POPULARITY
Bhí casmirtí ar na sraideanna i dTuaisceart Éireann aréir agus póilíní ag baint úsaide as gunnaí uisce agus breis oifigeach ar dualgas acu le dhul i ngleic leis an scliúchas
Agóidí ar bun i dTuaisceart Éireann agus imní faoi mhaoiniú do sheirbhísí poiblí a bheith á ngearradh tuilleadh ansin.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an seachtú lá de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh.An tseachtain seo, d'éirigh Peter Mandelson as Páirtí an Lucht Oibre agus as Teach na dTiarnaí sa Ríocht Aontaithe mar gheall ar a chuid nasc leis an maoinitheoir péidifileach, Jeffrey Epstein. Tá na póilíní ag fiosrú líomhaintí mí-iompair in oifig phoiblí, tar éis do ríomhphoist i gcomhaid Epstein a thug le fios gur chuir Mandelson faisnéis íogair margaidh ar aghaidh chuig Epstein nuair a bhí sé ina rúnaí gnó le linn na géarchéime airgeadais in 2009. Tá leithscéal gafa ag an bPríomh-Aire Keir Starmer le híospartaigh Jeffrey Epstein as “bréaga” an Tiarna Mandelson a chreidiúint agus as é a cheapadh mar ambasadóir na Ríochta Aontaithe sna Stáit Aontaithe.Rinneadh ceiliúradh ar chaoga bliain den iris cheoil Éireannach Hot Press Dé hAoine, le ceolchoirm speisialta sa 3Arena. I measc na gceoltóirí bhí Van Morrison, The Boomtown Rats, Clannad, Damien Dempsey, agus iar-uachtarán agus colúnaí fadtréimhseach Hot Press, Michael D. Higgins. Tá stair fhada ag Hot Press maidir le ceoltóirí Éireannacha a chur chun cinn. Díoladh an chéad eagrán i mí an Mheithimh 1977 ag féile Rac-Cheoil Mhic Chromtha. Dúirt Niall Stokes, duine de bhunaitheoirí na hirise, gur leag siad amach ar dtús "iris a fhoilsiú a chuirfeadh dúshlán ar an dearcadh nach raibh fiúntas ealaíonta ag baint leis an bpopcheol."Tá turas i dTuaisceart Éireann críochnaithe ag an Uachtarán, Catherine Connolly. Is í seo an chéad turas oifigiúil dá cuid trasna na teorann ó bhuaigh sí an toghchán Uachtaránachta, ag comhlíonadh gealltanas toghcháin go mbeadh Tuaisceart Éireann ina chéad cheann scríbe oifigiúil. Le linn a hóráide in Ollscoil Uladh tráthnóna Dé Céadaoin, dúirt Connolly go bhfuil “ceacht” Thuaisceart Éireann “ag éirí níos tábhachtaí agus níos suntasaí” i "ndomhan atá, ar an drochuair, níos mó agus níos mó faoi chogadh agus míleatachas". *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISmaoinitheoir - financierfaisnéis íogair - sensitive informationcolúnaí fadtréimhseach - longterm columnistfiúntas ealaíonta - artistic worthceann scríbe - destinationmíleatachas - militarism
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dpq57z5 Contact: irishlingos@gmail.com Yellow rain status for many counties. Stádas buí báistí do roinnt mhaith contaetha. Met Éireann is warning of further flooding and poor travel conditions in the coming days. Tá Met Éireann ag bagairt breis tuilte agus droch-choinníolacha taistil sna laethanta amach romhainn. A Yellow Rain Status is in effect for many counties. Tá Stádas Buí báistí i bhfeidhm do roinnt mhaith contaetha. This warning will come into effect from 1 o’clock tomorrow evening until 9 o’clock Tuesday morning and the counties affected are Carlow, Kilkenny, Wexford, Cork and Waterford. Tiocfaidh an foláireamh sin i bhfeidhm óna 1 a ‘chlog tráthnóna amárach go dtí a 9 a’chlog maidin Dé Máirt agus is iad contaetha Cheatharlach,Chill Chainnigh,Loch Garman,Chorcaigh agus Phort Láirge atá i gceist. A warning is also in place for counties Dublin, Louth and Wicklow. Tá foláireamh i bhfeidhm freisin do chontaetha Bhaile Átha Cliath, Lú agus Chill Mhantáin. This warning is in effect for those counties from 9 p.m. tomorrow night until 1 a.m. Tuesday morning. Ón 9 a’chlog san oíche amárach go dtí a 1 a’chlog maidin Dé Máirt atá an foláireamh sin i bhfeidhm do na contaetha sin. Heavy rain is forecast for the coming week. Tá báisteach throm geallta don tseachtain atá romhainn. The UK Met Office has also issued an ice warning for 6 counties in Northern Ireland from 7pm this evening until 9am tomorrow morning. Tá foláireamh don leac-oighir eisithe freisin ag oifig mhéitéireolaíochta na Ríochta Aontaithe don 6 chontae i dTuaisceart Éireann ón 7 a’ chlog tráthnóna go dtí 9 a’ chlog maidin amárach.
Tá an Ghaeilge aitheanta go foirmiúil sa dlí i dTuaisceart Éireann ó chuir Státrúnaí na Breataine don Tuaisceart Hilary Benn ordú os comhair Pharlaimint Westminster inné.
De réir an daonáirimh is déanaí, tá eolas éigin ag 130,000 duine ar an nGaeilge in Albain ach i dTuaisceart na hÉireann, tá fios éigin ag beagnach 100,000 duine sa bhreis ar sin ar an teanga - 228,617. Tá i bhfad níos mó Gaeilge ar an BBC in Albain ná mar atá ná mar atá ó thuaidh áfach. Tá idirdhealú soiléir ann, mar sin féin, agus is beag gearán a dhéanann Gaeilgeoirí faoin cheist – cad chuige sin??? Foclóir: Laigí: Weaknesses Dall: Blind Líne eagarthóireachta: Editorial line Ábhartha: Relevant Aontachtaithe: Unionists Slat tomhais: Measuring stick Sciar: Proportion Fáinne fí: Vicious circle Idirdhealú: Distinction Maígh: Imply Múnla: Model Forlíonadh: Supplement Naimhdeas: Animosity Áiseanna: Resources Ionchur: Input Claonadh: Inclination or bias Cur i bhfriotal: Put into words See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá an PSNI ag mbun fiosrúcháin faoi eachtra a tharla arú aréir nuair a bhailigh grúpa de 40 duine le chéile taobh amuigh de theach an Aire Dlí agus Cirt i dTuaisceart Éireann Naomi Long. Tá an eachtra cáinte ag polaiteoirí ó Thuaidh.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/284tlwcd Contact: irishlingos@gmail.com Thousands participate today in a major protest, RIGHTS, for the language. Na mílte páirteach inniu i mór-agóid, CEARTA, ar son na teanga. Thousands took part today in a major national protest on behalf of the Irish language and the Gaeltacht. Ghlac na mílte páirt inniu i mór-agóid náisiunta ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. The protest was called RIGHTS, and people came from all over the country to attend. CEARTA ab ainm don agóid, agus tháinig daoine ó gach cearn den tír le freastal uirthi. The crowds marched from Parnell Square to Leinster House. Mhairseáil na sluaite ó Chearnóg Parnell go dtí Teach Laighean. Irish and Gaeltacht groups participated, along with schools, third level students, co-operative teachers, musicians and families. Bhí grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta páirteach ann, mar aon le scoileanna, mic léinn triú leibhéil, múinteoirí comharchumainn, ceoltóirí agus teaghlaigh. CEARTA was the first such national protest on behalf of the Irish language and the Gaeltacht in over a decade. Bhí CEARTA ar an gcéad agóid náisiúnta dá leithéid ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta le breis agus deich mbliana anuas. Among their demands, they are seeking fair funding, the right to live in the Gaeltacht, reform of the education system, and the fulfillment of long-promised language rights, Conradh na Gaeilge said today. I measc na n- éileamh atá acu, tá siad ag lorg maoiniú cothrom, an ceart chun cónaí sa Ghaeltacht, athchóiriú ar an gcóras oideachais, agus comhlíonadh cearta teanga a gealladh le fada, a dúirt Conradh na Gaeilge inniu. In a statement issued by the Department of Rural, Community and Gaeltacht Development today, Minister Dara Calleary said that he is currently focusing on securing more funding for the language and the Gaeltacht in Budget 2026. I ráiteas a chuir an Roinn Forbartha Tuaithe 's Pobail agus Gaeltachta ar fáil inniu, dúirt an tAire Dara Calleary go bhfuil sé ag díriú faoi láthair ar níos mó maoinithe a fháil don teanga agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2026. He also indicated that investment in the language has increased over the past five years. Thug sé le fios freisin go bhfuil ardú tagtha ar infheistíocht sa teanga le cúig bliana anuas. "It's true that we have more funding now." "Tá sé fíor go bhfuil nios mó maoinithe againn anois. "But that is true for every sector," said Julian de Spáinn, Secretary General of Conradh na Gaeilge at the protest today. Ach tá an méid sin fíor i gcás gach earnála" a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge ag an agóid inniu. "It's easy to have 'more' when the starting point is so low at first." "Tá sé furasta ‘níos mó' a bheith agat nuair atá an túsphointe chomh híseal ar dtús. The government spends only 0.1% of state expenditure on Irish and Gaeltacht matters. Ní chaitheann an rialtas ach 0.1 faoin gcéad de chaiteachas an stáit ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. "That is scandalous and there is no other option now than to radically increase funding." Tá sé sin scanallach agus agus níl aon rogha eile anois seachas ardú radacach a dhéanamh ar an maoiniú." The protest also focused on language rights in the north. Díríodh freisin le linn na hagóide ar chearta teanga ó thuaidh. An Dream Dearg is a pressure group for the language in Northern Ireland. Is brúghrúpa ar son na teanga i dTuaisceart Éireann é An Dream Dearg. A spokesman for that group, Ciarán Mac Giolla Bhéin - who is also the current President of Conradh na Gaeilge - said that despite the Identity and Language Act being in force in the north for the past few years, the rights promised therein have been slow to come, with the DUP constantly obstructing any progress in that area, he said. Dúirt urlabhraí de chuid an ghrúpa sin, Ciarán Mac Giolla Bhéin - atá ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge faoi láthair f...
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá fichead de mhí na Bealtaine. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tá gorta faoi lán seoil in Gaza. Tá sé fógartha ag ceannaire gnóthaí daonnúla na Náisiún Aontaithe, Stephen Fletcher, go bhféadfadh 14,000 páiste bás a fháil mura gcuirtear bia ar fáil dóibh láithreach. In ainneoin cáineadh forleathan ón bpobal idirnáisiúnta, níor cheadaigh Iosrael ach naoi leoraí cúnaimh isteach i nGaza, cé go bhfuil níos mó ná 2.3 milliún duine ocrach le beagnach trí mhí. I dteachtaireacht físe ar na meáin shóisialta, dúirt Príomh-aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, go bhfuil Iosrael chun smacht a fháil ar Gaza ar fad. Mar gheall ar an ngéarchéim atá ag dul in olcas, cháin Príomh-aire na Ríochta Aontaithe, Keir Starmer, Iosrael agus é ag labhairt os comhair na parlaiminte níos luaithe sa tseachtain. Bíodh sin mar atá, sheachain sé úsáid a bhaint as na focail ‘glanadh eitneach' nó ‘cinedhíothú', agus níor gheall sé ach oiread go stopfadh sé ag díol arm le hIosrael.Tá fáilte curtha ag Gaeilgeoirí i dTuaisceart na hÉireann roimh an gcinneadh tuairim is 100 comhartha dhátheangacha a chur suas i gContae an Dúin agus i gContae Ard Mhacha. Cé go raibh polaiteoirí Aontachtacha ina choinne le sé bliana, tá sé deimhnithe anois ag an dá chomhairle contae go mbeidh na comharthaí le feiceáil go luath. Leanann sé seo le polasaí na gcomhairlí contae an Ghaeilge a chur chun cinn. Úsáidtear comharthaí dátheangacha cheana féin ar fhoirgnimh údaráis áitiúil sna ceantair seo. Tagann an scéal seo ag an am céanna go bhfuil mic léinn ag Ollscoil na Banríona agus Ollscoil Uladh ag éileamh comharthaí Gaeilge ar an gcampas.Tá painéal imreoirí roghnaithe ag bainisteoir fhoireann sacair ban na hÉireann, Carla Ward, don dá chluiche dheireanacha i Sraith na Náisiún. Imreofar an chéad chluiche in aghaidh na Tuirce thall in Iostanbúl an deireadh seachtaine seo chugainn, agus beidh siad ar ais sa bhaile an tseachtain dár gcionn in aghaidh na Slóivéine i gCorcaigh. Má tá seans ar bith acu críochnú ar bharr an ghrúpa, caithfidh siad an dá chluiche a bhuachaint. Tá Erin Healy, tosaí le Adelaide United san Astráil, ar an bpainéal den chéad uair riamh, chomh maith le Louise Quinn sula n-éireoidh sí as sacar gairmiúil go hiomlán. Go n-éirí go geal leis an mbeirt acu, agus leis an bhfoireann uilig.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISgorta - faminegnóthaí daonnúla - humanitarian affairsglanadh eitneach - ethnic cleansingcinedhíothú - genocidefoirgnimh údaráis áitiúil - local authority buildingsgairmiúil - professional
