhfuil sé in am aici seasamh i leataobh. The leader of the Scottish National Party said she will remain in the post until the party chooses her successor. Dúirt ceannaire Pháirtí Náisiúnta na hAlban go bhfanfaidh sí sa phost go dtí go roghnóidh an páirtí comharba uirthi. Sturgeon is the longest-serving First Minister since Scotland's devolved parliament was established in 1999. Is í Sturgeon an Chéad Aire is faide sa phost ó bunaíodh parlaimint díláraithe na hAlban i 1999. She said that, although she understands that her decision would hurt many people, she believes that it is the wise decision for herself, her party and the country as a whole. Dúirt sí, cé go dtuigeann sí go ngoillfeadh a cinneadh ar go leor daoine, go gcreideann sí gurb é an cinneadh críonna é aici féin, dá páirtí agus don tír trí chéile. Sturgeon has been First Minister in Scotland since 2014 when she succeeded Alex Salmond. Tá Sturgeon ina Céad Aire in Albain ón bhliain 2014 nuair a tháinig sí i gcomharbacht ar Alex Salmond. He resigned as First Minister in 2014 when the Scottish National Party failed in the Independence Referendum. D'éirigh seisean as post an Chéad Aire i 2014 nuair a theip ar Pháirtí Náisiúnta na hAlban sa Reifreann Neamhspleáchais. Sturgeon took the party lead with a firm determination to achieve independence for Scotland, and although she managed to increase the SNP's number of seats significantly after the referendum, she was unsuccessful in her efforts to pass legislation that would allow the parliament to change the constitution. Chuaigh Sturgeon i gceannas an pháirtí agus rún daingean aici neamhspleáchas a bhaint amach d'Albain, agus cé gur éirigh léi cur go mór le líon suíochán an SNP i ndiaidh an reifrinn, níor éirigh léi ina h-iarrachtaí reachtaíocht a rith a cheadódh don pharlaimint an bunreacht a athrú. The British Supreme Court ruled in 2022 that the Scottish Parliament could not pass that legislation, but the SNP now wants Scottish voters to treat the next general election in Britain as a "de facto" referendum. Rialaigh Cúirt Uachtarach na Breataine i 2022 nach bhféadfadh Parlaimint na hAlban an reachtaíocht sin a rith, ach tá an SNP anois ag iarraidh go gcaithfeadhi vótóirí na hAlbhan leis an chéad olltoghchán eile sa Bhreatain mar reifreann "de facto." Nicola Sturgeon has been under siege recently over controversial amendments to gender recognition legislation, but she told reporters this morning that her decision was not about "short-term issues." Bhí Nicola Sturgeon faoi léigear ar na mallaibh maidir le leasuithe conspóideacha ar an reachtaíocht a bhaineann le aitheantas inscne, ach dúirt sí le tuairisceoirí ar maidin nár bhain a cinneadh le "ceisteanna gearr-théarmacha." Britain has rejected the Scottish Gender Recognition Act which would have made it easier for people to legally change their gender. Dhiúltaigh an Bhreatain d'Acht Aitheantais Inscne na hAlban a chiallódh go mbeadh sé níos éasca ag daoine n-inscne a athrú de réir dlí.