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Ainmníodh an Fhionlainn mar an tír is sona ar domhan den ochtú bliain as a chéile sa Tuarascáil Dhomhanda ar Shonas, agus thug muintir na háite agus saineolaithe creidiúint dá lochanna móra agus dá córas leasa shóisialaigh láidir mar chúiseanna leis an dea-ghiúmar. Ainmníodh Éire sa 15ú háit, ag bogadh suas ón 17ú háit in 2023. Tá an Afganastáin, atá buailte ag tubaiste dhaonnúil ó tháinig an Talaban ar ais i gcumhacht in 2020, ina tír is míshona ar domhan arís eile. D'fhan na tíortha Nordacha go léir i measc na ndeich dtír is sona, leis an Danmhairg, an Íoslainn agus an tSualainn ag teacht i ndiaidh na Fionlainne, a mhéadaigh beagán ar a buntáiste ar an Danmhairg sa dara háit. Chuaigh Cósta Ríce agus Meicsiceo isteach sa deich dtír is fearr den chéad uair, ag teacht sa séú háit agus sa deichiú háit. Idir an dá linn, thit na Stáit Aontaithe go dtí an 24ú háit, áit amháin taobh thiar den Riocht Aontaithe. Is é seo an scór is ísle a fuair na Stáit Aontaithe ó foilsíodh an tuarascáil den chéad uair in 2012, nuair a bhí siad san 11ú háit, an seasamh ab airde riamh dóibh. "Tá méadú 53% tagtha ar an líon daoine atá ag ithe béilí ina n-aonar sna Stáit Aontaithe le fiche bliain anuas," a dúirt údair na tuarascála, ag tabhairt le fios go bhfuil béilí a roinnt le daoine eile "nasctha go láidir le folláine".Tá an chéad taispeántas riamh sa Ghaeilge a reáchtáladh in Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann (PRONI) oscailte. Insíonn an taispeántas Mná na hAthbheochana scéal na mban a chuir athbheochan ar úsáid na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Bhí ról lárnach acu i mbunú na chéad Ghaeltachta uirbí agus na chéad scoile lán-Ghaeilge sna 1960idí déanacha agus sna 1970idí luatha. Bhí mná óga ó Choláiste Feirste i mBéal Feirste thiar i measc na ndaoine a chuir an taispeántas le chéile. Dúirt Aoibhín McConnell, scoláire seacht mbliana déag d'aois ó Choláiste Feirste, go raibh sé “spreagúil” foghlaim faoi na mná a thug athbheochan ar an Ghaeilge."Tá labhairt na Gaeilge thar a bheith tábhachtach domsa agus do mo phobal," a dúirt sí. "Bhí mo mhamó ar dhuine de na daoine a bhunaigh an dara scoil lán-Ghaeilge agus an chéad cheann neamhdhominiceanach. "Is séadchomhartha iontach é dár n-oidhreacht agus don ról a imrímid laistigh de Bhéal Feirste mar phobal roinnte sa lá atá inniu ann." Dúirt sí go raibh sé tábhachtach ról na mban i stair na Gaeilge a cheiliúradh. "Tá cónaí orainn i sochaí atá go fóill an-phatrarcach, ach sílim go mbíonn ról na mban á mheas faoina luach go minic," a dúirt sí. "Bhí an ról is riachtanaí agus is tábhachtaí ag na mná in athbheochan na Gaeilge. Leanann siad orthu do mo spreagadh gach uile lá i ngach gníomh a dhéanaim féin mar Ghael óg."* Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain*GLUAISsonas - happinesstubaiste dhaonnúil - humanitarian disasterathbheochan - revivalneamhdhominiceanach - non-dominican
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá sé ráite ag na húdaráis in Sante Fe, New Mexico, go bhfuair an t-aisteoir mór le rá Gene Hackman agus a bhean chéile Betsy Arakawa bás nádúrtha an mhí seo caite. Thángthas ar an bheirt agus iad marbh ina dteach ag deireadh mhí Feabhra, agus i ndiaidh fiosrúcháin is léir go bhfuair Arakawa bás mar gheall ar shiondróm scamhógach hantaivíris, galar neamhchoitianta a scaipeann creimirí, agus gur mhair Hackman beagnach seachtain eile ina diaidh. Bhí Hackman an-tinn le tamall, agus bhí galar croí, galar Alzheimer agus galar duáin air. BhainHackman clú agus cáil amach sna 1970idí i scannáin ar nós The French Connection agus The Poseidon Adventure. Bhain sé gradam Oscar as a ról in The French Connection agus as ról tacaíochta in Unforgiven in 1992. Suaimhneas síoraí orthu beirt.Thug rí Nigéarach samplaí uisce leis chuig réamhthriail i Londain an tseachtain seo. Bhí an Rí Godwin Bebe Okpabi ag labhairt thar ceann a phobail i nDeilt Abhainn na Nígire maidir le truailliú a rinne an comhlacht ola Shell sa cheantar. Bhí an réamhthriail ar siúl chun scóip na gceisteanna dlíthiúla a shocrú roimh an phríomhthriail, a tharlóidh an bhliain seo chugainn. Dar le Okpabi, tá Shell i ndiaidh na milliúin dollar a chaitheamh ar na dlíodóirí is fearr, in áit an t-airgead sin a chaitheamh ar ghlanadh uiscí agus talamh a phobail. Tá an modh maireachtálatraidisiúnta sa cheantar scriosta, dar leis, agus ta2 leibhéal an-ard ailse sa réigiún, fiú i measc daoine óga. Fógraíodh Dé Céadaoin go gceapfar Coimisinéir Gaeilge agus Coimisinéir Ultaise i dTuaisceart Éireann i mí na Bealtaine. Gealladh na hoifigí nua seo cúig bliana ó shin sa mhargadh New Deal, New Approach, ach níor ceapadh coimisinéir ar bith nuair a tharraing an Páirtí Aontachtach Daonlathach, an DUP, amach as na hinstitiúidí ó thuaidh. Chuir an Chéad-Aire, MichelleO'Neill, agus an LeasChéad-Aire, Emma Little-Pengelly, fáilte roimh an fhógra, agus dúirt Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, gurb é ceapadh an Choimisinéara Gaeilge an “fhoráil is lárnaí san Acht Gaeilge nua”. Is é an ról an bheidh ag an Choimisinéir Teanga ná na caighdeáin teanga a leagan amach do chomhlachtaí poiblí agus iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin sa chás go ndéanfadh na comhlachtaí poiblí faillí ina ndualgais teanga.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISsiondróm scamhógach hantaivíris - hantavirus pulmonary syndromecreimirí - rodentsréamhthriail - preliminary trialtruailliú - pollutionforáil - clause (legal)faillí - neglect
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28lr62n5 Contact: irishlingos@gmail.com 45,000 still waiting for electricity. 45,000 fós ag fanacht leis an gcumhacht aibhléise. The Electricity Supply Board says that only up to 45,000 customers are now left to be reconnected to its network following storm Éowyn. Deir Bord Soláthar an leictreachais nach bhfuil fágtha anois le ceangal ar ais ar a ghréasán i ndiaidh na stoirme Éowyn ach suas le 45,000 custaiméar. He indicated that electrical power has now been restored to up to 723,000 households, farms and businesses. Thug sé le fios go bhfuil an chumhacht aibhléise curtha ina ceart in athuair do suas 723,000 anois idir theaghlaigh,fheirmeacha agus ghnólachtaí. He also says he is doing his best to restore power to the remaining areas that have now been without electricity for over a week. Deir sé freisin go bhfuil sé ar a dhícheall ag iarraidh an chuid eile atá fágtha anois gan leictreachas le breis is seachtain a chur ina gceart. 'Engineers from Britain and other European Union countries are supporting the effort,' he says. 'Tá innealtóirí on Bhreatain agus tíortha eile ón Aontas Eorpach ag tacú leis an iarracht' a deir sé. It is reported that up to 3,000 customers in Northern Ireland are still without electricity since the storm hit the island a week ago last Friday. Tuairiscítear go bhfuil suas le 3,000 custaiméar i dTuaisceart Éireann d'uireasa na cumhachta aibhléise go fóill ó thug an stoirm ropadh faoin oileán seachtain ó Dé hAoine seo caite.
Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 13ú lá de mí na Nollaig, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 2003 bhí ceannairí na hEorpa i sáinn de bharr bunreacht nua san Eoraip. Bhí An Fhrainc agus an Ghearmáin ar son córas vótála nua agus dhiúltaigh An Spáinn agus An Pholainn. I 2007 tháinig Ian Paisley agus Martin McGuinness le chéile chun siopa Ikea nua a oscailt i dTuaisceart na hÉireann. I 2009 – bhí an cumann córúil in Aonach Urmhumhan ag iarradh fir. Bhí siad ag iarradh fir chun an ceol dráma Anything Goes a dhéanamh mar nach raibh go leor acu chun an ceol dráma a cur i láthair. I 2013 d'oscail TippFM ionad chraoladh ar Sráid Phiarsaigh. D'oscail Alan Kelly an dara stiúideo sa chontae. Sin Outcast le Hey Ya – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 2003. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 2000 bhí síniú leabhair ag Waterstones i Piccadilly le Paul McCartney. Bhí Sir Paul McCartney ann sa siopa chun síniú cúpla cóipeanna de a leabhar nua. I 2013 – tháinig Beyonce amach lena albam nua darbh ainm 'Beyonce'. Bhí sé seo a chúigiú albam. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh aisteoir Jamie Foxx i Texas i 1967 agus rugadh amhránaí Taylor Swift i Meiriceá i 1989 agus seo chuid de a amhrán. Beidh mé ar ais libh an tseachtain seo chugainn le heagrán nua de Ar An Lá Seo.
Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 13ú lá de mí na Nollaig, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 2003 bhí ceannairí na hEorpa i sáinn de bharr bunreacht nua san Eoraip. Bhí An Fhrainc agus an Ghearmáin ar son córas vótála nua agus dhiúltaigh An Spáinn agus An Pholainn. I 2007 tháinig Ian Paisley agus Martin McGuinness le chéile chun siopa Ikea nua a oscailt i dTuaisceart na hÉireann. I 2000 rinne Minnie Baker ó Chroisín cuilt phíosála agus thug sí é chuig ospís an Chláir chun airgead a bhailiú. Sheas an chuilt do na oibrí deonach, na hothair agus an fhoireann. Bhí an chuilt an chéad duais i gcrannchur na Nollaig. I 2007 bhí ceithre theaghlach in O'Callaghan Mills, iargúlta do cúig lá de bharr tuilte. Bhí siad ábalta rudaí a fháil agus dul áit éigin i dtarracóir. Dúirt Rory Moloney a raibh ina chónaí ann, nach raibh a chlann ábalta dul abhaile do chúpla lá nuair a chuaigh siad amach chun siopadóireacht na Nollaig a dhéanamh. Sin Outcast le Hey Ya – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 2003. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 2000 bhí síniú leabhair ag Waterstones i Piccadilly le Paul McCartney. Bhí Sir Paul McCartney ann sa siopa chun síniú cúpla cóipeanna de a leabhar nua. I 2013 – tháinig Beyonce amach lena albam nua darbh ainm 'Beyonce'. Bhí sé seo a chúigiú albam. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh aisteoir Jamie Foxx i Texas i 1967 agus rugadh amhránaí Taylor Swift i Meiriceá i 1989 agus seo chuid de a amhrán. Beidh mé ar ais libh an tseachtain seo chugainn le heagrán nua de Ar An Lá Seo.
Tá scolairí i dTuaisceart Éireann chomh maith le Sasana agus an mBreatain Bheag ag fáil a gcuid torthaí A léibheal agus T Leibhéal ar maidin inniu.
Déanann Ursula cur síos ar an truailliú atá á thuairisciú le cúpla lá anuas atá ag léibheal ard aríst i Loch nEathach as a thiocann 40% don uisce a úsáídtear i dTuaisceart Éireann.
Labhair Jack Mac Íomhair linn ar an gclár "Rithim na Cathrach".
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2586cj9t Contact: irishlingos@gmail.com Bull terrier killed by gardaí after attack on woman. Tarbh-bhrocaire maraithe ag na Gardaí tar éis ionsaí ar bhean. A bull terrier in Cork was shot and killed by Gardaí after the dog became combative during an incident last night on O'Connolly Road in Ballyfeethan. Lámhaigh agus mharaigh na Gardaí tarbh-bhrocaire i gCorcaigh tar éis don mhadra éirí trodach le linn eachtra aréir ar Bhóthar Uí Chonghaile i mBaile Féitheán. A report was made to Gardaí that a dog had attacked a woman in a back garden. Cuireadh tuairisc faoi bhráid na nGardaí go raibh madra tar éis bean a ionsaí i ngairdín cúil. The dog bit the woman's arm and leg. Bhain an madra greim as lámh agus as cos na mná. Another member of the family was also bitten while trying to control the dog. Baineadh greim as duine eile sa teaghlach freisin agus é ag iarraidh smacht a fháil ar an madra. Local unarmed Gardai, a dog warden and a vet attended the scene and contacted the Support Unit under the Garda Síochána Army. D'fhreastail na Gardaí áitiúla nach raibh armtha, maor madraí agus tréidlia ar an láthair agus chuir siad fios ar Aonad Tacaíochta faoi Arm an Gharda Síochána. The two injured were taken to University Hospital, Cork, where they were treated. Tugadh an bheirt a gortaíodh chuig Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, áit ar cuireadh cóir leighis orthu. Earlier this week, a young woman named Nicole Morey was killed by a stray dog in Co Limerick. Níos tuisce an tseachtain seo, mharaigh madra allta bean óg darbh ainm di Nicole Morey i gCo Luimnigh. It was the young woman's birthday. Lá breithe na mná óiige a bhí ann. She was 23 years old. Bhí sí 23 bliain d'aois. Gardaí are investigating the attack at the woman's home in Fedamare, outside Ballynafotigh in the county. Tá na Gardaí ag fiosrú an ionsaithe ag teach na mná i bhFeadamair, taobh amuigh de Bhaile an Fhaoitigh sa chontae. Dogs of this breed are now banned in Britain. She was found behind the gate of the property. Tá cosc curtha ar mhadraí den phór seo sa mBreatain anois Thánagthas uirthi taobh thiar de gheata an áitribh. She was treated at the scene but could not be saved. Cuireadh cóir leighis uirthi ar an láthair ach níorbh fhéidir í a tharrtháil. It is understood that she lived in the house with her partner and several dogs. Tuigtear go raibh cónaí uirthi sa teach lena páirtí agus roinnt madraí. No one else was home when the attack happened. Ní raibh aon duine eile sa bhaile nuair a tharla an t-ionsaí. Four dogs of a legally restricted breed were arrested It is understood that the dog that carried out the attack was of the Bull Terrier breed. Gabhadh ceithre mhadra de phór a bhfuil srian air de réir dlí Tuigtear gur de phór Tarbh-bhrocaire an madra a rinne an t-ionsaí. Members of the Gardaí's Armed Unit killed him when they arrived at the scene of the attack. Rinne baill d'Aonad Armtha na nGardaí é a dhíothú nuair a bhain siad láthair an ionsaithe amach. The Minister for Rural and Community Development Affairs, Heather Humphreys, said the news of the attack left her "horrified and saddened". Dúirt an tAire Gnóthaí Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys gur chuir scéal an ionsaithe "alltacht agus samhnas" uirthi. "The issue of restricted dog breeds is being examined by a working group led by former Garda Commissioner John Twomey," said the Minister. "Tá ceist na bpóranna madraí srianta á scrúdú ag grúpa oibre faoi stiúir an iar-Choimisinéara Gardaí John Twomey," a dúirt an tAire. "If that group advises me to ban a certain breed, as has been done in Northern Ireland and Britain, I will accept that advice." "Má chuireann an grúpa sin comhairle orm cosc a chur ar phór áirithe, mar atá déanta i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain, glacfaidh mé leis an gcomhairle sin." Under the Dog Control Regulations,
Tá go dtí 1600 inniu ag polaiteoirí i dTuaisceart Éireann a gcuid ainmneacha a chur chun cinn le bheith san iomaíocht do thoghcháin Westminster. Foilsíodh tuarascáil leis an PSNI inné ina ndúradh ndearna an tseirbhís póilíneachta 320 iarratas chun eolas a fháil faoi shonraí fóin póca iriseoirí ó 2011.
Sé seachtainí tar éis athbhunú na n-institiúidí i dTuaisceart Éireann tháinig an deighilt idir pháirtithe polaitiúla Stormont chun cinn arís inné.
Deir Conradh na Gaeilge go raibh 'cruinniú tábhachtach' acu leis an Aire Airgeadais Caoimhe Archibald ina ndearnadh plé ar #PleanFáis agus ar cheisteanna faoi theastais bhreithe, báis agus pósadh.