Tá rialtas na Breataine chun bac a chur leis an mBille um Aitheantais Inscne a chuaigh tríd Parlaimint na hAlban an mhí seo caite.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Fuair níos mó ná 270 duine bás san Indinéis de bharr creatha talún in iarthar Iáva Dé Luain seo caite. Dé réir na n-údarás, tá 151 duine fós ar iarraidh agus tá 1000 duine eile gortaithe. Tréigeadh beagnach 60,000 teach sa cheantar mar gheall ar an tubaiste nádúrtha. Bhí eipealár an chreatha talún i gceantar sléibhe agus bhain sé 5.6 amach ar scála Richter. Mar bharr ar an mí-ádh, bhí sciorradh talún sa cheantar tar éis an chreatha talún agus mar sin bhí deacrachtaí ag na seirbhísí éigeandála cuidiú le daoine. Tá an ceantar seo in Iáva lonnaithe idir plátaí teicteonacha agus mar sin bíonn creathanna talún sa réigiún go minic. Rialaigh Cúirt Uachtarach na Breataine nach bhfuil an ceart ag Parlaimint na hAlban reifreann eile ar neamhspleáchas na tíre a fhógairt gan cead ón Rialtas in Westminster. D'fhógair an Tiarna Robert Reed an cinneadh ar son na Cúirte agus dúirt sé gur cinneadh d'aon ghuth a bhí ann. Léirigh Céad-Aire na hAlban Nicola Sturgeon a díoma faoin rialú ach dúirt sí go raibh ceart féinchinntiúcháin fós ag Albain. Tharla an chéad reifreann ar neamhspleáchas na hAlban ocht mbliana ó shin. Sa reifreann sin, vótáil 55% den phobal i gcoinne an neamhspleáchais ach tá roinnt athruithe tar éis teacht ar an scéal ó shin i leith, mar shampla an Breatimeacht, rogha a dhiúltaigh pobal na hAlban go formhór. Dúirt Nicola Sturgeon go mbeidh an chéad olltoghchán eile mar reifreann ar neamhspleáchas na hAlban. Cuireadh tús leis an gCorn Domhanda i gCatar Dé Domhnaigh nuair a chaill an tír óstach in aghaidh Eacuadór. Seo an chéad uair a bhfuil an Corn Domhanda ar siúl i dtír Arabach ach tá go leor conspóide ag baint leis an gcomórtas. Creidtear go forleathan go raibh éilliú sa chaoi ar roghnaigh FIFA an tír óstach. Chomh maith leis sin, cáineann gníomhaithe ar son cearta daonna Catar mar gheall ar an gcaoi go gcaitear le hoibrithe inimirce agus an easpa cearta don phobal LADTA+. Creidtear go bhfuair níos mó ná 6,500 oibrí inimirce bás ó bronnadh an comórtas, an chuid is mó as fo-ilchríoch na hIndia. D'éiligh Amnesty International ar FIFA ciste a bhunú d'oibrithe inimirce agus a gclann. Maidir le cúrsaí ar an bpáirc imeartha, bhí dhá iontas mhóra ann go dtí seo: chaill an Airgintín in aghaidh ha hAraibe Sádaí agus fuair an tSeapáin an lámh in uachtar ar an nGéarmáin. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS crith talún - earthquake eipealár - epicentre sciorradh talún - landslide d'aon ghuth - unanimous ceart féinchinntiúcháin - right to self-determination éilliú - corruption fo-ilchríoch - subcontinent
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey. Maraíodh deichniúr tráthnóna Dé hAoine seo caite nuair a tharla pléascadh ag stáisiún peitril ar an gCraoslach, i gContae Dhún na nGall. Gortaíodh ochtar eile. Ní fios cén chúis dhíreach a bhí leis an bpléasc, mar go bhfuil imscrúduithe fós ar bun agus saineolaithe pléasctha tugtha isteach chun cabhrú leis na Gardaí sa chás. Ina ainneoin sin, tá sé ráite ag gardaí gur cosúil gur timpiste tragóideach a bhí ann. Níl sé soiléir ag an bpointe seo an leanfaidh fiosrúchán Rialtais na himscrúduithe freisin. Tá ciste daonnúil stáit, a úsáidtear de ghnáth i gcás tuilte, le leathnú chuig teaghlaigh na n-íospartach. Tá trí chéad caoga míle euro bailithe go dtí seo ag daoine ón gceantar áitiúil trí fheachtais tiomsaithe airgid ar líne. Cháiligh foireann peile na mban na hÉireann do Chorn an Domhain, le bua in aghaidh na hAlban tráthnóna Dé Máirt an tseachtain seo. Ba é an scór deiridh ná Albain a náid, Éire a haon, le cúl ó Amber Barrett a tháinig ón mbinse chun cúl a scóráil sa dara nóiméad is seachtó. Seo an chéad uair don fhoireann áit a bhaint amach sa chomórtas le naoi mbliana is daichead ó bhí siad san iomaíocht go hidirnáisiúnta agus ciallaíonn sé sin go mbeidh an fhoireann ag taisteal go dtí an Astráil agus an Nua-Shéalainn an samhradh seo chugainn don chomórtas féin. Tá leithscéal eisithe ag Cumann Peile na hÉireann freisin tar éis físeán a tháinig chun solais ar na meáin shóisialta den fhoireann ag canadh liricí atá ar son an IRA tar éis an bhua. Dúirt an Cumann go raibh trua acu as “aon chion a rinneadh”. Tá leithscéal eisithe ag bainisteoir na foirne Vera Pauw freisin. Tháinig na liricí féin ó amhrán leis na Wolfe Tones, a eisíodh ar dtús do chomóradh céad bliain an chlub peile Celtic. D'fhoilsigh I Wish, eagraíocht for-rochtana oideachais ETIM na hÉireann torthaí a taighde le déanaí. Fuarthas amach sa taighde go bhfuil athrú le déanaí ar dhearcadh cailíní sna déaga i leith gairm bheatha a bheith acu in ábhair ETIM – eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus mata. Fuarthas amach go bhfuil ochtó a ceathair faoin gcéad de chailíní sna déaga ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil faoi ETIM, i gcomparáid le caoga a trí faoin gcéad sa bhliain dhá mhíle is a sé. Léirigh an suirbhé freisin go bhfuil an dearcadh seo ag éirí níos dearfaí in ainneoin torthaí níos imníche. Mar shampla, léirigh seasca a ceathair faoin gcéad an bhearna inscne in ETIM mar bhac, agus easpa muiníne ag daichead faoin gcéad as a gcumas gairm bheatha a leanúint sa réimse. Chomh maith le taighde ar na bacainní braite, tá roinnt moltaí sa tuarascáil freisin, mar shampla, na daltaí dara leibhéal a chur in aithne do ghairmithe baineanna ETIM atá bunaithe go háitiúil ina gcéad bhliain. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS pléascadh - explosion ciste daonnúil stáit - state humanitarian fund imscrùduithe - investigations eagraíocht for-rochtana oideachais - education outreach organisation ETIM - STEM bearna inscne - gender gap bacainn - obstacle
Tabharfaidh grúpa atá bainteach le forbairt phobail, oideachais, spóirt agus ceoil, ó Oileán Leodhais i nGaeltacht na hAlban, cuairt ar Iarthar Duibhneach amáireach go hAoine.
Tharraing iarrthóir ceannaireachta na gCaomhach conspóid an tseachtain seo nuair a dúirt sí go mba cheart neamhaird a dhéanamh de Nicola Sturgeon, Príomh-Aire na hAlban, atá i mbun feachtais neamhspleáchais dá tír a bhaint amach.
Chuir Liz Truss i leith Nicola Sturgeon gur ag iarraidh aird a tharraingt uirthi féin a bhí Sturgeon agus reifreann ar neamhspleáchas na hAlban á éileamh aici. Labhraímid faoi seo le Seán F Ó Drisceoil (Tráchtaire agus Comhairleoir Tithíochta Tuaithe san Albain).