Creideann an Comhairleoir nár cheart do Rialtas na tíre seo a bheith ag cur maoiniú ar fáil do thograí i dTuaisceart Éireann ó tharla go bhfuil na sé Chontae fós faoi réimeas Shasana.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Niall Ó Siadhail. Dé hAoine, d'fhógair an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta go gcaithfidh Iosrael cinntiú nach bhfuil cinedhíothú ar siúl i Stráice Gaza. De réir an rialaithe, a tugadh sa Háig inné, tá ar Iosrael a dhícheall a dhéanamh gan cinedhíothú a ligean, agus gan fianaise gur tharla cinedhíothú a scriosadh. Cé nár iarradh sos cogaidh orthu sa bhreithiúnas idirlinne seo, ciallaíonn na téarmaí a úsáideach go gceaptar go bhfuil sé inchreidte go bhfuil cinedhíothú tar éis tarlú, rud a shéanann na hIosraelaigh go láidir. Chuir ionadaithe ón Afraic Theas, a thug an cás os comhair na Cúirte, fáilte roimh an bhreithiúnas, ach cháin airí ó Iosrael cinneadh agus údarás na Cúirte. Cumadh an Coinbhinsiún um Chinedhíothú sa bhliain 1948, de dheasca na n-ionsaithe uafásacha a rinneadh ar Ghiúdaigh agus ar ghrúpaí eile le linn an Dara Cogadh Domhanda. I gcúirt eile i Nua Eabhrac Dé hAoine, bronnadh $83.3m ar E Jean Carroll ina cás clúmhillte i gcoinne Donald Trump. Tá sí le fáil $18.3m mar chúiteamh as damáistí, chomh maith le $65m mar chúiteamh pionósach. Níor ghlac Trump leis an bhreithiúnas, agus mhaígh sé go raibh feachtas géarleanúna ar siúl. Scríobh Carroll alt don iris New York cúig bliana ó shin inar nocht sí gur éignigh Trump í sa bhliain 1996, agus ghlac giúiré agus breitheamh leis go raibh na líomhaintí seo fíor. Níor chuir sin as do Trump, áfach, agus lean sé ar aghaidh ag clúmhilleadh Carroll go minic. Tá an banna ceoil conspóideach Kneecap i ndiaidh gradam an lucht féachana a bhaint ag an fhéile scannán Sundance in Utah. Ba é an chéad scannán Gaeilge a léiríodh ag Sundance, agus rinneadh comparáid leis an scannán Trainspotting i léirmheas amháin i Meiriceá. Cheannaigh Sony Picture Classics na cearta chun an scannán a dháileadh i Meiriceá Thuaidh, Meiriceá Theas, an Eoraip agus sa Mheánoirthear. Tá an banna conspóideach as na tagairtí a dhéanann siad do dhrugaí agus do chúrsaí polaitíochta i dTuaisceart Éirinn, ach ag an am chéanna tá sé áitithe acu nach bhfuil aon teachtaireacht sheicteach ina gcuid ceoil. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS breithiúnas idirlinne - interim judgement inchreidte - plausible cás clúmhillte - defamation case feachtas géarleanúna - witch hunt gradam an lucht féachana - the audience award teachtaireacht sheicteach - sectarian message
Tá sé thar am comhlacht reachtúil a bhunadh chun seirbhís cothabhála leanaí a bhunadh chun tacú le tuismitheoirí aonaracha. Deir sé go bhfuil córas mar seo ag feidhmiú i dTuaisceart Éireann le tamall agus tá ag éirí go maith leis.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Tá an choimhlint sa Mheánoirthear ar siúl le níos mó ná mí anois. Thosaigh an cogadh ar an seachtú lá de mhí Dheireadh Fómhair nuair a rinne Hamas ionsaí ag féile cheoil in Iosrael, inar thóg siad timpeall 200 giall. Chuir Iosrael tús le buamáil in Gaza mar fhreagra. Maraíodh thart ar 1400 Iosraelach agus níos mó ná 10,000 saoránach Palaistíneach ó tosaíodh na hionsaithe an mhí seo caite, 4,000 páistí san áireamh. Deir na Naisiúin Aontaithe go bhfuair timpeall 5,400 daoine bás san iomlán i ngach coimhlint eile a bhí idir Iosrael agus Hamas ó bhí 2007 ann. Deirtear gurb é seo an feachtas buamála is faide ar cheantar a bhfuil daoine ina gcónaí ann sa stair. Deir údaráis Iosrael nach gcuirfidh siad stop leis an bhfeachtas go dtí go ligfear saor na gialla atá ag Hamas. Tá taispeántais dlúthpháirtíochta don Phalaistín ag leanúint ar aghaidh in a lán tíortha, agus agóideoirí ag lorg sos cogaidh.Rinneadh digitiú ar 60,000 mír ó chartlann Chonradh na Gaeilge, atá ar fáil ar líne anois. Tá an tionscnamh, a thosaigh bliain go leith ó shin, ar siúl ag Ollscoil na Gaillimhe, i gcomhoibriú le Conradh na Gaeilge. Ní ach thart ar 10% den bhailiúcháin atá i gceist leis an 60,000 mír, as níos mó ná 600,000 míreanna san iomlán. Leanann an obair chun an chartlann a dhigitiú ina hiomláine. Baineann na míreanna le gníomhaíocht agus feachtasaíocht na heagraíochta ó bunaíodh í in 1893 anuas go casadh na mílaoise. Lena chois sin tá roinnt mhór foinsí sa chartlann a bhaineann leis an bpróiseas síochána i dTuaisceart Éireann le linn an chéid roimhe. Deir Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil siad bródúil go bhfuil an bailiúcháin acu, rud a chuireann leis an mbailiúcháin digiteach ollmhór d'fhoinsí stairiúla Gaeilge, cultúir, béaloidis srl. a bhí acu roimhe.Chonacthas na Gealáin Thuaidh, nó Aurora Borealis, sa spéir os cionn Éireann ag tús na seachtaine. Eachtra annamh é iad a fheiceáil in Éirinn, rud a chur sceitimíní ar réalteolaithe idir ghairmiúil agus amaitéarach. De ghnáth ní bheadh na Gealáin le feiceáil ó theas Dhún na nGall ach chonacthas iad i gCorcaigh an tseachtain seo. Den chuid is mó bhí siad infheicthe leis an tsúil ach d'éirigh le daoine grianghraif áille a thógáil, agus iad ag úsáid nochtadh fada chun solas atá infheicthe don tsúil a ghabháil. Don tsúil, ní ach solas doiléire ar fhíor na spéire a bhí le feiceáil. Tá roinnt mhór grianghníomhaíochta, an feiniméan a chruthaíonn na Gealáin, ar siúl faoi láthair. Tá súil ag saineolaithe go mbeidh roinnt deiseanna eile againn iad a fheiceaíl ó Éirinn arís le linn na bliana atá romhainn. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS giall - hostage sos cogaidh - ceasefire feachtasaíocht - campaigning casadh na mílaoise - turn of the millennium infheicthe leis an tsúil - visible to the eye grianghníomhaíocht - solar activity
Dúirt an tAire Robert Jenrick go gcuirfear deireadh leis na conarthaí a aontaíodh le hóstáin sa mBreatain agus i dTuaisceart Éireann le lóistín a chur ar fáil do lucht iarrtha tearmainn.
Tá Príomhfheidhmeannach nua ceaptha ar Chomhairle na Gaelscolaíochta i dTuaisceart Éireann.
Reachtáilfear an vóta deireadh i dTeach na dTiarnaí sa mBreatain inniu ar an mbille conspóideach a bhaineann le hoidhreacht na dtrioblóidí i dTuaisceart Éireann.
Cé go bhfuil aimsir na turasóireachta ag teannadh le deiridh, tá na bóithre fud fad na tíre, fíor-ghraitheach go deo i gcónaí. Ní scéal le ceantar amháin é faraor mar atá i mBaile Uí Bheacháin i gContae an Chláir.
Dúirt polaiteoirí i dTuaisceart Éireann go bhféadfadh sé go mbeadh beatha na mílte póilín curtha i mbaol ag eolas a sceitheadh fúthu thrí thimpiste. Foilsíodh eolas faoi os cionn 10,000 póilín agus oibrí eile sa tseirbhís ar an idirlíon thrí dhearmad nuair a bhí freagra á thabhairt ar iarratas a déanadh ar shaoráil faisnéise.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Tá cúigear turasóirí ar iarraidh a bhí ag déanamh turas faoin bhfarraige chun féachaint ar an long bhriste Titanic. Ceaptar go ndeachaigh an tumadóir ar iarraidh timpeall an cheantair sin in aice le Talamh an Éisc. Tá seirbhísí cuardaigh agus tarrthála ag déanamh gach iarracht teacht ar an tumadóir go tapaidh mar is é 96 uair an t-uasmhéid ama a chaitheann long mar seo faoin bhfarraige, agus seans nach bhfuil ocsaigin fágtha. Dúirt garda cósta na Stát Aontaithe nach raibh aon teagmháil deánta ón tumadóir tar éis uair agus daichead cúig noiméad den turas. Is é an comhlacht turasóireachta OceanGate Expeditions a chuireann turas mar seo ar fáil. Cosnaíonn ticéad 250,000 dollar. Reáchtálann siad turasanna go dtí dromchla na farraige chomh fada síos le ceithre mhíle méadar atá 370 míle amach ó chósta Thalamh an Éisc. Bhain an galfaire ó Chontae an Chabháin Leona Maguire bua amach sna Stáit Aontaithe ag comórtas Chumann Proifisiúnta Gailf na mBan a bhí ar siúl in Meijer, Michigan. Bhí sí an-chumasach ag scoráil ceithre éinín agus iolair ag an séú poll chun deiridh, ag críochnú faoi 21. Bhí sí in iomaíocht don chéad áit le Ariya Jutanugarn ón Téalainn. Chríochnaigh Xiyu Lin ón tSín agus Amy Yang ón gCoiré Theas le chéile sa triú háit. D'imir Leona gan aon bhógaí a fháil. I mí Feabhra 2022, bhuaigh Leona craobh LPGA amach den chéad uair in Florida. Éacht stairiúil a bhí ann mar ba í an chéad bhean Éireannach riamh a bhuaigh an comórtas. Dúirt Leona go raibh sí ag imirt go maith an tseachtain seo agus dhein sí iarracht a bheith foighneach. An sprioc a bhí aici ná fanacht faoi 20 agus bhí sé sásúil ceann amháin níos fearr a fháil. Dúirt sí leis, go caithfidh tú imirt ana-mhaith anseo agus tá sé dian. Tá sé deas ceann a bhuachaint anseo go háirithe leis na mórchomórtais ag teacht. Aimsíodh greanadh istigh i bpluais sa Fhrainc a rinne muintir Néandartálach caoga seacht míle bliain ó shin, dar le saineolaithe. Tá an phluais lonnaithe in La Roche-Cotard i reigiún an Loire i dTuaisceart na Fraince. Ceaptar gurb é an greanadh is sinne riamh déanta ag gaolta daonna agus tá seans ann gurb é seo an phluais is sinne sa Fhrainc agus san Eoraip. Dúirt taighdeoirí a dhein foilsiú ar na marcanna in Journal Plos One go léiríonn siad go raibh muintir Néandartálach casta agus éagsúil cosúil lenár sinsear féin. Dhein Jean-Claude Marquet ó Ollscoil Tours sa Fhrainc stáidéar ar na marcanna ar a dtugtar "cuislithe méire" in éineacht lena chomhghleacaí . Dheineadar samhail 3D de na marcanna chun comparáid a dhéanamh le marcanna daonna eile. Thángadar ar an gcinneadh go raibh na marcanna d'aon ghnó mar gheall ar na cruthanna, an spás agus an leagan amach. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS tumadóir - submersible Talamh an Éisc - Newfoundland éinín - birdie iolar - eagle bógaí - bogey greanadh - engraving pluais - cave
B'inné a glacadh leis na hainmniúcháin deiridh d'iarrthóirí sna toghcháin áitiúla i dTuaisceart Éireann a bheidh ar bun ar an 18ú Bealtaine.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Bíonn níos lú ná 1% den chaint ar fad a dhéantar i nDáil Éireann i nGaeilge, de réir taighde úr. Léirigh an taighde nach raibh ach 11,919 focal labhartha i nGaeilge as an os cionn 1.6 milliún focal a labhraíodh le linn tréimhse seacht seachtaine i mbliana. Mionchaint, beannachtaí agus focail bhuíochais a bhí i gcuid mhaith den chaint i nGaeilge sa Dáil. De réir an taighde, dá gcuirfí i ndiaidh a chéile gach focal Gaeilge a dúradh sa Dáil le linn na tréimhse de 19 lá sa taighde, ní bheadh ann ach thart ar uair agus 25 nóiméad an chloig cainte. Tá drisiúr leathan dearg ón 19ú céad a bhí le feiceáil sa chistin i dteach Phadraig sa scannán The Banshees of Inisherin , i measc na dtroscán a bheidh ar díol ón scannán ag ceant d'earraí dúchasacha atá á reáchtáil ag an chomhlacht ceantála Adam's i mBaile Átha Cliath. €3,000 – €4,000 atá luaite leis an drisiúr dearg ó scannán Martin McDonagh agus é ar cheann de na hearraí is daoire sa cheant ag muintir Adam's a bheidh ar siúl an mhí seo chugainn. Tá dhá phictiúr tírdhreacha ‘le tithe sa stíl shoineanta' a bhí crochta i dteach Choilm ar díol chomh maith. Beidh an ceant ar siúl ar an 12ú Aibrean, agus beidh troscán is feisteas tí, ealaíona, earraí ceardaíochta is criadóireachta ar díol ann chomh maith le hearraí eile a shantaíonn bailitheoirí.Tá tacaíocht ón pharlaimint buaite ag an rialtas Briotanach do chuid dá chomhaontú nua Brexit le 515 vóta in aghaidh 29, in ainneoin éirí amach ó chuid dá fheisirí féin agus frithfhreagairt ó chomhaltaí an DUP. Dúirt Rúnaí Thuaisceart Éireann Chris Heaton-Harris go raibh coscán Stormont “ar cheann de na hathruithe is suntasaí” sa phlean don réigiún – “athrú láidir a thugann cros don Riocht Aontaithe ar ailíniú dinimiciúil le rialacha an Aontais Eorpaigh”. Ach dhiúltaigh na hiar-phríomh-airí Boris Johnson agus Liz Truss tacaíocht a thabhairt don pholasaí, agus dúirt Johnson go gciallódh sé nach raibh “an Ríocht Aontaithe ar fad” in ann “éagsúlú i gceart agus leas a bhaint as an Bhreatimeacht”. Agus dúirt ceannaire an DUP, Sir Jeffrey Donaldson, nach féidir leis gealltanas a thabhairt dá pháirtí “na hinstitiúidí polaitiúla a athbhunú” i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar an socrú. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS mionchaint - small talk beannachtaí - greetings drisiúr - dresser ceant - auction ailíniú dinimiciúil - dynamic alignment frithfhreagairt - backlash
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an ceathrú lá de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Ar an seachtú lá is fiche de mhí Feabhra d'fhógair Rishi Sunak “Creatlach Windsor” – leagan nua de phrótacal Thuaisceart Éireann a comhaontaíodh tar éis ceithre mhí d'idirbheartaíocht leis an Aontas Eorpach. Tugann an comhaontú “coscán éigeandála” do rialtas na Ríochta Aontaithe ar dhlíthe nua an Aontais Eorpaigh a chuirfear i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann má chuireann polaiteoirí sa chúige ina gcoinne. Cruthaíonn sé lána glas nua freisin do thrádálaithe, a bhaineann an teorainn le haghaidh earraí tomhaltóra as Muir Éireann, ag laghdú na riachtanas maidir le páipéarachas agus seiceálacha agus dualgais eile. Beidh seiceanna fós ag teastáil le haghaidh earraí sa lána dearg. Glacadh go dearfach leis an margadh go ginearálta cé is moite de lucht an Bhreatimeachta agus baill áirithe den Pháirtí Aontachtach Daonlathach, Ian Paisley ina measc. D'fháiltigh rialtas na hÉireann roimhe mar “chaibidil nua” sa chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. D'fhógair an tAire Oideachais Norma Foley go raibh sí ag cur moill ar na pleananna chun roinnt scrúduithe na hArdteistiméireachta a bhogadh go dtí an cúigiú bliain. Bhí sé i gceist go ndéanfaí an cinneadh bunaidh sa bhliain fiche fiche agus bhí sé i gceist an brú a mhaolú ar scoláirí na hArdteistiméireachta trína gcuid scrúduithe a scaipeadh thar thréimhse dhá bhliain. Tá cur síos déanta ag Aontas Múinteoirí Éireann ar an gcinneadh mar “fhorbairt fháilteach” ar an mbonn nár cuireadh bunús an togra i láthair riamh. Dúirt Ms Foley nár léirigh sé seo nach mbeadh athruithe eile ag dul ar aghaidh mar chuid den athbhreithniú níos leithne ar an Ardteistiméireacht. Áiríodh sna pleananna níos leithne seo, daichead faoin gcéad de na marcanna ag teacht ó mheascán d'obair thionscadail, ó scrúdú cainte agus ó chleachtaí praiticiúla agus bunú “scoileanna líonra” a sheolfadh ábhair nua ar nós drámaíochta, scannánaíochta agus staidéar amharclainne. Tá Raidió na Gaeltachta ag leanúint lena chomóradh caoga bliain le roinnt ceolchoirmeacha a bheith ar siúl ar fud na tíre. Bhí ceann acu ar siúl an tseachtain seo caite in Amharclann Ghaoth Dobhair agus beidh dhá cheann eile ar siúl an mhí seo chugainn i gConamara agus i mBaile Bhúirne. Nuair a seoladh an stáisiún den chéad uair bhailigh sé taifeadtaí de mhuintir na hÉireann, cartlann luachmhar de chuid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh. Inniu craolann sé raon ábhar lena n-áirítear spórt, ceol agus nuacht. Rinne Údarás Craolacháin na hÉireann taighde le déanaí freisin a thug le tuiscint go mbeadh an seans ann go n-éistfeadh tríocha ocht faoin gcéad de dhaoine idir cúig bliana déag agus tríocha a ceathair le stáisiún nua Gaeilge ar an gcoinníoll go gcloisfeadh sé ‘an ceol ceart, go gclúdódh sé ceisteanna atá tábhachtach don spriocghrúpa, agus d'fhéadfadh sé go mbeadh sé saor ó fhógraí.' * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS creatlach - framework earraí tomhaltóra - consumer goods an Ardteistiméireacht - the Leaving Cert obair thionscadail - project work cartlann luachmhar - valuable archive coinníoll - condition
Tá an tÚdarás Oideachais i dTuaisceart Éireann i mbun próiseas comhairliúcháin phoiblí faoi láthair faoin oideachas lán Ghaeilge.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2nno6euu Contact: irishlingos@gmail.com Research showing the marginalization of young Irish people in Belfast. Taighde ag léiriú imeallú Gaeil óga i mBéal Feirste. In Belfast today, research was launched on youth work through the medium of Irish, the first report of its kind ever. I mBéal Feirste inniu seoladh taighde ar obair óige tré mheán na Gaeilge, an chéad tuairisc den chinéal sin riamh. The research deals with the way youth work has been pushed into unsuitable spaces and the way it has been pushed out when policy and funding are being worked out. Pléann an taighde leis an dóigh ar brúdh an obair óige isteach i spásanna mífhóirsteanacha agus an dóigh ar brúdh amach í agus polasaí agus maoiniú á réiteach. In recent years there have been many demonstrations by Irish language youth associations in Northern Ireland with the Education Authority threatening to cut almost all of their funding. Le blianta beaga anuas is iomaí léirisiú a bhí ag cumainn óige Gaeilge i dTuaisceart Éireann agus an tÚdarás Oideachais ag bagairt a gcuid maoinithe uilig beagnach a ghearradh. They stood their ground and Glór na Móna in collaboration with Ulster University carried out research in that period which was launched today giving a definition of what Irish youth work means. Sheas siad an fód agus rinne Glór na Móna i gcomhar le hOllscoil Uladh taighde sa tréimhse sin a seoladh inniu ag tabhairt sainmhíniú ar cad is brí le obair óige Gaeilge. "Squeezed in and squeezed out" is the name of the report. "Brúite isteach is brúite amach" ainm na tuarascála. It is hoped that the new framework shown in the study will be a guide for the Education Authority when decisions are made about funding and resources. Táthar ag súil go mbeidh an chreatlach úr atá léirithe sa staidéar ina threoir ag an Údaras Oideachais agus cinntí á ndéanamh feasta faoi mhaoiniú agus faoi acmhainní. Áine Ní Ghallchóir will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900. Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Áine Ní Ghallchóir ar Nuacht TG4 ag 1900.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Agus an Dáil ag filleadh le linn na seachtaine, dúirt Aire Stáit úr na Gaeltachta go mbeadh an phleanáil teanga, an tAcht Teanga agus pobal na hUltaise i measc na dtosaíochtaí aige sa chéad cúpla mí ina ról úr. Dúirt Patrick O'Donovan, an tAire Stáit nua, a ceapadh sa ról díreach mí ó shín, go gcuirfeadh sé tús le hathbhreithniú neamhspleách ar an chéad deich bPlean Teanga Gaeltachta i mbliana. Leanfar an obair seo obair a rinne an t-iarAire Stáit Gaeltachta Jack Chambers. Dúirt O'Donovan gur baineadh go leor amach i dtaobh na reachtaíochta in 2022 agus luaigh sé an conradh a aontaíodh le hOllscoil na Gaillimhe chun taighde a dhéanamh faoin Phlean Náisiúnta atá le hullmhú i dtaca le seirbhísí poiblí i nGaeilge agus earcú cainteoirí Gaeilge sa státchóras. Ba mhúinteoir scoile é O'Donovan sula ndeachaigh sé leis an pholaitíocht, agus d'adhmháil sé go bhfuil a chuid Gaeilge beagnach caillte aige. Thug sé le fios ag am a cheapacháin go raibh sé i gceist aige cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne le linn na Nollag chun í a athfhoghlaim ach deir sé nach bhfuair sé an deis an turas sin a dhéanamh go fóill. Tá an comhlacht idirnaisiúnta teicneolaíochta Microsoft chun 11,000 duine a chur chun bealaigh i mbabhta iomarcaíochta go luath. Scaoilfear i bhfad níos mó daoine ná a tharla i bpróiseas iomarcaíochta a bhí ag Microsoft riamh, agus síltear go bhfuil seans ann go mbeidh níos mó ciorruithe troma le teacht san earnáil teicneolaíochta. Faoi láthair tá thart fá 221,000 fostaí ag an chomhlacht, agus 3500 díobh fostaithe in Éirinn. Deirtear gurb iad postanna sa rannóg innealtóireachta agus i rannóg na n-acmhainní daonna na postanna atá i mbaol. Seo a tháinig i measc cailleadh postanna i gcomhlachtaí móra eile amhail Twitter, Amazon, Meta (an comhlacht ar leis Facebook), agus Snapchat. I gcás Twitter, ar cheannaigh Elon Musk ag deireadh 2022, briseadh 7500 duine as a bpost go díreach nuair a thosaigh Musk ina phost nua, agus d'éirigh cuid mhaith eile as a bpost in éadan beartais úra a tháinig isteach faoi Musk thart fán am céanna. Bhí sceitímíní ar na mílte páiste scoile le linn na seachtaine nuair a bhí ar scoileanna i dTuaisceart Éireann dúnadh de réir mar a bhuail coinníollacha sneachta agus oighreata Tuaisceart Éireann ar feadh cúpla lá. Bhí an chuid ba mhó de na scoileanna san iarthuaisceart, bunscoileanna agus meánscoileanna i nDoire, i Léim an Mhadaidh agus ar an Srath Bán ina measc. Dúirt na póilíní go raibh coinníollacha tiomána contúirteach ar fud Thuaisceart Éireann mar gheall ar an sneachta agus na teochtaí reo. Síníodh an rabhadh buí aimsire le haghaidh sneachta agus oighir ar feadh cúpla lá, agus bhí an comhlacht taistil Translink ag comhairliú do phaisinéirí go gcuirfí isteach ar sheirbhísí ar fud Thuaisceart Éireann. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS pobal na hUltaise - the Ulster Scots community athbhreithniú neamhspleách - independent review próiseas iomarcaíochta - redundancy process ciorruithe troma - heavy cuts coinníollacha tiomána - driving conditions rabhadh buí aimsire - yellow weather warning
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2gm9bca6 Contact: irishlingos@gmail.com North Passport Office re-claiming. Oifig Pasanna ó thuaidh á éileamh an athuair. Demands are being made again to open a passport office in Northern Ireland due to the large number of people from the north who want to get an Irish passport. Tá éilimh á ndéanamh arís oifig pasanna a oscailt i dTuaisceart Éireann mar gheall ar an líon mór daoine ó thuaidh atá ag iarraidh pas de chuid na hÉireann a fháil. The Passport Office in Dublin is not sending passports by post to the North at the moment due to the industrial action taken by Royal Mail last month which is delaying the post. Níl Oifig na bPasanna i mBaile Átha Cliath ag seoladh pasanna ar an bposta go dtí an Tuaisceart faoi láthair mar gheall ar an ngníomh tionsclaíoch a ghlac Royal Mail an mhí seo caite atá ag cur moill ar an bposta. The demand for Irish passport applications from England and the Six Counties has risen significantly in recent years. Tá an t- éileamh ar iarratais ar phas na hÉireann as Sasana agus as na Sé Chondae ardaithe go suntasach le bliantaí beaga anuas. Last year over 100,000 applications were made, a record number, more than double the number before Brexit. Anuraidh déanadh os cionn 100,000 iarratas, an líon is mó riamh, níos mó ná dhá oiread an líon roimh Brexit. But for a month now the Passport Office in Dublin has not been sending any new passports or any related documents to Northern Ireland or Great Britain. Ach le mí anois níl Oifig na bPasanna i mBaile Átha Cliath ag seoladh aon phas úr ná aon cháipéis a bhaineann leis go Tuaisceart Éireann ná go dtí an Bhreatain Mhór. They say this is due to the industrial action taking place in the Royal Mail. Deir siad gur de bharr an ghníomh tionsclaíoch atá ar bun san Royal Mail é sin. Royal Mail workers went on strike for 10 days before Christmas. Chaith lucht oibre an Royal Mail 10 lá ar stailc roimh an Nollaig. The SDLP and Sinn Féin have long been asking the Government in Dublin to open a passport office in the North. Is fada an SDLP agus Sinn Féin ag iarraidh ar an Rialtas i mBaile Átha Cliath oifig pasanna a oscailt sa Tuaisceart. In a statement from the Department of Foreign Affairs, it is said that they are constantly reviewing the situation and in contact with Royal Mail and the Post Office regarding the delay that still exists in the mail from the north. I ráiteas ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, deirtear go bhfuil siad go síor ag déanamh athbhreithniú ar an scéal agus i dteagmháil le Royal Mail agus an Post maidir leis an moill atá go fóill ar an bposta ó thuaidh. In case of urgency they say that a passport can be collected from the office in Dublin or arrangements can be made to post it to an address in the Republic. I gcás práinne deir siad gur féidir pas a bhailiú ón oifig i mBaile Átha Cliath nó socraithe a dhéanamh é a chur ar an bposta chuig seoladh sa bPoblacht.
Fógraíodh inné go bhfuil 36 post le ligean chun siúil sa mBBC i dTuaisceart Éireann, agus an-mhíshástacht léirithe go bhfuil an tseirbhís a chuireann BBC Radio Foyle le ciorrú
Ar an scéala atá ag briseadh go bhfuil an dlí le hathrú chun toghchán Tionóil i dTuaisceart Éireann a chur siar.
Cuirfear tús leis an tsraith úr Hector- Balkans go Baltics ar TG4 anocht – turas úr ón Tuirc san Oirthear go dtí'n Laitviá i dTuaisceart na hEorpa - ag cur síos ar an turas agus na cláracha.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2nj2b28d Contact: irishlingos@gmail.com Address given by King Charles III to the people of the United Kingdom. Aitheasc tugtha ag Rí Séarlas III do phobal na Ríochta Aontaithe. A period of mourning has begun in the United Kingdom in honor of the Queen who died yesterday. Tá tús curtha le tréimhse dhobhróin sa Ríocht Aontaithe in ómós na Banríona a bhásaigh inné. Buckingham Palace says that a period of Royal silence is now in place from today until 7 days after the Queen's funeral. Deir Pálás Buckingham go bhfuil tréimhse dhobhróin Ríoga anois i bhfeidhm ón lá inniu amach go dtí 7 lá i ndiaidh shochraid na Banríona. This evening the new King of Britain, King Charles III gave his first televised address to the people of the United Kingdom. Tráthnóna thug Rí nua na Breataine, Rí Séarlas III a chéad aitheasc teilifíse uaidh do mhuintir na Ríochta Aontaithe. He said that his mother, Queen Elizabeth II had given her life serving the people of the United Kingdom and all the countries under her rule. Dúirt sé go raibh a saol tugtha ag a mháthair, an Bhanríon Eilís II ag freastal ar mhuintir na Ríochta Aontaithe agus na dtíortha go léir a bhí faoina ceannas. He said she had a good life. Dúirt sé go raibh saol maith aici. The King said he was deeply saddened and that his mother was an inspiration to him and all his family. Dúirt an Rí go raibh sé go mór faoi bhrón agus gur inspioráid a bhí ina mháthair do féin agus dá theaghlach go léir. King Charles said that the Queen's zeal and dedication as Queen and head of state had never failed and he was very grateful to his mother for her service over the past 70 years, a Queen who was the head of state for so many people and nations , he said. Dúirt an Rí Séarlas nár theip ar dhíograis ná ar dhúthracht na Banríona mar Bhanríon agus ceannaire stáit riamh agus go raibh sé an-bhuíoch dá mháthair dá cuid seirbhíse le hos cionn 70 bliain anuas, Banríon a bhí mar cheannaire stáit ar an oiread daoine agus náisiún, a dúirt sé. King Charles indicated that his son William would be the future Prince of Wales and his wife Catherine the Princess of Wales. Thug an Rí Séarlas le fios gur mbeadh a mhac William mar Phrionsa na Breataine Bige feasta agus a bhean Catherine mar Bhanphrionsa na Breataine Bige. The King showed his love for his other son, Prince Harry and Harry's wife, Meghan. Léirigh an Rí an grá atá aige dá mhac eile, an Prionsa Harry agus do bhean Harry, Meghan. King Charles III said that the Queen had always been loyal to her country and her duty and would do so as long as she lived. Dúirt an Rí Séarlas III go raibh an Bhanríon dílis riamh dá tír agus dá dualgas agus go ndéanfadh sé fhéin amhlaidh fad is a mhairfeadh sé. All the Royal residences are closed until Queen Elizabeth II is buried, including the Queen's Gallery, the Royal Stables at Buckingham Palace and the Queen's Gallery in Edinburgh. Tá na hárais chónaithe Ríoga ar fad dúnta go dtí go mbeidh an Bhanríon Eilís II curtha, san áireamh, Gailearaí na Banríona, an Eachlann Ríoga ag Pálás Buckingham agus Gailearaí na Banríona i nDún Éideann. Balmoral Castle, Sandringham House as well as the Queen's private estates will be closed during this period as well as Hillsborough Castle, the Queen's official residence in Northern Ireland. Beidh Caisleán Balmoral, Teach Sandringham chomh maith le heastáit phríobháideacha na Banríona dúnta le linn na tréimhse seo chomh maith le Caisleán Hillsborough, áit chónaithe oifigiúil na Banríona i dTuaisceart Éireann. There was a gun salute in London and elsewhere today, for every year of the Queen's life, 96 in all. Bhí cúirtéis ghunna i Londain agus in áiteanna eile inniu, do gach bliain do shaol na Banríona, 96 ar fad. Guns were fired in honor of the Queen across the United Kingdom, in London, Cardiff, Edinburgh and Hillsborough Castle in Northern Ireland as ...