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/y3k9adpa Man killed by storm in Antrim. Fear maraithe de bharr na stoirme in Aontroim. A man was killed when a tree fell on his car in the town of Antrim this afternoon. Maraíodh fear nuair a thit crann ar a ghluaisteán i mbaile Aontroma tráthnóna. It was reported that there was a strong wind at the time. Tuairiscítear go raibh gaoth mhór ann ag an am. Forecasters in the North have issued a yellow weather forecast for gale force winds. Tá fógra aimsire a bhfuil stádas buí leis eisithe ag lucht réamhaisnéise sa Tuaisceart maidir leis an ngaoth fórsa gála. Storm Arwen has been called the storm by British meteorologists. Stoirm Arwen atá tugtha ag meitéareolaithe na Breataine ar an anfa. They have issued a weather alert with red status for the east of Scotland and the north east of England. Tá fógra aimsire a bhfuil stádas dearg leis eisithe acu d'oirthear na hAlban agus d'oirthuaisceart Shasana. Met Éireann has also issued a yellow wind status notice. Tá fógra gaoithe a bhfuil stádas buí leis eisithe ag Met Éireann chomh maith. They say that three counties in the north - west - Donegal, Sligo and Mayo - will have a wind speed of 110 kilometers per hour from now until tomorrow morning. Deir siad go mbeidh luas 110 ciliméadar san uair faoin ngaoth i dtrí chontae san iarthuaisceart - mar atá, Dún na nGall, Sligeach agus Maigh Eo - as seo go maidin amárach. It will also rise to gale force on the east coast tonight. Géaróidh sé chun gála freisin ar chósta an oirthir anocht. Heavy rain, snow and sleet are promised for the north of the country. Tá báisteach throm, sneachta agus flichshneachta geallta do thuaisceart na tíre. The ladhg falls mostly on hills. Ar chnoic is mó a thitfeas an ladhg.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá imní go bhfuil tríú tonn de phaindéim Covid-19 ar siúl agus líon cásanna an athraithigh Delta ag dul in airde sa Bhreatain. Meastar gurb iad ionfhabhtaithe i measc aosaigh óga a spreag an méadú seo, agus mar sin, moltar go nglacfaidh gach duine os cionn ocht mbliana déag d'aois leis an vacsaín chomh luath agus is féidir. In Éirinn, tá bialanna agus tithe tábhairne ag súil le fáilte a chur roimh custaiméirí taobh istigh i mí Iúil ach tá seans ann go gcuirfear dáta na hathoscailte siar mar gheall ar an athraitheach Delta. Beidh an Íoslainn ar an chéad tír san Eoraip chun na srianta ar fad a scaoileadh inniu. Ní bheidh orthu masc a chaitheamh nó fanacht siar óna chéile mar go bhfuair beagnach nócha faoin chéad den daonra an chéad instealladh den vacsaín, an ráta is airde ar domhan. Tháinig babhta na ngrúpaí de Chraobhchomórtas Peile na hEorpa 2020 chun deiridh Dé Céadaoin. Rachaidh sé fhoireann déag ar aghaidh chuig an dara babhta den chomórtas, a thosóidh inniu. Beidh an Bhreatain Bheag ag imirt in aghaidh na Danmhairge, foireann a fuair tacaíocht fhorleathan i ndiaidh taom croí a bheith ag a n-imreoir is mó le rá Christian Eriksen ar an pháirc imeartha coicís ó shin. Imreoidh foireann Shasana in aghaidh na Gearmáine Dé Máirt. Ní raibh ach bua amháin ag Sasana ar an Ghearmáin ag príomhchomórtas peile le caoga bliain, agus tharla sé sin sa bhliain dhá mhíle. Ar an drochuair, níor éirigh le foireann na hAlban áit a bhaint amach sa dara babhta. Den chéad uair, is féidir le turasóirí amharc thart tolláin agus seomraí faoi thalamh an Cholasaeim sa Róimh. Tugadh “cúlstáitse” an amfaitéatair ar na seomraí seo, ina mbíodh gliairí agus ainmhithe fiáine ag fanacht sula dtéadh siad amach i lár na hairéine. Bhí idir innealtóirí, ailtirí agus seandálaithe páirteach san athchóiriú agus beidh cuairteoirí in ann siúl trí cúig dhorchla dhéag chun 15000 méadar cearnach de tholláin agus seomraí a fheiceáil. Tá an Colasaem ar ceann de na foirgnimh is íocónaí sa Róimh. Cuireadh tús le tógáil an amfaitéatair sa bhliain 72 i réimeas an Impire Vespasian agus cuireadh i gcrích é i réimeas a mhic Titus sa bhliain 80. Ba ghnáth lucht féachana 70000 a bheith ann. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS athraitheach Delta - Delta variant aosaigh óga - young adults tacaíocht fhorleathan - widespread support taom croí - heart attack tolláin - tunnels gliairí - gladiators lár na hairéine - middle of the arena dorchla - corridor
Cé go raibh a gceannaire Nicola Sturgeon gann suíochán le móramh iomlán a bheith aici níor sheas sí siar ó cheist an neamhspleáchais inné agus í ag rá gurb é ceart daonlathach na hAlban an dara reifreann a bheith acu.