Reachtáilfear sraithe slógaí ar an Domhnach mar chuid dá bhfeachtas ar son teaghlaigh a d'fhulaing le linn na dtrioblóidí i dTuaisceart Éireann.
Le roinnt seachtainí anuas tá scéalta ag teacht ón mór-Roinn maidir le tonnta teasa agus loscadh sa bPortaingéil, sa Spáinn agus sa Fhrainc. D'eisigh an Roinn Ghnóthaí Eachtracha moltaí do dhaoine a bheas ag dul ar saoire chuig na ceantracha seo le bheith ar a n-airdeall agus le bheith cúramach.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí Iuil. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Fuair iar-cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Uladh David Trimble bás i ndiaidh tinneas gairid. Bhí sé 77 bliain d'aos. Bronnadh Duais Nobel na Síochána air i dteannta John Hume, ceannaire an SDLP, in 1998 mar gheall ar an ról tábhachtach a bhí acu sa phróiseas síochána i dTuaisceart Éireann. Murach eisean agus an obair déanta aige ní bheadh Comhaontú Aoine an Chéasta ann agus síocháin ar an oileán seo. Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh “ról lárnach” aige agus “sinn a sheoladh ar chosán na síochána agus an athmhuintearais”. Maireann bean chéile David Trimble agus a cheathrar clainne. Bhí an bua ag Ciarraí i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann i mbliana. Fuair siad an lámh in uachtar i gcoinne Gaillimhe sa chluiche ceannais Dé Domhnaigh. D'imir Gaillimh go maith sa chéad leath agus bhí cluiche iontach ag an tosaí Shane Walsh, a scóráil naoi gcúilín le linn an chluiche. Ghlac Ciarraí smacht ar an chluiche sa dara leath agus le hocht gcúilín san iomlán don Ríocht ag David Clifford, bhí siad ábalta an lá a thabhairt leo. An scór deiridh: Ciarraí 0-20, Gaillimh 0-16. Ar RTÉ, rinne an t-iar-imreoir Chiarraí Pat Spillane a sheal deireanach mar anailísí peile, agus é ag caint go mothúchánach faoina athair, a fuair bás go tobann in 1964 agus nach bhfaca rath a chuid mac agus garmhac i gCraobh na hÉireann. Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuil thart ar 70 cás den víreas bolgaí moncaí go dtí an pointe seo in Éirinn. Bhí an chead chás cinntithe den ghalar i gcontae Mhaigh Eo. Is víreas é a aithníodh den chéad uair i moncaí faoi chuing in 1958. Tá formhór de na cásanna deimhnithe sa phobal homoaighnéasach agus beidh vacsaín ar fáil don ghrúpa seo go luath. D'fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur "éigeandáil dhomhanda" í an ráig, atá ar siúl i níos mó ná 70 tír. Moltar do dhaoine fanacht ar shiúl ó dhaoine eile agus dul i dteagmháil le dochtúir má aimsíonn siad gríos ar an chraiceann. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS an Páirtí Aontachach Uladh - the Ulster Unionist Party cosán na síochána agus an athmuintearais - the path of peace and reconciliation anailísí peile - football pundit mothúchánach - emotional víreas bolgaí moncaí - monkeypox gríos - rash
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Dé Domhnaigh, bhain Contae Luimnigh an tríú bua as a chéile i gclúiche iontach in aghaidh Chontae Chill Chainnigh. Thug siad greadadh do Phort Láirge agus do Chorcaigh in 2020 agus 2021, agus i ndiaidh dhá uair a chaitheamh i mbun cluiche te i bPáirc an Chrócaigh, ar cheann de na laethantha is teo i mbliana, bronnadh Corn Mhic Cárthaigh ar an fhoireann tráthnóna Dé Domhnaigh. Cé nár ghéill na Cait, a fuair na trí phointe dheireanacha den chluiche, ní bhfuair siad an cúl a bhí de dhíth orthu. Cuireadh fáilte roimh an fhoireann oíche Dé Luain i bPáirc na nGael i gCathair Luimnigh. I ndiaidh dóibh an dá bua eile a bhaint amach le linn na paindéime, gan seans ceiliúradh ceart a dhéanamh orthu, bhí go leor le ceiliúradh ag an chontae! Tá Gaillimh agus Ciarraí ag imirt i gcluiche ceannais na peile an deireadh seachtaine seo. Cuireadh teorainneacha ar uisce i bhféidhm i níos mó na cuig chontae dhéag in Éirinn le linn na seachtaine, mar gheall ar an teas. Breacadh na teochtaí is airde i níos mó ná céad bliaini mBaile Átha Cliath agus i dTuaisceart Éireann i rith an lae. Bhain daoine thart fá Éirinn sult as an teas, agus na mílte daoine ar an trá gach lá an tseachtain seo ach eisíodh rabhadh buí ar fud na tíre agus tugadh le fios go raibh daoine leochaileacha i mbaol. Sa Bhreatain, druideadh scoileanna agus codanna den chorás iarnród, agus dódh ceantair cóngarach do Londain, chomh maith le ceantair mhóra sa Fhrainc, sa Phortaingéil agus sa Spáinn. Chaill Netflix níos mó ná milliún síntiúsóirí idir mí Aibreáin agus mí Iúil i mbliana. I ndiaidh treimhse fhada fáis mar an phríomhsheirbhís sruthaithe, tá Netflix in iomaíocht le comhlachtaí eile anois. D'athraigh Netflix nósanna teilfíse as éadan i ndiaidh bhunadh an chomhlachta in 2007, agus i rith na paindéime, mheall Netflix níos mó daoine arís le bheith ina síntiúsóirí. Ach anois, i ndiaidh praghasanna níos airde agus seirbhísí eile ag teacht chun cinn, tá Netflix ag streachailt. Dúirt an lucht féachana go bhfuil siad ag baint úsáid as níos mó ná seirbhís sruthaithe amháin na laethanta seo, agus go gcaithfidh Netflix ardchaighdéan de shraitheanna agus scannáin a chur amach ionas gur fiú é íoc as an tseirbhís gach mí. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS greadadh - thrashing Corn Mhic Cárthaigh - Liam McCarthy Cup teorainneacha - limits rabhadh buí - yellow warning síntiúsóirí - subscribers seirbhís sruthaithe - streaming service
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Niall Ó Siadhail. Bhí bua stairiúil ag iarrthóir den eite chlé i dtoghchán uachtaránachta na Colóime Dé Domhnaigh. Bhuaigh Gustavo Petro, a bhí ina Mhéara in Bogotá, príomhchathair na tíre, roimhe seo, agus a chomhiarrthóir, bean Afra-Cholómach, an toghchán réitigh, agus beidh Petro ina chéad Uachtarán ar an eite chlé sa tír. Ó thuaidh i Stáit Aontaithe Mheiriceá, rinne an Chúirt Uachtarach cinneadh rialú Roe v Wade a chur ar ceal, rud a dhéanfaidh sé níos fusa cosc a chur ar ghinmhilleadh ag leibhéal an stáit. Cáineadh an cinneadh seo go forleathan inné. Labhair ceannairí Cheanada, na Fraince, na Ríochta Aontaithe agus fiú na Stát Aontaithe féin i gcoinne an chinnidh, as eagla go mbeidh sláinte agus beatha na mílte bean i mbaol anois. In Éirinn, foilsíodh cuid de thorthaí an Daonáirimh is déanaí le linn na seachtaine. D'eisigh an Phríomh-Oifig Staidrimh eolas ginearálta maidir le líon na ndaoine atá ina gcónaí i bPoblacht na hÉireann. Tá níos mó ná cúig mhilliún duine sna Fiche a Sé Chontae anois agus, curtha leis an dá mhilliún atá i dTuaisceart Éireann, ciallaíonn sé sin go bhfuil os cionn seacht milliún duine ina gcónaí ar oileán Éireann, an líon is mó ó bhí 1841 ann. Bhain daonra na hÉireann 8.18 milliún amach sa tréimhse sin díreach roimh an Ghorta Mhór, ach thit an líon daoine trí bhás agus eisimirce. Reachtálfar an chéad daonáireamh eile ó dheas sa bhliain 2027. Tá an fhéile cheoil mór le rá Glastonbury ar siúl an deireadh seachtaine seo, den chéad uair ó bhí 2019 ann, mar gheall ar an phaindéim Covid-19. Tá Billie Eilish, Paul McCartney agus Kendrick Lamarr ina bpríomhoirfidigh ar an Stáitse Pirimide ar na trí lá. Cheiliúr McCartney ochtó bliain seachtain ó shin, éacht a bhain a sheanchara Brian Wilson ó na Beach Boys amach Dé Luain. Bhí iomaíocht chruthaitheach ach chairdiúil idir na Beatles agus na Beach Boys le linn na seascaidí. Spreag siad a chéile chun popcheol a chur chun cinn agus saothar ealaíne a dhéanamh den albam, agus tá leithéidí Pet Sounds, Revolver agus Sgt Pepper's Lonely Hearts Club Band ar chuid de na halbaim is mó tionchar acu ón tréimhse sin. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS comhiarrthóir - running mate ginmhilleadh - abortion daonáireamh - census eisimirce - emigration príomhoirfideach - headliner iomaíocht - competition
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine léite go mall. * Inniu an t-ochtó lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tháinig na mílte daoine amach ar shráideanna Bhéal Feirste Dé Sathrain seo cáite in agóid ar son cearta teanga ó thuaidh. Tugadh an t-ainm "An Lá Dearg" ar an lá stairiúil seo, nuair a shiúil 17,000 duine ó Chultúrlann McAdam ó Fiaich go dtí Halla na Cathrach i mBéal Feirste, gléasta in éadaí dearga chun reachtaíocht Ghaeilge a éileamh. Tá fearg ar na daoine seo nach bhfuil Gaeilgeoirí abálta an Ghaeilge a úsáid go cothrom i dTuaisceart Éireann. Tháinig daoine ó achan coirneál den tír, le cur in iúl do pholaiteoirí go bhfuil siad ag fanacht go fóill. Gheall Comhthionól Chnoc an Anfa agus Rialtas na Breataine Acht Gaeilge mar chuid den phacáiste cúlturtha sa chomhaontú "New Decade, New Approach" in 2020, agus Dé Céadaoin, faoi dheireadh thar thall, tógadh reachtaíocht maidir le Gaeilge agus Ultais araon isteach in Westminster. Tháinig ardú €15.55 billiún ar shaibhreas na mbilliúnaithe in Éirinn i rith Covid, dé réir tuairisc úr a rinne an carthanas Oxfam. Is é sin ardú 55% ar shaibhreas na ndaoine seo, 15 billiúnaí san iomlán, a thógann méid airgid eatarthu go €55 billiún. Dúirt Jim Clarken, stiúrthóir Oxfam in Éirinn gur brabúsach an rud é an phaindéim do na daoine seo, agus gurb é an t-ardú costas maireachtála a lean an phaindéim a thug seans do bhilliúnaithe níos mó airgid a thuilleadh. Idir an dá linn, a deirtear sa tuairisc "Profitting from Pain", tá dúshlán mór roimh na milliúin daoine faoi latháir agus iad ag iarraidh dul i ngleic leis an ardú atá tágtha ar an chostas maireachtála. Tá grúpa mac léinn ó Ollscoil Rutgers in New Jersey Mheiriceá tagtha go hÉirinn an tseachtain seo le staidéar a dhéanamh ar na seirbhísí meáin chumarsáide atá ar fáil trí mheán na Gaeilge agus an tacaíocht atá ar fáil don teanga agus don chultúr Gaelach. Tháinig dhá dhuine dhéag, atá ina mic léinn cumarsáide, go hÉirinn ag tús na seachtaine. Caithfidh siad am sa Cheathrú Rua, i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath. Déanfaidh na mic léinn staidéar ar obair Raidió na Gaeltachta, a cheiliúir 50 bliain ar an fhód le déanaí, agus TG4, agus casfaidh siad le hionadaithe ón dá sheirbhís. I mBaile Átha Cliath tabharfaidh siad cuairt ar Chonradh na Gaeilge agus ar cheanncheathrú Chumann Lúthchleas Gael i bPáirc an Chrócaigh. D'eascair an cúrsa as cuairt a thug Ollamh an chúrsa ar an Cheathrú Rua cúpla bliain ó shin. Chonaic sí an borradh atá faoi thionscal na meán cumarsáide i gConamara agus mheas sí go raibh ábhar ann le gearrchúrsa a fhorbairt sa réimse staidéir a bhfuil plé aici leis in Ollscoil Rutgers. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS gléasta - dressed Ultais - Ulster-Scots saibhreas na mbilliúnaithe - the wealth of billionaires brabúsach - profitable borradh - growth, boom réimse staidéir - field of study
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Dheimhnigh rialtas na Fionlainne agus rialtas na Sualainne an tseachtain seo go ndéanfaidís iarratas ar bhallraíocht NATO. Cé go raibh na tíortha sásta fanacht taobh amuigh den chomhghuaillíocht go dtí seo, tá ceannairí polaitiúla go mór i bhfabhar ballraíochta anois, mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin. Dúirt Uachtarán na Rúise Vladimir Putin le hUachtarán na Fionlainne Sauli Niinistö gur "meancóg" a bheadh ann dá bhfágfaidís neodracht ina ndiaidh, agus dúirt Uachtarán na Tuirce Recep Tayyip Erdoğan nach nglacfadh a thír féin le ballraíocht na dtíortha nua. Níl Éire ina ball de NATO agus tá formhór an phobail i gcoinne stádas neodrach na tíre a chailleadh. Tá Lá Dearg ar siúl i mBéal Feirste inniu. Tá daoine ag bualadh le chéile ag an Chultúrlann agus rachaidh an mhórshiúil go Halla na Cathrach, chun tacaíocht a léiriú do chearta teanga i dTuaisceart Éireann. Tharla an Lá Dearg deireanach sa bhliain 2017, beagnach cúig bliana ó shin. Beidh daoine ag teacht ó gach cearn d'Éirinn chun freastal ar an agóid. Cé gur luadh pleananna chun cearta teanga a thabhairt isteach in Óráid na Banríona, a thug a mac an Prionsa Séarlas, ní raibh trácht ar bith ar cén uair a chuirfear na beartais nua i bhfeidhm. Iarrtar ar dhaoine an dath dearg a chaitheamh agus na haischlibeanna #BéidhMéAnn, #AchtAnois agus #AnLáDearg a úsáid. Tharla comórtas na hEoraifíse san Iodáil an deireadh seachtaine seo caite, ach níor éirigh le hÉirinn spás a fháil sa bhabhta ceannais Dé Sathairn. Ar deireadh thug muintir na hEorpa a gcuid vótaí don Úcráin, rud a léirigh comhbhá na mór-roinne don tír atá i gcruachás. Gheall Uachtarán na hÚcráine Vlodymyr Zelenskiy go dtarlódh an comórtas sa chathair Mariupol am éigin amach anseo, ach ní fios cén uair, mar níl deireadh leis an chogadh dearg go fóill, cé nach bhfuil ag éirí go maith le fórsaí na Rúise. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS ballraíocht - membership neodracht - neutrality Óráid na Banríona - the Queen's Speech beartais - policies comhbhá na mór-roinne - the continent's sympathy cruachás - plight
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Tá Toghchán Chomhthionól Stormont ar siúl i dTuaisceart na hÉireann. Is iad Sinn Féin an páirtí leis an líon is mó vótaí. Bhaineadar amach 29% de na vótaí céadrogha. Is léir go mbeidh Leascheannaire an pháirtí Michelle O'Neill ina Céad-Aire i dTuaisceart na hÉireann. Is uair stairiúil é mar ní raibh náisiúnach sa ról seo cheana. Bheadh ar Sinn Féin agus Aontachtaithe Uladh obair le chéile chun comhghuaillíocht a bheith i bhfeidhm. Dúirt Ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson nach dtoghfar aon cheannaire go dtí go mbeidh an Prótacal socraithe. Ba iad an DUP an páirtí is mó i dTuaisceart na hÉireann ó 2003. Thit an líon vótaí don DUP le 21.3%, sin laghdú 7% ón toghchán deireanach i 2017. Tháinig ardú ar vótaí Pháirtí na Comhghuaillíochta, nó Alliance, le 13.5%. Sheas 239 iarrthóirí ar fad sa toghchán le ardú de 87 ar mhná ag glacadh páirte. Sa chathair Mariupol insan Úcráin, tá timpeall 200 daoine fós istigh sa Mhonarcha Cruach Azovstal. Tá iarracht á déanamh den triú huair na daoine a scaoileadh amach go sábháilte. Dúirt Uachtarán na Rúise Vladimir Putin go bhfuil saghdiúirí ullamh chun coimirce aistir a thabhairt do dhaoine agus go bhfuil sealbh faighte acu ar Mariupol. Dúirt Uachtarán na hÚcráine go bhfuil airm na Rúise fós ag bualadh an tsuímh agus go bhfuil Reisimint Azov ag troid ina aghaidh. Chuir an Reisimint Azov fís ó dhrón amach ag taispeáint pléascadh ag an monarcha ach níl dáta deimhnithe. Dúradar go bhfuil siad ag troid in aghaidh saighdiúirí na Rúise a tháinig isteach go dtí an suíomh. Ceaptar go bhfuil 20 leanbh i measc na ndaoine fós istigh sa mhonarcha agus go bhfuil bia agus uisce gann. Ar an Domhnach d'éirigh leo roinnt sibhialtach a aslonnú ón áit. Sna Stáit Aontaithe ceaptar go mbeidh cosc ar chearta ginnmhillte i 26 stát. Tá an rialú Roe v Wade ann ón mbliain 1973, a thugann cearta do mhná ginnmhilleadh a bheith acu go dleathach ar fud na tíre. Faoi láthair tá na cearta sin faoin dlí feidearálach. Sceitheadh dréacht doiciméid ón gCúirt Uachtarach a leiríonn go bhfuil breitheamh den Chúirt sin ag tacú leis an gcosc. Má iompaíonn an Chúirt Uachtarach é, cuirfidh an dlí cosc nó srianta dian i leith a bheidh tionchar ann ar na milliúin ban. Tá an Páirtí Daonlathach ag déanamh iarrachtaí chun cosaint a dhéanamh ar chearta ginnmhillte ach tá bac ann mar bheadh orthu 60 vóta a fháil sa Seanad atá ina dhá chuid idir Daonlathaithe agus Poblachtaigh. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS Toghchán Chomhthionól Stormont - Stormont Assembly Election comhghuaillíocht - alliance, coalition commerce aistir - safe passage aslonnú - evacuate cearta ginmhillte - abortion rights dlí feidearálach - federal law
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá Emmanuel Macron i ndiaidh an lámh in uachtar a fháil ar Marine Le Pen i dToghchán Uachtaránachta na Fraince. Níor bhain Uachtarán reatha na Fraince an dara téarma amach ó rinne Jacques Chirac é fiche bliain ó shin. Chuir ceannairí éagsúla ar fud na hEorpa fáilte roimh bhua Macron, atá go mór i bhfabhar an Aontais Eorpaigh, cé go bhfuair Le Pen, atá i bhfad amach ar an eite dheis, os cionn 40%, de na vótaí, ardú suntusach ón vóta sa bhliain 2017. Ní raibh iarrthóir ón site chlé sa toghchán réitigh. Athrófar ainm Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, nó NUIG, go "Ollscoil na Gaillimhe - University of Galway" i mbliana. Úsáidfear an teideal dátheangach seo, ina bhfuil tús áite ag an Ghaeilge, ar gach doiciméad oifigiúil de chuid na hollscoile. Ní hé seo an chéad athrú ar ainm na hinstitiúide. Bunaíodh an ollscoil mar Queen's University Galway sa bhliain 1845 ach athraíodh an t-ainm go Coláiste na hOllscoile, Gaillimh in 1908 agus tugadh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh uirthi in 1997. Lonnaigh an scríbhneoir Breandán Ó hEithir a úrscéal "Lig Sinn i gCathú" i leagan ficseanaithe den ollscoil. Tá imeacht mór Gaelach ar siúl i Londain an deireadh seachtaine seo. Beartaíodh Gaeltacht Chois Tamaise dhá bhliain ó shin, ach cuireadh ar ceal í mar gheall ar phaindéim Covid-19. I mbliana, tá daoine ag taisteal go Londain le haghaidh deireadh seachtaine tumthach. I measc na n-imeachtaí atá ar siúl tá dianchúrsa Gaeilge, Pop Up Gaeltacht agus Comhdháil na Breataine, teacht le chéile ar líne agus ar an láthair de dhaoine ó gach cearn den oileán, chun plé a dhéanamh ar conas an Ghaeilge a chur chun cinn sa Bhreatain agus cearta teanga a bhaint amach i dTuaisceart Éireann. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS Uachtarán reatha - sitting President toghchán réitigh - run-off election tús áite - priority leagan ficseanaithe - fictionalised version Gaeltacht Chois Tamaise - Thames-side Gaeltacht deireadh seachtaine tumthach - immersive weekend
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ybprbosg Red Day announced in Northern Ireland in May. Lá Dearg fógartha i dTuaisceart Éireann sa mBealtaine. The campaign group An Dream Dearg has informed Nuacht TG4 that they will be organizing a Red Day in Belfast in May demanding legislation for the Irish language in Northern Ireland. Tá an grúpa feachtais An Dream Dearg tar éis a thabhairt le fios do Nuacht TG4 go mbeidh siad ag eagrú Lá Dearg i mBéal Feirste mí na Bealtaine ag éileamh reachtaíocht don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann. A date was chosen immediately after the Stormont Election in the hope of influencing the talks that will follow the election to form a Government. Roghnaíodh dáta gan mhoill i ndiaidh Thoghcháin Stormont le súil go mbeadh tionchar aige ar na comhráití a leanfaidh an toghchán le Rialtas a bhunú. The Stormont Assembly election will take place on Thursday, May 5th. Beidh toghchán Comhthionól Stormont ar siúl Déardaoin, an 5ú lá de Bhealtaine. Earlier in the week, the Irish News newspaper published an open letter to the Irish Government, the British Government and all political parties in the North demanding immediate legislation for the Irish language in the North. Ag tús na seachtaine, d'fhoilsigh nuachtán an Irish News litir oscailte chuig Rialtas na hÉireann, Rialtas na Breataine agus na páirtithe polaitiúla ar fad ó Thuaidh ag éileamh reachtaíocht don Ghaeilge sa Tuaisceart láithreach. The letter stated that no government, Minister or political party can marginalize our community and that the days are over when Irish speakers will be treated as second - class citizens. Dúradh sa litir nach dtig le rialtas, le hAire ná le páirtí polaitiúil ar bith ár bpobal a imeallú agus go bhfuil na laethanta thart ina chaithfear le cainteoirí Gaeilge mar shaoránaigh den dara grád. When Red Day finally took place, 5 years ago, over 10,000 took part and it is hoped that more will attend, on Saturday 21st May 2022. Nuair a bhí Lá Dearg go deiridh ann, 5 bliana ó shin, ghlac os cionn 10,000 páirt ann agus tá súil go mbeidh tuilleadh fós i láthair, Dé Sathairn an 21ú lá de Bhealtaine 2022. The Red Dream in front of Stormont demanding their language rights. An Dream Dearg os comhair Stormont ag éileamh a gcearta teangan.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Déardaoin, ceapadh an chéad bhean dhubh ina breitheamh de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe. Is é an chéad uair nach mbeidh fir gheala ina dtromlach sa Chúirt le 233 bliain anuas. Chaith an Bhreitheamh Jackson, atá 51 bliain d'aois, níos mó ná 20 uair ag freagairt fiosrúchán ó Sheanadóirí, dírithe ar a taifead pianbhreithe, a seanráitis, agus a dearcthaí polaitiúla. Amhail an triúr breithiúna a rinne Donald Trump le linn a thréimhse mar uachtarán, is téarma saoil atá i gceist agus féadfaidh an Bhreitheamh Jackson a bheith ina breitheamh sa Chúirt Uachtarach ar feadh blianta fada mar gheall ar cé chomh óg is atá sí. Foilsíodh litir phoiblí atá sínithe ag breis agus 1000 duine, ag éileamh cearta teanga i dTuaisceart Éireann tar éis moill eile ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta trí Pharlaimint Westminster, mar a gealladh i mí an Mheithimh 2021. Foilsíodh an litir go hoifigiúil san Irish News Dé Máirt. Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, urlabhraí leis An Dream Dearg: "Anois ní mór do Rialtas na Breataine beart a dhéanamh de réir briathair. Is comhshínitheoirí iad ar na comhaontuithe uilig go dáta, agus i gcomhar le Rialtas na hÉireann, is iad a scríobh an reachtaíocht don Ghaeilge a foilsíodh sa chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua. Aithnítear an reachtaíocht sin mar bhunchloch lárnach de chuid an chomhaontaithe sin. Seasann an cheist seo mar scrúdú litmis práinneach do Rialtas na Breataine agus dár gcuid institiúidí polaitiúla agus muid ag tarraingt ar thoghchán Tionóil an mhí seo chugainn. Tá sé thar am reachtaíocht don Ghaeilge a chur i bhfeidhm láithreach gan a thuilleadh moille,” a dúirt sé. I mbliana, tá an Ghaeltacht ag teacht go Londain! Ón 29 Aibreán go dtí an 1 Bealtaine, beidh an Ghaeltacht Chois Tamaise (nó ‘Gaeltacht by the Banks of the Thames') ar siúl in Camden, deireadh seachtaine tumthach de mheascán imeachtaí, ranganna, PopUp Gaeltacht, agus siúlóid Ghaelach san áireamh. Beidh trí léibhéal de ranganna ar fáil agus tá ticéid le ceannach anois ar EventBrite. Tráthnóna Dé Sathairn an deireadh seachtaine sin, beidh Comhdháil na Breataine ar siúl chomh maith, imeacht hibride a chuireann fáilte roimh dhaoine ar líne agus san fhíorshaol. Is é an dara Comhdháil na Breataine. Is éard atá san imeacht seo ná cruinniú le Gaeil timpeall na Breataine, chun eolas agus léargas a fháil ar conas is féidir an Ghaeilge a chur chun cinn ar oileán na Breataine Móire. Tá níos mó eolais le feiceáil ar an leathanach Facebook, @cnag.ldn. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS Cúirt Uachtarach - Supreme Court dearcthaí polaitiúla - political views comhshínitheoirí - co-signatories scrúdú litmis - litmus test deireadh seachtaine tumthach - immersive weekend imeacht hibride - hybrid event
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tháinig scaifte eagsúil de roinnt páirtithe polaitíochta le chéile Dé Máirt ar son cearta teanga i dTuaisceart Éireann. Gealladh Acht Teanga sa Tuaisceart i mí an Mheithimh, i ndiaidh ceithre bliana déag de mhoilleadóireacht. Duirt Brandon Lewis (státrúnaí an Tuaiscirt) go gcomhlíonfadh siad an reachtaíocht Ghaeilge a bhí geallta i gclár Stormont "New Decade New Approach" roimh dheireadh mhí Mheán Fómhair muna raibh sé déanta ag an fheidhmeannas roimhe sin. Cuirtear brú ar Rialtas na Breataine cloí lena ngealltanas agus an tAcht Gaeilge seo a thabhairt isteach gan a thuilleadh moille. Tiocfaidh na Naisiúin Aontaithe le chéile ag deireadh na seachtaine don seú tionól is fiche fán athrú aeráide. Beidh an tionól ar súil i nGlaschú, áit ina bhfuil oibrithe iarnróid ag pleanáil le dul ar stailc ag agóid in aghaidh pá íseal agus droch-choinníollacha oibre. Tiocfaidh Greta Thunberg, gníomhaí i gcoinne athrú aeráide, chuig Glaschú i rith am an tionóil fosta, ach ní fhreastalóidh sí air. Beidh sí ag glacadh páirt i stailc eile atá eagraithe ag an eagraíocht "Fridays for Future" in aghaidh athrú aeraide, agus dúirt sí go bhfuil sé tábhachtach go mbíonn an pobal páirteach sa chomhrá fosta. Chuir sí cuireadh chuig oibrithe iarnróid a bheidh ar stailc, ag rá gurb ionann iad ceartas sóisialta agus ceartas aeráide. Thángthas ar theachtaireacht i mbuidéal i gcalafort Rúiseach, a chuir eolaithe Éireannacha san Aigéan Atlantach blianta ó shin. Síltear gur scaoileadh an buideál sna 70idí nó sna h80idí, mar chuid de stáidear ar shruthanna aigéin. Bhí cárta poist istigh ann, ag iarraidh ar an aimsitheoir teagmháil a dhéanamh leo le rá cá háit ar shroich sé. Mar sin, chuaigh tumadóir Rúiseach i dteaghmail le rá go bhfuarthas é ag bun an bhá. Duirt an t-aigéaneolaí Dr White go raibh suim acu níos mó eolais a fháil amach fán bhuidéal. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS moilleadóireacht - delay, procrastination feidhmeannas - executive tionól - assembly, summit oibrithe iarnróid - railway workers aigéaneolaí - oceanographer tumadóir - diver
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yh3ospvz Sinn Féin seeks legal advice on canceled meeting. Sinn Féin ag lorg comhairle dlí faoi chruinniú ar ceal. A Sinn Féin Minister in Northern Ireland is seeking legal advice because a North-South Ministerial Council meeting on languages has been canceled. Tá Aire ó Shinn Féin i dTuaisceart Éireann ag lorg comhairle dlí toisc gur cuireadh cruinniú de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas ar theangacha,ar ceal. This was done because the DUP refused to participate. Rinneadh é seo mar gur dhiúltaigh an DUP páirt a ghlacadh ann. DUP leader Jeffrey Donaldson says North-South structures cannot exist as long as there is a border in the Irish Sea. Deir ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson nach féidir struchtúir Thuaidh- Theas a bheith ann fad is atá teorann i Muir Éireann. DUP leader Jeffrey Donaldson Accordingly, he is not happy for his party to participate in Northern ministerial meetings. Ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson Dá réir,níl sé sásta go mbeadh a pháirtí páirteach i gcruinnithe aireachta Thuaidh. That is what happened today when the Minister for Community, Deirdre Hargey from Sinn Féin (MLA) was logged into the company of the Minister of State south of the border, Jack Chambers to have a meeting on languages. Sin a tharla inniu nuair a bhí an tAire Pobail, Deirdre Hargey ó Shinn Féin (MLA) logáilte isteach i gcuideachta an Aire Stáit ó dheas den teorainn, Jack Chambers le cruinniú bheith acu ar theangacha. However, as a DUP Minister was not present, they had to cancel the meeting. Siocar nach raibh Aire ón DUP i láthair áfach, bhí orthu an cruinniú a chur ar ceal.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yhhjbcpn The DUP leader supports an apology for statements about LGBT. Tacaíonn ceannaire an DUP le leithscéal faoi ráitis faoi LADT. DUP leader Jeffrey Donaldson has apologized to the Lesbian, Gay, Bisexual and Transgender community for remarks made by party members in the past. Tá leithscéal gafa ag ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson don phobal Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach mar gheall ar ráitis a rinne baill an pháirtí san am atá caite. The party opposed same-sex marriage. Chuir an páirtí i gcoinne phósadh comhghnéis. In 2020 the Government decided to make same-sex marriage legal in Northern Ireland following legislation approved in Westminster when the Stormont Assembly was out of date. I 2020 chinn an Rialtas pósadh comhghnéis a dhéanamh dleathach i dTuaisceart Éireann i ndiaidh reachtaíocht a ceadaíodh i Westminster nuair a bhí Comhthionól Stormont as feidhm. Last night, DUP deputy leader Paula Bradley said some of what the party had said over the past 50 years was utterly unfortunate. Aréir, dúirt leas-cheannaire an DUP Paula Bradley go raibh roinnt do na rudaí a bhí ráite ag an bpáirtí le 50 bliain anuas go hainnis ar fad. She said that things were said that were extremely hurtful and that language was used that should not be used. Dúirt sí gur dúradh nithe a bhí thar a bheith goilliúnach agus gur úsáideadh teanga nár cheart a úsáid. Today DUP leader Jeffrey Donaldson backed up what Paula Bradley said. Inniu thacaigh ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson leis an méid a dúirt Paula Bradley. He said there is no doubt about it but things have been said in the past that should not be said. Dúirt sé nach bhfuil aon dabht faoi ach gur dúradh nithe san am atá caite nár cheart a rá. He said it is right to apologize for things that have been said that have deeply hurt others. Dúirt sé go bhfuil sé ceart leithscéal a ghabháil mar gheall ar rudaí a dúradh a ghoill go mór ar dhaoine eile.