Bhí Príomh Aire na hAlban Nicola Sturgeon ag tabhairt fianaise inniu mar chuid d’fhiosrúchán faoi mar a dhéileáil rialtas na hAlban le líomhaintí a déanadh i gcoinne Alex Salmond. Pléimid an scéal seo le Niall Ó Gallchóir (Comhfhreagraí Polaitiúil BBC Alba).
Istentisztelet a Gyulai Baptista Gyülekezetben 2021. február 28-án. Igét hirdet: Merényi Zoltán, lelkipásztor. Igehely: Jónás 2. Jónást bedobták a tengerészek a háborgó tengerbe, amely ezek után lecsillapodott. Jónást pedig bekapta egy hatalmas hal. Jónás a halban elkezd imádkozni... Az ismert történet új megvilágításban.
[English version below] Thit an long i dtreo an phláinéid dheirg, í ag luasghéarú i gcónaí. Bhí na cúrsóirí á leanúint agus, mar a shíl A-Hiom, bhí siad ag teacht suas leo, beagán ar bheagán. Líon Na Hasta an radharc ar fad a bhí rompu agus chonaic Sál na sraitheanna de scamaill agus stoirmeacha ina nguairneáin, iad oráiste agus bán, ag casadh leo in atmaisféar meirgeach an phláinéid. Ar a dTeitheadh i Spás-Long Lastais Beirt ar a dteitheadh ó Roghail, gealach bheag amach ón bpláinéad dearg Na Hasta, is ea Sál agus Ríosa. Éalaíonn siad i spáslong lastais — agus an crogall daonna, an Sáirsint Raithdead, ar a dtóir. Ach amach rompu tá namhaid níos mó agus níos measa — agus gan fhios di féin, tá rún á cheilt ag Ríosa a tharraingeoidh fórsaí uile an Oilc sa mhullach orthu. Buaiteoir Ghradam an Saltire Society Úrscéal ficsean eolaíochta a scríobhadh i nGaeilge na hAlban is ea Air Cuan Dubh Drilseach. In 2013 a foilsíodh é agus is é an chéad úrscéal ficsean eolaíochta lánfhada a scríobhadh do dhaoine fásta i nGaeilge é. Ghnóthaigh an leabhar seo gradam an ‘First Book of the Year' do Tim Armstrong ón Saltire Society in 2013. Is é Eoin P. Ó Murchú a d'aistrigh. Scríbhneoir agus ceoltóir as Seattle Mheiriceá é Tim Armstrong, agus is léachtóir i Sabhal Mòr Ostaig é. Tá sé ag obair faoi láthair ar an dara húrscéal leis, An Luingeas Dorcha air Fàire. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Bríd-Treasa Ní Ghaoithín agus Aonghus Ó Lochlainn [Leagan Gaeilge thuas] Escape on a Cargo Space-Ship Sál and Ríosa are on the run from Roghail, a small moon off Neasg, They escape on a cargo ship — with the human-crocadile Sergeant Rathaid hot on their heels. But out there waiting for them is a greater menace — and, unknown to her, Ríona hides a secret that will bring the forces of destruction upon them. Winner of the Saltire Society Award Tinte na Farraige Duibhe (Air Cuan Dubh Drilseach) is a science fiction novel written in Scottish Gaelic by Tim Armstrong and published by CLÀR in 2013. It is the first hard science-fiction novel in Gaelic written for adults. This book won the Saltire Society First Book of the Year Award in 2013. Translated by Eoin P. Ó Murchú. Tim Armstrong is a writer and musician from Seattle in the United States. He lives in Scotland and works as a lecturer in Sabhal Mòr Ostaig. He is currently working on his second novel, An Luingeas Dorcha air Faire. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Bríd-Treasa Ní Ghaoithín and Aonghus Ó Lochlainn
Chuir bád patróil de chuid na hAlban cosc ar bhád iascaigh as Dún na nGall a dhul isteach in uiscí timpeall Charraig Rocail – chuaigh oifigeach ar bord an Northern Celt athrú inné agus dúradh le Scipéara an bháid nach bhféadfadh sé a dhul ag iascach i bhfoisceacht dá mhíle dhéag den charraig de bharr an Bhreatimeachta.
Ciencia y Tecnología durante la Segunda Guerra Mundial. Parte 2. De 1938 a 1939. En este capítulo seguimos el repaso de acontecimientos previos a la guerra, y que serán de importancia capital durante la misma: Otto Hahn, Lise Meitner y la fisión nuclear; Norman Heatley y su método de purificación de la penicilina; Alemania y la fundación del Club del Uranio; Hans Bethe y los mecanismos de la fusión nuclear; Joliot-Curie, Halban, Kowarski y la primera patente para una bomba atómica; la máquina de desencriptación polaca 'La Bomba'; Alemania y el primer avión con motor de turboreacción, y más... Tertulianos: Luis, Marc y Xavi. Algunas fuentes: -'Atomic Timeline' - Atomic Heritage Foundation -'The First Reactor' - U.S. Department of Energy -'The Discovery of Penicillin—New Insights After More Than 75 Years of Clinical Use' - Robert Gaynes -'Robert H. Goddard: American Rocket Pioneer' - Goddard Space Flight Center -Wikipedia
D’fhéadfadh Covid 19 imeacht as smacht in Albain faoi dheireadh na míosa a dúirt Nicola Sturgeon, Céad Aire na hAlban, agus í ag fógairt srianta nua inné le dhul i ngleic leis an ardú atá tagtha ar chásanna Covid.
"Gaeil na hÉireann agus na hAlban" téama Scoil Gheimhridh Merriman na bliana 1975. Michéal Ó hUanacháin a láithrigh agus Proinsias Ó Conluain a léirigh. Sympsium ar an ábhar le Dáithí Ó hUaithne, AntOllamh Mairtín Ó Murchú, Andréas Ó Gallchóir agus Gordon Mac Giolla Fhinéin
Ar an gclár seo labhair Niamh Ní Chróinín ó Chonradh na Gaeilge linn faoi amhrán Gaeilge Wheatus agus eile ar Ceol 2018 a eiseofar níos déanaí sa bhliain. Chomh maith leis sin bhí Evin Ó Dunaigh ag labhairt linn ó Ghlaschú na hAlban faoin bhfeachtas atá athosaithe chun Gàidhlig a chur ar Duolingo agus faoi Chonradh Na Gaeilge Glaschú.
[English version below] Tá An Fuadach le Robert Louis Stevenson ar cheann de na húrscéalta is mó cáil riamh. Seo é scéal scleondrach corraitheach an dílleachta Dáibhí Balfúr, fear óg a bhfuil a uncail Eibinéasar ag iarraidh é a mharú agus a oidhreacht a thógáil dó féin. Is é a chairdeas leis an claimhteoir Seacaibíteach Ailean Breac Stíobhaird a thugann slán é - ach is fear é siúd a bhfuil an tóir amuigh ag na Sasanaigh air agus, ina chuideachta, caithfidh Dáibhí dul i mbaol a bháis i nGaeltacht na hAlban agus na Cótaí Dearga sna sála orthu. Aithnítear An Fuadach go forleathan mar an t-úrscéal is fearr de chuid Stevenson, leabhar ar ar thug Henry James ‘coróin agus príomhbhua an ealaíontóra'. San aistriúchán seo le Darach Ó Scolaí, tá an t-úrscéal a scríobhadh in 1886 curtha in oiriúint do léitheoirí an lae inniu, agus é maisithe le pictiúir ó eagrán 1913 den leabhar le N.C. Wyeth. Láithreoir: Róisín Adams Aíonna: Caoimhe Nic Lochlainn agus Eoin P. Ó Murchú [Leagan Gaeilge thuas] Although Biddy Jenkinson is known primarily for her poetry, there is no doubt but that she is an artful short story writer. Though the eighteen stories in this collection, An Grá Riabhach, span a wide range of subjects and themes - old age, mythology, the copulation of fish, religion, gardening - there are two elements that feature in every single story within the collection: humour and excellent characterisation. Presenter: Róisín Adams Guests: Caoimhe Nic Lochlainn agus Eoin P. Ó Murchú
Ar an gclár seo chualamar ó Devin Ó Flanagáin ón Indiana Celtic Community i MeánIarthar na Stát Aontaithe faoin deireadh seachtaine Gaeilge a bhí á reachtáil acu i mBloomington, Indiana agus na himeachtaí Ceilteacha éagsúla a bhíonn ar siúl acu leis an bpobal ansin. Chomh maith leis sin bhí Michelle Nic Grianna, buaiteoir Phearsa Raidió na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach linn le labhairt linn faoin bhFéile a bhí ar siúl in Inbhir Nis na hAlban agus faoina cuid oibre féin le Raidió na Gaeltachta.