Tá Naíonra lán Ghaeilge i mbaile An Chuailín, ag lorg múinteoirí lán aimsire le Gaeilge líofa agus tá an teolas uilig ag Rosa.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yemp9c82 Van Morrison and Paisley criticized north. Van Morrison agus Paisley cáinte ó thuaidh. Politicians in Northern Ireland have been critical of the way in which Northern Ireland Health Minister Robin Swann has been slammed by famous singer Van Morrison and DUP MP. Tá polaiteoirí i dTuaisceart Éireann cáinteach faoin mbealach a ndearna an t- amhránaí cáiliúil Van Morrison agus an Feisire Parlaiminte ón DUP sciolladh ar Aire Sláinte Thuaisceart Éireann Robin Swann. The singer was on stage in a hotel in Belfast when he expressed his displeasure with Minister Swann. Bhí an t-amhránaí ar stáitse in óstán i mBéal Feirste nuair a chuir sé a mhíshásamh faoin Aire Swann in iúl. Young Ian Paisley himself on set from the stage Young Ian Paisley then took to the stage shortly, supporting van Morrison 's statement. Ian óg Paisley é féin ag seitreach ón stáitse Ba ghearr go ndeachaigh Ian óg Paisley ansin ar an stáitse, ag tacú le ráiteas van Morrison. They both said it was bad luck for Minister Swann to cancel concerts at short notice. Dúirt siad beirt go mba olc an mhaise don Aire Swann ceolchoirmeacha a chur ar ceal ar bheagán fógra. Northern Health Minister Robin Swann receiving verbal abuse from Van Morrison and Paisley UUP leader Doug Beattie said this attack by Van Morrison and Paisley from the stage made him 'disgusted'. Aire Sláinte an Tuaiscirt, Robin Swann ag fáil droch íde béil ó Van Morrison agus Paisley Dúirt ceannaire an UUP, Doug Beattie áfach gur chuir an t-ionsaí seo a rinne Van Morrison agus Paisley ón stáitse 'déistean' air.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Ghlac Comh-Aireacht Slándála Iosrael le sos comhraic chun deireadh a chur le coimhlint idir Iosrael agus míleataigh as Gaza. Dhaingnigh grúpaí armtha na Pailistíne an sos comhraic. Dúradh go dtiocfaidh sé i bhfeidhm ón Aoine ag 2 a.m. Mhair an choimhlint aon lá déag go dtí seo, le 232 duine maraithe in Gaza agus dhá duine déag maraithe in Iosrael. Dé réir cheannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, fuair sí gealltanais ó cheannaire nuathofa an DUP, Edwin Poots, go bhfuil sé mar rún aige reachtaíocht a bhaineann leis an Ghaeilge a chur chun cinn sna Sé Chontae. Dúirt Mary Lou McDonald go raibh cruinniú dearfach eatarthu Déardaoin, ina ndúirt Poots nach mbeadh an chomhroinnt i dTuaisceart Éireann faoi bhagairt chomh fada is a bheidh sé ina cheannaire sa DUP. In agallamh eile a rinne Poots i rith na seachtaine, dúirt sé gur mhaith leis dul ar aghaidh leis na pleananna a bhí beartaithe ag na páirtithe polaitíochta i mí Eanáir 2020, an reachtaíocht Ghaeilge ina measc. Tar éis ceithre mhí, d'oscail siopaí miondíola in Éirinn agus treoracha maidir le covid-19 ag ísliú tuilleadh. Agus i mBaile Átha Cliath, athosclófar Club Chonradh na Gaeilge ag an deireadh seachtaine den chéad uair le 15 mhí. Fuair breis agus 1.6 mhilliún duine an vacsaín in Éirinn go dtí seo, le níos mó ná 250,000 dáileog tugtha an tseachtain seo caite. Agus i Sasana, cuireadh fáilte roimh custaiméirí istigh i dtithe tábhairne, i mbialanna, agus in áiseanna siamsaíochta ón Luain seo caite. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS comh-aireacht slándála - security cabinet sos comhraic - ceasefire nuathofa - newly elected comhroinnt - (power)sharing siopaí miondíola - retail shops áiseanna siamsaíochta - entertainment facilities
Tá fearg ar an rialtas faoi thuairiscí go bhfuil údaráis na Breataine ag iarraidh bac a chur ar cásanna in aghaidh iar shaighdiúirí Breataineacha a bhí ag obair i dTuaisceart Éireann aimsir na dtrioblóidí.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yeuhh8bb Relaxation of restrictions in the North. Srianta á maolú sa Tuaisceart. For the first time since Christmas, hairdressers and beauty services are open to the public today in Northern Ireland. Don chéad uair ón Nollaig, tá gruaigeadóirí agus seirbhísí áilleachta oscailte inniu don phobal i dTuaisceart Éireann. Restrictions are being eased significantly north from today. Tá na srianta á maolú go suntasach ó thuaidh ón lá inniu amach. People will now be allowed to cut or style their hair in the various venues that will be open. Ceadófar do dhaoine a gcuid gruaige a ghearradh nó a chóiriú sna hionaid éagsúla anois a bheidh oscailte. Stephen finally left that which was allowed for them. Láil Stiofáin go deiridh a ceadaíodh é sin dóibh. Barbers and hairdressers have been open since early morning in the North to satisfy this huge demand. Tá bearbóirí agus gruaigeadóirí ar oscailt ó mhoch maidine sa Tuaisceart leis an éileamh ollmhór seo a shásamh. In sports, clubs may return to competitive play, although no spectators will be allowed to attend. I gcúrsaí spóirt, féadfaidh cumainn dul ar ais i mbun imeartha go hiomaitheach, cé nach mbeidh aon chead lucht féachana a bheith i láthair. A week from today, it is intended to further ease restrictions while allowing unnecessary stores to open. Seachtain ó inniu, tá sé i gceist go maolófaí srianta tuilleadh agus deis á fáil ag siopaí neamhriachtanacha oscailt. However, pubs and hotels are not scheduled to open until 24 May. Níl sé i gceist áfach go n-osclódh tithe tabhairne agus óstáin go dtí an 24 Bealtaine. But the Stormont Executive indicated that date could be brought forward if the build-up rate of the virus remains low. Ach thug Feidhmeannas Stormont le fios go bhféadfaí an dáta sin a thabhairt chun cinn má bhíonn an ráta tógála den víreas fós íseal.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yfvje8f6 'A positive day for Northern students'-Peter Weir. 'Lá dearfach do dhaltaí an Tuaiscirt'-Peter Weir. Northern Ireland Education Minister Peter Weir said it was a positive day for the youth of the north that they were all now able to return to their schools. Dúirt Aire Oideachais Thuaisceart Éireann, Peter Weir gur lá dearfach a bhí ann don óige ó thuaidh go raibh siad uilig in ann anois filleadh ar a gcuid scoileanna. Mr Weir was speaking at a school in the Holywood area of County Down. Bhí an tUasal Weir ag labhairt ag scoil i gceantar Holywood i gContaean Dúin. He said that this is a pandemic that is severe for the youngest and oldest in society. Dúirt sé gur pandéim í seo atá dian ar an dream is óige agus an dream is sine sa sochaí. Coronavirus restrictions in Northern Ireland are also being eased today. Tá maolú á dhéanamh inniu freisin ar shrianta an choróinvíris i dTuaisceart Éireann. This relaxation of restrictions is 'a source of hope for us' says northern political leaders 'Stay at home' is the previous message from the Stormont Executive. 'Léas dóchais dúinn an maolú seo ar shrianta' a deir ceannairí polaitiúla an Fheidhmeannais ó thuaidh 'Fan sa mbaile' an teachtaireacht a bhí ag teacht ó Fheidhmeannas Stormont roimhe seo. Now he is urging people to 'stay local' and 'work from home'. Anois, tá sé ag achainí ar dhaoine 'fanacht áitiúil' agus 'oibriú ó bhaile'. Northern First Minister Arlene Foster and Northern Deputy First Minister Michelle O'Neill said it was a lease of hope that certain restrictions were being eased. Dúirt Céad Aire an Tuaiscirt, Arlene Foster agus Leas-Céad Aire an Tuaiscirt,Michelle O'Neill gur léas dóchais é go bhfuil srianta áirithe á maolú. Over a million people in the north have now been vaccinated against the coronavirus. Tá os cionn milliún duine anois ó thuaidh tar éis an vacsaín a fháil i gcoinne an choróinvíris.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí Aibreáin. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Foilsíodh ‘treochlár' an Chumainn Lúthchleas Gael Déardaoin a bhaineann le gníomhaíocht na heagraíochta i mbliana faoi shrianta Covid-19. Léiríonn an treochlár plean le haghaidh filleadh na gcomórtas idirchontae, ag tosú ar an ochtú lá de mhí na Bealtaine leis an chéad bhabhta den tSraith Náisiúnta Iomána. Cuirfear tús leis an tSraith Náisiúnta Peile an tseachtain ina dhiaidh ar an gcúigiú lá déag de mhí na Bealtaine. Imreofar cluiche ceannais iomána na hÉireann ar deireadh seachtaine an aonú lá is fiche de mhí Lúnasa agus imreofar an cluiche ceannais peile seachtain ina dhiaidh sin. Ní bheidh Nua-Eabhrac, Londain ná aon fhoireann ón mBreatain páirteach i gcomórtais idirchontae i mbliana. Tosóidh traenáil do na foirne sinsearacha ar an naoú lá déag de mhí Aibreáin. Níl dáta comórtais nó traenála socraithe do na himreoirí mionúir nó faoi fhiche fós. Baineann eisceachtaí na srianta leis an leibhéal sinsearach amháin. Tosóidh gníomhaíochtaí na gclubanna chomh luath agus a dhíbreofar foireann an chontae ón gcraobh, le comórtas cúige na gclubanna ag tosú i mí na Samhna. Tá clár na gcluichí iomláin foilsithe ar shuíomh an Chumainn Lúthchleas Gael. Níl aon nuacht fós faoi fhilleadh na gcomórtas faoi aois. Tá agóid agus círéibeacha tar éis tarlú beagnach gach oíche ó dheireadh mhí an Mhárta i dTuaisceart Éireann. Deir na póilíní gurb é an foréigean is measa atá feicthe i dTuaisceart Eireann leis na blianta. Thosaigh na círéibeacha oíche Dé Luain an naoú lá is fiche de mhí an Mhárta le grúpa Dílseoirí i nDoire. Ó shin chonacthas agóid i réimse bailte eile: Béal Feirste, Carraig Fheargais, An Baile Meánach agus Baile na Mainistreach ina measc. Den chuid is mó bhain na círéibeacha le hógánaigh dhílseacha, daoine chomh óg le dhá bhliain déag d'aois ina measc, ag caitheamh buamaí peitreal, brící agus rudaí eile ar phóilíní agus ar fheithiclí. Ach Dé Céadaoin an seachtú lá de mhí Aibreáin thosaigh troid ag balla síochána i mBéal Feiriste idir grúpaí dílseacha agus náisiúnacha. Lean an chorraíl ar an dá thaobh den bhalla Déardaoin, nuair a d'úsáid na póilíní canóin uisce ar na sluaite den chéad uair i sé mbliana. D'ionsaigh an dá thaobh na póilíní arís agus dúirt an SPTÉ gur gortaíodh naoi n-oifigeach déag, rud a d'ardaigh an líon daoine gortaithe i rith an fhoréigin go seachtó a ceathair. Tá rialtas na hÉireann, Rialtas na Breataine, Tionól Stormont, an Coimisiún Eorpach agus An Teach Bán ag teacht le chéile ag iarraidh deireadh a chur leis an bhforéigean. D'fhógair Pálás Buckingham bás Phrionsa Philip, Diúc Dhún Éideann na Breataine Dé hAoine. Bhásaigh sé ag naoi mbliana is nócha d'aois i gCaisleán Windsor tar éis filleadh ó mhí caite san ospidéal i mí an Mhárta, áit a bhfuair sé cóireáil le haghaidh ionfabhtaithe agus obráid croí. Bhí an Prionsa pósta le Banríon na Sasana Eilís II ar feadh trí bliana is seachtó agus ghlac sé le dualgas ríoga léi go dtí gur éirigh sé as sa bhliain dhá mhíle is a seacht déag. Tagann bás an phrionsa i rith tréimhse ina bhfuil cáil an teaghlach ríoga ag streachailt idir an chonspóid a bhaineann le Megan agus Harry, scannáil Phrionsa Andrew, agus tionchar uafásach na pandéíme Covid-19 ar phobal na Breataine. Léiríonn oibríocht ‘Forth Bridge' na pleananna a bhí socraithe do bhás an Diúic, tréimhse dobróin poiblí san áireamh. Faoi shrianta Covid-19 agus in iarracht báiliúchán sluaite a sheachaint ní bheidh sochraid stáit ag Prionsa Philip agus craolfar a shochraid ar an teilifís ach cheana féin tá daoine ag báiliú taobh amuigh de Phálás Buckingham agus Caisleán Windsor le bláthanna agus ómós a fhágáil. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS treochlár - roadmap círéib - riot dílseoir - loyalist oibríocht - operation
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an triú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Chuaigh an long mór, an Ever Given, i bhfostú i mbruach Chanáil Shuais an tseachtain seo caite agus d'fhan sé ann ar feadh sé lá. Tá an long ceithre chéad méadar ar fad agus bhí sí tarraingthe trasna na canálach i mbealach nach raibh aon long eile in ann dul thairsti. De bharr na timpiste, bhí suas le trí chéad long sáinnithe sa chanáil agus shocraigh le roinnt long eile an turas mór a dhéanamh thimpeall mhór-roinn na hAfraice in ionad fanachta. D'éirigh le comhlacht lóistíochta an Ever Given a bhogadh Dé Luain seo caite agus cuireadh ar an uisce arís. Meastar gur chaill an bealach farraige suas le trí mhilliún déag euro in aghaidh an lae. D'fhoilsigh an Rialtas plean cúig bliana chun daoine a mhealladh le bheith ag cianoibriú as bailte tuaithe. Dúirt an Taoiseach, agus an plean á chur I láthair aige, go mbeidh go leor athruithe le feiceáil sna blianta atá romhainn mar gheall ar an bpaindéim agus go mbeidh ról lárnach ag na pobail faoin tuath sa téarnamh eacnamaíoch tar éis Covid-19. Tá sé beartaithe ceithre chéad mol cianoibre a bhunú i mbailte tuaithe i mbliana agus d'úsáidfí tábhairní tuaithe mar ionaid phobail agus mar mhoil do sheirbhísí áitiúla sa phlean. Dúirt grúpaí ionadaithe ó cheantair tuaithe go bhfuil sé níos riachtanaí leathanbhanda ardluais a bhunú sna ceantair seo thar aon rud eile. Tá céad caoga geallúint san iomlán sa phlean seo. De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann, tá ardú tagtha ar líon na ndaltaí a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga an tí acu. Léiríonn na figiúirí go bhfuil cúig chéad tríocha a naoi bpáiste i scoileanna ó thuaidh leis an Ghaeilge mar phríomhtheanga, méadú de bheagnach deich faoin gcéad i gcomparáid le trí bliana ó shin. Tá timpeall seacht míle dalta ag freastal ar Ghaelscoileanna sna Sé Chontae de réir Comhairle na Gaelscolaíochta. Tar éis an Bhéarla, is iad an Pholainnis agus an Liotuáinis an dá theanga is mó a labhraítear i dTuaisceart na hÉireann. Bhí an suirbhé ag iarraidh fáil amach an mbeadh deacrachtaí ag páistí áirithe teagasc trí mhéan an Bhéarla a thuiscint. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS I bhfostú/sáinnithe - stuck, trapped comhlacht lóistíochta - logistics company mol cianoibre - remote working hub leathanbhanda ardluais - high speed broadband ardú/méadú - increase ó thuaidh - in the north
Tá leacht chuimhneacháin le cur in airde in ómós don scríbhneoir Seosamh Mac Grianna i bPáirc Naomh Áine i dTuaisceart na Cathrach
An reachtaíocht teanga i dTuaisceart Éireann.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yar6po2m Three brothers dead in north County Cork. Triúr deartháireacha marbh i dtuaisceart Chontae Chorcaí. Gardaí say they are not looking for anyone else in their investigation into the deaths of three brothers near the town of Mitchelstown in North Cork. Deir na Gardaí nach bhfuil siad sa tóir ar aon duine eile maidir leis an bhfiosrúchán atá ar bun acu faoi bhás triúr deartháireacha cóngarach do bhaile Mhistéala i dTuaisceart Chorcaí. The brothers are named locally. Tá na deartháireacha ainmnithe go háitiúil. They were 59-year-old Johnny Hennessy, 60-year-old Paddy Hennessy and 66-year- old Willie Hennessy. Bin iad Johnny Hennessy a bhí 59 bliain daois, Paddy Hennessy a bhí 60 bliain daois agus Willie Hennessy a bhí 66 bliain daois. Johnny and Willie Hennessy were two single men and lived on the family farm. Beirt fhear singil a bhí i Johnny agus Willie Hennessy agus mhair siad ar an bhfeirm teaghlaigh. The other brother Paddy was separated from his wife and lived in the town of Mitchel. Bhí an deartháir eile Paddy scartha óna bhean agus bhí sé ina chónaí i mbaile Mhistéala. Gardaí began a murder investigation when they found the bodies of two brothers on the farm located in Mount Pleasant about 10km from Mitchelstown. Chuir na Gardaí tús le fiosrúchán dúnmharaithe nuair a tháinig siad ar choirp bheirt deartháireacha ar an bhfeirm atá lonnaithe i gCnocán Aoibhinn timpeall ar 10km ó Bhaile Mhistéala. Around noon today the body of another brother was found in the river about 5km from the farmhouse. Thart ar mheán lae inniu aimsíodh corp deartháir eile san abhainn timpeall 5km ón dteach feirme. Gardaí were alerted to the incident last night when a family member was concerned that another member of the family had not returned home. Cuireadh na Gardaí ar an eolas faoin eachtra aréir nuair a bhí imní ar dhuine muinteartha nuair nach raibh duine eile ón dteaghlach i ndiaidh filleadh abhaile. Gardaí found one body in the farmyard and shortly afterwards another body was found in a nearby farm hut. Tháinig na Gardaí ar chorp amháin sa chlós feirme agus go gairid ina dhiaidh sin fritheadh corp eile i mbothán feirme in aice láimhe. Gardaí have found a red Toyota Corolla van they were looking for earlier. Tá na Gardaí tar éis teacht ar veain dearg den déanamh Toyota Corolla a bhí á lorg acu níos luaithe. It is understood that post-mortem examinations on the men's bodies will take place tomorrow. Tuigtear go ndéanfar scrúdaithe iar-bháis ar choirp na bhfear amárach.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Thug an Chuirt Eaglasta i gCanterbury cead do chlann Margaret Keane ráiteas Gaelainn a chur ar a leac cuimhneacháin i gCoventry, Sasana. Fuair Margaret Keane bás dhá bhliain ó shin. Ní raibh cead ag a clann ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar a leac mar cheap an breitheamh Stephen Eyre QC go raibh an ráiteas ‘inár gcroíthe go deo' polaitúil gan aistriúchán Béarla leis. Bhí Margaret Keane an-bhainteach leis an gCumann Lúthchleas Gael agus bhí aithne go mór uirthi i measc an phobail Ghaelaigh. Theastaigh an teaghlach go mbeadh an leac uaighe réidh roimis Lá Fhéile Padraig agus anois is feidir é seo a dhéanamh. Dúirt Oisín Mac Conamhna ó Chonradh na Gaeilge i Londain, go raibh gliondar croí air don chlann agus gach Éireannach sa tír seo agus do dhaoine a bhfuil ag iarraidh a bhfocail ina rogha theanga féin a chur ar a leac cuimhneacháin. Fuadaíodh ós cionn 300 cailín ó mheánscoil sa bhaile Jangebe i dTuaisceart na Nigéire. Cuireadh an milleán ar dronga coireachta mar tá siad ag fuascailt daoine le deanaí. Sa bhliain 2014, fuadaíodh 276 cailín a bhí ar scoil. An eagraíocht mhíliteach ioslamaíoch Boko Haram a bhí i mbun. Dúirt na gardaí go bhfuil siad amuigh in éineacht leis an arm teagmhasach ar thóraíocht na gcailíní. Dúirt an t-eagras UNICEF go bhfuil fearg agus brón orthu gur fuadaíodh leanaí sa Nigéar aríst agus go bhfuil sé ag sarú cearta leanaí. Tá an 25ú sraith curtha i gcrích ag an sobaldráma Ros na Rún. D'eirigh leis an bhfoireann leiriúcháin 82 clár a thaifeadadh thar 24 seachtain. Mar gheall ar na srianta le Covid 19, thángadar ar slí taifeadadh a dhéanamh go sábhailte trí oifigigh Covid a bheith acu agus úsáid a bhaint as treallamh nua. Bhí na haisteoirí ábalta a bheith in aice le na chéile go sábhálta ag leanúint na treoirlínte. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS roimis - roimh (Gaeilge na Mumhan) gliondar - joy fuadaigh - kidnap fuascail - ransom curtha i gcrích - completed treallamh - equipment
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://lmknjb.com/blog Man arrested over death of woman in north Cork yesterday. Fear gafa maidir le bás mná i dtuaisceart Chorcaí inné. Gardaí have arrested a man over the age of 60 in connection with the death of Mary O'Keeffe in north Cork. Tá fear os cionn 60 bliain gafa ag na Gardaí maidir le bás Mary OKeeffe i dtuaisceart Chorcaí. The man is being held at Fermoy Garda Station on suspicion of unlawful killing. Tá an fear á choinneáil i Stáisiún Gardaí Mhainistir Fhear Maí ar amhras go ndearna sé marú neamhdhleathach. The body of Mary O'Keeffe, 72, of Dromahane near Mallow, was found in a car on fire in a woodland in Annacise, Doneraile, at around 4.30pm yesterday. Fuarthas corp Mary OKeeffe, 72 bliain, as Drom Átháin in aice Mhala, i ngluaisteán a bhí trí thine i gcoillearnach in Áth na Cise, Dún ar Aill, ag thart ar 4.30 tráthnóna inné. Another car, owned by Mary O'Keeffe, was found nearby. Thángthas ar charr eile, ar le Mary OKeeffe í, in aice láithreach. Her body is due for a post-mortem examination at Cork University Hospital this afternoon. Tá scrúdú iarbháis le déanamh ar a corp tráthnóna in Ospidéal Ollscoil Chorcaí.
An mbeidh deireadh leis na deacrachtaí atá leis an bProtocol i dTuaisceart Éireann, má fhaightear leigheas ar na nithe praicticiúla trádála agus gluaiseacht earraí?
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/y5u4abkk Michelle O'Neill will support health assistance from the British Army. Tacóidh Michelle ONeill le cúnamh sláinte ó Arm na Breataine. Sinn Féin's leader in Northern Ireland, Michelle O'Neill, has indicated that she is in favor of allowing members of British forces to be used in the conquest of the Crown Virus. Tá sé tugtha le fios ag ceannaire Shinn Féin i dTuaisceart Éireann, Michelle ONeill, go bhfuil sí i bhfábhar cead a thabhairt úsáid a bhaint as baill dfhórsaí na Breataine sna h-iarrachtaí bua a fháil ar an Choróinvíreas. It is understood that the British Department of Defense could provide up to 100 military medical technicians for deployment to Northern Ireland and Michelle O'Neill will support the decision. Tuigtear go bhféadfadh Roinn Cosanta na Breataine suas le 100 teicneoir leighis de chuid an airm a chur ar fáil le cur go Tuaisceart Éireann agus go dtacóidh Michelle ONeill leis an chinneadh. The Deputy Prime Minister of the Executive told RTÉ News that "saving lives is our number one priority. Dúirt an leasPhríomh Aire san Fheidhmeannas le Nuacht RTÉ gur "sábháil beatha an rud is tábhachtaí linn. Keeping people safe and protecting the health service - those are our priorities, "she said," We will not rule anything out. " Daoine a choinneáil sábháilte agus an tseirbhís sláinte a chosaint - sin iad na tosaíochtaí atá againn," a dúirt sí, "Ní chuirfidh muid aon rud as an áireamh." “Anyone who tries to make the Chovid-19 threat a green and orange issue is fostering division and confusion,” she said. "Is ag cothú deighilte agus mearbhaill atá aon duine a dhéanfaidh iarracht ceist ghlas agus oráiste a dhéanamh de bhagairt an Chovid-19," a dúirt sí. Covid-19 is absent from 629 staff in the Northern Ireland public health system. Ta 629 ball foirne sa chóras sláínte poiblí i dTuaisceart Éireann as láthair de bharr covid 19. Another 826 staff members are absent due to isolation. Tá 826 ball eile foirne as láthair de bhrí go bhfuil siad ag féin aonrú.
Robin Swann ag iarraidh 350 deonaí i dTuaisceart Éireann le páirt a ghlacadh i dtrialacha vaicsín do Chovid-19 a thosóidh roimh dheireadh na seachtaine.
[English version below] Cuireann Deaglán de Bréadún inár láthair anseo buaicphointí óna ghairmré mar iriseoir. D'oibrigh sé le The Irish Times agus ina dhiaidh sin le The Irish Sun. Ar na pearsana móra a chastar orainn tá Yasser Arafat, Boris Yeltsin, Mikhail Gorbachev, Cathal Ó hEochaidh, Ian Paisley agus Brian Cowen. Le súil ghéar agus le stíl neamhchasta mar is dual dó, labhraíonn sé go hoscailte faoi dhúshláin agus faoi éachtaí an iriseora, go háirithe i gcúinsí casta cogaíochta agus coimhlinte, bíodh sé ag trácht ar ainnise riocht na dteifeach Coirdíneach ag teitheadh ó Saddam Hussein nó ar phróiseas na síochána i dTuaisceart Éireann. Foghlaimeoidh iriseoirí óga agus mic léinn chumarsáide cuid mhór uaidh faoi ghnéithe den cheird, faoi dhiongbháilteacht agus faoi ghairmiúlacht an iriseora, agus go deimhin faoi thír na hÉireann agus faoi imeachtaí an domhain mhóir sa tréimhse sin ó na 1970idí i leith a mhúnlaigh saol agus sochaí an lae inniu. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Íte Ní Chionnaith agus Gráinne Ní Aodha [Leagan Gaeilge thuas] In this book Deaglán de Bréadún shares his insights on the highlights of his career as a journalist with The Irish Times and later with The Irish Sun. We get to meet the big players on the international and national stage – Yasser Arafat, Boris Yeltsin, Mikhail Gorbachev, Charles Haughey, Ian Paisley and Brian Cowen. With his perceptive eye and uncluttered familiar style, he speaks openly about the challenges that face the journalist, particularly in wars and conflict zones, and demonstrates the possibilities of journalism: whether reporting on the misery of the Kurdish refugees fleeing Saddam Hussein, or the peace process in Northern Ireland. Young reporters and students of journalism and media will find much of interest here, from the tenacity and professionalism required in the field, to the comprehensive backdrop he provides to those events within the State and in the wider world from the 1970s onward that have shaped our lives in the modern era. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Íte Ní Chionnaith and Gráinne Ní Aodha
Anocht ar an gclár, chuala muid ó iar Ard-Mhéara ar Bhéal Féirste, Máirtín Ó Muilleoir, agus é ag déanamh tráchta ar an mBille nua Gaeilge a foilsíodh i dTuaisceart Éireann ar maidin. Rinneadh plé ar thábhacht na Gaeilge ó thuaidh, agus ar cad gur cheart don Rialtas i bPoblacht na hÉireann, fiú, a dhéanamh chun tacú leis an nGaeilge. Ina theannta sin, thug Lisa neart eolais dúinn ar dhámhachtáiní Fulbright atá ar fáil do mhuintir Mheiriceá agus do mhuintir Éirinn leis an gclár Fulbright, go háirithe ó thaobh na Gaeilge, na Fiontraíochta agus an Chomhshaoil de. Chomh maith, fuair muid amach cá raibh an “after-party” is fearr tar éis na nGradam Grammy oíche Dé Domhnaigh!
Ar an gclár seo labhair Lisa le Treasa Ní Loinn atá lonnaithe i gcathair St.Louis gar do chathair Ferguson, Missouri faoin gcorraíl ansin le tamall anuas, faoin scoláireacht Fulbright atá idir lámha aici ag déanamh taighde ar theicneolaíocht theangan agus faoi na blianta a chaith sí san Astráil freisin. Labhair Eoin leis an Dochtúir Ian Malcolm, Prostastúnach agus Aontachtach i dTuaisceart Éireann, faoin tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge dó.
Anocht labhraím le Donncha Mac Niallais faoi Fhéile na bPan Cheilteach a bhéas ar siúl den chéad uair riamh i dTuaisceart Éireann i gCultúrlann Uí Channáin, Doire i mbliana. Chomh maith leis sin cloisimid níos mó ón mBeilg, in agallamh le Beartla de Búrca faoi Chlub Óige atá idir lámha ag grúpa sa Bhruiséil faoi láthair. Ar deireadh tá Vera Orschel ón Ostair atá ag obair in áiteanna timpeall na tíre le blianta anuas anois agus a d'fhoghlaim Gaeilge le hOideas Gael is eile.