Ar an gclár seo de Fada is Fairsing, bhí Natalia Danzmann beo sa stiúideó linn tar éis di bogadh go hÉirinn óna háit dhúchais Sao Paulo sa Bhrasaíl. Chomh maith leis sin labhair iriseoir de chuid tuairisc.ie Maitiú Ó Coimín linn faoi thaighde a rinneadh ar chainteoirí na Breatnaise agus ar úsáid na teangan ar líne sa lá atá inniu ann. Ar deireadh, chualamar ó Mhichaeline Donnelly, atá mar Oifigeach Forbartha don Cheathrú Gaeltachta le Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire faoi na ranganna Gaidhlige (Gaeilge na hAlban) a mbeidh siad á gcur ar fáil sa Chultúrlann go luath.
Ar an gclár seo labhraíomar le Louis de Paor faoina bhliain idir ollscoileanna i Nua Eabhrac agus California ar scoláireacht Fulbright ag teagasc agus ag obair ar shaothair éagsúla, bhíomar ag caint le Mariachiara Pecchiari as an Iodáil a d'fhoghlaim Gaeilge i nGaillimh agus í ag staidéar in OÉG ansin agus phléamar scéalta móra idirnáisiúnta na seachtaine - reifreann na hAlban agus cás Oscar Pistorius san áireamh.
[English version below] Scothscéalta le Donnchadh MacGillIosa agus Màrtainn Mac an t-Saoir, beirt den chomhluadar nua scríbhneoirí atá ag cur brí agus beatha i litríocht Ghaeilge na hAlban. Seo do chuireadh isteach i limistéar samhlaíochta a chuimsíonn Gaeltacht agus bailte móra na hAlban, an Nua-Shéalainn agus críocha nach bhfuil le fáil ar léarscáil ar bith. Aistrithe go Gaeilge le cúnamh Idirmhalartán Litríocht Éireann. Láithreoir: Diarmuid Ó Mathúna Aíonna: Aodh Ó Gallchóir agus Lisa Nic an Bhreithimh [Leagan Gaeilge thuas] The best of stories by Donnchadh MacGillIosa and Màrtainn Mac an t-Saoir, both from a community of new writers who put life and soul into the Gaelic literature of Scotland. An invitation to open up the imagination in encompassing the Gaeltacht and large towns of Scotland, New Zealand, and places not to be found on any map. Translated to Irish with the support of the Irish Literary Exchange. Presenter: Diarmuid Ó Mathúna Guests: Aodh Ó Gallchóir and Lisa Nic an Bhreithimh
Ar an tríochú clár d'Fhada is Fairsing labhraímid le fear mór Gaeilge Ceanada, Aralt Mac Giolla Chainnigh a tháinig go hÉirinn ar feadh roinnt seachtainí chun páirt a ghlacadh i Lá Mór na Gaeilge chomh maith le sraith oráidí a dhéanamh le grúpaí éagsúla faoin réaltólaíocht agus na deiseanna a bheidh ann d'Éireannaigh san earnáil amach anseo. Cuirimid an Ghaeilge is an Ghaidhlig i gcomparáid lena chéile ansin, in agallamh le Alison Ní Dhorchaidhe ó Bhaile Átha Cliath atá i mbun oibre anois leis an nGaidhlig(Gaeilge na hAlban) i nGlaschú. Múineann sí roinnt focal Gaidhlige dúinn chomh maith ó na canúintí éagsúla den teanga a bhfuil eolas aici orthu.